Is main liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Tá go leor a dúradh nach féidir liomsa locht ar bith a fháil air. Ar an dtaobh eile de, dúradh roinnt rudaí nach n-aontaím leo ar chor ar bith. Bíodh sin mar atá, táim cinnte gur labhair na daoine a ghlac páirt inti de bharr a suim sa Ghaelige agus a ngrá di agus de bharr spéis a bheith acu sna Gaeltachtaí.
Cé nach mian liom a bheith conspóideach anseo, caithfidh mé tagairt a dhéanamh do rud amháin a dúirt an Seanadóir Ó Foighil an tseachtain seo caite; sé sin, an t-ionsaí fíochmhar a rinne sé ar oifigigh Roinn na Gaeltachta. De réir m'eolais, is traidisiún é le fada an lá i dTithe an Oireachtais nach ndéantar a leithéid d'ionsaí i leith daoine nach bhfuil deis acu iad féin a chosaint sna Tithe seo. Is trua liom go mór nár chloigh an Seanadóir Ó Foighil leis an traidisiún sin. Cúis iontais dom freisin é, nuair a smaoinítear ar an gcúnamh a fuair an Seanadóir ó na daoine céanna sa Roinn sin le linn a bhlianta mar bhainisteoir chomharchumainn sa Ghaeltacht. Seirbhís thar barr atá á chur ar fáil acu i gcónaí ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis na Gaeltachtaí.
Cé nach bhfuil deis ag na daoine sin iad féin a chosaint, tá an deis sin agamsa. Dearbhaím go bhfuil foireann den chéad scoth sa Roinn. Muna bhfuil muinín ag an Seanadóir Ó Foighil san Aire, ná san Aire Stáit, ná sa bhfoireann, ach go háirithe, ba mhaith liom a rá anseo tráthnóna, go bhfuil lanmhuinín agamsa sa bhfoireann atá agamsa i Roinn na Gaeltachta. Is eol daoibhse go léir go mbeadh an Ghaeltacht agus pobal na Gaeilge i bhfad níos measa as, mura mbeadh Roinn na Gaeltachta ann. Beidh deis ag an Seanadóir Ó Foighil, tráthnóna, an méid a dúirt sé i leith na fóirne atá agamsa sa Roinn, a tharraingt siar, agus tá súil agam go ndéanfaidh sé amhlaidh.
Déanadh tagairt sa díospóireacht anseo do thionchar agus do thábhacht na teilifíse i saol an lae inniú. Glacaim leis an ráiteas seo go hiomlán. Is léir go bhfuil tionchar thar cuimse ag an teilifís ar fhormhór an phobail ar fud an domhain; is amhlaidh an cás sa tír seo, go háirithe ar dhaoine óga agus ar dhéagóirí.
Dúradh freisin go mbeadh tionchar mór ag an teilifís ar athbheochan agus ar chaomhnú na Gaeilge laistigh den Ghaeltacht, agus lasmuigh chomh maith. Aontaím leis an dtuairim sin agus glacaim leis go mbeidh ról lárnach ag an teilifís in aon iarracht a dhéanfar chun an áit is dual di a bhaint amach don Ghaeilge i saol na tíre seo.
Tagraím anois don rún nó don tairiscint go gcuirfí seirbhís teilifíse Ghaeilge/ Ghaeltachta ar bun roimh dheireadh na bliana agus go gcuirfí i gcrích na moltaí a dearnadh i dtuarascáil Roinn na Gaeltachta. Breathnaíonn sé seo furasta go leor, go háirithe nuair atá tú sa bhfreasúra. Nuair a thosnaítear ar impleachtaí na moltaí a scrúdú go mion, agus nuair a chuirtear san áireamh na tuairimí éagsúla a nochtadh anuas tríd na blianta, maraon leis na tuairimí a nochtadh sa díospóireacht seo, is léir go bhfuil an scéal i bhfad níos castaí agus níos deacra ná moltaí tuarascala a chur i bhfeidhm.
