Tairgim:
(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 4 chomhalta de Sheanad Éireann a chuirfear i gceangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann as a gcruthófar an Comhchoiste don Ghaeilge.
(2) Go ndéanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú agus moltaí ó am go ham i dtaobh
(a) úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus
(b) cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne,
agus go dtabharfaidh sé tuarascáil do Thithe an Oireachtais — ar mhír (a) a luaithe is féidir agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar ghnéithe de mhíreanna (a) agus (b).
(3) Go ndéanfar socrú chun ionadaithe a cheapadh chun gníomhú do chomhaltaí den Chomhchoiste nach mbeidh in ann freastal ar chruinnithe áirithe.
(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin.
(5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist.
(6) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fianaise a ghlacadh go poiblí agus miontuairiscí fianaise a ghlacfar os a chomhair mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.
(7) Go ndéanfar gach tuarascáil ón gComhchoiste, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin, mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú.
(8) Gur 4 chomhalta den Chomhchoiste is Córam dó agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann.
I move:
(1) That a Select Committee consisting of 4 members of Seanad Éireann be appointed to be joined with a Select Committee to be appointed by Dáil Éireann to form the Joint Committee on the Irish Language.
(2) That the Joint Committee shall from time to time review and make recommendations in relation to
(a) the extension of the use of Irish in the proceedings of the Dáil and Seanad and in the environs of both Houses, and
(b) the promotion of the Irish language in general,
and report to the Houses of the Oireachtas — on item (a) as soon as practicable and thereafter at least once a year on aspects of items (a) and (b).
(3) That provision be made for the appointment of substitutes to act for members of the Joint Committee who are unable to attend particular meetings.
(4) That the Joint Committee, previous to the commencement of business, shall elect one of its members to be Chairman, who shall have only one vote.
(5) That all questions in the Joint Committee shall be determined by a majority of votes of the members present and voting and in the event of there being an equality of votes the question shall be decided in the negative.
(6) That the Joint Committee shall have power to take evidence in public and to print and publish from time to time minutes of evidence taken before it together with such related documents as it thinks fit.
(7) That every report of the Joint Committee shall, on adoption by the Joint Committee, be laid before both Houses of the Oireachtas forthwith whereupon the Joint Committee shall be empowered to print and publish such report together with such related documents as it thinks fit.
(8) That 4 members of the Joint Committee shall form a Quorum of whom at least I shall be a member of Dáil Éireann and at least I shall be a member of Seanad Éireann.
Pléadh tairiscint sa Seanad ar 17 Deireadh Fómhair seo caite "go bhfuil sé oiriúnach" comhchoiste don Ghaeilge a bhunú agus glacadh léi d'aonghuth. Cuireadh teachtaireacht dá réir chuig an Dáil.
Thug an Dáil aird ar an teachtaireacht ar 22 Samhain agus glacadh le tairiscint den saghas céanna d'aonghuth ansin chomh maith. Anois tá teachtaireacht ar ais againn ón Dáil.
Ní miste a rá gur chuir Seanadóirí agus Teachtaí ó gach taobh fáilte roimh an tairiscint agus léirigh siad go mbeadh fonn orthu gach tacaíocht is féidir a thabhairt don chomhchoiste.
Molaim go nglacfar leis an tairiscint atá os ár gcomhair anois chun ordú cuí a dhéanamh agus go gcuirfear scéal dá réir chuig an Dáil i dtreo go bhféadfar dul ar aghaidh chun an comhchoiste a bhunú.
I move accordingly that the motion now before us to make an appropriate order be accepted and that the Dáil be so informed so that the establishment of the Joint Committee can proceed.