Mar is eol do Sheanadóirí faoi seo, cailleadh, ó bhí an Teach ar siúl go deiridh, an Seanadóir Micheál Ó Colgáin.
Ba duine é an Seanadóir Ó Colgáin a chaith mórchuid dá shaol i seirbhís a thíre. Ba bhall é den bhuín chalma a d'árdaigh brat na Poblachta i Seachtain na Cásca, 1916, agus a throid go dílis ina dhiaidh sin ar a shon.
Thuig sé go maith tábhacht na teanga náisiúnta, d'fhoghláim sé go maith agus labhair sé go paiteanta í. Is mór an lán a rinne sé ar son cúis na Gaeilige go háithrid i measc lucht na gceardchumann i mBaile Atha Cliath. Chuidigh sé go mór freisin le gluaiseachtaí mar Choiste na bPáistí agus a leitheidí.
Mar threóraí ar na ceard-chumainn moladh go hárd é. Ba duine stuama, ábalta, foighdeach agus réasúnta é. Bhí sé ina bhall de Sheanad Éireann ar feadh timpeall ocht mblian. I rith an achair sin, thuill sé meas agus muinín i measc a chomhsheanadóirí uile. Ní hionadh sin, go mór mhór ar chuimhniú dúinn ar an tuiscint mhór a bhí aige ar ghnaithe an tSeanaid, ar a dhílseacht dá dhualgaisí Seanadóireachta agus ar an gcarthanacht agus ar an gcáirdeas a bhí riamh ina mórthréathra ann. Solas na bhFlathas go raibh aige.
Senators rose in their places.