Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Tuesday, 30 Jun 1992

Vol. 133 No. 10

Adjournment Matter. - Soláthar Uisce do Inis Mór (Contae na Gaillimhe).

Tá fadhb mhór ann maidir le cúrsaí uisce in Inis Mór Árainn. Tá thart ar 60,000 galún uisce sa lá in úsáid in Inis Mór. Cloch aoil atá ar an oileán, gan aon loch ansin, agus le tamall anuas, de dheasca an triomaigh, tá ganntanas mór uisce ann. Tá thart ar 15,000 galún á soláthar go nádúrtha ar an oileán gach seachtain agus fágann sé sin easnamh mór, ní amháin uisce i gcóir leithreas acu fiú uisce le hól.

Faoi láthair tá £10,000 caite cheana féin ag Comhairle Contae na Gaillimhe ag ceannach tancanna uisce agus tá os cionn £1,400 sa tseachtain á chaitheamh acu ag tabhairt isteach uisce i dtancanna ar bháid. Freisin, tá siad ag úsáid an uisce nádúrtha atá ar an oileán le cur leis an méid sin uisce. Cuireann sé sin soláthar 40,000 galún ar fáil gach seachtain ar an oileán, áit a bhfuil riachtanas 60,000 galún sa lá, nó 420,000 galún sa tseachtain. Caithfear a thuiscint, ar ndóigh, nach bhfuil aon uisce ar chor ar bith i dtapannaí ná i dtancanna mhuintir Inse Móire i láthair na huaire. Tá gá, mar sin, le gníomh práinneach sa chás seo chun a chinntiú go mbeidh uisce ar an oileán. Tá muintir an oileáin an-bhuartha faoin gceist seo ach i ngeall ar chúrsaí turasóireachta ansin níltear ag iarraidh mórán poiblíochta a tharraingt faoi. Ag an am céanna, tá sé cheana féin ag cur isteach go mór ar shaol an oileáin agus ar an saol eacnamaíochta ansin.

Mar is eol don Aire, tá forbairt mhór eacnamaíochta agus turasóireachta déanta ag go leor den mhuintir agus, dá thoradh sin, tá mórán daoine ansin ag brath ar an séasúr turasóireachta le morgáistí a íoc ar chaiteachas atá déanta acu. Mí Iúil agus mí Lúnasa an dá mhí is fearr ó thaobh turasóireachta de agus má tharlaíonn rud ar bith a choinneodh turasóirí — agus tá sé ag tarlú cheanna — ón oileán, chothódh sé géarchéim mhór eacnamaíochta ar an oileán amach anseo. Tuigim na srianta atá ann ó thaobh airgid de, ach sa chás seo, tá cás láidir ann go ndéanfaí réiteach práinneach maidir leis an bhfadhb. Fáiltím roimh an fhógra ón Aire go bhfuil ar intinn aige brú ar aghaidh anois chun teacht ar réiteach fadtéarach ach tá seanfhocal sa Ghaeilge a deir, "mair a chapaill, agus gheobhair féar".

Taréis go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach agus go bhfuil sé go hiontach a chloisteáil go bhfuil i gceist anois teacht ar fhuascailt na faidhbe seo, ní réitíonn sé sin an fhadhb as seo go cionn sé seachtaine. Tá gá le thart ar leathmhilliún galún a thabhairt isteach as seo go cionn coicíse. De réir mar a thuigim, mar chomhairleoir contae a bhíonn ag plé le lucht eagraithe an chontae, chosnódh sé thart ar £60,000 chun é seo a dhéanamh. Chaithfí pícpaí a leagan ó ché Chill Rónáin suas go dtí an taiscumar uisce, rud a chosnódh thart ar £20,000, ach b'fhéidir amach anseo go bhféadfaí cuid den airgead sin a fháil ar ais mar bheadh na píopaí fós ann agus d'fhéadfaí iad a úsáid le haghaidh ruda éigin eile arís. Chosnódh an t-iompar thart ar £40,000. Is léir, taréis riar airgid a chaitheamh cheana féin ag an gcomhairle contae, nach mbeadh an cineál sin airgid ag Comhairle Contae na Gaillimhe. Mar sin, tá mé ag iarraidh ar an Aire féachaint le gníomh éigin práinneach, ó thaobh airgeadais de, a dhéanamh sa chás fíoreisceachtúil oileáin mhara nach bhfuil réiteach gearrthéarmach eile i ndán dó.

