Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 23 Jun 1965

Vol. 59 No. 1

Election of Cathaoirleach.

Tairgim:—

"Go dtoghfar an Seanadóir Liam Ó Buachalla sa Chathaoir agus go rachaidh sé i gceannas an tSeanaid anois mar Chathaoirleach."

Fear oiriúnach don phost ar gach slí is ea an tOllamh Liam Ó Buachalla. Bhí sé mar Chathaoirleach anseo cheana agus rinne sé a ghnó go maith. Is dóigh liom gur thug sé cothrom na féinne do gach comhalta agus go ndéanfaidh sé amhlaidh má toghfar ath-uair é.

Mar sin, iarraim ar lucht an tSeanaid glacadh leis an rún seo.

Is mian liom cuidiú leis an rún atá molta ag na Seanadóir Ó Maoláin, sé sin, an Seanadóir Liam Ó Buachalla a bheith mar Chathaoirleach.

Ba mhaith liomsa cuidiú leis an rún.

I should like to support the nomination of Senator Liam Ó Buachalla as Cathaoirleach. Owing to circumstances over which I had no control, I have been absent from the House for some time, but I had previous opportunities of appreciating Senator Ó Buachalla both in his capacity as Leas-Chathaoirleach and as Cathaoirleach and of appreciating both his courtesy and his deep sense of fair play. I should like to support his nomination for Chairman.

Question put and agreed to.

An Cléireach

Iarraim ar an Seanadóir Liam Ó Buachalla, mar sin, teacht i gceannas an tSeanaid.

Whereupon Senators rose in their places and remained standing while the Cathaoirleach proceeded to the Dais.

Standing beside the Chair, the Cathaoirleach addressed the House as follows:—

Glacaim buíochas le comhaltaí an tSeanaid as ucht mé a thoghadh athuair mar Chathaoirleach. Ní gá dom a rá go nglacaim mar fhíor-onóir an ceapachán seo. Beidh sé de dhualgas orm, agus dualgas a dhéanfaidh me, teacht ar gach Seanadóir go coathúil agus dinit an Tí a chosaint an oireadh agus a bhéas ar mo chumas. Tá mé cinnte go bhfaighfidh an Cathaoirleach an chabhair agus an có-oibriú is dual ó na Seanadóirí go léir ionas go mbeimíd ábalta gnó an Tí a chur i gcríoch go héifeachtúil agus go sásúil.

Arís, glacaim buíochas le comhaltaí an Tí.

Top
Share