Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Seanad as ucht an deis labhairt leis an Teach tráthnóna maidir le ceist na Gaeilge agus ceist na Gaeltachta. Is maith an tráth é seo, tráth na Féile Pádraig, don Seanad a bheith ag cur na ceiste seo. Ba mhaith liom moladh a thabhairt dóibh as ucht é sin a dhéanamh.
Is féidir linn pobal na tíre a roinnt i gceithre chuid: iad siúd ar cuma leo an Ghaeilge a bheith ann nó as – cuid bheag den phobal iad seo; an dara dream ná iadsan nach bhfuil an Ghaeilge acu ach atá báúil lei agus a mbraitheann gur cuid den oidhreacht í; an triú dream ná iadsan a bhfuil tuiscint agus léamh na Gaeilge acu ach gan cumas iontach labhartha acu; agus an ceathrú dream – is í an Ghaeilge an teanga a úsáideann siad ó lá go lá.
Creidim go bhfuil bunáite an phobail sna trí dhream deiridh, sé sin, braitheann an pobal trí chéile gur chuid thábhachtach den oidhreacht choiteann í an Ghaeilge. Mar sin ba mhaith le daoine go mbeadh an Ghaeilge mar chuid slán de shaol an náisiúin seo.
Deirtear go bhfuil os cionn milliún duine sa tír seo san aicme sin – go bhfuil Gaeilge éigin acu, a thuigeann í agus go bhfuil cumas éigin cainte acu iontu. Tá dream ann a úsáideann an Ghaeilge go laethúil agus don chéad uair tá slat tomhais againn maidir leis an uimhir daoine atá i gceist ansin.
Má dhéantar coigeartú do ghasúir scoile a deir go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá ach nach labhraíonn taobh amuigh den seomra ranga í, áir ítear go bhfuil thart idir 115,000 agus 120,000 á labhairt go laethúil mar ghnáth-theanga. Tá suas le leathchéad míle eile a labhraíonn go seachtainiúil nó go míosúil í agus má chuirtear i dtéarmaí páirceanna peile é, tá lán Pháirc an Chrócaigh agus Bóthar Lansdún de dhaoine ann a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil mar ghnáth-theanga.
Don chéad uair faoi cheann cúig bliana beimid in ann a thriail cén méadú atá tagtha ar an líon sin daoine agus creidim gur méadú a bheas ann agus feicfimid freisin cén chaoi a bhfuil polasaí an Rialtais ag dul i bhfeidhm ar cheist na Gaeilge.
De bharr an duairceas a bhíonn ar dhaoine i leith na Gaeilge go minic, iad siúd atá ar a son agus iad siúd atá ina haghaidh, ba mhaith liom a rá anseo nach bhfuil an Ghaeilge i mbaol a básaithe. Is teanga bheo í ar féidir a úsáid i ngach réimse den saol idir theicneolaíocht nuachumarsáide agus na réimsí sin den saol a bhfuil daoine á húsáid lena n-aghaidh ar feadh na mílte bliain.
Nil aon amhras orm ach go mairfidh an Ghaeilge agus go dtiocfaidh méadú ar an líon daoine a labhraíonn go rialta í.
Ceann de na seoda náisiúnta is luachmhaire atá againn is ea í. Is díol spéise an méid spéise atá á léiriú inti ag ollscoileanna ar fud na cruinne ó tharla gurb í an teanga scríofa is sine san Eoraip atá fós á labhairt ag pobal daoine.
Ócáid í seo a thugann deis dom cur síos ar a bhfuil ar bun i mo Roinnse ar son na Gaeilge ó ceapadh mar Aire Stáit mé, obair chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn.
Ní bhaineann an chéad ghné eile leis an nGaeilge ach baineann sé leis an nGaeltacht agus b'fhéidir go dtaispeánann sé an bealach chun dul chun cinn. Ba é an chéad chinneadh a rinneadh beagnach nuair a tháinig an Rialtas seo i gcumhacht ná Rannóg na n-Oileán a aistriú ó Roinn an Taoisigh isteach go dtí an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Oileán. Bhí tionchar nach beag aige sin ar an gcaoi a rabhthas ag déileáil leis na trí cheathrú de phobal na n-oileán atá ina gconaí ar na hoileáin Ghaeltachta. Go dtí sin bhí Roinn an Taoisigh ag plé leo trí Bhéarla. Go tobann bhí Roinn Stáit le hairgead ag plé le pobal na n-oileán trí Ghaeilge. Ar go leor bealaí eile, ó tharla go raibh cúram na Gaeltachta agus na n-oileán Gaeltachta ar an Roinn sin le fada an lá, luígh an socrú sin le réasún freisin.
