Ar ócáid dá leithéid seo agus sa seomra stairiúil seo, gabhann iarracht d'anbhuaine mé ar éirí dom chun labhairt agus braithim nach bhfuil mé inniúil mar is ceart chuige. Is mar sin atá agam de bhrí gur meabhair liom an mheanma ardaidhmeannach agus ard-díograise a bhí sa seachtar Teachta is tríocha a bhí i láthair sa teach so ar chéad-tionól na Chéad Dála agus sa seisear is tríocha eile a bhí á gcoinneáil i bpríosún mar gheall ar a gcreideamh i gcúis na saoirse.
Ag féachaint siar dúinn ar an ócáid sin, is é is dóichí gur lena linn a bhí barr aontachta agus barr nirt sa mhórghluaiseacht shóisialach agus náisiúnta ar fad—gluaiseacht na Poblachta san am sin.
As an aontacht agus as an neart sin tháinig borradh faoin ngluaiseacht náisiúnta de thoradh íobairt na ndaoine a fuair bás i gcomhrac agus na ndaoine a thug a n-aghaidh ar na díormaí lámhaigh.
Na fir a tháinig anseo cothrom an lae seo leathchéad bliain ó shin, thug siad a ndúshlán faoi Impireacht ollmhór. Ach ní hiad amháin is díol ómóis linn inniu. Cuimhnímid chomh maith ar Phádraig Mac Piarais, ar Shéamas Ó Conghaile agus ar Thomás Ó Cléirigh agus ar a gcomrádaithe a chuir bonn faoin ngluaiseacht sin, de bharr a misnigh agus a n-íobartha, agus a thug díograis dhaingean do phobal na tíre ar fad.
Ach ní fhéadfadh toradh níos fearr a bheith ar dhílseacht agus ar bharrshamhlachas na mórghluaiseachta náisiúnta sin ná an vóta ollmhór a fuarthas i dtoghchán na bliana 1918.
Bhí fealsúnacht shóisialach agus pholaitiúil an Phiarsaigh agus an Chonghailigh mar spreagadh ag lucht an tionóil sin, ar an aonú lá fichead d'Eanáir, 1919. Tugadh léiriú comair ar an bhfealsúnacht sin i bhForógra 1916 agus tugadh míniú níos iomláine uirthi i gClár Daonlathach na Chéad Dála. Bhí an dearbhú sin, a rinneadh os comhair na Dála sa bhliain 1919, ag freagairt chomh dlúth sin do na buntreoracha a léiríodh i bhForógra 1916 nach foláir nó gur chuir sé tógáil croí ar phobal na haimsire sin, na daoine a vótáil do na Teachtaí sin agus do na barrshamhla a léiríodh chomh glinn sin.
Na Teachtaí a bhí ina suí anseo sa bhliain 1919, nó a bhí i bpríosún an tráth sin, ba chuid iad de ghluaiseacht iontach ag muintir na hÉireann chun saoirse shóisialach a bhaint amach chomh maith leis an tsaoirse pholaitiúil.
Is é mo dhearcadhsa ar an lá inniu gur lá é a gcuirimid sinn féin faoi gheall os comhair phobal na hÉireann ár ndóchas a chur, as an nua, sa Phoblachtánachas Sóisialach a bhí de chuspóir ag na sárfhir sin a ghnóthaigh dúinn an tsaoirse atá againn.
Gabhaim an geall sin orm thar ceann mo Pháirtí, mar is é a chreidim go dtugann comóradh mar é seo léargas breise ar thréimhse athnuachana atá imithe le fada, agus arb é mian phobal na tíre seo a samhail a bheith i dtreis arís.
Measaim go bhfuil an tráth tagtha don náisiún seo filleadh ar bhunphrionsabail Shéamais Uí Chonghaile, Phádraig Mhic Phiarais agus Thomáis Uí Chléirigh, agus go bhfuil an ghlúin seo ag féachaint, den chéad uair, le heolas ceart a fháil ar an mbrí a bhí ag na fir sin leis an bPoblachtánachas.
Leathchéad bliain ó shin ba iad meanma agus mian ghnáthmhuintir na tíre seo náisiún a bheith acu gan tiarnaí talún agus í saor ó thiarnas lucht rachmais ón gcoigrích; náisiún ina ndéanfaí comhchúram dá clann go léir agus nach le léamh ar scamaill na spéire a bheadh comhdheiseanna dóibh. Ba é a n-aisling náisiún a bheith acu ar sheirbhísigh ann don phobal, agus nár mháistrí ann ar an bpobal, na meáin eile chun maoin a chur ar fáil, agus a mbeadh tosaíocht ann ag ceart agus leas an phobail ar cheart an duine aonair chun maoine.
