Tairgim:—
"Go dtoghfar an Seanadóir Liam Ó Buachalla sa Chathaoir agus go rachaidh sé i gceannas an tSeanaid anois mar Chathaoirleach."
Fear oiriúnach don phost ar gach slí is ea an tOllamh Liam Ó Buachalla. Bhí sé mar Chathaoirleach anseo cheana agus rinne sé a ghnó go maith. Is dóigh liom gur thug sé cothrom na féinne do gach comhalta agus go ndéanfaidh sé amhlaidh má toghfar ath-uair é.
Mar sin, iarraim ar lucht an tSeanaid glacadh leis an rún seo.