An Chomhchoiste Um Buan-Orduithe I dTaobh Gnó Phríobháidigh.
De bhun Buan-Ordú Uimh. 56 de Bhuan-Orduithe na Dála agus an tSeanaid i dtaobh Gnó Phríobháidigh, déanaimidne, Ceann Comhairle na Dála agus Cathaoirleach an tSeanaid, leis seo, i gcomhar, an Teachta Donnchadh Mac Eoin a ainmniú chun bheith ina Chathaoirleach ar an gComhchoiste um Buan-Orduithe chun an folúntas a líonadh a thárla de dhroim an Cathaoirleach a bhí a cheapadh mar Cheann Comhairle na Dála.—Sínithe Cormac Ua Breisleáin, Ceann Comhairle; Liam Ó Buachalla, Cathaoirleach an tSeanaid.