Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 17 Feb 1993

Vol. 135 No. 1

Appointment of Taoiseach, Members of Government and Ministers of State and transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions.

I have to inform the House that letters dated 12, 14, 20, 21, 22 and 28 January 1993 and 3 February 1993 have been received from the Secretary to the Government regarding:

(a) the appointment of Taoiseach and nomination as Tánaiste and the allocation of Government Departments; (b) the appointment of Ministers of State; and (c) the transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions.

The letters will be set out in the usual manner in the Journal of the House and, consequent on this announcement, they will also be printed in the Official Report of debates.

ROINN AN TAOISIGH

Department of the Taoiseach

BAILE ÁTHA CLIATH 2.

Dublin 2.

12 Eanáir 1993.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an tUachtarán, ar ainmniú Dháil Éireann, tar éis Albert Mac Raghnaill a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.1.º den Bhunreacht, mar Thaoiseach.

FRANK MURRAY,

Rúnaí an Rialtais.

ROINN AN TAOISIGH

Department of the Taoiseach

BAILE ÁTHA CLIATH 2.

Dublin 2.

12 Eanáir 1993.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil

(1) an tUachtarán, ar ainmniú Dháil Éireann, tar éis Albert Mac Raghnaill a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.1º den Bhunreacht, mar Thaoiseach;

(2) an tUachtarán, ag gníomhú di ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, mar chomhaltaí den Rialtas agus bheith, i dteannta an Taoisigh, mar Rialtas:

Risteárd Mac an Earraigh,

Páralan Ó Eachthairn,

Micheál Ó hUadhaigh,

Máire Geoghegan-Quinn,

Ruairí Ó Cuinn,

Micheál Mac Gabhann,

Daithí Mac Aindriú,

Seosamh Breathnach,

Cathal Mac Riabhaigh,

Brian Ó Comhain,

Muiris Tailliúir,

Micheál D. Ó hUiginn,

Breandán Ó Húilín

agus

Niamh Bhreathnach;

(3) an Taoiseach tar éis Risteárd Mac an Earraigh a ainmniú inniu, de bhun Airteagal 28.6.1º den Bhunreacht, chun bheith ina Thánaiste; agus

(4) an Taoiseach, i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dó le halt 4 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis na Ranna Stáit seo a leanas a shannadh inniu do na comhaltaí faoi seach den Rialtas a luaitear a n-ainmneacha os coinne ainmneacha na Ranna:

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

Risteárd Mac an Earraigh,

An Roinn Airgeadais

Páralan Ó Eachthairn,

An Roinn Leasa Shóisialaigh

Micheál Ó hUadhaigh,

An Roinn Dlí agus Cirt

Máire Geoghegan-Quinn,

An Roinn Tionscail agus Tráchtála

Ruairí Ó Cuinn,

An Roinn Comhshaoil

Micheál Mac Gabhann,

An Roinn Cosanta agus Roinn na Mara

Daithí Mac Aindriú,

An Roinn Talmhaíochta agus Bia

Seosamh Breathnach,

An Roinn Turasóireachta, Iompair agus Cumarsáide

Cathal Mac Riabhaigh,

An Roinn Fuinnimh

Brian Ó Comhain,

An Roinn Saothair

Muiris Tailliúir,

Roinn na Gaeltachta

Micheál D. Ó hUiginn,

An Roinn Sláinte

Breandán Ó Húilín

agus

An Roinn Oideachais

Niamh Bhreathnach.

FRANK MURRAY,

Rúnaí an Rialtais.

ROINN AN TAOISIGH

Department of the Taoiseach

BAILE ÁTHA CLIATH 2.

Dublin 2.

12 Eanáir 1993.

Cléireach an tSeanaid

I am to inform you that, at a meeting held today, the Government, on the nomination of the Taoiseach and in the exercise of the power given to them by section 1 (1) of the Ministers and Secretaries (Amendment) (No. 2) Act, 1977, as amended by section 2 of the Ministers and Secretaries (Amendment) Act, 1980, appointed:—

Nollaig Ó Díomasaigh, T.D.,(Noel Dempsey, T.D.),

to be Minister of State at the Department of the Taoiseach with special responsibility as Government Chief Whip, and at the Department of Defence.

FRANK MURRAY,

Rúnaí an Rialtais.

