Tá orm a chur in iúl don Teach go bhfuarthas litreacha dar dáta 9 agus 23 Márta 1982, ó Rúnaí an Rialtais maidir le
(a) Cathal Ó hEochaidh a cheapadh mar Thaoiseach;
(b) comhaltaí den Rialtas a cheapadh;
(c) ainmniú an Tánaiste;
(d) sannadh na Ranna Stáit; agus
(e) Airí Stáit a cheapadh.
Clófar na litreacha i gCinn Lae an Tí agus i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.
I have to inform the House that letters dated 9 and 23 March 1982, have been received from the Secretary to the Government regarding
(a) the appointment of Charles Haughey as Taoiseach;
(b) the appointment as Tánaiste; the Government;
(c) the nomination as Tánaiste;
(d) the allocation of Government Departments; and
(e) the appointment of Ministers of State.
The letters will be printed in the Journal of the House and in the Official Report of the Debates.
Uimhir Thagartha |
ROINN AN TAOISIGH |
Department of the Taoiseach |
|
S.22698 |
BAILE ÁTHA CLIATH 2. |
Dublin 2. |
|
9 Márta 1982. |
Cléireach an tSeanaid
Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil
(1) an tUachtarán, ar ainmniú Dháil Éireann, tar éis Cathal Ó hEochaidh a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.1º den Bhunreacht, mar Thaoiseach;
(2) an tUachtarán, ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, mar chomhaltaí den Rialtas agus bheith, i dteannta an Taoisigh, mar Rialtas:—
Reamon Mac Searraigh,
Brian Ó Luineacháin,
Deasún Ó Máille,
Gearóid Ó Coileáin,
Eoghan Mac Gearailt,
Seán P. Mac Uilliam,
Máirtín Ó Donnchadha,
Mícheál Ó h-Uadhaigh,
Pádraig de Paor,
Ailbhe Mac Raghnaill,
Rádhulf de Burca,
Breandán Ó Dálaigh,
Pádraic Ó Floinn
agus
Seán O Dochartaigh;
(3) an Taoiseach tar éis Reamon Mac Searraigh a ainmniú inniu, de bhun Airteagal 28.6.1º den Bhunreacht, chun bheith ina Tháiniste; agus
(4) an Taoiseach, i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dó le halt 4(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis na Ranna Stáit seo a leanas a shannadh inniu do na comhaltaí faoi seach den Rialtas a luaitear a n-ainmneacha os coinne ainmneacha na Ranna:—
An Roinn Airgeadais |
Reamon Mac Searraigh, |
An Roinn Talmhaíochta |
Brian Ó Luineacháin, |
An Roinn Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta, |
Deasún Ó Máille, |
An Roinn Gnóthaí Eachtracha |
Gearóid Ó Coileáin, |
Roinn na Seirbhíse Poiblí agus an Roinn Saothair |
Eoghan Mac Gearailt, |
An Roinn Iompair agus an Roinn Poist agus Telegrafa |
Seán P. Mac Uilliam, |
An Roinn Oideachais |
Máirtín Ó Donnchadha, |
An Roinn Sláinte agus an Roinn Leasa Shóisialaigh |
Mícheál Ó h-Uadhaigh, |
An Roinn Cosanta |
Pádraig de Paor, |
An Roinn Tionscail agus Fuinnimh |
Ailbhe Mac Raghnaill, |
An Roinn Comhshaoil |
Rádulf de Burca, |
An Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta |
Breandán Ó Dálaigh, |
Roinn na Gaeltachta |
Pádraic Ó Floinn |
agus |
|
An Roinn Dlí agus Cirt |
Seán Ó Dochartaigh. |
Uimhir Thagartha |
ROINN AN TAOISIGH |
Department of the Taoiseach |
|
Ref. No.S.22699 |
BAILE ÁTHA CLIATH 2. |
Dublin 2. |
|
9 Márta 1982. |
Cléireach an tSeanaid
Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas inniu, ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, arna leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980, tar éis
Pharalán Ó hEacthairn, T.D.
(Bertie Ahern, T.D.),
a cheapadh mar Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh agus ag an Roinn Cosanta.
DERMOTNALLY,
Rúnaí an Rialtais.
Uimhir Thagartha |
ROINN AN TAOISIGH |
Department of the Taoiseach |
|
S.22699 |
BAILE ÁTHA CLIATH 2. |
Dublin 2. |
|
23 Márta 1982. |
Cléireach an tSeanaid
Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas inniu, ar ainmniú an Taoisigh, agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, arna leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980, tar éis gach duine faoi leith acu seo a leanas a cheapadh inniu mar Airí Stáit mar a leanas:—
Donncha Ó Gallchobhair, T.D. |
Aire Stáit ag an Roinn Leasa Shóisialaigh, |
(Denis Gallagher, T.D.), |
|
Salbhastar Bairéad, T.D. |
Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais (i bhfeighil Oifig na nOibreacha Poiblí), |
(Sylvester Barrett, T.D.), |
|
Máire Nic Eochagáin Uí Chuinn, T.D. |
Aire Stáit ag an Roinn Oideachais, |
(Maire Geoghegan-Quinn, T.D.), |
|
Lorcán Ó hAillín, T.D. |
Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, |
(Lorcan Allen, T.D.), |
|
Gearóid Ó Conghaile, T.D. |
Aire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, |
(Gerard Connolly, T.D.), |
|
Tomás Mac Alastraim, T.D. |
Aire Stáit ag an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta, |
(Thomas McEllistrim, T.D.), |
|
Bernard Cowen, T.D. |
Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, |
Gearóid Ó Brádaigh, T.D. |
Aire Stáit ag an Roinn Comhshaoil(agus freagracht speisialta air maidir le Gnóthaí Uirbeacha) |
(Gerard Brady, T.D.), |
|
agus |
|
Tairleach Ó Leideain, T.D. |
Aire Stáit ag an Roinn Iompair agus ag an Roinn Poist agus Telegrafa. |
(Terry Leyden, T.D.), |
|
DERMOTNALLY, |
|
Rúnaí an Rialtais. |