Measaim go bhfuil an tráth tagtha a gcaithfimid feidhm a thabhairt do na barrshamhla a bhí i bhForógra 1916 agus sa Chlár Daonlathach a fógraíodh ag céad-tionól Dháil Éireann, atá á chomóradh againn inniu.
Is é an chéad dualgas atá orainn, faoi mar a dúradh sa Chlár Daonlathach "gléas a sholáthar chun leas corpartha, leas spioradálta agus leas intleachta na leanaí a chur in áirithe dóibh, féachaint chuige nach mbeidh an t-ocras ná an fuacht ag goilliúint ar aon leanbh cheal bia, éadaigh na dín tí, ach go bhfaighidh siad gach cóir is gá dóibh chun teagasc agus taithí cheart a thabhairt dóibh i gcóir na hoibre a bheidh le déanamh acu mar chomhaltaí den Saorstát Gaelach". Sinne na hoidhrí orthu. Sin é ár ndualgas.
Ba léir do dhaoine ar nós ár nUachtaráin athmhúscailt na hÉireann, agus thug siad léiriú do na forshamhla a bhain leis an athmhúscailt sin.
Inniu tá athmhúscailt eile á dhéanamh in Éirinn, agus is é ár ndualgas go léir í a aithint agus feidhm a thabhairt di. Is é ár ndualgas ina cheann sin í a threorú ar an gconair chun na gcuspóiri náisiúnta agus sóisialacha atá fite fuaite trí thionscnamh ár saoirse.
Labhraímse le bród ó leith an lucht Oibreachais, mar is é Séamas Ó Conghaile a thúsaigh an ghluaiseacht Oibreachais, agus ina theannta sin a bhunaigh Arm na Saoránach chun troid ar son na saoirse. Agus léirigh na mílte de lucht ceardchumann, a tháinig faoi anáil Uí Chonghaile agus Uí Lorcáin, a ndlúth-thacaíocht le gluaiseacht na saoirse nuair a ghlac siad páirt i stailceanna ginearálta agus a thug siad a mbeo ar son na cúise.
Tá bród orm gurbh fhear de chuid an Pháirtí Oibreachais, Tomás Mac Eoin, ár gcéad cheannasaí, an té a scríobh bundréacht an Chláir Dhaonlathaigh, ar cuireadh a leath isteach sa chlár deiridh.
Tá bród orm freisin gur dhruid Pádraig Mac Piarais agus Séamas Ó Conghaile i leith a chéile, ó spiorad agus ó mheanma, sna laethanta glórmhara deiridh úd nuair a d'aiséirigh an náisiún faoi nua-chruth, agus is é mo dhóchas go dtiocfaidh a shamhail sin d'aontacht inniu idir aigne an Phoblachtánachais agus aigne an Oibreachais d'fhonn réiteach a fháil ar na mórfhadhbanna atá roimh phobal na hÉireann faoi láthair.
Tá geallta agam thar ceann mo Pháirtí go mbeidh d'aidhm acu san am le teacht an obair atá riachtanach a chur ar fáil do na daoine, na tithe atá de dhíth orthu a thógáil, an tseirbhís sláinte is dual dóibh a sholáthar, agus sócúl a chur in áirithe don sean agus don easlán i gcomaoin a bhfuil deánta acu ar ár son.
Agus ag féachaint amach dúinn thar na fairrgí atá inar dtimpeall, tá mo Pháirtí curtha faoi gheall agam go gcloífimid le conair na síochána agus an neodrachais agus na saoirse don uile dhuine, cibé áit a mbeidh siad i mbraighdeanas.
Leis an intinn sin againn, ní mór dúinn cuimhneamh ar ráitis an Chonghailigh, a dhearbhaigh gurb iad na haidhmeanna céanna atá ag an bpobal thuaidh agus theas. Gan cruatan an tsaoil a bheith ag cur orthu, d'fhéadfaidís taitneamh a bhaint as an áilleacht agus as na buanna atá ag baint leis an teanga Ghaeilge agus lena litríocht.
Mar adúirt an Conghaileach: "Is fadhb shóisialach í fadhb na hÉireann". Ba neamhní leis tír na hÉireann gan muintir na hÉireann a chur san áireamh. Sin í, gan athrú, an fhealsúnacht atá againne.