Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 21 Nov 1990

Vol. 126 No. 12

Ábhar ar an Athló. - Teilifís na Gaeltachta.

Cuirim fáilte roimh Aire Stáit na Gaeltachta ach caithfidh mé a rá go bhfuil an-díomá orm nach bhfuil Aire na Gaeltachta anseo leis an cheist seo a fhreagairt. Go deimhin féin, tá sé ansuntasach nach mbíonn Aire na Gaeltachta i láthair le ceist ar bith faoin Ghaeltacht a fhreagairt. Is minic a dhéanaim mo mhachnamh ar an gceist, an bhfuil a leithéid de dhuine mar Aire Ghaeltachta againn in aon chor. Cineál bean sí de Aire Gaeltachta atá againn.

Maidir le ceist seo na Gaeltachta agus teilifís na Gaeltachta, cuireadh meitheal oibre ar bun i 1987 agus bhí Roinn na Gaeltachta páirteach sna díospóireachtaí a bhí ann ag an am sin, ach níor tharla tada dá bharr. I 1988 d'ordaigh an Taoiseach — sin Aire na Gaeltachta nach bhfeiceann muid in am ar bith — go gcuirfí tuarascáil le chéile faoi chúrsaí theilifís Gaeilge nó teilifís Gaeilge bheith lonnaithe sa Ghaeltacht don tír ar fad, agus go gcuirfeadh Údarás na Gaeltachta an tuarascáil seo ar fáil. Chaith Údarás na Gaeltachta £70,000, de réir m'eolais, chun an tuarascáil sin a chur ar fáil, agus chuir RTÉ tuarascáil theicniúil, chuimsitheach ar fáil ag an am sin. Bhí cur síos cuimsitheach ar na costais a bhain le bunú na teilifíse seo, agus SKC a chuir seo ar fáil sa tuarascáil. Ba thuarascáil thoirtiúil é a raibh an-ábhar machnaimh ann agus ar a bhféadfaí cinneadh a bhunú. I mí Mheán Fómhair, 1989, cuireadh an tuarascáil seo ar fáil don Aire, don Aire Stáit agus, ag deireadh thiar, do bhord Údarás na Gaeltachta le go mbeadh siad in ann an cheist a phlé.

I mí Meithimh i mbliana dúirt Aire Stáit na Gaeltachta go mbeadh cinneadh ann i mí Mheán Fómhair. Mí ó shin, agus é ag freagairt na ceiste, "An raibh suim dáiríre ag an Taoiseach, Aire na Gaeltachta, i dteilifís na Gaeltachta" in agallamh ar Raidió na Gaeltachta, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta: "Tá suim ag an Rialtas, cinnte, i dteilifís Ghaeilge a chur ar fáil ach, i láthair na huaire, ní bhfuair mé deis chun é seo a phlé leis an Taoiseach mar Aire na Gaeltachta". Feictear domsa gur uafásach, siléigeach an freagra sin a theacht ó Aire Stáit ar bith, gur imigh míonna an tsamhraidh thart agus gan deis aige ceist seo teilifís na Gaeltachta a phlé le hAire na Gaeltachta tar éis an méid oibre a rinneadh agus an méid tuarascálacha a cuireadh ar fáil.

Dúirt an tAire Stáit rudaí suntasacha eile san agallamh céanna. "Os rud é", a dúirt sé, "go bhfuil an t-eolas uilig againn, níl aon eolas eile de dhíth orainn. Tá an tuarascáil faighte againn agus tá sé scrúdaithe ag an Roinn Cumarsáide. Níl le déanamh anois ach cinneadh a dhéanamh", agus "cuirim béim ar leith ar an fhocal "cinneadh": "Tá mé ag súil go mbeidh cinneadh ann roimh dheireadh na bliana seo". Ansin, agus é ag freagairt ceiste sa Dáil ar 2 Samhain, dúirt sé: "Tá mé ag súil go mbeidh cinneadh ann roimh dheireadh na bliana nó ag tús mhí Eanáir". Thosaigh muid i 1987 agus seo anois muid ag caint ar 1991. Tá mé tar éis a chluinstean go bhfuil an Taoiseach le triúr a ainmniú le coiste eile a bhunú le moltaí nua faoi theilifís na Gaeltachta, a chur os a chomhair.

