Caithfidh mé a rá i dtosach báire go bhfuil mise lán sásta leis an ainmniúchán ó thaobh pearsantacht an Seanadóir Charlie McDonald. Is fear cumasach é agus ionadaí dúthrachtach. Tá taithí aige faoi mar atá ráite roimhe seo, mar Leas-Chathaoirleach cheana féin agus tá sé cruthuithe aige gur féidir leis na cúraimí a dhéanamh go slachtmhar agus go cothromach. Ach tá sé de dhualgas orm an rud céanna a rá a dúirt mé an lá a thoghadh tusa, a Chathoirligh. Níor bhain mé aon taitneamh an lá sin as an méid a bhí orm a rá agus ní bhainim aon taitneamh as inniu, ach níl aon éalú ón dualgas. Má táimid i ndáiríre in aon chor faoin teanga náisiúnta, faoin dhá-theangachas agus faoi mholtaí Chomhchomhairle an Oireachtais i dtaobh úsáid na Gaeilge in ár ngnó, caithfimid a éileamh gur cóir go mbeadh ard-oifigigh an Oireachtais réasúnta líofa sa teanga. In aon chúis deir Buan-ordú Uimh 16:
Déanfar gnó an tSeanaid trí Bhéarla nó trí Ghaeilge.
Glacaim go gciallaíonn sin nach mbeidh aon bhac orainn anseo agus sinn ag iarraidh ár ngnó a dhéanamh ó am go chéile trí mheán na Gaeilge.
Mar sin cuirim an cheist seo ar lucht ainmnuícháin Charlie McDonald — agus cuirim an cheist toisc nach bhfuil a fhios agam an bhfuil Gaeilge aige nó nach bhfuil — an bhfuil ar a chumas imeachtaí an tSeanaid a stiúradh trí Ghaeilge.
I do not raise this matter out of any personal spite and I do not get any pleasure out of it but it seems to me that we have to keep on reminding ourselves that Irish is the first official language and the business of the Seanad, according to Standing Orders, is to be conducted in Irish or in English which, in effect, must mean in Irish and in English as the Members please. I take no pleasure in raising this matter but at the same time I make no apologies for asserting that the high elected officers of the Oireachtas, for whom I have the greatest respect, should be able to handle the business of the House fluently in either language. Therefore, I have to ask the proposers of Senator McDonald about whose competence I have no doubt, whether he is able to conduct the business of the House competently through both languages.