Tá dul chun cinn maith déanta ag Comhairle Contae na Gaillimhe féachaint le teacht ar réiteach meántéarmach ar an bhfadhb seo a thabharfadh, b'fhéidir, deis tuilleadh uisce a chur ar fáil ó fhoinsí an oileáin féin, mar bheadh an costas rómhór dá leanfadh an fhadhb seo agus dá gcaithfí leanúint le tabhairt isteach an chineáil sin uisce ar feadh cúig nó sé de sheachtainí. Tuigtear dom go bhfuil an t-infrastruchtúr agus an bád le fáil chun an rud seo a dhéanamh agus go bhfuil bád amháin a bheadh thar a bheith feiliúnach ar fáil a thógfadh 80,000 galún. Cheana féin tá daoine ag úsáid uisce sáile i leithris an oileáin agus tar éis go mbreathnaíonn sé sin mar réiteach gearrthéarmach sásúil ar an bhfadhb ó thaobh uisce do leithris de, tá fadhbanna eile ag dul a éirí as sin.

Dá n-úsáidfí uisce sáile sna leithris ar an oileán, ar an gcéad dul síos scriosfaidh sé go leor de na píopaí uisce agus rudaí mar sin tsáile. Ach, thairis sin, chiallódh sé sin go mbeadh mórchuid — agus táimid ag caint ar 30,000 nó 40,000 de ghalúin in aghaidh an lae — uisce sáile ag dul isteach in ithir an oileáin, agus éinne a bhfuil eolas aige ar uisce sáile, thuigfeadh sé nach bhfásfadh aon rud sna percolation areas a bheadh i gceist dá thoradh sin. Dhéanfadh sé sin dochar fadtéarmach ar an oileán mar, mar atá sé, nach bhfuil an teannaire créafóige ann.

Níl a fhios agam, ach oiread, an bhféadfadh impleachtaí fadtéarmacha bheith ann má tá an méid sin uisce sáile ag dul síos tríd an talamh agus isteach i bhfoinsí nádúrtha uisce an oileáin. Ar an ábhar seo d'iarrfainn ar an Aire breathnú go báúil agus go práinneach ar an iarratas seo. Tuigim an iliomad éileamh atá ann i leith chúrsaí airgid, ach is cás eisceachtúil é seo in áit eisceachtúil. Is áit í Inis Mór atá ag tarraingt suas le míle turasóir isteach gach lá sa tseachtain i gcaitheamh an tsamhraidh. Is áit í freisin a bhfuil an turasóireacht an-tábhachtach di, agus ní amháin don oileán féin agus do Chonamara, ach do chathair na Gaillimhe freisin. Mar sin, ba thubaisteach rud ar bith a dhéanfadh dochar d'eacnamaíocht an oileáin, d'eacnamaíocht Chonamara agus do thurasóireacht Chontae na Gaillimhe trí chéile.