B'fhéidir nach aon dochar ag an bpointe seo féachaint siar ar chuid de stair an cháis seo. Foilsíodh tuarascáil i 1987 a bhí réitithe ag grúpa oibre a bhunaigh Airí Gaeltachta agus Cumarsáide na linne i 1986. Léirigh an tuarascáil sin go mbeadh ar a laghad 14 uair a chloig de chláir oiriúnacha in aghaidh na seachtaine ag teastáil chun seribhís shásúil i nGaeilge a chur ar fáil agus measadh go gcosnódh na cláracha sin thart ar £10 milliún sa bhliain. Dúradh go gcosnódh gnáthlíonra tarchuir don tír ar fad thart ar £25 mhilliún ach aithníodh go raibh forbairt teicniúla ag teacht chun cinn, mar shampla, MMDS a d'fhéadfadh crot eile a chur ar an ngné sin den scéal. Is go gairid i ndiaidh fhoilsiúchán na tuarascála seo a chualathas don chéad uair ó dhream atá luaite go minic le linn na díospóireachta seo sa Seanad, sé sin Meitheal Oibre Theilifís na Gaeltachta. Tá sé suimiúil machnamh a dhéanamh ar cheann de na bun-rudaí a dúirt an Mheitheal Oibre i gceist ag an am:
Tá géarghá le seirbhís áitiúil theilifíse, le freastal ar phobal na Gaeltachta go príomha ... Dá mbeadh éileamh ar na cláracha a dhéanfadh Teilifís na Gaeltachta sa chuid eile den tír d'fhéadfaí na cláracha sin a dhíol le RTE le craoladh ar fud na tíre ..."
Anois táthar ag rá nach miste seirbhís a bhunú, i bhfocail an Fheachtais Náisiúnta Teilifíse, a fhreastalóidh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus nach ceart go mbeadh aon bhaint ag RTE leis an tseirbhís seo. Is mór an t-athrú atá tagtha ar a bhfuil á lorg le cúpla bliain anuas.
Réimse eile a bhfuil tuairimí éagsúla ina leith ná costas na seirbhíse agus cé mhéad uair sa tseachtain a mba ghá chun seirbhís shásúil a chur ar fáil. Tá an tuarascáil a réitigh an grúpa oibre i 1987, agus an tuarascáil a réitigh Údarás na Gaeltachta, ar aon fhocal faoi uaireanta a chloig de chraolachán sa tseachtain — 14 uair a chloig — agus beagnach ar aon fhocal faoin gcostas a bhainfeadh lena sholáthar, £10.25 mhilliún sa bhliain ag an ngrúpa oibre, £9.6 mhilliún sa bhliain ag an Údarás. Shilfeá uaidh seo gur rudaí iad sin, ar aon nós, a bhfuil daoine ar aon fhocal futhú. Ach ní mar a shíltear a bítear.
Ní raibh an dúch tirim ar thuarascáil an Údaráis nuair a tháinig cáipéis chugainn ó Bhord an Údaráis, bord ar a bhfuil an Seanadóir Ó Foighil ina bhall tofa. Dúirt an cháipéis gur shíl an bord go bhféadfaí seirbhís dhóthaineach a sholáthar le hocht uair a chloig d'am craolta in aghaidh na seachtaine a chosnódh £4.62 mhilliún in aghaidh na bliana. Dearbhaíonn an tuarascáil agus táim ar aon tuairim leis gur den riachtanas é go mbeadh ceithre uair a chloig déag d'am craolta á sholathar gach seachtain. Is ábhar iontais dom é go sílfeadh Bord an Údaráis, agus an Seanadóir Pól Ó Foighil ina bhall den bhord seo, gur leor ocht nuaire in aghaidh na seachtaine. An bhfuil na daoine seo i ndáiríre, nó nach bhfuil?