Tá Proinsias Mac Aonghusa, Cathaoirleach Bhord na Gaeilge, Pádraig Ó Muircheartaigh, príomhfheidhmeannach Bhord Soláthair an Leictreachais agus John Sorohan, príomhoifigeach RTÉ, de réir mo chuid eolais, chun an cheist seo a scrúdu arís. Cá bhfuil muintir na Gaeltachta anseo? Cé atá ag caint ar son mhuintir na Gaeltachta más fíor é seo uilig? Agus é seo tar éis an méid oibre atá déanta le blianta anuas. Tá Údarás na Gaeltachta, mar shampla, ag tosú ar an dara cúrsa traenála, cúrsa a chuirfidh dhá chéad post ar fáil i dtionscal sin na teilifíse, ach é bheith ann. Tá ochtar ó dháilcheantar an Aire Stáit féin traenáilte agus níl a fhios agam an bhfuil jab aige dóibh nó nach bhfuil. Dhiúltaigh an tAire Stáit casadh le meitheal oibre maidir le teilifís na Gaeltachta agus dhiúltaigh sé trí huaire casadh le Feachtas Náisiúnta Teilifíse.

Cén fáth go bhfuil an diúltú seo ann, mar deir sé linn go bhfuil chuile shórt réitithe agus nach bhfuil i gceist ach cinneadh a dhéanamh. Ach, faraor géar, níl aon chinneadh tagtha fós agus is beag baol go dtiocfaidh. Nach raibh cúrsaí go dona nuair a tháinig Feachtas Náisiúnta Teilifíse le chéile le linn an Oireachtais in Inis i mbliana agus gur rith siad rún, go raibh muinín caillte acu as Aire Stáit na Gaeltachta mar gheall ar an mhoill seo uilig. Ná déanaigí dearmad go bhfuil an Feachtas Náisiúnta Teilifíse comhdhéanta de bheagnach 30 eagraíocht, cuid acu sa Ghaeltacht agus cuid lasmuigh den Ghaeltacht. Anois tá siad ag bagairt dul ar stailc ocrais mura bhfaigheann siad an t-eolas atá uathu. Is dona an scéal é go bhfuil sé tagtha go dtí an pointe go bhfuil daoine ag bagairt stailc ocrais le heolas a fháil faoi rudaí atá geallta agus nach bhfuil á thabhairt, rudaí atá geallta chomh minic sin ag an Rialtas atá ag dul siar ar an méid atá ráite acu.

Tá dhá ráiteas agam anseo, ráitis a thug mé féin sa Seanad ar 18 Bealtaine: "The statistics now confirm entirely the dominant impression left by field study that Irish is now hovering on the verge of abandonment by its native speakers in all but a handful of school areas". Sin ráiteas a bhí bunaithe ar staidéar an-mhór. Dúirt mé sin leis an Aire Stáit ag an am agus d'iarr mé air rud éigin a dhéanamh faoi. Sa dara ráiteas a rinne an tAire Stáit é féin in agallamh le Comhar i mí Aibreáin seo caite, dúirt sé: “Bhí meath ag teacht ar an Ghaeilge ar feadh tamaill. Ceapaim go bhfuil stop curtha leis an meath sin anois”. Nach uafásach an difríocht idir an dá ráiteas sin? Rinne fear, nach Éireannach é fiú amháin, mionscrúdú ar an gceist seo agus chuir sé trioblóid air féin an scrúdú seo a dhéanamh. Dúirt sé go raibh an Ghaeilge ionann is bheith básaithe sa Ghaeltacht, agus seo aire Stáit na Gaeltachta ag rá go raibh deireadh leis an meath agus go raibh chuile shórt i gceart.

