Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 17 Feb 2010

Vol. 200 No. 13

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

Gabhaim buíochas as an deis an rún seo a ardú maidir leis na coláistí Gaeilge agus an liúntas atá ar fáil ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta do mhná tí na gcoláistí Gaeilge, nó do na teaghlaigh a choinníonn scoláirí faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Tá sean eolas agam ar an tionscal seo, mar nuair a bhí mé féin ag fás aníos agus mé óg, choinnigh mo mháthair na scoláirí Gaeilge gach bliain sa bhaile. Chomh maith leis sin, tar éis dom an ardteist a dhéanamh, d'oibrigh mé roinnt blianta i gcoláistí Gaeilge i nGaoth Dobhair mar chinnire, fad agus a bhí mé ar choláiste. Bhain mé spraoi agus sult as na laethanta agus na blianta sin.

Tuigim an dá thaobh anseo, taobh na mná tí agus taobh na gcoláistí de bhrí sin. Tuigim go maith go bhfuil buntáiste substaintiúil ag baint le tionscal na gcoláistí Gaeilge. Is ceart tionscal a thabhairt air mar go bhfuil thart ar 25,000 scoláire ag freastal ar na coláistí Gaeilge. Cruthaíonn sin ioncam a bhaineann le tionscal Gaeltachta mar go mbíonn daoine ag teacht go dtí na Gaeltachta — na scoláirí iad féin, na tuismitheoirí ag teacht thart ag an deireadh seachtaine agus teaghlaigh a fhreastalaíonn ar na ceantair fosta. Caitheann siad airgead sna bialanna, na tithe ósta agus sa cheantar go ginearálta. Tá buntáiste ag baint leis na coláistí don cheantar, don phobal áitiúil, do theaghlaigh agus do na mná tí. I ndáiríre, jab atá i gceist do na mná tí nuair a thagann na scoláirí thart gach bliain.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire, an Teachta Éamon Ó Cuív, as an dea-obair atá déanta aige ó cheapadh é mar Aire Stáit i 1997. Bhí sé ag plé leis an tionscal seo ó shin. Tá dul chun cinn suntasach déanta. Fiú nuair a bhí na mná tí ag iarraidh go mbeadh an ioncam a bhí siad ag saothrú glan ó cháin, rinne an tAire moladh ag an am agus fuair sé an cúiteamh cánach ón Roinn Airgeadais. Bhí sin fógraithe sa cháinfhaisnéis roinnt blianta ó shin agus rinne sin difear ollmhór do na mná tí. Tuigim go bhfuil brú ar an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, brú níos mó ná riamh roimhe seo, de bhrí go bhfuil riaradh na scéime go huile agus go hiomlán anois faoi chúram na Roinne sin. Bhí deontas riaracháin ar fáil ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, ach cuireadh deireadh leis an deontas sin anuraidh. Cuireann sin brú breise ar an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ba mhaith liom aitheantas a thabairt do sin.

Tá athbhreithniú déanta ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge i measc an phobail go ginearálta. Bhí go leor plé ar seo le seacht nó hocht mí anuas ag coistí pobail ó foilsíodh tuarascáil Mhic Cárthaigh i mí Lúnasa seo caite. Bhí moladh sa tuarascáil sin deireadh a chur le scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, le na coláistí Gaeilge agus leis an ioncam a bhí na mná tí ag saothrú as an foinse sin. Tá lúcháir ormsa nach Mac Cárthaigh a bhí ag déanamh an chinnidh agus go raibh deis ag an Rialtas an ionchur polaitíochta a bhí ag Fianna Fáil agus ag an Aire, an Teachta Ó Cuív, a chur i bhfeidhm. De bhrí an ionchur sin, níl deireadh á chur leis an scéim seo. Tá straitéis 20 bliain don Ghaeilge foilsithe a leagfaidh amach an teanga ar fud an Stáit sa 20 bliain amach romhainn. Tá aitheantas suntasach tugtha do ról na gcoláistí Gaeilge insan straitéis sin agus tá fhios againn go raibh ionchur mór ag an Aire ann. Fearaim buíochas dó as an méid atá insan straitéis a chinnteoidh ról na gcoláistí Gaeilge insan todhchaí.

