Fuarthas scéala ó Rúnaí Roinn an Taoisigh maidir le—
(a) Risteard de Burca d'éirí as oifig mar chomhalta den Rialtas;
(b) sannadh na Roinne Iompair agus Cumhachta do Pheadar de Barra, na Roinne Tailte do Thomás Mac Giolla Phádraig agus na Roinne Cosanta do Phádraig S. Ó Donnagáin a fhoirceannadh; agus
(c) sannadh na Roinne Oideachais do Pheadar de Barra, na Roinne Iompair agus Cumhachta do Thomás Mac Giolla Phádraig, na Roinne Tailte do Phádraig S. Ó Donnagáin agus na Roinne Cosanta don Taoiseach.
Tá treoracha tugtha agam an litir dar thagair mé a leagan amach sa ghnáthshlí i gCín Lae Imeachtaí an tSeanaid. De bharr an fhógra seo cuirfear i gcló é fresin i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.
A communication has been received from the Secretary, Department of the Taoiseach, in relation to—
(a) the resignation of Richard Burke as a member of the Government;
(b) the termination of the assignment of the Department of Transport and Power to Peter Barry, the Department of Lands to Tom Fitzpatrick and the Department of Defence to Patrick S. Donegan; and
(c) the assignment of the Department of Education to Peter Barry, the Department of Transport and Power to Tom Fitzpatrick, the Department of Lands to Patrick S. Donegan and the Department of Defence to the Taoiseach.
I have given directions to have the letter referred to set out in the usual manner in the Journal of the House. Consequent on this announcement it will also be printed in the Official Report of Debates.
Uimhir Thagartha |
ROINN AN TAOISIGH |
Ref. No. S18879 |
Department of the Taoiseach |
2 Nallaig, 1976. |
BAILE ATHA CLIATH, 2 |
Cléireach an tSeanaid |
Dublin, 2. |
Tá orm a chur in iúl duit
(1) go bhfuil an Coimisiún a bhi comhdhéanta mar a shocraítear in alt 2 de Airteagal 14 den Bhunreacht, ag gníomhú dóibh ar comhairle an Taoisigh, tar éis glacadh le
Risteard de Búrca
(Richard Burke)
d'éirí as oifig mar chomhalta den Rialtas le héifeacht ón 2 Nollaig, 1976; agus
(2) go bhfuil an Taoiseach i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis
(a) sannadh na Roinne Iompair agus Cumhachta do Pheadar de Barra (Peter Barry), na Roinne Tailte do Thomás Mac Giolla Phádraig (Tom Fitzpatrick) agus na Roinne Cosanta do Phádraig S. Ó Donnagáin (Patrick S. Donegan) a fhorcheannadh; agus
(b) na Ranna Stáit seo a leanas a shannadh do na comhaltaí den Rialtas a luaitear:—
an Roinn Oideachais do Pheadar de Barra (Peter Barry),
an Roinn Iompair agus Cumhachta do Thomás Mac Giolla Phádraig (Tom Fitzpatrick),
an Roinn Tailte do Phádraig S. Ó Donnagáin (Patrick S. Donegan),
agus
an Roinn Cosanta do féin
le héifeacht ón 2 Nollaig, 1976.
D. Ó Suilleabháin
Rúnai