Anois, cé atá ag insint na fírinne anseo? Fágfaidh mé an breithiúnas faoin fhírinne ag muintir na Gaeltachta agus ag pobal labhartha na Gaeilge sa tír. Is eagal liom gur cur i gcéill agus cur ó dhoras atá ar bun maidir le seirbhís teilifíse Gaeltachta nó seirbhís teilifíse Gaeilge, agus é lonnaithe sa Ghaeltacht, a chur ar fáil. Cén chaoi a bhféadfadh an scéal a bheith ar aon bhealach eile? Tá Aire againn atá in ainm is a bheith ina aire Gaeltachta ach nach bhfeicimid in am ar bith é. Ní raibh sé riamh istigh sa seomra seo le ceist a fhreagairt faoin Ghaeltacht, ceisteanna a cuireadh go minic le bliain anuas. Níl teacht air ag muintir na Gaeltachta, ag Údarás na Gaeltachta ná ag a Roinn féin, Roinn na Gaeltachta, sin é Taoiseach na tíre seo. Léiríonn sé sin domsa agus do go leor leor daoine nach bhfuil ann ach cur i gcéill, gur sciob sé leis aireacht fhíorthábhachtach, gur thóg sé chuige féin é agus nár thug sé don Ghaeltacht an rud a bhí dlite di.

Is é an polasaí atá anois ann ó thaobh theilifís Gaeltachta de ná polasaí cur ó dhoras. Sin an polasaí atá ann. Tá sé ráite arís agus arís eile nach bhfuil le déanamh ach cinneadh. Tá an cinneadh á chur siar agus níl aon fhreagra ceart le fáil. Is é an polasaí atá ann ná "Mair a chapaill agus gheobhair féar". Fanaigí beo, seans go dtiocfaidh sé. B'fhéidir go dtiocfaidh sé am éigin, ach, idir an dá linn, ligfidh muid don Ghaeilge bás a fháil. Sin díreach an rud atá ag tarlú, agus níl duine ar bith ag éisteacht. Níl Aire na Gaeltachta ag éisteacht cinnte mar ní thagann sé inár láthair. Níl Aire Stáit na Gaeltachta ag tabhairt airde nó cluaise ar a bhfuil á rá ag na saineolaithe faoin Ghaeilge. Tá sé ráite ag mo leithéidí agus ag daoine eile, mura mbíonn teilifís Ghaeltachta ann go mbeidh deireadh go deo leis an Ghaeilge in achar glúine eile.

Is aisteach liom go dtógann sé chomh fada sin do Aire nó Rialtas ar bith a n-intinn a dhéanamh suas faoi cheist seo na Gaeilge agus Teilifís na Gaeltachta. Tar éis an ama seo ar fad ó 1987 go dtí anois tá sé cloiste againn go bhfuil coiste eile le bunú leis an scéal uilig a fhiosrú. Tar éis a bhfuil ráite ag an Aire Stáit faoi seo ní thuigim cén chaoi a bhféadfaí aon mhuinín as Aire Stáit nó Aire Gaeltachta bheith ann nuair a ligtear muintir na Gaeltachta síos chomh dona sin agus ní amháin muintir na Gaeltachta ach muintir na Gaeilge ar fud na tíre.

Ní cóir go ligfí lena leithéid agus tá mé ag rá go bhfuil tórramh na Gaeilge buailte linn. Táimid á thuar ag an bpointe seo, tá an Ghaeilge á bású. Níl le déanamh ag Aire Stáit, a dúirt go bhfuil deireadh leis an meath, ach dul siar go Conamara nó a dhúiche féin i nDún na nGall agus éisteacht leis na gasúir óga. Tá an Ghaeilge cinnte ag na seandaoine agus ag na daoine meánaosta, ach céard faoin ghlúin óg mar níl an Ghaeilge á labhairt acu agus níl sí le cloisteáil sna scoileanna, nó i gclós scoile ar bith. I mbliana b'éigean do bhuachaillí agus do chailíní as Baile Atha Cliath a bhí ar chúrsa Gaeilge thiar i gConamara eiseamláir a thabhairt do ghasúir na háite a bhí ag spalpadh Béarla lasmuigh de gheataí an choláiste. Sin mar atá cúrsaí anois, agus an taon seans amháin atá ann chun an Ghaeilge a chaomhnú ná teilifís Ghaeltachta a chur ar fáil dúinn. Sin an méid a bhí le déanamh agus níl sé déanta fós.

