Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Thursday, 14 May 1992

Vol. 132 No. 10

Request Under Standing Order 29.

A Chathaoirligh, is mian liom iarratas a dhéanamh an Seanad a chur ar athló mar gheall ar ní sonrach, tábhachtach a bhaineann le leas an phobail agus nach foláir a bhreithniú go práinneach. Is é sin mo cheart mar bhall den Seanad, maidir le príobháideachas mar Sheanadóir neamhspleách i mbun obair oifige dom mar Sheanadóir. Tá mé ag iarraidh ceada ortsa, a Chathaoirligh, go dtabharfaí cead dom é seo a phlé anois.

Senator Ó Foighil, I have given careful consideration to the matter you have raised. I regret that I consider it a matter not contemplated by Standing Order 29 and I have to rule it out of order. I now call the Taoiseach.

Ní féidir liom glacadh leis sin. Tá mise amuigh ar an mbóthar anois — níl aon oifig agam mar Sheanadóir.

You are out of order, Senator Ó Foighil, Please resume your seat.

Ní féidir liom glacadh le rialú a fhágann Seanadóirí ar thaobh an bhóthair, gan aon áis acu chun a gcuid oibre a dhéanamh. An bhfuilimid chun leanúint mar seo seachtain i ndiaidh seachtaine gan aon áis a thabhairt dóibh?

Senator Ó Foighil, I have ruled you out of order. You will have to leave the House unless you resume your seat.

Top
Share