Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Thursday, 17 Apr 1986

Vol. 112 No. 2

Comhchoiste don Ghaeilge: Tairiscint.

Tairgím:

Go ndéanfar Orduithe Tagartha an Chomhchoiste don Ghaeilge, a bunaíodh de bhun Ordú an 28 Samhain, 1984, ó Sheanad Éireann agus Ordú an 12 Nollaig, 1984, ó Dháil Éireann, a leasú mar a leanas:—

(1) Trí na míreanna nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (2):—

`(3) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fochoistí a cheapadh agus aon ábhair atá cuimsithe le mír (2) den Ordú seo a tharchur chuig na fochoistí sin.

(4) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste, faoi réir thoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis nó le haon cheann dá fhochoistí breithniú a dhéanamh ar aon ábhair a chuimsítear le mír (2).'

(2) Trí mhíreanna 3, 4, 5 agus 6 a scriosadh agus na míreanna seo a leanas a chur ina n-ionad:—

`(5) I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Sheanad Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Sheanad Éireann, le húdarás ón gcomhalta a bheidh as láthair, páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad.

(6) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, agus gach fochoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin.

(7) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste agus i ngach fochoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.

(8) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste agus ag gach fochoiste fianaise a ghlacadh go poiblí; agus go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste na miontuairiscí fianaise sin a ghlacfar mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.'

(3) Trí mhír 7 a athuimhriú mar mhír 9, agus

(4) Trí mhír 8 a scriosadh agus a mhír seo a leanas a chur ina hionad:—

`(10) Gur ceathrar is córam don Chomhchoiste agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann agus gur triúr is córam do gach fochoiste agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann.

Item 1 is an order to amend the terms of reference of the Joint Committee on the Irish Language as adopted by the Seanad on 28 November 1984. The amendment required is that the joint committee should have the power to appoint sub-committees and the power to engage the services of specialists of a technical expertise to assist with any of its sub-committees. With reference to the power to appoint sub-committees, the joint committee are strongly of the opinion that a greater need exist for this because of the extremely wide range of the second term of reference— the promotion of the Irish language in general. Senator Séamus De Brún is a member of the Joint Committee on the Irish Language and he will speak to the motion. Those are the reasons from the committee for this amendment and I formally move the motion.

Tá áthas ormsa cuidiú leis na leasuithe ar na horduithe tagartha den chomhchoiste. Tá gá leis sin a dhéanamh ar na cúiseanna seo leanas: cumhacht a bheith ag an gcomhchoiste chun fochoistí a cheapadh, agus cumhacht a bheith ag an gcomhchoiste chun seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leo nó leis na comhchoistí.

Maidir leis an gcumhacht chun fochoistí a cheapadh, tá an comhchoiste den tuairim láidir go bhfuil géar-ghá leis sin de bharr an réimse ábhar an-leathan a thagann faoi scáth an dara téarma tagartha, is é sin "ceist na Gaeilge i gcoitinne". Baineann an téarma tagartha sin le gach gné den Gaeilge agus meastar go bhféadfadh fochoistí tabhairt faoi obair ar nithe ar leith, cuir i gcás an Ghaeilge sa chóras Stáit, an Gaeilge agus na meáin chumarsáide, agus an Ghaeilge i measc an pno-bail ar bhonn níos éifeachtaí agus níos tapúla. Ach an cumhacht sin a fháil is é atá i gceist ag an chomhchoiste ná roinnt fochoistí a bhunú agus a chur i mbun oibre go luath. Sin é an fáth go bhfuil an comhchoiste ag lorg cead na leasuithe seo a dhéanamh ar na téarmaí tagartha a tugadh dó i dtosach.

Is ceist casta í bheith ag plé le cúrsaí teanga d'aon saghas agus tá an comhchoiste den tuairim gur mithid saineolas a fháil faoi theangacha, is é sin a n-úsáid, a n-athbheocan, a bhforbairt, agus mar sin de. D'fhéadfadh "teangeolaí" cabhrú leis an gcomhchoiste ach go háirithe faoin ghné sin dá chuid oibre.

