Is ócáid stairiúil í seo ar an gcéad dul síos, mar go bhfuilimid ag baint úsáide as an gcóras aistriúcháin comhuaineach don chéad uair. Tá anáthas orm go bhfuil Aire i láthair inniu ag éisteacht lena bhfuil le rá agam, Aire a bhfuil tuiscint an-bhunúsach aige don Ghaeilge agus gach a mbaineann leis an teanga. Aire na Mara, an Teachta Wilson, atá i gceist agam. Is maith liom a chloisteáil go bhfuil an Seanadóir Fitzgerald, as Gaeltacht Chiarraí, in ann fiú amháin Gaeilge Chonamara a thuiscint chomh maith sin, agus go bhfuil an gléas ag obair go maith. Tuigimid a chéile go maith.
Is iontach an lá é seo sa Seanad agus, taobh amuigh den cheist atá le plé agam leis an Aire, tá buíochas ar leith ag dul do a lán daoine le cúpla bliain anuas, ní mé féin amháin. B'fhéidir gur dhúradh roinnt mhaith, faoi seo sa Seanad inné, ach is cinnte go raibh daoine eile ag plé leis seo le blianta anuas, go mórmhór an t-iarSheanadóir Nioclás Ó Conchubhair as Conamara agus an Seanadóir as Ciarraí, agus daoine eile nach iad. Go deimhin, ó gach taobh den Teach bhí an plé ar bun. Tharla gur tháinig brú mór uaim le dhá bhliain anuas, ach tháinig an toradh go han-sciobtha ag an deireadh, rud nach raibh mé ag súil leis. Tá áthas orm go bhfuil an córas ann agus go bhfuil Aire i láthair a thuigeann, gan aon chluasáin, cad atá le rá agam.
Baineann an t-ábhar díospóireachta inniu le háit thiar i gConamara a dtugtar Cill Chiaráin air agus na beirtreacha buí atá thart ar an áit sin agus ar Charna. Mar is eol don Aire go maith ís ceantar ar leith é sin atá scoite amach ó ghnáthchúrsaí tionsclaíochta agus cumarsáide na tíre seo, agus go bhfuil muintir an cheantair sin ag brath go mór ar iascaireacht thraidiúsiúnta le dul chun cinn sa saol seo. Bunaíodh Comharchumann Sliogéisc Chonamara i 1984 agus bhí sé mar aidhm, agus tá fós, ag an gcomharchumann sin na beirtreacha nadúrtha oisrí agus muiríní i gcuan Chill Chiaráin agus na beirtreacha buí a fhorbairt ar mhaithe le hiascairí áitiúla. Seo iad muintir na háite a tháinig le chéile iad féin leis an rud seo a dhéanamh.
Bhailigh siad ainmneacha dhá chéad tríocha iascaire áitiúla, ag síneadh ó Chloch na Rón go Carna, Cill Chiaráin, Ros Muc, Leitir Mór agus Leitir Mealláin, sin iad ceantair na mbeirtreacha seo a bhfuil mé ag caint orthu. An dá chéad tríocha duine a shínigh siad suas, bhunaigh siad an comharchumann sin, Comharchumann Sliogéisc Chonamara. Chuaigh siad go dtí Údarás na Gaeltachta agus d'éist an tÚdarás go foighneach leo agus thug siad an-chúnamh go deo leis an gcomharchumann seo a chur ar bun. Roimhe sin bhí siad ag plé le Roinn na Mara, nó an Roinn Iascaigh Mhara ag an am sin. Bhí cruinniú ag feidhmeannaigh an Údaráis le Roinn na Mara ar 5 Iúil 1985, agus ag an chruinniú sin ghlac Roinn na Mara leis an bprionsabal go bhféadfaí forbairt a dhéanamh maidir le sliogéisc sna beirtreacha agus ag cuan Chill Chiaráin.