Táimid uilig ar ais ag an seanscéal arís; cuirfidh muid coiste eile ar bun. Deirim arís go bhfuil deireadh beagnach leis an Ghaeltacht, go bhfuil deireadh le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht. Mura gcuirtear Teilifís Ghaeltachta ar bun láithreach le léas nó seans éigin a thabhairt don Ghaeilge lena coinneáil beo glúin nó dhó eile, le go mbeadh deis aici láidriú lasmuigh den Ghaeltacht, tá thiar orainn. Ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire Stáit a rá le hAire na Gaeltachta gan a bheith ag ceapadh coistí eile. Má chuireann sé coiste eile ar bun leis an scéal seo a fhiosrú arís, tar éis don Aire Stáit a rá, "Tá gach rud scrúdaithe againn agus déanfar cinneadh go luath", chiallódh sé sin nach bhfuil aon mheas aige ar an Aire Stáit, agus ní fhéadfadh Aire Stáit feidhmiú faoi Aire a dhéarfadh go bhfuil coiste eile ag teastáil anois.

Tá áthas orm deis a fháil teacht isteach go dtí an Teach seo. Is dócha gurb í an fhadhb is mó a bhíonn agam ná nach mbíonn an oiread sin ama agam chun dóthain cásanna a phlé, ní amháin an cás seo. Má tá an Seanadóir Ó Foighil sásta dul siar sa stair, tá mise sásta sin a dhéanamh freisin. Má tá sé ag iarraidh a bheith pearsanta, tá mise sásta sin a dhéanamh chomh maith.

Nuair a bhí mé faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta tamall ó shin dúirt mé nach raibh am ag Aire na Gaeltachta an cheist faoi sheirbhís teilifíse trí Ghaeilge a phlé liom. Is é a bhí á rá agam nach raibh am aige an t-ábhar iomlán a phlé.

Dúirt mé go raibh an t-eolas againn agus tá mé a rá arís go bhfuil an t-eolas againn agus go bhfuil an cinneadh le glacadh agam. Tá a fhios go maith ag an Seanadóir Ó Foighil gur sin an rud a bhí i gceist agam. Tá a fhios go maith aige gur gheall muidne seirbhís teilifíse trí Ghaeilge agus go gcuirfidh muid an tseirbhís sin ar fáil. Cé a gheall Raidió na Gaeltachta? Muidne, Fianna Fáil, a gheall Raidió na Gaeltachta agus chuir muid ar fáil é. Cé a gheall Údarás na Gaeltachta? Muidne a gheall é agus muidne a chuir ar bun é. Cé rinne gach iarracht chun Údarás na Gaeltachta a scrios? Níl a fhios agam cén páirtí a raibh tusa ann ag an am sin. An raibh tú i do bhall de Fhianna Fáil, nó i do Neamhspleách, nó i do bhall d'Fhine Gael nó na Progressive Democrats. Ach, an dream a bhfuil baint agat anois leo inniú, sibhse a rinne iarracht Údarás na Gaeltachta a scrios. Chuireamar Radió na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta ar bun. Gheall an Taoiseach mar Aire na Gaeltachta go mbunódh sé seirbhís theilifíse Ghaeltachta, agus cuirfear an seirbhís sin ar fáil. Táimid meabhrach ar an tábhacht atá ag gabháil le teilifís sa lá atá inniu ann, maraon lena tionchar ar an aos óg. Tá todhchaí na Gaeilge ag brath, nach mór, ar an aos óg. Tá suim againn sa chultúr Gaelach agus i dtodhchaí na Gaeilge agus seasfaimid le muintir na Gaeltachta dá réir.

Ní mór ceist a chur i dtaobh blianta an Chomhrialtais 1982-87, nuair a bhí go leor airgid sa tír. I 1982 bhí suim £12 bhilliún d'fhiacha náisiúnta anuas orainn, ach faoi dheireadh a dtréimhse i 1987, bhí 25 bhilliún d'fhiacha i gceist. Léirionn sé sin an méid airgid a cuireadh amú le linn an ama ach fós ní rabhthas ábalta an t-airgead cuí a aimsiú chun an seirbhís theilifís Ghaeilge a bhunadh.

Gealladh dúinn go laghdófaí easnamh na cáináisnéise ó £750 milliún go neamhnaí laistigh de cheithre bhliain. Is é a tharla ná gur ardaíodh é go £1,400 milliún, nó mar sin. Cuimhnímid freisin ar fhadhb dífhostaíochta an ama sin; briseadh breis is 100,000 duine as a bpostanna. Cá raibh an Comhrialtas agus an Seanadóir Ó Foighil ag an am sin?

