Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Thursday, 14 Dec 1961

Vol. 55 No. 1

Election of Cathaoirleach.

Tairgim:—

Go dtoghfar an Seanadóir Liam Ó Buachalla agus go rachaidh sé i gceannas an tSeanad anois mar Chathaoirleach.

Cúis áthais domsa ainm Liam Uí Buachalla a chur os comhair an tSeanaid chun go dtoghfar mar Chathaoirleach athuair é. Bhí sé ma Chathaoirleach againn anseo ó 1957 agus tá mé cinnte go raibh na Seanadóirí ar gach taobh den Teach lánsásta leis an tslí ar dhein sé an gnó.

Mar sin, iarraim ar an Seanad aontú leis an rún seo.

Tá áthas ormsa cuidiú leis an rún sin. Mar is eol don Teach, fear an-oiriúnach is ea Liam Ó Buachalla don Chathaoir. Tá taithí agus cur amach aige ar chúrsai an tSeanad, ar conas na díospóireachtaí a stiúradh i gceart. Mar gheall air sin, táimid an-sásta leis an tslí ina ndearna sé a chuid gnó agus tá fhios agam go bhfuil eolas den saghas céanna ag baill an Tí ar fad.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

An Cléireach

Iarraim ar an Seanadóir Liam Ó Buachalla, mar sin, teacht i gceannas an tSeanaid.

Whereupon Senators rose in their places and remained standing while the Cathaoirleach proceeded to the Dais.

Standing beside the Chair, the Cathaoirleach addressed the House as follows:—

A Sheanadóirí uaisle, is mian liom mo bhuíochas a ghlacadh libh as ucht na honóra seo atá sibh tar éis a bhronnadh orm agus mé a thoghadh arís mar Chathaoirleach ar Sheanad Éireann.

Tugaim an gheallúint díbh go ndéanfaidh mé mo dhícheall i gcónaí dualgais na Cathaoirleachta a chomhlíonadh mar is cóir, 's é sin le rá, cothrom na féinne a thabhairt do gach Seanadóir agus cearta uile agus dínit an Tí a chaomhnú agus a chosaint.

Leis na dualgais seo a chomhlíonadh ní mór dom cabhair agus comhoibriú gach Seanadóra a fháil. Creidim go mbeidh an chabhair agus an cúnamh sin le fáil agam mar a bhí cheana.

Arís, gabhaim buíochas ó chroí libh as ucht na honóra móire atá sibh tar éis a bhronnadh orm.

Top
Share