Níor chloígh an Bord, áfach, le ceist na gclár. Mheas siad, freisin, go bhféadfaí an costas caipitil a ísliú £1.55 mhilliún; ísliú de 27.5 faoin gcéad a bheadh i gceist anseo, ó £5.65 mhilliún go £4.1 mhilliún. Luaigh an bord freisin go raibh seans ann go bhféadfaí níos mó airgid ná seo, a ghábháil, trí ísliú a dhéanamh ar chaighdeán chuid den treallaimh a bheadh in úsáid. Is dóigh liom go raibh comhaltaí uilig an bhoird sásta leis an moladh sin. Tá sé ráite, faraor, acu siúd atá ag lorg na seirbhíse gur den riachtanas é go mbeadh treallamh den scoth ar fáil chun cláracha den scoth a dhéanamh, agus anotaím féin go hiomlán leis an dtuairim sin.
Is é atá faoi chaibidil anseo ná rún atá breactha síos ag gach ball d'Fhine Gael sa Seanad. Nuair a bhí an rún céanna á mholadh ag an Seanadóir Ó Foighil, luaigh sé cuid de phríomhmholtaí thuarascáil Údarás na Gaeltachta. Orthu seo bhí am craoladh de cheithre uaire a chloig déag in aghaidh na seachtaine, costas reatha de £9.6 mhilliún sa bhliain, agus is é a dúirt sé ná: "Ní thuigim cén fáth an bhfuil an oiread sin moille agus fadhbanna le sonrú i dtaobh na tuarascála." Dúirt sé freisin: "Tá Údarás na Gaeltachta agus Meitheal Oibre Theilifís na Gaeltachta in ann a chruthú go bhféadfaí ceithre uair a chloig déag in aghaidh na seachtaine a chur ar fáil ar chostas sé mhilliún punt." Ba é £9.6 mhilliún, an chéad meastachán a bhí againn; laghdaíodh go £5.65 mhilliún sa tarna háit é, agus anois tá £6 mhilliún i gceist. An cheist atá aige orainne ná — cén fáth go bhfuil an oiread sin moille i gceist agus an oiread sin fiosrucháin á dhéanamh sa ghnó? Agus daoine ag caitheamh figiúrí éagsúla amach — £9.6 mhilliún, £5.6 mhilliún agus £6 mhilliún! Más amhlaidh an scéal thuas, cén fáth go bhfuil sé á mholadh sa rún atá curtha síos ag comhaltaí agus ag Seanadóirí Fhine Gael "go gcuirfí i gcrích na moltaí atá sa tuarascáil teilifíse a chur Údarás na Gaeltachta ar fáil". Ar na moltaí seo, bhí ceann a dúirt gur costas £9.6 mhilliún a bheadh i gceist. Céard mar gheall ar thuairimí Bhord an Údaráis, a bhfuil an Seanadóir Ó Foighil ina bhall de? Tá an bord seo den tuairim gur leor £4.62 mhilliún chun ocht n-uair a chloig d'am craolta a sholáthar chuile sheachtain. B'fhéidir freisin go bhféadfaí treallamh a cheannach nach mbeadh den chéad scoth. Ní hé sin deireadh an scéil, áfach. Ag tacú leis an tairiscint di, dúirt an Seanadóir Jackman ""Is é mo bharúil go mb'fhéidir é a bhunú ar £5 mhilliún nó faoina bhun sin ..."
Dúirt an Seanadóir Ó Foighil nár thuig sé cén fáth a raibh an oiread sin moille i gceist. Measaim go bhfuil sé léirithe agamsa anseo, tráthnóna, go bhfuil cúiseanna ar leith leis an scrúdú agus an dianchíoradh a bhí le déanamh againne agus ag an Roinn Cumarsáide agus ag RTE sa ghnó seo.
