Tá orm a chur in iúl don Teach go bhfuarthas litir dar dáta 25 Márta 1980 ón Rúnaí, Roinn an Taoisigh, maidir le sannadh Roinn na Seirbhíse Poiblí do Eoghan Mac Gearailt.
Leagfar amach an litir ar an ngnáthmhodh i gCín Lae an Tí. Do dhroim an chraolta seo, clófar í freisin i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí. I have to inform the House that a letter dated 25 March 1980 has been received from the Secretary, Department of the Taoiseach, in relation to the assignment of the Department of the Public Service to Gene Fitzgerald.
The letter will be set out in the usual manner in the Journal of the House. Consequent on this announcement, it will also be printed in the Official Report of the Debates.
Uimhir Thagartha
Ref. No. S.21098B
ROINN AN TAOISIGH
Department of the Taoiseach
BAILE ÁTHA CLIATH 2
Dublin 2
25 Márta, 1980.
Cléireach an tSeanaid
Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Taoiseach inné, i bhfeidhmiú na gcumhacht a thugtar dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis sannadh Roinn na Seirbhíse Poiblí do
Mhícheál Ó Cinnéide
(Michael O'Kennedy)
a fhorcheannadh agus Roinn na Seirbhise Poiblí a shannadh do
Eoghan Mac Gearailt
(Gene Fitzgerald),
comhalta den Rialtas.
D. Ó SÚILLEABHÁIN
Rúnaí