Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Thursday, 20 Feb 1986

Vol. 111 No. 8

Appointment of Ministers of State.

I have to inform the House that letters dated 13 and 18 February 1986 have been received from the Secretary to the Government in relation to Ministers of State. The letters will be printed in the Journal of the House and in the Official Report of the debates.

Following are the letters:

ROINN AN TAOISIGH

Department of the Taoiseach

BAILE ÁTHA CLIATH 2

Dublin 2.

18 Feabhra, 1986.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas inniu, ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, arna leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980, tar éis gach duine faoi leith acu seo a leanas a cheapadh inniu mar Airí Stáit mar a leanas:—

Eanna Ó Coinnigh, T.D.(Enda Kenny, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Saothair agus ag an Roinn Oideachais (agus freagraíocht speisialta air maidir le Gnóthaí an Aosa Óig),

agus

Aibhreal Uí Dhubhghaill, T.D.(Avril Doyle, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais (agus freagraíocht speisialta uirthe maidir le Oifig na nOibreacha Poiblí) agus ag an Roinn Comhshaoil (agus freagraíocht speisialta uirthe maidir le Caomhnú Comhshaoil).

DERMOT NALLY,

Rúnaí an Rialtais.

ROINN AN TAOISIGH

Department of the Taoiseach

BAILE ATHA CLIATH 2.

Dublin 2.

13 Feabhra, 1986.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit

(1) go bhfuil an Taoiseach inniu tar éis glacadh le tairiscintí

Seosamh Mac Fheorais, T.D.

(Joe Bermingham, T.D.),

d'éirí as oifig mar Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais,

Míchéal Ó D'Airsaigh, T.D.

(Michael D'Arcy, T.D.),

d'éirí as oifig mar Aire Stáit ag an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta agus ag Roinn na Gaeltachta,

Domhnaill Ó Críod, T.D.

(Donal Creed, T.D.),

d'éirí as oifig mar Aire Stáit ag an Roinn Oideachais,

Seán Ó Bairéad, T.D.

(Sean Barrett, T.D.),

d'éirí as oifig mar Aire Stáit ag an Roinn Cosanta,

Séamus Ó Caoimh, T.D.

(Jim O'Keeffe, T.D.),

d'éirí as oifig mar Aire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha,

Seán Ó Domhnalláin, T.D.

(John Donnellan, T.D.),

d'éirí as oifig mar Aire Stáit ag an Roinn Sláinte agus ag an Roinn Leasa Shóisialaigh,

Mícheál Ó Muimhneacháin, T.D.

(Michael Moynihan, T.D.),

d'éirí as oifig mar Aire Stáit ag an Roinn Tionscail, Trádála agus Turasóireachta,

Seoirse Mac Fheorais, T.D.

(George Birmingham, T.D.),

d'éirí as oifig mar Aire Stáit ag an Roinn Saothair agus ag an Roinn Oideachais, agus ag an Roinn Oideachais, agus

(2) go bhfuil an Rialtas inniu, ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, arna leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980, tar éis gach duine faoi leith acu seo a leanas a cheapadh inniu mar Airí Stáit mar a leanas:—

Seán Ó Bairéad, T.D.(Sean Barrett, T.D.),

Ceannaire na Dála (agus freagraíocht speisialta air maidir le Athchóiriú na Dála) agus Aire Stáit ag an Roinn Oideachais (agus freagraíocht speisialta air maidir le Spórt),

Séamus Ó Caoimh, T.D.(Jim O'Keeffe, T.D.),

Aire Stáit ag Roinn na Seirbhíse Poiblí,

Pádraig Ó hÉigeartaigh, T.D.(Paddy Hegarty, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta (agus freagraíocht speisialta air maidir le Earnáil Bia).

Seán Ó Domhnalláin, T.D.(John Donnellan, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta (agus freagraíocht speisialta air maidir le Iascaigh),

Mícheál Ó Muimhneacháin, T.D.(Michael Moynihan, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta (agus freagraíocht speisialta air maidir le Turasóireacht),

Seoirse Mac Fheorais, T.D.(George Birmingham, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha (agus freagraíocht speisialta air maidir le Gnóthaí Eorpacha agus Comhar Forbartha),

Feargus Ó Briain, T.D.(Fergus O'Brien, T.D.),

Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh (agus freagraíocht speisialta air mar Phríomh-Aoire Rialtais),

Eanna Ó Coinnigh, T.D.(Enda Kenny, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Saothair agus ag an Roinn Oideachais (agus freagraíocht speisialta air maidir le Gnóthaí an Aosa Óig),

Tomás Ó Súilleabháin, T.D.(Toddy O'Sullivan, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Comhshaoil (agus freagraíocht speisialta air maidir le Riarachán Deontas).

agus

Aibhreal Uí Dhubhghaill, T.D.(Avril Doyle, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais (agus freagraíocht speisialta uirthe maidir le Oifig na nOibreacha Poiblí) agus ag an Roinn Comhshaoil (agus freagraíocht speisialta uirthe maidir le Caomhnú Comhshaoil).

DERMOT NALLY,

Rúnaí an Rialtais.

Top
Share