Ghlac siad leis an bprionsabal sin go bunúsach, ach cheap siad go raibh an plean forbartha a cuireadh ina láthair beagáinín ró-ardnósach, go raibh an iomarca dóchais ag baint leis. D'iarr siad go ndéanfaí an plean a ghearradh roinnt, agus ansin go dtabharfadh siad lán tacaíochta dó chun an tionscal sliogéisc a chur chun cinn i gConamara. D'éirigh an tacaíocht chomh láidir sin gur thoiligh an Rialtas, ar iarratas Údarás na Gaeltachta, na cearta farraige a bhí ag Gael-Linn ag an am a cheannach. Chosnaigh na cearta farraige sin £200,000 agus d'íoc Údarás na Gaeltachta £176,000 de sin; d'íoc P.J. Carroll, atá ag plé le feilméireacht bradán, an fuílleach. B'in, mar a déarfá, commitment an-mhór a thug an Rialtas ag an am, tríd an Údarás, do na daoine áitiúla seo. Bhí an tionscal seo ag fáil beannachta agus tacaíochta na Roinne agus an Rialtais an t-am úd.
Fuair siad é sin, agus ní amháin sin, ach dhá bhliain ina dhiaidh sin rinne an tÚdarás infheistíocht mhór i gcomhar leis an gcomharchumann, infheistíocht chomh mór sin go gcuireann sé cineál alltachta orm anois go mb'fhéidir go bhfuil, nó go raibh, caint ann nach raibh an tionscal seo ag dul ar aghaidh go maith. Idir dheontais agus infheistíocht tá beagnach £500,000 curtha isteach, tríd an gcomharchumann agus an Údarás, i bhforbairt na mbeirtreacha seo. Sin suim mhór airgid. Thug an Roinn Iascaigh lán tacaíocht ach an cheist faoi Ghael-Linn agus na ceart a bheith socraithe. Socraíodh é sin agus cuireadh an t-airgead ar fáil ar choinníoll go gcuirfí iarratas chuig FEOGA chun airgead a fháil ó chiste na heagraíochta sin.
Dá mbeadh an t-airgead ar fáil, bheadh sé le haisíoc díreach d'Údarás na Gaeltachta. Leagadh síos coinníoll go mbeadh an ceadúnas cuí le fáil ón Roinn Iascaigh le dul i mbun fhorbairt na mbeirtréacha. Rinneadh sin go léir agus chuaigh an comharchumann i mbun oibre. D'éirigh go han-mhaith leo ó 1985 i leith agus cinntíodh go rachadh an ceantar sliogéisc i gCill Chiaráin agus na beirtreacha chun cinn go láidir agus go foirfe.
I 1985, mar shampla, ó thaobh oisrí de, bhí 45,000 tonna i gceist agus i 1986, 40,000, agus lean an laghdú i 1987. Lena thaispeáint go raibh na hiascairí go mór ar son chaomhnú na mbeirtreacha dhún siad, dá ndeoin féin, rud nach bhfuil éasca a dhéanamh, na beirtreacha i 1988 chun an stoc a bhí ann a chaomhnú, a mhéadú agus a chur ar bhonn láidir. Bhí an toradh air sin le feiceáil i 1989 mar chuaigh sé i méid arís go dtí 31,000 tonna, táirgeadh, dála an scéil, a shaothraigh £93,000 de réir £3 an kilo. Anuraidh, sháraigh siad chuile shórt, mar táirgeadh 52,000 tonna ar £4.30 an kilo, saothrú a chuir isteach i bpócaí feirmeoirí agus iascairí beaga i gceantar Charna agus na n-oileán, siar go Cloch na Rón, £223,000 beagnach ceathrú milliúin, in imeacht deich lá. Céad agus fiche iascaire páirtaimseartha a bhí i gceist.
Sin é an cúlra atá leis an rud seo uilig agus is léir go bhfuil bunús anseo le forbairt na n-acmhainní nádúrtha a fheileann don fheirmeoir beag páirtaimseartha agus atá bunaithe ar an bhfarraige. Bhí tábhacht ag baint leis na leapacha seo i saol na n-iascairí siar go dtí an 17ú aois agus tá a fhios agam gur fear an-léannta é an tAire agus go bhfuil an-suim aige i gcúrsaí staire agus i gcúrsaí nach iad. Bhí scríbhneoir cáiliúil ann sa 17ú aois, Ruairí Ó Flatharta, arbh as an Spidéal dó, agus rinne sé trácht in a leabhar faoi stair Iar-Chonnachta ar na beirtreacha buí i gcuan Chill Chiaráin agus cé chomh láidir agus a bhí an acmhainn nádúrtha sin. Leis na blianta tugadh bóthar na scrathóg air ó Charna agus Chill Chiaráin siar go dtí Cloch na Rón, áit a raibh na síolta á mbeathú agus á gcur in oiriúint don mhargadh. Ach, nuair a théim siar sa stair, níl mé ach ag iarraidh a thaispeáint gur éirigh le hÚdarás na Gaeltachta infheistíocht airgid a dhéanamh, le cúnamh ón Rialtas agus Roinn na Gaeltachta.
