Cuirim fáilte roimh an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta anseo tráthnóna. Bhí sé anseo cúpla seachtain ó shin fosta agus tá lúcháir orm go bhfuil sé anseo arís tráthnóna.
Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire maidir le dhá thogra i nDún na nGall. Is é an chéad togra cé oileán Inis Bó Finne. Tá géargá an cé a fhorbairt ann faoi láthair. Tá an cé atá ann ag titim as a chéile. Níl sé úsáideach do na hiascairí atá ag iascaireacht amach ón oileán, nó na báid farantóireachta atá á úsáid chun daoine a thabhairt ón mór-thír go dtí an oileáin. Tá sé tábhachtach do phobal an oileáin agus cúrsaí turasóireachta ann go ndéanfaí forbairt ar an gcé. Tuigim go bhfuil plé leanúnach ar siúl idir an Roinn agus an gcomhairle contae maidir leis an gcé agus go bhfuil luacháil de €481,000 curtha ar an obair atá i gceist a dhéanamh. Bhí comhairleoirí ceaptha ag an gcomhairle contae chun an réamh-obair a dhéanamh. Tar éis tuaraisc na gcomhairleoirí, cuireadh an jab ar e-tender. Tháinig an luacháil de €481,000 ar ais agus roghnaíodh conraitheoir. Bhí an conraitheoir sásta fanacht leis an bpraghas sin go dtí deireadh na bliana seo. Tuigim ó na cainteanna atá ar siúl idir an Roinn agus an chomhairle contae go bhfuil 25% den airgead le teacht ón gcomhairle contae, agus 75% den airgead le teacht ón Roinn. Tá €125,000 ceadaithe ag an gcomhairle contae don togra seo. Molaim gur chóir don Roinn cuid den airgead a cheadú anois, cé go bhfuil sé beagnach ro-dhéanach aon obair a dhéanamh idir seo agus deireadh na bliana. Tá súil agam go mbeimid in ann dea-scéala a fháil ón Aire go luath chun tús a chur leis an obair thábhachtach seo.
Ba mhaith liom labhairt mar gheall ar an dara thogra — balla cosanta ar Oileán Thoraí. De thairbhe an teagmháil idir an Roinn agus an gcomhairle contae, tá iarratas úr á ullmhú ag an gcomhairle contae, ag cur san áireamh an obair atá de dhíth ar an mballa atá ann faoi láthair — é a shíneadh níos faide agus a ardú. Sílim go bhfuil luacháil €65,000 ar an mballa atá ann a chosaint, €115,000 ar an mballa a shíneadh agus €140,000 ar an mballa a ardú agus a láidriú. Tá súil agam go mbeidh sé ar chumas an Aire machnamh a dhéanamh ar an iarratas atá á ullmhú faoi láthair ag an gcomhairle contae agus an plé leanúnach idir an Roinn agus an gcomhairle contae, agus ansin cinneadh a dhéanamh dul ar aghaidh leis an dtogra úd. Tuigim go dtiocfaidh 50% den maoiniú ón gcomhairle contae agus 50% ón Roinn. Tá chomhmhaoiniú de €50,000 ceadaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall faoi láthair ach tá an chomhairle ag fanacht le hairgead ón Roinn. Tuigim go raibh briseadh-síos cumarsáide idir fheidhmeannaigh na gcomhairle contae agus feidhmeannaigh na Roinne ó thaobh an iarratais seo de. Tugadh le fios dúinn mar ionadaithe poiblí go raibh an iarratas déanta chuig an Roinn, ach sílim anois nach é sin an chás. Tar éis dom soiléiriú a fháil, tá a fhois agam anois go bhfuil iarratas úr le déanamh agus go bhfuil sé á ullmhú ag feidhmeannaigh na comhairle contae. Gheobhaidh cigire na Roinne an t-iarratas úr chomh luath agus is féidir. Tá súil agam go mbeidh an tAire in ann an airgead tábhachtach sin a chur ar fáil dúinn.