Chuir an Seanadóir Mooney ceist mar gheall ar an Roinn Cumarsáide agus tá freagra agam anseo air. Tá an tuarascáil sin agamsa anois le cúpla lá agus beidh ormsa anois agus ar oifigigh mo Roinnese, scrúdú a dhéanamh ar na moltaí sin; moltaí iad seo a tháinig ón Roinn Cumarsáide a bhí i dteagmháil le RTE, áit a bhfuil na saineolaithe ar fáil. Ina dhiaidh sin, rachaidh mise ag plé na ceiste seo leis an Taoiseach agus le Airí na Gaeltachta agus beidh sé á phlé, ar ndóigh, ag an Rialtas níos déanaí.
Tá a fhios ag gach duine, fiú muna bhfuil siad sásta é a admháil, go bhfuil an Rialtas seo dáirire maidir le ceist na teilifíse. Is eol dúinne cé chomh tábhachtach is atá seirbhís teilifíse. Tá a fhios againn cé chomh tábhachtach is atá seirbhís teilifíse, ní don Ghaeltacht amháin, ach don tír go léir, ní hamháin do 80 faoin gcéad den Ghaeltacht, ná do 50 faoin gcéad den tír ach don tír ina iomlán, idir dheisceart agus thuaisceart. Tá go leor daoine i dtuaisceart na tíre a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, atá ag teacht chuig na Gaeltachtaí leis na blianta agus iad faoi bhrú ag an am céanna. Ní raibh sé éasca orthu agus tá an dualgas orainne gach iarracht a dhéanamh chun seirbhís a sholáthar dóibhsean chomh maith.
Nílimid ag deánamh cúlú ar bith sa cheist seo; táimid réadúil ina thaobh. Tá spéis mhór ag an Taoiseach agus an Rialtas sa scéal. Bhí an Comhrialtas i gcumhacht ar feadh ceithre bliana go leith agus ní raibh suim dá laghad ag an gComhrialtas sa Ghaeilge. An mó punt a chuir siad isteach sna bóithre áise sa bhliain 1984-85? Agus an mó i mbliana? Suim agus dairíreacht i leith na Gaeilge atá faoi chaibidil anseo. Tá airgead gann ach i mbliana tá árdú de 27 faoin gcéad le sonrú i Meastacháin Roinn na Gaeltachta. Léiriú é an t-ardú seo ar dháiríreacht agus ar shuim an Rialtais i gceist na Gaeilge.
Ceist mhór í seo agus b'fhéidir go bhfuil sé deacair a rá nár cheart luach a chur ar ár dteanga, ach caithfear an gné seo a thabhairt isteach san áireamh. Tá dualgas orm fiosrú a dhéanamh sa scéal, nuair a thagann ball de Bhord Údarás na Gaeltachta atá ina Sheanadóir, isteach sa Teach seo ag rá go mbeidh Údarás na Gaeltachta ábalta £1 mhilliún a chur ar fáil as an ngnáth soláthar. Táim féin faoi bhrú ag an Údarás céanna i gcónaí agus déanaim mo dhícheall chun breis airgid a chur ar fáil. D'ardaíomar an uasteorainn anuraidh ó £4.5 mhilliún go £9 milliún. An féidir a rá nach bhfuil suim ag an Rialtas seo ná ag an Roinn seo i bpobal na Gaeilge i gcoitinne? Deir daoine, ar chóir a bheith eolach sa ghnó, go mbeidh £1 mhilliún le fáil as an ngnáth soláthar. Tá an dualgas ormsa an cheist a fhiosrú má tá an cineál sin airgid le fáil ón méid atá á thabhairt d'Údarás na Gaeltachta.
Táim i ndáiríre faoin gceist anseo. Tá moltaí faighte agam ón Roinn Cumarsáide; beidh mé á scrúdú agus beidh mé á bplé leis an Taoiseach, fear a bhéas gnóthach anseo agus san Eoraip go dtí deireadh na míosa seo chugainn.