Ach is iontach go deo an tionchar atá ag an athrú seo ar an bpobal Gaeltachta. An té a bhfuil an sparán aige, bíonn tionchar aige agus ba trí mheán an sparáin a cuireadh an Béarla chun cinn cuid mhór sa chéad seo caite, Mar sin ní dochar ar bith go gcuirfí an Ghaeilge chun cinn ar an mbealach céanna.
Nuair a chuaigh mé isteach sa Roinn, chuir mé ar ais cuid mhaith de na scéimeanna Gaeltachta a raibh meas ag an bpobal orthu. Is minic a deir daoine liom, cén bhaint atá ag infrastruchtúr leis an nGaeilge. Ar ndóigh an dream atá ag cur seirbhísí ar fáil agus atá ag obair ar mhaithe leis an bpobal de réir mar a fheiceann an pobal féin é, más Roinn Stáit le Gaeilge é, níl amhras ar bith ann go mbíonn tionchar nach beag aige sin ar intinn an phobail agus tagann an pobal leis an gcineál sin tuairimíochta.
Le rófhada, bhí an Ghaeilge imeallaithe sa nGaeltacht ó lár shaoil agus chúraimí an phobail.
Tá feabhas curtha agam freisin ar scéim Labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht agus arís, is le meas agus muinín an phobail i dtodhchaí na Gaeilge a thaispeáint a rinneadh é sin. Mar an gcéanna leis an aithbhreithniú atá beagnach críochnaithe ar na coláistí Gaeilge.
Tá go leor cainte le gairid maidir le bás na Gaeltachta. Bhí na daonáirimh go dtí seo bunaithe ar chumas labhartha na Gaeilge. Ó thús an chéid seo caite is é an t-iontas go bhfuil an Ghaeltacht ann ar chor ar bith agus cé chomh seasamhach is atá sí ainneoin an brú eacnamaíochta agus an brú cultúrtha le fada an lá.
Le gairid tá daoine ag moladh réitigh fíorshimplí ar fhadbhanna na Gaeltachta: ag iarraidh léarscáileanna a ath-tharraingt agus ceantair a chaitheamh amach as na Gaeltachtaí. Ach ní dóigh liom go bhfuil na daoine sin ag déanamh staidéar ar an figiúirí mar atá siad. Chuir mise an dua orm féin breathnú ar na figiúirí Gaeltachta agus bhunaigh mé an slat tomhais ar an méid daoine ar fud na tíre a deir go bhfuil siad ag labhairt Gaeilge. An áit ab fhearr ná Tiobrad Árann thuaidh, áit a deir 12 .9 faoin gcéad den phobal go labhraíonn siad an Ghaeilge go laethúil. D'úsáid mé an áit ab fhearr taobh amuigh den Ghaeltacht mar shlat tomhais agus bhreathnaigh mé ar na ceantair Ghaeltachta bunaithe ar na ceantair toghcháin. Agus is beag ceantar nach raibh líon na gcainteoirí Gaeilge os cionn an fhigiúir sin. I gcuid de na ceantair, go deimhin, ní raibh sé mórán níos airde ná é ach is beag ceantar a bhí chomh híseal nó níos ísle ná an cheantar ab fhearr taobh amuigh den Ghaeltacht.
Tá cuid de na ceantair seo scoite amach – ceantair ar nós Ríon ó gCuanach a bhfuil 60 faoin gcéad den phobal ag labhairt na Gaeilge i lár an phobail sin; áiteanna eile ar nós Múscraí agus Ráth Cairn; agus áiteanna ar nós Uíbh Ráthach atá faoi ionsaí, agus nach dearnadh cóiríocht cheart le haghaidh scolaíocht iriamh ann. Fós feicimid i lár an cheantair sin go bhfuil 30 faoin gcéad den phobal – dhá oiread an uimhir is airde taobh amuigh den Ghaeltacht – a deir go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil.
