Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Tánaiste chuig an Teach. I Ráth Tó le roinnt blianta anuas tá tuismitheoirí ag iarraidh gaelscoil áitiúil a bhunú. Tá fás tagtha ar a lán sa bhaile seo le 15 bliain anuas. Sna 1990aidí bhí sé mar shráidbhaile beag, le b'fhéidir 800 duine ina chónaí ann. Anois, tá 8,000 duine ina chónaí ann. Tá áiseanna curtha ar fáil don bhaile agus is áit an-taitneamhach é le caighdeáin maireachtála maithe ann.
Tá scoileanna an-mhaith i Ráth Tó agus tá caighdeán oideachais an-ard á chur ar fáil do leanaí. Níl aon Ghaelscoil áitiúil i Ráth Tó, áfach. Cosúil le háit ar bith in Éirinn, bheadh go leor tuismitheoirí an-bhuíoch a bpáistí a chur trí oideachas trí mheán na Gaeilge.
Tháinig na tuismitheoirí le chéile i Ráth Tó agus mheas siad go mbeadh na céadta acu sásta a bpáistí a sheoladh chuig Gaelscoil áitiúil, dá mba rud é go raibh ceann ar fáil. Cheap siad go mbeadh siad in ann scoil a bhunú dá bhfaighfeadh siad cabhair ón Roinn Oideachais. Ach ansin thuig siad go raibh sé níos deacra ná mar a cheap siad. Bhí siad i dteagmháil leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Fuair an Roinn amach go raibh neart spáis ann i scoileanna lán Bhéarla i Ráth Tó agus de bhrí sin, dúirt an Stát nach raibh gá ann Gaelscoil a bhunú. Bhí ionadh ar go leor daoine a fháil amach nach mbeadh an Stát in ann cabhair a thabhairt scoileanna nua a bhunú chun páistí a threorú ina dteanga náisiúnta. Ní raibh na tuismitheoirí sásta agus lean siad ar aghaidh. I Meán Fómhair na mbliana seo, bhailigh siad airgead chun múinteoir a fhostú ar feadh bliana agus thug lucht gnó na háite trealamh don scoil.
Thug mé cuairt ar an scoil coicís ó shin. Tá sé bunaithe ar an gcéad úrlár san ionad pobail áitiúil. Tá deichniúr páistí ann agus múinteoir amháin. Is sampla iontach de chumhacht an phobail áitiúil í an scoil ar chonas dul i ngleic leis an bhfadhb seo, ach tá brú ar na tuismitheoirí agus na daltaí. Tá níos mó na 100 mac léinn a bheadh suim acu clárú i scoil amárach da mbeadh an seans acu. É sin raite, tá cead ag an scoil fanacht san ionad pobail go dtí go mbeidh 30 páiste ann, ach ansin beidh orthu bogadh go suíomh atá níos mó. Tá fhios acu go bhfuil suíomh níos mó ann, ach sar a dtarlaíonn sin, tá sé tábhachtach go n-aithníonn an Roinn an scoil seo. Is cóir an seans a bheith ag tuismitheoirí a gcuid páistí a chur isteach i nGaelscoil más mian leo. Mar a dúirt tuismitheoir amháin ar bhord bainistíochta na scoile liom le deanaí, is cás cearta teanga é. Tá dhá cheantar Gaeltachta i gContae na Mí agus tá an Ghaeilge beo bríomhar agus flúirseach sa chontae ríoga. Tá an tAire ábalta cabhrú an teanga a neartú leis an scoil seo, má thugann sí tacaíocht di.