Tuigim i mbliana go bhfuil brú ollmhór ar chistí Stáit agus go gcaithfear ciorraithe de €4 bhilliúin a aimsiú tar éis an cháinaisnéise agus go raibh deacrachtaí ag na hAirí go léir ag tarraingt suas go dtí an cháinaisnéise. Tá sé cosúil le reáchtáil tí. Muna bhfuil an t-airgead ag teacht isteach go dtí an tí, ní féidir an t-airgead a scaipeadh thart. Dá bhrí sin beidh cinntí deacra le déanamh faoin scéim seo agus scéimeanna eile. Tá mé ag ardú na ceiste seo chun an éiginnteacht atá ann agus a bhí cothaithe ó áiteanna éagsúla a árdú agus soiléiriú a thabhairt go mbeidh an scéim ar fáil i mbliana agus fosta oiread airgid agus is féidir. Tá ardú suntasach tagtha ar an airgead a bhí ar fáil faoin scéim seo ón Roinn do na mná tí suas go dtí €10.50 i 2009, ardú substaintiúil. Táimid buíoch as an ardú sin agus tá súil agam nach mbeidh ionchur mór ag na ciorraithe ar sin i mbliana.

Ba mhaith liom, agus muid ag caint ar an ábhar seo, tagairt a dhéanamh fosta do scéim eile atá ag an Roinn, sé, sin scéim na gcampaí samhraidh. Scéim iontach tábhachtach é do cheantair Ghaeltachta, páistí Gaeltachta, na pobail agus don teanga.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Brian Ó Domhnaill as ucht na ceiste seo a thógáil tráthnóna. Mar ata a fhios aige, cuireadh tús le scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge mar ata sí faoi láthair breis is 30 bliain ó shin. Bunaíodh an chéad choláiste Gaeilge 100 bliain ó shin agus bhí baint ag seanathair liom leis sin. Faoin scéim is féidir le mo Roinn deontas laethúil a íoc le teaghlaigh aitheanta sa Ghaeltacht a choinníonn ar iostas foghlaimeoirí Gaeilge a bhíonn ag freastal ar choláistí Gaeilge samhraidh. Cúrsaí Gaeilge trí seachtaine a bhíonn i gceist go hiondúil agus is i mí an Mheitheamh, Iúil agus Lúnasa a eagraíonn na coláistí na cúrsaí. Íocann an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta deontas laethúil faoin scéim seo, chomh maith i leith foghlaimeoirí Gaeilge a bhíonn ag freastal ar roinnt bheag coláistí cónaithe ach ní bhíonn aon teaghlach ná bean tí i gceist sna cúrsaí sin.

D'fhreastal 25,162 scoláire ar chúrsaí Gaeilge — sa Ghaeltacht den chuid is mó dóibh — faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge sa bhliain 2009. Is léir go bhfuil leibhéal spéise forleathan i bhfoghlaim na Gaeilge i measc daoine óga. Sa bhreis ar sin, d'fhreastal 1,223 duine ar chúrsaí do dhaoine fásta agus 1,045 ar choláistí lasmuigh den Ghaeltacht. Le blianta anuas is léir go raibh freastal láidir ar na coláistí agus tá súil agam go leanfaidh an treocht seo sa bhliain 2010.

Ta ráite agam go minic go bhfuil scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar cheann de na scéimeanna is tábhachtaí a fheidhmíonn mo Roinn ó thaobh láidriú agus cur chun cinn na Gaeilge de sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Is léir go bhfuil beocht ar leith le hearnáil na gcoláistí Gaeilge le blianta beaga anuas. Bheinn an-dóchasach go mbeidh ar chumas na gcoláistí, i gcomhar le mo Roinn, deimhin a dhéanamh de go leanfaidh an scéal amhlaidh sna blianta amach romhainn.

