Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 14 Feb 1979

Vol. 91 No. 1

Appointment of Minister of State.

Tá orm a chur in iúl don Teach go bhfuarthas litir dar dáta 19 Nollaig, 1978 ó Rúnaí an Rialtais á rá go raibh an Teachta Dáithí Mac Aindriú, Aire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha, ceaptha chun oifig Aire Stáit ag an Roinn Dlí agus Cirt.

Tá treoracha tugtha agam cóip den litir sin a leagan amach in extenso ar an ngnáthmhodh i gCín Lae an Tí. De dhroim an chraolta seo, clófar í freisin i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.

I have to inform the House that a letter dated 19 December 1978 has been received from the Secretary to the Government stating that Deputy David Andrews, Minister of State at the Department of Foreign Affairs, had been appointed to the Office of Minister of State at the Department of Justice.

I have given directions to have a copy of the letter referred to set out in extenso in the usual manner in the Journal of the House. Consequent on this announcement, it will also be printed in the Official Report of the Debates.

19 Nollaig, 1978.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go ndearna an Rialtas inniu, ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977,

Dáithi Mac Aindriú, T.D.

(David Andrews, T.D.).

Aire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha, a cheapadh chun oifig Aire Stáit ag an Roinn Dlí agus Cirt, le héifeacht ón 1 Eanáir 1979.

D. Ó Súilleabháin,

Rúnaí an Rialtais.

Top
Share