Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 6 Feb 1963

Vol. 56 No. 2

Bás an Chairdinéil Daltún—Rún Comhbhróin.

Tá pobal na hÉireann dobrónach faoi bhás an Chairdinéil Seán Daltún, a adhlacadh inniu in Ard Macha. Ba shárdhuine é a raibh modh agus meas air, ní amháin ina thír féin ach i dtíortha eile ar fud an domhain. Is mór ar fad an caillteanas don Eaglais agus don náisiún é.

I mbun a chúraim dó mar Uachtarán ar Choláiste Mhánuat, mar Easpag na Mí, mar Ardeaspag Ard Macha, agus mar Phríomháidh Éireann Uile, chruthaigh sé go raibh séar dhuine de na daoine ba dhearscna dá raibh riamh againn san Eaglais anseo in Éirinn.

Thuill an Cairdinéal Daltún barr measa ó gach aicme creidimh agus ó gach dream mar gheall ar a léann, a mheanma uasal, a chneastacht, agus a umhlaíocht, agus ar a mhéad ba chúram leis gach uile ghné de leas an phobail.

Chuir sé go tréan in aghaidh an leatroim i ngach uile áit, ba chrann taca é don tsíocháin ar fud an domhain, agus sheas sé go láidir ar thaobh aontacht na hÉireann.

Bhí sé bródúil as an nGaeilge agus labhair sé sa teanga sin ar mhórán ócáidí mórthábhachta poiblí; ócáid shuntasach ar leith ab ea an tráth a chraol sé teachtaireacht ón Róimh chun pobal na hÉireann ar é a ardú go gradam Cairdinéil.

Léirigh sé a mhórmhisneach ag broic le heasláinte, agus a dhíograis ag comhlíonadh a ardoifige, nuair a d'fhreastail sé le déanaí ar chomhairle na Vatacáine sa Róimh, agus arís nuair a chuaigh sé go Londain le bheith ar shochraid an Chairdinéil Godfrey an tseachtain seo caite.

Gan aon agó, ba é "urra onóra agus glóire Éire na gCaitliceach" é mar a dúirt an Pápa Pius XII ina thaobh. Go méadaí Dia a ghlóire sna Flaithis.

Iarraim ort, a Chathaoirligh, thar ceann an tSeanaid, ár gcomhbhrón a chur i bhfios do chléir agus pobal Arddeoise Ard Macha, agus dá ghaolta féin.

Bhí d'onóir agam go raibh aithne agam ar an gCairdinéal Daltún nuair a bhí sé ina ollamh is ina dhiaidh san ina Uachtarán ar Choláiste Phádraig, Mánuat. Bhí léann fairsing air, cruinneas agus doimhneacht an fhíor-scoláire ag baint leis. Thar gach ní eile, sagart dílis, diaga b'eadh é—tuiscint, aigne is dúthracht an tsagairt go láidir ann. Do hardaíodh é chun an ghradaim is uaisle san Eaglais anseo ach d'fhan sé caoin, cneasta, cúntach i gcónaí. B'fhuiris caint a chur air is ba mhar a chéile dó gach duine é, óg agus aosta, bocht agus saidhbhir. Is le leanaí óga a bhí báidh ró-speisialta aige. Thug Dia ré fada glórmhar tairfeach dhó agus is mór an cailliúnt anois é don Eaglais is d'Éirinn uile.

Sheas sé go daingean ar thaobh cheart na hÉireann is níor staon roimh aon dualgas ná aon duadh a mheas sé ba ghá chun leas an phobail a thabhairt i gcrích. Ach níor labhair sé focal riamh a chuirfeadh le binib ná le searús imeasc Éireannach. Thuill sé meas agus moladh gach dream. Is cuí dhúinn i Seanad Éireann ár mbrón a chur in iúl dá ghaolta is dá chomhchléirigh. Guímíd solas na bhFaitheas is radharc na Trínóide dá anam glégeal.

On behalf of my colleagues and myself I should like to join in this expression of sympathy on the death of his Eminence Cardinal D'Alton, Primate of All Ireland. Cardinal D'Alton was a saintly and gentle man and his passing is a great loss to the Church. I am sure we are all very sorry at the death of the Cardinal.

Senators rose in their places.

Top
Share