Le caighdeán na gcúrsaí a chinntiú, ba mhaith liom a mheabhrú nach dtugtar aitheantas faoin scéim ach do na teaghlaigh sin a bhfuil mo Roinn sásta go bhfuil caighdeán ard Gaeilge ag gach ball den teaghlach. Ní leor, mar shampla, an Ghaeilge a bheith in úsáid sa teaghlach le linn cúrsaí amháin. Caithfidh an Ghaeilge a bheith mar theanga an teaghlaigh i gcaitheamh na bliana. Dá bhrí sin tá an scéim seo fíor thábhachtach freisin ó thaobh buanú na Gaeilge de sa Ghaeltacht. Ta ionchur an-mhór ag an scéim freisin ó thaobh eacnamaíocht na Gaeltachta. Is tionscail ann féin iad na coláistí atá ag baint úsáide as an acmhainn is tábhachtaí ata sa Ghaeltacht. Tuigim go bhfuil suim léirithe ag roinnt mhaith teaghlaigh nua sa Ghaeltacht scoláirí a choinneáil faoin scéim, agus déanfar iarracht tairbhe na scéime a leathnú amach do na teaghlaigh sin freisin.

Is í an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a thug aitheantas do na coláistí Gaeilge suas go dtí an bhliain 2009. Le tamall anuas, bhí cainteanna ar siúl idir an dá Roinn maidir le todhchaí na gcoláistí Gaeilge i 2010 agus ina dhiaidh. Tá áthas orm a rá go bhfuil toradh an-sásúil tagtha as na cainteanna sin anois. Faoin socrú nua, beidh cúraimí riaracháin na gcoláistí Gaeilge faoi chúram mo Roinn ó Feabhra 2010 ar aghaidh agus beidh mo Roinn freagrach as polasaithe a chur i bhfeidhm a chinnteoidh forbairt leanúnach ar na coláistí agus ard chaighdeáin sa chóras ina iomláine. Is í mo Roinn a bheidh freagrach freisin as aitheantas a thabhairt do na coláistí Gaeilge agus an riaracháin a bhainfidh leo.

Cuideoidh cigireacht na Roinne Oideachais agus Eolaíochta leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le fiúntas an tsoláthair sna coláistí Gaeilge a chinntiú tri chlár cigireachta a reáchtáil i sampla de na coláistí Gaeilge ar bhonn bliantúil. Soláthróidh an chigireacht dearbhú cáilíochta maidir leis an soláthar i gcoláistí Gaeilge agus cuirfidh siad comhairle ar mo Roinn nuair is gá. Ta sé curtha rompu ag an gcigireacht meas ar a chéile agus muinín as a chéile a chothú idir an chigireacht agus pobal na gcoláistí Gaeilge, ar mhaithe le cumarsáid dheimhneach, phroifisiúnta a fhorbairt. Chuige sin, déanfaidh an chigireacht ard chaighdeán tuairisceoireachta a dheimhniú agus i ndiaidh tréimhse na cigireachta sna coláistí Gaeilge 2010, d'fheadfaí leagan deireanach na tuairisce a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Bhí cruinniú agam le CONCOS – scáth-eagraíocht na gcoláistí Gaeilge — ar an 15 Feabhra 2010, agus beidh mo Roinn ag scríobh go dtí na coláistí go léir go luath chun na socruithe nua uile a chur in iúl dóibh. Is céim suntasach é go mbeidh riaradh iomlán córas na gcoláistí Gaeilge, idir coláistí agus teaghlaigh nó na mná tí mar a thugtar orthu go minic, faoi chúram Roinn amháin feasta.