Meastar gurb é an gnó is tábhachtaí do chomhairleoir i dtosach ná taighde a dhéanamh agus tuarascáil a ullmhú ag cur síos ar na fáthanna go bhfuil teipthe, tríd is tríd, ar iarrachtaí chun an Ghaeilge d'athbheocan ó bunaíodh an Stát beagnach go bliain ó shin. Táthar ag súil leis chomh maith go bhféadfadh comhairleoir tuarascáil a chur ar fáil faoi chúrsaí craolacháin agus nithe eile a bhaineas le ceist na Gaeilge tríd síos. Tá áthas orm a rá go bhfuil ag éirigh go maith le obair an choiste. Mar bhall den choiste is féidir liom é sin a rá, go bhfuil ag éirigh go han-mhaith le obair an choiste. Bíonn cruinnithe ag an gcoiste go rialta, gach dara seachtain ar a laghad, agus go minic uair sa tseachtain. Thug an coiste, mar a dúirt mé cheana, cuireadh d'eagrachtaí éagsúla agus do dhaoine aonracha aighneachtaí a chur os comhair an choiste agus a theacht i láthair an choiste leis na haighneachtaí a phlé. Tá sé sin ar bun cheana féin. An tseachtain seo caite bhí beirt i láthair an choiste len a n-aighneachtaí a phlé agus pléadh go maith agus go hiomlán agus dearfainn go torthúil, na haighneachtaí sin. Tá obair an choiste ag dul ar aghaidh go sásúil.

Tá cuid de na rudaí a d'iarr an coiste cheana féin le hatmaisféar anseo sa tSeanad i leith na Gaeilge a chothú agus a chur faoi seoil ag teacht chun cinn anois. Tá suantais, cuir i gcás, a lorg an coiste ullamh agus tá na comharthaí sórt eile le cabhrú leis an atmaisféar sin a chruthú anseo i dTithe an Oireachtais á gcur ar fáil. An dul chun cinn is mó, b'fheidir, atá déanta le cúpla seachtain anuas ná go bhfuil an dara tuarascáil ar obair an choiste á ullmhú faoi láthair. Beidh an tuarascáil sin réidh ag cléireach an choiste atá i mbun na hoibre sin, i gcomh-pháirt leis an gcoiste, dar ndóigh, i gceann cúpla seachtain agus beidh seans ag an Seanad, is cosúil, é sin a phlé agus glacadh leis agus díospóireacht a dhéanamh in a thaobh taobh istigh de choicíos nó trí seachtainí ar a mhéid.

Ní dóigh liom gur gá dom a thuilleadh a rá maidir leis an rud seo ach amháin arís go bhfuil áthas orm go bhfuil na leasuithe seo á ndéanamh agus go bhfuiltear ag glacadh leo le réimse oibre an choiste a leathú agus seans a thabhairt don choiste a chuid oibre a dhéanamh níos tábhachtaí leis na fóchoistí seo a cheapadh agus iad a chur ag obair chomh luath agus is féidir. Tá súil agam go mbeidh toradh air sin agus go mbeidh éifeacht níos mó ar shaothar an choiste nuair a bhéas na fochoistí seo bunaithe, is é sin, má bhunaítear iad, agus nuair a bhéas na saineolaithe sin ceaptha le cabhrú leis an gcoiste agus le taighde a dhéanamh ar na cúiseanna, mar a dúirt mé cheana nach bhfuil éirithe níos fearr le slánú na Gaeilge ó bunaíodh an Stáit.

Ba mhaith liom cuidiú leis an rún seo, mar tá sé soiléir go bhfuil gá leis na leasuithe a luaitear sa rún. Gan dabht ar bith, an leasú is tábhachtaí ná an ceann a thabharfaidh an seans don choiste saineolaithe a fhostú. Tá gá leis na saineolaithe sin. Tá mé féin, mar shampla, mar bhall den choiste ata ag plé le cúrsaí cearta na mban agus bhí an cumhacht againne saineolaithe a fhostú agus fuaireamar a lán cabhrach agus táimid thar a bheith buíoch as an chabhair a fuaireamar agus tá sé ciallmhar go mbeadh an seans seo ag an gcoiste tábhachtach seo. Mar a luaigh an Seanadóir de Brún, tá an phríomh aidhm mar atá sé leagtha síos an-leathan ar fad agus tá ciall ag baint leis an aon leasú a dhéanfar i bhfad níos dírithe an obair atá le baint amach ag an gcoiste. De bharr sin, tá ciall ag baint le cumhacht a thabhairt don chomhchoiste ar fo-choistí a reachtáil ar abhair éagsúla agus saineolaithe a fhostú.

Tá tábhacht eile ag baint leis mar tabharfaidh sé seans don duine atá fostaithe a lán den taighde atá curtha i gcló go dtí seo a bhailiú le chéile agus a chur ar fáil don choiste. Tá a lán taighde déanta cheana seo agus mar a dúirt an Seanadóir de Brún, tá an bun-cheist ann, cén fáth nár éirigh leis an bpolasaí go dtí seo? Caithfidh tú an taighde mar atá sé ar fáil a chiorú, ar an gcéad dul síos, agus caithfidh tú an t-eolas a bhailiú as na tuarascálacha éagsúla, mar tá sé de nós ag tuarascálacha áit a fháil i leabharlannaí éagsúla agus gan aon tairbhe le feicéail astu. Dá bharr san beidh an duine atá fostaithe in ann é sin a dhéanamh.