Ainneoin easpa pleanáil cheart teangan sa nGaeltacht, bhí tionchar nach beag ag an aitheantas Gaeltachta ar an nGaeilge a choiméad á labhairt sna ceantair sin. In ionad a bheith á gcaitheamh amach, ní mór dúinn treisiú ar ár n-iarrachtaí teangan agus forbartha sna pobail seo.
Ní ar an bpobal atá an locht má tá meath ag teacht ar an teanga. Feidhmíonn an pobal de réir brúanna a thagann ón taobh amuigh. Tá cuid mhaith brúnna ag teacht ón Stát féin ainneoin Roinn na Gaeltachta a bheith ann. Tá an Státchóras trí chéile neamhairdeallach ar riachtanais na gcainteoirí Gaeilge. Níl le déanamh agam ach breathnú ar mo cheantar féin áit a ndéantar plé leis an bpobal ag an iliomad seirbhísí Stáit le dream gur fearr i bhfad an Ghaeilge atá acu ná an Béarla, trí Bhéarla. Is léir an tionchar atá aige sin ar an bpobal.
Tá brúnna ann ó na meáin chumarsáide, tá easpa fostaíochta ann a bheadh bunaithe ar an nGaeilge mar acmhainn ag cur as don nGaeltacht. Tá dianobair ar siúl agam féin agus ag mo Roinn chun pleananna gearrthéarma agus fadtéarma a réiteach le pleanáil eolaíoch teangan a chur ar bun agus freisin leis an teanga Ghaeilge a úsáid mar uirlis forbartha sa Ghaeltacht.
Táimid ag plé le Ranna Stáit eile le bheith cinnte má tá muide ag plé le hábhair sa Ghaeltacht trí Ghaeilge nach mbeidh na Ranna Stáit eile ag brú scéimeanna den chineál céanna trí Bhéarla sa Ghaeltacht. Molaim an Rannóg Spóirt a tháinig ar chomhréiteach le deireadh le mo Roinnse go bhfágfaí cúrsaí spóirt agus caithimh aimsire sa nGaeltacht faoi chúram na Roinne s'againnse seachas faoin Roinn sin ó thaobh deontais chaipitil de.
Tá socrú den chineál céanna déanta leis an Roinn Fiontair agus Fostaíochta – is í Roinn an Gaeltachta agus ní na CB a bheith ag plé le pobal na Gaeltachta maidir le forbairt na Gaeltachta.
Tá gach cosúlacht ann gur cuma le cuid de na comhairlí contae stádas Gaeltachta a bheith ag ceantair taobh istigh dá gcontaetha. Agus má leanann cuid de na comhairlí contae leis na polasuithe pleanála atá acu, go mór mór iad siúd a bhfuil Gaeltachtaí acu ar imeall bhailte móra. Is féidir leo an Ghaeltacht sin a scrios nuair nach gcuirtear cúinsí pleanála san áireamh i gcúrsaí pleanála.
Tá mé ag déanamh teagmhála leis na comhairlí contae agus ag cur ar a súilibh dóibh gur orthu a bheas an milleán agus an fhreagracht má chailleann ceantar stádas Gaeltachta de thoradh easpa pleanála.
Tá mé cinnte gur dearmad nó neamhaird a bhí i gceist sna cásanna sin seachas plean meáite ar thaobh na gcomhairlí agus beidh mé ag súil le gníomh.
Beidh mé ag leagan amach critéir teangan agus sainmhíniú d'úsáid na teanga sa Ghaeltacht amach anseo. Beidh mé ag rá leis na pobail go bhfuil na spriocanna teanga sin le baint amach agus nach bhfuil bunús go fadtéarmach le ceantair a bheith taobh istigh den Ghaeltacht muna bhfuil níos mó Gaeilge á labhairt iontu ná mar atá á labhairt taobh amuigh de. Beidh cinntí le déanamh ag na pobail sin a dteastaíonn uathu fanacht taobh istigh den teorainn.