De bharr na tacaíochta a thug an Rialtas tháinig forbairt agus fás ar an ngnó agus tá ag éirí go maith leo. Ba é an rud a chuir alltacht ar mhuintir Chonamara Thiar ná an ráiteas a chuala siad ón gComhphobal ná go raibh athrú ar stádas na mbeirtreacha, agus go ndearnadh seo i ngan fhios dóibh. Cuireann sé seo i gcuimhne dom beart eile a rinneadh tríd an EC, i dtaobh áiteacha a dtugar "areas of scientific interest" orthu: rinneadh seo gan dul i gcomhairle leis na daoine. Tuairiscíodh ar 17 Samhain 1988, gur cuireadh scéal ó Roinn na Mara go dtí an Bhruiséal faoi seo, agus sin fáth mo cheiste inniu, agus tá súil agam go mbeidh an tAire in ann a insint dom cén duine nó cén coiste nó státseirbhíseach sa Roinn a thug le fios don Bhruiséal go raibh stádas na mbeirtreacha buí á aistriú go stádas fheirmeoireacht bhrádan.
Ba mhaith liom an litir seo a léamh, agus é bheith sa Tuairisc Oifigiúil, ó Bhord Iascaigh Réigiúnach an Iarthair a scríobhadh i mí Eanáir seo caite, agus deir sé faoi "Redesignation of Kilkerrin Bay as shellfish water".
The Western Regional Fisheries Board is concerned over reports that it is proposed to redesignate Kilkerrin Bay as prime shellfish water and is totally opposed to any such proposal. Correspondence from the European Commission indicates that Irish authorities [sin Rialtas na hÉireann] have stated that an oyster fishery at Kilkerrin Bay collapsed through overfishing and problems of management and that the focus is now on salmon farming. The board wishes to state emphatically that the comments on the oyster fishing at Kilkerrin Bay are incorrect.
The position is that for a number of years the mollusc fisheries in Kilkerrin and Bertraighboy Bays in Connemara have been taken in control by the local co-operative and are now a thriving shellfish industry. In fact, the 1990 oyster season was the best on record.
This has been achieved by remarkable efforts on the part of local co-operative members and efficient management by the co-operative. The Western Regional Fisheries Board has worked hand in hand with the co-operative and has received excellent cooperation in return in carrying out its statutory protection and conservation functions. Údarás na Gaeltachta has also played a very important role. It is acknowledged that the combined efforts of all concerned have led to the present satisfactory state of the shellfish fisheries here.
These efforts were recognised when An Taoiseach, Mr. Charles Haughey TD, presented the co-operative with a licence enabling it to manage, control and develop the shellfish fisheries for the benefit of the community at large.
The board will strongly oppose any measures which threaten this important industry.
Sin fáth mo cheiste inniu. Seo Bord Iascaigh Réigiúnach an Iarthair ag scríobh agus ag tabhairt tacaíochta do mhuintir Charna, do mhuintir an chomharchumainn seo, agus duine éigin nó Roinn éigin, nó cuid éigin de Roinn na Mara nó Roinn éigin eile atá tar éis a chur in iúl ar bhealach éigin don EC sa Bhruiséal, mar a deirtear sa litir seo, "that the oyster fishery in Kilkerrin Bay has collapsed through overfishing and problems of management". Is deargbhréag é sin. Ní raibh sé riamh chomh maith is atá sé faoi láthair. Tá chuile dhuine thiar atá ag brath air seo ar buile, agus imníoch, agus tá siad ag iarraidh freagraí.
Ba mhaith liom go mbeadh an tAire in ann a dhearbhú nach bhfuil sé seo fíor, go bhfuil dearmad déanta áit éigin in a Roinn féin; go mbeadh sé in ann a rá cé rinne an dearmad seo; agus go an mbeadh sé sásta dul siar go Conamara chun labhairt leis an gcomharchumann agus a insint dóibh nach raibh a bhí i gceist ceart, a bheag nó a mhór. Má thugtar an freagra sin beidh chuile dhuine sásta.