Bhí mé ag obair.

Acting Chairman

An tAire Stáit gan aon chur isteach.

Chuir sé ceist orm.

Beidh mé ag plé leis an cheist sin, chomh maith, maidir leis an méid atá déanta. Tháinig an Seanadóir Ó Foighil isteach sa Teach seo. Rinne sé ionsaí fíochmhar ar oifigigh Roinn na Gaeltachta. Dúirt sé ag an am sin dá mbeadh £1 mhilliún de dhíth ar an Roinn go bhfaigheadh siad é ó Údarás na Gaeltachta, toisc an oiread sin airgid a bheith le spáráil acu. Ionsaí ar Oifigigh na Roinne a bhí a dhéanamh aige, ar oifigigh a thugadh tacaíocht dó nuair a bhí sé ina bhainisteoir ar Chomharchumainn.

Níor thug siad aon airgead domsa.

Is maith an rud é nach ndéantar cinneadh sa Rialtas mar a thóg an Seanadóir Ó Foighil nuair a bhí sé i mbun gnó é féin. Táim ag smaoineamh anois ar Chomharchumann Cois Fharraige, ar chomharchumann na nOileán, agus faoin togra atá á maoímh anois do Inis Oírr. Fuair sé an-chuidiú le linn dó a bheith ina bhainisteoir ar na comharchumainn seo.

Ní mise a fuair an cuidiú, ach muintir na háite. Tarraing siar é sin. Ní bhfuair mise aon phingin uaitse ariamh.

Acting Chairman

An tAire Stáit.

Tá an Seanadóir ag insint bréaga, mar a bhionn i gcónaí. Tá sé ag cur i mo leith go bhfuair me rudaí pearsanta uaidh.

Tá mé ag tagairt don chuidiú a fuair an Seanadóir ó oifigigh Roinn na Gaeltachta fad a bhí sé ina bhainisteoir ar chomharchumainn. Dúirt sé go bhfuilimse ag insint bréaga——

——mar a mbím i gcónaí. B'fhéidir gur cheart dó san é sin a tharraingt siar.

Tá a fhios ag muintir na Gaeltachta go bhfuil cara acu anseo agus go bhfuil mé dáirire futhu agus faoin nGaeilge. Tá a fhios acu go bhfuil an Taoiseach agus Aire na Gaeltachta dáiríre ina dtaobh, chomh maith. Anuraidh bhí uasteorainn £4.5 mhilliún ag Údarás na Gaeltachta agus nuair a thángamar i gcumhacht, d'árdaíomar go £9 milliún é. Is eol don Seanadóir freisin go raibh uasteorainn £6.2 milliún ann ag tús na bliana agus go bhfuil sé os cionn £12.5 mhilliún anois. Tá se cruthaithe ag Fianna Fáil anuas tríd na blianta go bhfuilimid ag déanamh ar ndícheall ar son pobal na Gaeltachta.

Tá sé iontach furasta do bhaill an Fhreasúra a theacht isteach sa Teach agus a rá go bhfreagraíonn tuarascáil Údarás na Gaeltachta na ceisteanna go léir. Is cuimhin liom go maith gur dúradh sa tuarascáil sin go gcosnódh sé £5.7 milliún chun an treallamh a chur ar fáil agus an seirbhís a bhunadh, agus, go gcosnódh sé £9.6 milliún gach uile bhliain chun seirbhís a chur ar fáil ar feadh dhá uair a chloig in aghaidh an lae. Taobh istigh d'achar gearr, tháinig Udarás na Gaeltachta ar ais chugainn agus an Seanadoír Ó Foighil ina bhall den Údarás sin ag rá go mba leor £4.8 milliún agus go ndéanfadh uair a chloig d'am craolta cúis, in aghaidh an lae. Nach maith an rud é go bhfuil an cheist seo dá cíoradh? Caithfear é sin a dhéanamh. Níl an Rialtas ná Roinn na Gaeltachta ag iarradh cinneadh a ghlacadh ar bhunús ‘ad hoc’. B'fhéidir go bhfuil daoine eile ar nós an Seanadóir Ó Foighil sásta a leitheid a dhéanamh ach níl an Rialtas. Caithfear pleanáil ceart a dhéanamh agus níl mise sásta cinneadh a ghlacadh toisc brú a bheith á chur orm ag an Seanadóir. Airgead mhuintir na hÉireann atá á chaitheamh againn agus ní mór cúram a dhéanamh de go bhfaighfear toradh ar an gcaiteachas sin. Tá an t-eolas go léir againn ach ní ghlacfaimid cinneadh ar a shon féin.