Beidh mé ag déanamh preasráiteas faoi seo níos déanaí tráthnóna: tá sé i gceist agam coiste comhairleach a bhunú d'óige na Gaeltacht agus is í an aidhm a bheas aige ná comhairle a chur ormsa mar Aire Stáit ag deireadh na Mílaoise seo agus ag tús na Mílaoise nua céard a ba cheart a dhéanamh leis an nGaeltacht a fhorbairt mar Ghaeltacht. I measc na dtéarmaí tagartha a bheas acu beidh riachtanaisí teanga na Gaeltachta le béim faoi leith ar mhúineadh na teanga i measc na n-óg; na meáin chumarsáide agus riachtanaisí daoine óga; riachtanaisí oideachais sa Ghaeltacht; conas daoine óga a spreagadh chun páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí pobail; agus na seirbhisí agus deiseanna fostaíochta atá riachtanach le daoine óga a spreagadh le fanacht sa nGaeltacht. Freisin, beifear ag féachaint cad é an bealach is éifeachtaí chun cabhair Stáit a thabhairt d'eagrais Ghaeltachta go mór mór ó thaobh struchtúrú agus airgeadú. Beidh na hógeagraíochtaí san áireamh ach ní bheidh sé dírithe orthu siúd amháin.
Tá súil agam mar sin glúin óg de mhuintir na Gaeltachta a thabhairt isteach in obair na Gaeltachta. Ag éirí as moltaí an choiste seo a bheas ag feidhmiú i gcomhairle liomsa beimid in ann aghaidh a thabhairt ar an todhchaí agus fios againn go raibh an dream is tábhachtai ar fad páirteach san obair.
Maidir le cúrsaí reachtaíochta, is é an t-aon Bhille a bhí ar na bucáin nuair a tháinig mé isteach mar Aire Stáit ná Bille Tithíochta (Gaeltachta). Ó shin i leith tá trí Bhille nua á réiteach, ceann amháin a bheas faoi bhráid an tSeanaid amárach agus beidh tuilleadh le rá agam faoi ar ball beag.
Is é an Bille is mó agus is tábhachtaí a thiocfaidh ar aghaidh i gcúrsaí teanga ná Bille na Gaeilge, a thabharfaidh stádas reachtúil don teanga, stádas a bhí i gceist i gcónaí de reír na forála sa Bhunreacht ach nár cuireadh ar fáil go dtí seo.
Tá Bille nua Údarás na Gaeltachta le teacht go gairid mar aon le Bille Foras Trasteorann atá mar shlánchuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Maidir leis an mBille Teanga, tar éis go bhfuil seasamh bunreachtúil ag an nGaeilge mar an phríomh-theanga agus an chéad teanga oifigiúil, is féidir a rá go fíreannach dá dtiocfadh stróinséar isteach sa tír go mbeadh iontas uirthi nó air gurb amhlaidh atá. Tugann roinnt eagraíochtaí aitheantas di ach is minic nach ndéantar na rudaí is lú agus is simplí ó thaobh na Gaeilge de. Ní féidir cur ina luí ar chuid de na heagrais Stáit go bhfuil sé de cheart ag muintir na Gaeltachta rudaí ar nós comharthaíochta dhátheangach a bheith acu.
Beidh Bille Teangan ann agus beimid ag teacht i dtreo atá coiteann i dtíortha mar an Bhreatain Bheag agus Ceanada agus do leor de thíortha na hEorpa, sé sin, go bhfuil aitheantas oifigiúil agus reachtaíocht dá bharr ag níos mó ná teanga amháin. Go speisialta, caithfear cosaint a thabhairt don teanga is laige de na teangacha sin in aon tír amháin.
Is eisceacht muide. Táimid gar do Shasana ach faraor géar nach mbreathnaímid go minic ar chás na Breataine Bige. Ní ghlacaimid leis gur féidir le pobail dhátheangacha a bheith ann agus nach fadhb ar bith gach comhartha phoiblí a chur suas sa dá theanga oifigiúil. Is minic nach dtuigeann daoine go mba chóir foirmeacha caighdeánacha a chur ar fáil sa dá theanga. Beidh cumhachtaí sa mBille seo a chinnteoidh go dtarlóidh na rudaí seo agus nach gcaithfidh lucht na Gaeilge a bheith ina gcancaráin ag iarraidh bunseirbhísí agus go mbeidh an rud go léir oibrithe amach ar bhealach meáite réasúnta.
Ar an dtaobh eile de, beidh an Bille seo réalaíoch. Ní éileoidh sé seirbhís trí Ghaeilge ó chuile státseirbhíseach. Dá bhféadfaí é sin a chur i bhfeidhm ní bheadh aon ghá le Bille Teanga mar chruthódh sé go raibh chuile dhuine dátheangach.
Beidh pleanáil cheart i gceist anseo agus cuirfear na seirbhísí ar fáil sa chaoi is go mbainfear an leas is fearr is féidir as an nuatheicneolaíocht.
