Más fíor do na ráflaí atá ag gabháil thart, seo é an ócáid dheiridh a mbeidh an tUasal Ó Colla againn mar Aire Oideachais. Más mar sin atá an scéal, ba mhaith liom, thar mo cheann féin agus thar ceann meánmhúinteoirí na hÉireann, a rá leis gur ábhar fíor-dhíomá linn é bheith ag imeacht uainn. Níl sé ach achar gearr ina Aire Oideachais, ach le linn na tréimhse sin tharraing sé bá na múinteoirí leis agus bá gach éinne eile a bhí ag plé leis i gcúrsaí oideachais. Is dóigh gur ar mhaithe leis féin atá sé á aistriú agus guím rath agus sonas air ina chéim nua, ach ní lúide sin an díomá atá orm é bheith ag scarúint leis an Rionn Oideachais.
Maidir leis an leasú seo atá ós ár gcomhair, is mian liom i dtosach mo bhuíochas a ghabháil le húdaráis an tSeanaid faoi am a chur ar fáil dó ar chlár an lae inniu, agus leis an Aire faoi theacht i láthair lena chur faoinár mbráid. Thárla an leasú seo ann, mar a mhínigh an tAire, de thoradh idirbheartaíocht idir Cumann na Meánmhúinteoirí agus an Roinn Oideachais ar mhaithe le fostaí de chuid an Chumainn. Tugann sé aitheantas i leith pinsin do chuid de sheirbhís an fhostaí sin nár sheirbhís mhúinteoireachta é. Is mór agamsa é sin mar tá cáil ar an Roinn Oideachais agus ar Ranna Rialtais i gcoitinne go bhfuil siad an-stóinsithe ina ndearcadh ar chúrsaí mar seo, ach cruthaíonn an leasú seo ina n-aithnítear seirbhís nár sheirbhís mhúinteoireachta é go bhfuil siad níos solúbtha ná mar a samhlaítear dóibh go minic.
Fáiltím roimh an leasú freisin mar go dtugann sé faoiseamh go tráthúil don bhean uasal seo trí aguisín nach beag a chur lena pinsean. Nuair a bhí leasú eile ar an Scéim seo ós comhair an tSeanaid roinnt blianta ó shin rinne mé achainí dúthrachtach leis an Aire san am comhdlúthú nó códú a dhéanamh ar an Scéim. Séard tá ann Bun-Acht 1929 agus tranglam de mhionleasuithe ó am go céile ó shin. Tá sé sa riocht gur fíor-dheacair d'éinne nach mbeadh sár chleachtach air aon bhrí a bhaint as. Is scéim é do dhaoine simplí mar mé féin agus ba mhór an gar é a shimpliú dá réir agus é a thabhairt faoi aon chlúdach amháin.
Sé mo bharúil fós go mba cheart é sin a dhéanamh ach feictear dom anois go gcaithfear roinnt leasuithe eile a dhéanamh air i dtosach. Caithfear foláramh a dhéanamh ann le freastal ar na múinteoirí sna scoileanna cuimsitheacha. Do réir cosúlachta, tá siadsan le teacht faoi scéim aoisliúntas na meánmhúinteoirí. Níl ansin ach mion-rud nach mbeidh aon stró leis.
Lena chois sin tá sé á thuar go mbeidh an oiread sin teacht agus imeacht idir meánscoileanna agus gairmscoileanna sna blianta atá romhainn go gcaithfear soláthat a dhéanamh sa Scéim do sheirbhís meánmhúinteora i ngairmscoil. Is iarbhunscoileanna an dá chineál anois agus i bhfad níos mó i gcoitinne acu ná mar a bhí go dtí seo. Faoi mar atá an scéal faoi láthair is féidir do ghairmoide aitheantas d'fháil i leith pinsin ar sheirbhís i meánscoil ach ní fíor a mhalairt. Ní thugtar an t-aitheantas céanna do mheánmhúinteoir ar sheirbhís i ngairmscoil. Tá fhios agam é mar is duine mé féin a thug cúpla bliain de sheirbhís lánaimsire i ngairmscoil agus níl sé á áireamh i leith pinsin. Tá sé in am an laige sin a leigheas.
Ábhair eile gearáin atá ann faoin Scéim seo nach dtugtar aitheantas i leith pinsin do sheirbhís taobh amuigh den Stát. Tugtar aitheantas i leith tuarastail do mhúinteoirí a chaitheann 3 bliana san Afraic nó 5 bliana sna Sé Condaethe ach séantar cearta pinsin are na daoine sin. Ní fheicimse aon chúis nach mbeadh an tseirbhís sin inaitheanta i leith pinsin má tá sé inaitheanta i leith tuarastail, má dhéantar an íocaíocht chuí air. Ba chóir rogha a thabhairt do na daoine sin na blianta sin a chur san áireamh i leith pinsin agus na sintiúisí cuí a íoc do réir a chéile. Duine atá tar éis cúig bliana a chaitheamh sa Tuaisceart agus ar mhaith leis post a ghlacadh abhus, is mór an constaic air a fhios a bheith aige go gcaillfidh sé sciar chomh mór sin dá sheirbhís nuair a thagann sé in aois phinsin.
Tá pointe amháin eile fós. Tá meánmhúinteoirí sa riocht gur féidir leo bliain iomlán phinsin agus aisce a chailliúint trí bheith aon lá amháin as láthair gan cead. Ní amháin gur féidir é ach tharla anuraidh gur tháining múinteoir in aois phinsin nuair a bhí 37 de bhlianta agus 364 lá de sheirbhís aitheanta tughta aige. Áiríodh a phinsean agus a aisce do réir na mblianta críochnaithe agus ní bhfuair sé sciúrtóg ar na 364 lá. Is scéim ranníocaíochta an Scéim s'againne agus bhí a chuid síntiúisí íochta ag an múinteoir seo i leith na laethanta sin. Níl fhios agam an bhfuil aon scéim eile ann nach bhfuil foláramh réasúnta ann do dhaoine mar sin lena chur ar a gcumas bliain a chríochnú. Tá fhios agam i gcás na Státseirbhíse, má tharlaíonn lá breithe duine taobh istigh de ráithe ó dheireadh bliana, go gceadaítear dó an bhliain a chríochnú. I gcás an mhúinteora seo cé gur lean sé leis ag múineadh tar éis dó dul ar phinsin sa scoil chéanna ina raibh sé, níor cheadaigh an Scéim dó aon lá amháin féin a bhaint as an mbliain nua chun an bhliain eile a iomlánú. Bhí an cheist seo faoi chaibidil leis an Roinn le gairid agus rinneadh tairiscint ina taobh nach bhfuil sásúil. Maidir liom féin de, ní bhéinn sásta le aon socrú nach leighseodh cás an fhir áirithe seo. Má tá an Roinn sásta an Scéim seo a mhúnlú nó a leasú chun aitheantas a thabhairt do sheirbhís nach seirbhís mhúinteoireachta in aon chor í, ní fheicim cén fáth nach múnlódh siad a thuilleadh é le freastal ar chás den sórt seo.