Tá fógra agam ón Seanadóir Pól Ó Foighil maidir le tairiscint a dteastaíonn uaidh a dhéanamh faoi Bhuan-ordú 29. Iarraim anois ar an Seanadóir Ó Foighil an fógra a thabhairt i dtaobh na tairiscinte sula ndéanfaidh mé rialú uirthi.
Iarratas ar an Seanad a chur ar Athló faoi Bhuan-Ordú 29.
Ba mhaith liom, faoi Bhuan-ordú 29, go nglacfadh an Cathaoirleach leis an tairiscint gur gá a fhiosrú go práinneach na cearta bunreachtúla atá ag Seanadóir a labhraíonn Gaeilge sa Seanad. Iarraim go dtabharfaí cead an cheist sin a phlé.
Tá breithniú cúramach déanta agam ar an ábhar atá ardaithe ag an Seanadóir Ó Foighil. Ní thig liom a mheas gur ní é atá i gceist faoi Bhuanordú 29. Is oth liom a rá, mar sin, nach mór dom a rialú go bhfuil an tairiscint as ordú.
Tá mé ag rá go bhfuil rud bunreachtúil i gceist anseo. Is é mo thuairim gur ceist bhunreachtúil í seo.
Tá an Seanadóir míordúil anois.
Níl mé as ordú, a Chathaoirligh. Tá mé ag rá gur ceist bhunreachtúil í seo. An bhfuil aon chead nó cheart agamsa mar dhuine——
Suigh síos, a Sheanadóir.
An bhfuil aon chead agam anseo, ar chor ar bith?
A Sheanadóir Uí Fhoighil, tá mé ag iarraidh ort suí síos. Ní féidir leis an Seanadóir díospóireacht a dhéanamh ar an ábhar seo.
Tá mé a rá, a Chathaoirligh, go bhfuil mo chearta bunreachtúla á sárú sa Teach seo agus tá seo á dhéanamh le bliain anuas. Agus níl cead agam labhairt anseo i nGaeilge ná in aon teanga eile. Tá sé sin in aghaidh an Bhunreachta agus tá mé ag iarraidh ar an Teach seo é seo a phlé.
A Sheanadóir Uí Fhoighil, tá tú as ordú anois.
Tá me ag rá, a Chathaoirligh, go bhfuil sé míbhunreachtúil agus nuair atá rud míbhunreachtúil i gceist, ba chóir go dtabharfaí éisteacht do rud bunreachtúil.