ROINN AN TAOISIGH

Department of the Taoiseach

BAILE ÁTHA CLIATH 2.

Dublin 2.

14 Eanáir 1993.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas inniú, ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, arna leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980 tar éis:

Nollaig Ó Díomasaigh, T.D.,(Noel Dempsey, T.D.)

a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais agus freagracht speisialta air maidir le hOifig na nOibreacha Poiblí,

Máire Uí Ruairc, T.D.,(Mary O'Rourke, T.D.),

a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Tionscail agus Tráchtála agus freagracht speisialta uirthi maidir le Gnóthaí Saothair sa Roinn Fiontar agus Fostaíochta, nuair a bhunófar an Roinn sin,

Séamus Ó Braonáin, T.D.,(Seamus Brennan), T.D.,

a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Tionscail agus Tráchtála agus freagracht speisialta air maidir le Tráchtáil agus Teicneolaíocht,

Pádraig Ó Gallchóir Cope, T.D.,(Pat the Cope Gallagher, T.D.),

a cheapadh mar Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta, agus freagracht speisialta air maidir leis an nGaeltacht sa Roinn nua Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta,

Nollaig Ó Treasaigh, T.D.,(Noel Treacy, T.D.),

a cheapadh mar Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, an Roinn Airgeadais agus an Roinn Fuinnimh agus freagracht speisialta air maidir le Fuinneamh sa Roinn nua lompair, Fuinnimh agus Cumarsáide,

Liam Aighleart, T.D.,(Liam Aylward, T.D.),

a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Oideachais agus freagracht speisialta air maidir leis an Óige agus le Spórt,

Liam Ó Haoileáin, T.D.,(Liam Hyland, T.D.),

a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia agus freagracht speisialta air maidir le foraoiseacht agus Forbairt Tuaithe sa Roinn nua Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta,

Liam Ó Deaghaidh, T.D.,(William Gerard O'Dea, T.D.),

a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Dlí agus Cirt agus ag an Roinn Sláinte,

Seán de Brún, T.D.,(John Browne, T.D.),

a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Comhshaoil agus freagracht speisialta air maidir le Caomhnú Comhshaoil,

Tomás Ó Ceit, T.D.,(Tom Kitt, T.D.)

a cheapadh mar Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh agus freagracht speisialta air maidir le Gnóthaí Eorpacha, agus ag an Roinn GnóthaíEachtracha agus freagracht speisialta air maidir le Cúnamh Forbartha Coigríche,

Emmet Stagg, T.D.,

a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Comhshaoil agus freagracht speisialta air maidir le Tithíocht agus Athnuachan Uirbeach,

Gearóid Ó Súilleabháin, T.D.,(Gerry O'Sullivan, T.D.),

a cheapadh mar Aire Stáit ag Roinn na Mara, agus freagracht speisialta air maidir le Forbairt Calafort, Sábháilteacht agus Iascach Intíre,

Brian Ó Sé, T.D.,(Brian O'Shea, T.D.),

a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia agus freagracht speisialta air maidir le Bia agus Gortóireacht,

Eithne Fitzgerald, T.D.,

a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais agus freagracht speisialta uirthi maidir le hOifig an Tánaiste agus leis an bPleann Forbartha Náisiúnta,

agus

Joan Burton, T.D.,

a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Leasa Shóisialaigh agus freagracht speisialta uirthi maidir leis an mBochtaineacht, lena n-áirítear Pleananna Bochtaineachta CE, agus le Comhiomlánú na gCód Cánach agus Leasa Shóisialaigh.

FRANK MURRAY,

Rúnaí an Rialtais.

ROINN AN TAOISIGH

Department of the Taoiseach

BAILE ÁTHA CLIATH 2

Dublin 2.

20 Eanáir, 1993.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go ndearna an Rialtas inniu Orduithe dar teidil

1. Energy (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order,1993,

(An tOrdú Fuinnimh (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1993),

2. Agriculture and Food (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order, 1993,

(An tOrdú Talmhaíochta agus Bia (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 1993),

3. Energy (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) (No. 2) Order, 1993,

(An tOrdú Fuinnimh (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú) (Uimh. 2), 1993),

4. Broadcasting (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order, 1993,

(An tOrdú Craolacháin (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1993),

5. Foreign Trade (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order, 1993,

(An tOrdú Trádála Coigríche (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1993),