Má scríobhaim chuig Roinn Stáit ar bith, ba chóir go mbeadh dream ann go lárnach, ar fáil ar ríomhphost, a bheadh in ann litir ar bith a aistriú go Gaeilge don té nach raibh Gaeilge acu agus go bhféadfadh an té a bheas ag freagairt na litreach an freagra a chur ar ais chuig aistritheoir chun go mbeadh leagan Gaeilge ar fáil don comhfhreagraí. Rudaí nach raibh indéanta fiche bliain ó shin, tá siad thar a bheith indéanta anois agus níl móran costais ag baint leo.
Maidir le fógraí taifeadta ar eitleáin agus ar fóin níl aon chúis nach mbeadh siad dátheangach. Pléifidh mé na gnóthaí seo go mionn uair eile.
Ó thaobh an fhoras trasteorann, tá ríméad orm gur roghnaíodh an Ghaeilge mar cheann de na chéad sé fhoras a bhunófar in éineacht leis an Ultais. Is maith go raibh an Ghaeilge mar dhlúthchuid den Chomhaontú ar Aoine an Chéasta, agus go mbeidh aitheantas ag an nGaeilge nach raibh aici ó Thuaidh go dtí seo agus b'fhéidir nach raibh aici ó Dheas ach aon oiread. Molaim chuile dhuine a bhí páirteach san obair sin.
Athróidh sé seo saol na Gaeilge faoin dtír. Níor aithin an Ghaeilge riamh aon teorainn agus don chéad uair go hinstitiúideach beimid in ann ag an leibhéal is airde Rialtais ar an dá thaobh den teorainn, ceist na Gaeilge a tharraingt le chéile faoin aon chaipín amháin.
Tá imní ar chuid de na heagrais ach sílim nach gá é. Deis as an nua í seo agus muide a chreideann in athaontú síochánta na tíre, ba cheart go bhfeicfimid go gcaithimid a bheith groíúil sna réitigh a dhéanfaidh muid. Trí obair in éineacht lena chéile, éireoidh linn cuid de na haidhmeanna comónta atá againn a chur chun cinn.
Tá an Roinn páirteach freisin in iomairt Cholmcille agus tá spéis faoi leith agam féin ann ó tharla go bhfuil sé ag déanamh rud nach ndearnadh ón séú céad déag. Go minic déantar dearmad go raibh Gaeilge caighdeánach á labhairt ó thuaisceart na hAlban go deisceart na hÉireann agus a bhí iontuigthe do na pobail sin go léir go dtí an t-am sin. Trí iomairt Cholmcille beidh nasc nua á cheangail againn lenár gcairde Gaelach in Albain agus molaim an díogras atá siadsan ag caitheamh leis an iarracht seo agus go mór mór an tAthair Brian Wilson a thionscnaigh an iomairt.
Tá méadú as cuimse tagtha ar chiste na Gaeilge agus ainneoin an rud a deirtear sna meáin, ní chuirtear aon phingin ar ais sa Státchiste as an gciste sin. Tá tacaíocht leanúnach á tabhairt do Raidió agus do Theilifís na Gaeilge agus fás ag teacht orthu. Is dóigh liom go bhfuil clár cuimsi theach á leanúint ag an Rialtas i dtaca le pobal na Gaeilge de.
I welcome this debate, particularly as Seanad Éireann had the foresight to have this debate around St. Patrick's Day because at this time of the year we are all the more conscious of the importance of our separate identity.
The argument has been made in the past that those of us who spoke Irish felt that those who did not speak Irish were less Irish in some way. I reject that argument. However, there is no doubt that the weakening of any aspect of our identity, that is music, games, culture, art or language, on a corporate or national basis – not on an individual basis; not to measure one against the other but on a national basis – is not the loss of the individual but the loss of our nation. It is important that we debate these issues because in this world of mass consumerism we must work at the protection of diversity, identity and culture because it is through those values that we get satisfaction out of life.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat, a Leas-Chathaoirligh, as ucht am breise a thabhairt dom agus gabhaim buíochas le Seanad Éireann – an áit a tháinig mé don chéad uair mar Bhall den Oireachtas – as ucht deis a thabhairt dom labhairt ar a bhfuil ar bun ag an Rialtas maidir leis an nGaeilge and leis an nGaeltacht.