Ta áthas orm a chinntiú don Teach agus don Seanadóir go leanfaidh scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar aghaidh i mbliana agus, go deimhin féin, ar aghaidh níos faide. Mar is eol don Teach, tháinig ardú suntasach ar an ráta laethúil a bhí iníoctha faoin scéim suas go dtí 2009 agus, ag cur an soláthar airgeadais atá ar fáil do mo Roinn i mbliana san áireamh, tá cinneadh déanta anois go mbeidh €10 in aghaidh an lae iníoctha leis na teaghlaigh a choinníonn scoláirí faoin scéim sa bhliain 2010, sé sin, laghdú de thart ar 5% nó 50c in aghaidh na hoíche. Ag an am céanna, is féidir liom a chinntiú go leanfar ar aghaidh leis na díolúintí cánacha ata i bhfeidhm do na mná tí. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach do na mná tí agus sábhálann sé go leor oibre cuntasaíochta. Leis na socruithe nua ata pléite le CONCOS agus a chuirfear i bhfeidhm i mbliana, is deimhin liomsa go gcuirfear go mór le héifeacht, luach ar airgead agus caighdeán na scéime sa bhliain 2010 agus sna blianta atá amach romhainn.

Beidh ról lárnach ag na coláistí i gcomhthéacs an straitéis 20-bliain don Ghaeilge agus tá se tábhachtach ó thaobh cur le héifeacht na gcoláistí go mbeidh an comhordú agus na cúramaí go léir a bhaineann leo faoi chúram Roinn amháin sna blianta amach romhainn. Ó d'ardaigh an Seanadóir an cheist liom maidir leis na campaí samhraidh, is féidir liom a dheimhniú go leanfaidh na campaí samhraidh Gaeltachta ar aghaidh. Creidim féin go bhfuil siad thar a bheith tábhachtach d'aos óg na Gaeltachta agus is féidir leis an Seanadóir a bheith cinnte de nach ndéanfaí aon fhaillí sna sampaí samhraidh sa bhliain 2010.

Tá mé iontach buíoch as an Aire. Sin fógra a chuirfidh lúcháir ar na mná tí. Beidh siad in ann pleanála anois don todhchaí.

Caillfidh siad níos mó ná €300.

Nuair atá bean tí ag socrú scoláirí a choimeád don bhliain, caithfidh fios a bheith aici cé mhéid a gheobhaidh sí. Tá fhios aici anois. Nuair a fhéachann tú ar ghearradh siar gach aon áit eile níl sé chomh holc agus a bhí daoine eile ag meas nó ag súil go mbeadh sé. Rud eile, má fhéachfaimid ar thuarascáil Mhic Carthaigh agus na moltaí a bhí ag an tuarascáil sin i dtaca leis an nGaeltacht agus le Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mbeadh sé ceart a rá go bhfuil deireadh le tuarascáil Mhic Carthaigh anois?

Go raibh maith agat.

Is féidir glacadh leis i dtaobh na Roinne go bhfuil na ciorraithe atá le déanamh déanta. Ní raibh sé easca iad a dhéanamh mar a thuigeann an Seanadóir agus mar a chuir sé i láthair an Tí tá laghdú mór ar an ioncam atá an Stát ciste ag saothrú faoi láthair ach mar atá soiléir anois ó na meastacháin a foilsíodh tá tosaíocht á thabhairt don Ghaeilge agus is féidir bheith cinnte go leanfaidh na scéimeanna Gaeltachta éagsúla ar aghaidh agus go mórmhór go leanfaidh na scéimeanna sin atá tairbhiúil don Ghaeilge agus mar a luafaidh mé leanfaidh scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar aghaidh an fhad is a bheidh Fianna Fáil i gcumhacht. Is féidir freisin bheith cinnte go leanfaidh scéimeanna ar nós scéim na gcúntóirí teanga agus scéim na gcampaí samhraidh. Mar is eol don Seanadóir, tá forbairt speisialta á dhéanamh maidir leis na heagraíochtaí pobail Ghaeltachta agus ag treisiú a bheimid faoin bPlean 20 Bliain don Ghaeilge.

Top
Share