Níos tábhachtaí fós, ar ndóigh, beidh moltaí áirithe ag teacht ós comhair an choiste. Tá an tarna tuarascáil á ullmhú acu agus beidh toradh leis más rud é go mbeidh seans acu daoine áirithe a fhostú chun taighde a dhéanamh dóibh agus mar sin chun sórt cuma ceart a chur ar na moltaí sin. Tá sé ciallmhar agus molaim go mór an obair atá ar siúl ag an gcoiste agus tá áthas orm ar son Pháirtí an Lucht Oibre cabhrú leis na leasuithe seo. Tá mé lán cinnte go gcabhróidh siad le héifeacht obair an choiste.

Tá cúpla focal le rá agam agus ceist, ar ndóigh, chomh maith, mar gheall ar an rún seo.

We are all aware of the continuous decline in the Irish language. Less than 2 per cent of the population are native Irish speakers or use Irish as the daily language. I was fortunate enough during the last Seanad election to meet in rather unusual circumstances in the west a gentlemen, a native Irish speaker, who could not converse in English. In many ways it brought a sense of delight and pleasure to me to have met with that gentleman. I am sure that in a few more years that situation could never arise again. I also think that many people look to this committee hoping that it might be able to halt and reverse this decline. I think that is possible. The members are committed and very dedicated. For that reason anything they look for should be acceded to. I also think that the fact that they have come back to this House within such a short period shows that they are very well motivated. In a matter of just over a year they want changes. I have no doubt that the House will accede to this request.

With regard to some of the points raised, paragraph 3 states that the joint committee are looking for the power to appoint subcommittees and to refer to such subcommittees in matters comprehended by the previous paragraph. There is no mention of the numbers required in those subcommittees. Will they be small subcommittees, or have large or unlimited numbers? Perhaps that could be clarified.

In section 4 the joint committee are looking for the power to engage the services of persons with specialist or technical knowledge to assist in its deliberations. I am sure those personnel will be paid although I do not think it states that categorically. I am sure there will be many people willing without pay states that categorically. I am sure there will be many people willing without pay to help out in this situation. I have no doubt that specialists and people with technical knowledge will be able to help the committee. I also feel that there are many people who may not have specialist or technical knowledge and who could also be in a position to help the committee. It has been my experience in my profession on many occasions that it is the person who was not a specialist who could give great help, and that should not be overlooked.

In section 5 there is the situation where a Member of the Seanad who is on the committee and could not attend could authorise another Member of the Seanad to attend in his absence. I presume that the same will apply for a Dáil Member, although it does not state it here. I would like to have it clarified that when the motion goes to the other House the same will apply. It is a pity with such an important committee that people who are not members of the committee would not be allowed to attend and participate in the proceedings, perhaps not vote. I am sure that many of the Members at different times who had motivation and concern for the Irish language would like to attend and I would like to know if they would be welcome and if they could contribute. If the answer is in the affirmative, that should be made clear. It would also be an indication of the interest of both Houses in the committee.

Section 6 states that the joint committee and each subcommittee, previous to the commencement of business, shall elect one of its members to be chairman. I understand that there is a conformity with all other committees, that there is already a chairman of the committee appointed. I presume that that applies to the subcommittees.

With regard to evidence in public in section 8, all those meetings should be held in public and publicised as much as possible. Driving up this morning I listened to the Gay Byrne programme. There was one gentleman on that programme who was opposed to the restoration of the Irish language. He got considerable air space to give his views. I have no objection to that, but I do object to the fact that there was nobody else on that programme who gave the other side of the coin. In a situation like that it is not good enough to bring on a later programme someone else to give their views because the same people may not be listening. We should be very careful lest we do anything that would bring about further deterioration with regard to the Irish language; and in particular, with popular programmes like that at prime listening times, the other side should be properly represented.

I am sure that the business of this committee is conducted solely through Irish. I am not altogether convinced that that is a good thing, because there would be many people who would like to participate and who would not feel competent enough to do so through the medium of Irish. Encouragement should be given to people who might be anxious to help out with the committee, to use as much Irish as possible but not preclude the use of English in order to help the committee. I am in total sympathy with the committee and I hope that the House will accede to this request.