6. Tourism (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order, 1993,

(An tOrdú Turasóireachta (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1993),

7. Energy (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order, 1993,

(An tOrdú Fuinnimh (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 1993),

8. Tourism, Transport and Communications (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order, 1993,

(An tOrdú Turasóireachta, Iompair agus Cumarsáide (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 1993),

9. Labour (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order, 1993,

(An tOrdú Saothair (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1993),

10. Industry and Commerce (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order, 1993,

(An tOrdú Tionscail agus Tráchtála (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 1993),

11. Labour (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order, 1993,

(An tOrdú Saothair (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 1993),

12. Arts and Culture (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order, 1993,

(An tOrdú Ealaíon agus Cultúir (Riarachán Roinne agus Feídhmeanna Aire a Aistriú), 1993),

and

(agus)

13. Gaeltacht (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order, 1993,

(Ordú na Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 1993).

FRANK MURRAY,

Rúnaí an Rialtais.

ROINN AN TAOISIGH

Department of the Taoiseach

BAILE ÁTHA CLIATH 2.

Dublin 2.

21 Eanáir 1993.

Cléireach an tSeanaid

I am to refer to the Government decision of 14 January 1993, ref. S27443 and to inform you that, at a meeting held on 20 January 1993, the Government, on the submission of the Taoiseach, decided that

Tom Kitt, T.D.,

Minister of State at the Department of Foreign Affairs,

should also have special responsibility for European Affairs in that Department.

FRANK MURRAY,

Rúnaí an Rialtais.

ROINN AN TAOISIGH

Department of the Taoiseach

BAILE ÁTHA CLIATH 2.

Dublin 2.

22 Eanáir 1993.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Taoiseach, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, inniu tar éis

(1) sannadh na Roinne Turasóireachta agus Trádála do

Bhrian Ó Comhain

(Brian Cowen)

a fhoirceannadh agus an Roinn sin a shannadh do

Chathal Mac Riabhaigh

(Charlie McCreevy)

comhalta den Rialtas,

agus

(2) sannadh na Roinne Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide do

Chathal Mac Riabhaigh

(Charlie McCreevy)

a fhoirceannadh agus an Roinn sin a shannadh do

Bhrian Ó Comhain

(Brian Cowen)

comhalta den Rialtas.

FRANK MURRAY,

Rúnaí an Rialtais.

ROINN AN TAOISIGH

Department of the Taoiseach

BAILE ÁTHA CLIATH 2.

Dublin 2.

28 Eanáir 1993.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go ndearna an Rialtas inniu Ordú dar teidil

Arts and Culture (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) (No. 2) Order, 1993,

(An tOrdú Ealaíon agus Cultúir (Riarachán Roinne agus Feídhmeanna Aire a Aistriú) (Uimh. 2) 1993).

Is é Albert Reynolds, Taoiseach, a fhíordheimhnigh, lena shíniú, séala oifigiúil an Rialtais a greamaíodh den Ordú.

Tá socrú á dhéanamh ag an Roinn seo

(1) chun an tOrdú a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus

(2) chun fógra oiriúnach a fhoilsiú san Iris Oifigiúil de bhun alt 3 (1) (b) den Acht Ionstraimí Reachtúla, 1947, arna leasú le halt 1 den Acht Ionstraimí Reachtúla (Leasú), 1955.

FRANK MURRAY,

Rúnaí an Rialtais.

ROINN AN TAOISIGH

Department of the Taoiseach

BAILE ÁTHA CLIATH 2.

Dublin 2.

3 Feabhra 1993.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go ndearna an Rialtas inniu, Ordú dar teideal

Justice (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order, 1993,

(An tOrdú Dlí agus Cirt (Riarachán Roinne agus Feídhmeanna Aire a Aistriú) 1993).

Is é Albert Reynolds, Taoiseach, a fhíordheimhnigh, lena shíniú, séala oifigiúil an Rialtais a greamaíodh den Ordú.

Tá socrú á dhéanamh ag an Roinn seo

(1) chun an tOrdú a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus

(2) chun fógra oiriúnach a fhoilsiú san Iris Oifigiúil de bhun alt 3 (1) (b) den Acht Ionstraimí Reachtúla, 1947, arna leasú le halt 1 den Acht Ionstraimí Reachtúla (Leasú), 1955.

FRANK MURRAY,

Rúnaí an Rialtais.

Top
Share