Tá gá le beart eisceachtúil sa chás seo agus ní chreidim go mbeadh sé ina fhasach d'aon áit eile. Níl aon oileán eile leis an bhfadhb áirithe seo, le os cionn míle duine ag cónaí ann go buan agus atá ag tarraingt míle turasóir isteach chuile lá den tseachtain. Mar sin d'iarrfainn ar an Aire smaoineadh go báúil ar an méid atá ráite agam, agus tá a fhios agam go bhfuil buíochas Arann tugtha dó cheana as an bhfógra a rinne sé maidir leis an scéim fhadtéarmach.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Seanadóir Ó Cuív as ucht an fhadhb seo a chur faoi bhráid an tSeanaid. Gan amhras, is ceist phráinneach í seo, mar ní amháin go raibh an Seanadóir Ó Cuív ar an ghuthán óna bhaile féin Dé Domhnaigh seo caite ach bhí na hAirí, an Teachta Molloy agus an Teachta Geoghegan-Quinn, ag glao chomh maith. Is fadhb mhór í soláthar leanúnach uisce a chur ar fáil in Inis Mór. Caithfidh an t-oileán daonra mór a chothú nuair a bhíonn an séasúr turasóireachta i mbarr a réime. Os a choinne sin, toisc méid an oileáin agus na geolaíochta ansin tá acmhainn nádúrtha fhíoruisce teoranta as an ngnáth. Dá bharr sin, ní raibh an soláthar uisce go maith ar Inis Mór i rith an tsamhraidh le roinnt blianta anuas. Braitheann sé ar fhoinsí uisce teoranta agus ar an aon phríomhumar fearthainne amháin. Tá an brú is mó á chur ar na foinsí talún seo i rith aimsir thirim an tsamhraidh, an tráth céanna nuair a thagann an líon is mó turasóirí.

Chuir Comhairle Contae na Gaillimhe, an t-údarás sláinte cuí, plean chun cinn le huisce a sholáthar d'Inis Mór, mí na Samhna, 1990. Cuireadh réamhthuairisc den scéim, a d'ullmhaigh na hinnealtóirí comhairleacha, chuig mo Roinn ar 29 Bealtaine 1992, agus tá scrúdú práinneach á dhéanamh air sin. Is é atá molta ná dhá thaiscumar mhóra uisce fearthainne, 10,000 de mhéadair ciúbacha an ceann a chur ar fáil; 1,980 méadar de píopaí uisce a leagan síos, maraon leis na hoibreacha caidéalaithe agus clóirínithe a ghabhann leo. Costas tuairim is £2.5 mhilliún atá i gceist. Is dualgas é ar an údarás áitiúil cuí, uisce folláin a chur ar fáil don phobal. Cuireann mo Roinn deontais díreacha ar fáil do scéimeanna feabhsaithe caipitil. Tá ar na húdaráis áitiúla féin íoc as na costais reatha do sholáthar uisce. Cuireadh in iúl dom go bhfuil ar an gcomhairle, le tamall anuas, fíoruisce a thabhairt isteach go dtí an t-oileán de dheasca na bhfadhbanna atá ann maidir le soláthar uisce. Tuigim go gcaithfear leanúint leis an mbeartas seo go dtí go dtagann fearthainn throm chun na foinsí a athlíonadh.

Is fadhb mhór é sin in Inis Mór faoi láthair. Bheadh breis fearthainne ina chuidiú le faoiseamh a fháil, ach ní bheidh faoiseamh iomlán ann go dtí go dtógfar an scéim nua. Idir an dá linn, beidh mo Roinn i gcomhar le Comhairle Contae na Gaillimhe chun féachaint an féidir feabhas éigin a chur, gan mhoill, ar sholáthar uisce ar Inis Mór. Thairis sin, ba mhaith liom a mheabhrú gur chuir an Rialtas breis is £277 milliún ar fáil don chlár iomlán uisce agus seirbhísí sláinte le ceithre bliana anuas. I rith an ama seo fuair na húdaráis áitiúla i gContae na Gaillimhe breis is £17.8 milliún ón gclár náisiúnta.

Tá sé soiléir ón méid atá ráite ag an Seanadóir Ó Cuív, agus aontaím leis, go bhfuil an cheist sholáthar uisce ar Inis Mór práinneach anois. Tá an-cheangal anois idir mo Roinn féin agus Comhairle Contae na Gaillimhe chun aon chabhair is féidir a thabhairt agus a chur i bhfeidhm go luath.

The Seanad adjourned at 8.10 p.m. until 10.30 a.m. on Wednesday, 1 July 1992.

Top
Share