Geallaim do mhuintir na Gaeltachta nach bhfeilfeadh sé dóibh a bheith ag feitheamh ar Fhine Gael ná ar chomhrialtas ar bith a mbeadh Fine Gael ina chuid de, chun freastal orthu. Bhí deis acu rud fhiúntach a dhéanamh ach chuir siad £13 bhilliún déag amú idir 1982 agus 1987. Ní raibh ceist ann i dtaobh teilifís na Gaeltachta ná i dtaobh Roinn na Gaeltachta. Is cuimhin liom nach raibh Roinn ná Aire na Gaeltachta sásta pingin rua a chaitheamh taobh amuigh de b'fhéidir, £10,000 le haghaidh chontae amháin, in ainneoin an drochbhail a bhí ar bhóithre uile na Gaeltachta.

Bhí Aire Gaeltachta againn.

Níl morán maitheasa in Aire Gaeltachta mura bhfuil sé sásta airgead a chur ar fáil. Tá a fhios ag an Teach agus ag an Seanadóir O Foighil go bhfuil an Ghaeltacht i bhfad níos fearr as ó tháinig an Taoiseach ina Aire Gaeltachta. Le linn ciorraithe a bheith á gcur i bhfeidhm anuraidh i Ranna Stáit éagsúla, fuair Roinn na Gaeltachta árdú de 27 faoin gcéad. Tá eolas maith agamsa ar fhadhbanna na Gaeltachta, agus b'fhéidir gur díomá a bhéas ar an Seanadóir Ó Foighil nuair a bheidh Meastacháin na bliana seo chugainn réidh. Tá a fhios againn an tábhacht atá le hÚdarás na Gaeltachta agus ní dhearnamar cinneadh airiamh a chuirfeadh an eagraíocht i mbaol. Is eol don Seanadóir Ó Foighil cad iad na hiarrachtaí a rinneadh ag an am sin chun an eagraíocht a scrios.

Bunaíodh Údarás na Gaeltachta i 1979 nuair a chuir an t-iar Aire, Denis Gallagher, reacht tríd an Oireachtas. Is as sin a bunaíodh Raidió na Gaeltachta agus táimid iontach bródúil as an "jab" atá á dhéanamh acu. Sinne a bhunaigh Raidió na Gaeltachta. Gheallamar seirbhís theilifíse trí Ghaeilge chomh maith agus cuirfimid í sin ar fáil ar an dóigh chéanna. Níor mhór an tairbhe do mhuintir na Gaeltachta a bheith ag brath ar an bPáirtí ar a bhfuil an Seanadóir Ó Foighil ina bhall. Níl duine ar bith sa tír a chuaigh ó thaobh amháin an Tí go dtí an taobh eile, ó Fhianna Fáil go dtí na baill neamhspleácha, go dtí Fine Gael, go dtí Páirtí na Progressive Democrats agus ar ais arís chuig Fine Gael.

Nach bhfuil an Seanadóir in ann a intinn a dhéanamh suas? Bhí sé ag iarraidh go leor aire a dhíriú ar Raidió na Gaeltachta i gcaitheamh na maidine.

(Cur isteach.)

Lucht Fhianna Fáil.

Tá mé bródúil as sin. Ach bí cinnte de, má tá muintir na Gaeltachta ag brath oraibhse le rud ar bith a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta, beidh siad ag fanacht.

Rinneamar go maith é.

Dúirt tú leo nach bhfuil muinín ag eagraíochtaí áirithe ionamsa agus go gceapann siad nach bhfuil cumhacht ar bith agamsa——

Sin atá ráite acu. Ní mise a dúirt é.

Aontaíonn tú leo.

Is cinnte go n-aontódh, mar gur gheall tú ach nár thug tú.

Inseoidh mé duit nach bhfuil sé ar intinn agam iad a dhearmad.

The Seanad adjourned at 8.45 p.m. until 10.30 a.m. on Thursday, 22 November 1990.

Top
Share