Ba mhaith liom i dtosach mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Is rud foirmiúil é seo maidin inniu. Tá an fógra tairisceana atá os comhair an Tí á phlé againn agus is é an comhchoiste féin a d'iarr na leasuithe toisc go gceapann siad go gcuirfidh sé leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh acu a gcuid oibre a dhéanamh. Maidir leis na ceisteanna a cuireadh faoin méid fochoistí is féidir leis an gchomhchoiste a cheapadh, braitheann sé sin ar thuairimí an chomhchoiste féin, agus má cheapann siadsan go bhfuil réimsí oibre go mba mhaith leo comhairle a fháil orthu ó shain eolaithe agus go mbeadh fochoiste ag teastáil leis an job sin a dhéanamh, is acu sin atá sé a leagan síos cé mhéad fochoistí ba mhaith leo a bheith acu ó am go ham. Maidir le saineolaithe ón taobh amuigh, agus daoine go bhfuil eolas speisialta acu, ar ndóigh, tig leo iad a cheapadh, iad a fhostú. Maidir le híocaíocht, chaithfidís cead a fháil i dtús báire le saineolaithe dá leithéid a cheapadh. Agus chaithfí réiteach a dhéanamh maidir le híocaíocht.

D'ardaigh an Seanadóir Fitzsimons ceist maidir le halt a 5. D'fhéadfadh Comhalta den Teach seo suí isteach, mar a déarfá, do dhuine a bheadh as láthair. Agus chuir sé an cheist an bhfuil an rud sin fíor faoi bhall den Dáil. Chomh fada agus is eol dom, tá, ach níl mé cinnte, agus tig liom an t-eolas a thabhairt don Seanadóir nuair a bheidh mé cinnte de.

Maidir le ceapachán cathaoirleach, sin ceist don chomhchoiste go deimhin, agus do aon fhochoiste a cheaptar ag an gcomhchoiste. An comhchoiste féin mar shampla, cheap siad cathaoirleach nuair a tháining siad le chéile i dtús báire agus cead acu gach uile bliain sin a athrú. Braitheann sé sin ar na tuairimí a bheadh acu féin. Cheapfainn go mbeadh sé níos fearr go mbeadh na fochoistí ar an mbealach céanna agus nach mbeadh daoine on taobh amuigh ag ceapadh cathaoirligh ar fhochoiste, ach gurb iad na baill féin a cheapfadh é. Níl aon tuairimí agam féin taobh amuigh den mhéid atá ráite. Ceapaim gurb é an bealach is fearr é.

Maidir le hobair an fhochoiste a bheith ar fad as Gaeilge, arís níor mhaith liomsa aon choinníollacha dochta a leagan síos maidir leis an gcaoi a láimhseálann siad a gcuid oibre, agus go deimhin ní dhéanfaidh mé sin. Ach is rud é gur ceart don chomhchoiste breathnú air má cheapann siad go mb'fhéidir go mbeadh siad ábalta ó thaobh baill áirithe, páirt níos eifeachtúla a ghlacadh in obair an comhchoiste nó go deimhin in aon fhochoiste a bhunódh siad, ach é a dhéanamh as Béarla chomh maith, is é sin, an dá-theanagachas a úsáid. Sin ceist don chomhchoiste féin agus d'aon fhochoiste a chuirfear ar bun. Níl aon drogall ormsa a rá go mba cheart é sin a dhéanamh má cheapann an comhchoiste go mbeadh a leithéid níos fearr ó thaobh obair an chomhchoiste nó aon fhochoiste a cheapann siad.

Bhí deis againn anseo cúpla seachtain ó shin thar tréimhse dhá lá an chéad tuarascáil a phlé agus go deimhin bhí an phlé againn air. Ghlac suas le scór ball den Teach seo páirt san díospóireacht sin. Deirtear liom anois go bhfuil an dara tuarascáil idir lámha agus go mbeidh sé réidh sul i bhfad. Tá súil agamsa go mbeidh an deis céanna againn é sin a phlé agus go mbeidh ábhair fiúntach san dara tuarascáil agus go mbeimid ábalta dul chun cinn a dhéanamh san obair atá ar siúl ag an gcomhchoiste. Ba mhaith liom treaslú leis an gCathaoirleach agus leis na comhaltaí faoin obair atá ar siúl acu agus chomh dian is atá siad ag obair ar son na teanga sa Teach seo agus taobh amuigh de. Agus é sin ráite, tá súil agam go gcuirfidh obair na maidine inniu le obair an chomhchoiste agus go mbeidh sé sin le feiceáil sna tuarascálacha agus san obair a bheidh ar siúl acu amach anseo.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Top
Share