Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 7 Dec 2011

Vol. 212 No. 2

Local Government (Household Charge) Bill 2011: Committee Stage (Resumed)

SECTION 4

Amendments Nos. 10 and 12 are related and may be discussed together, by agreement. Is that agreed?

Not agreed. I move amendment No. 10:

In page 7, after line 43, to insert the following subsections:

"(3) Residents of a building vested in a Minister of the Government, a housing authority (within the meaning of the Act of 1992) or the Health Service Executive shall not be liable for the household charge.

(4) Recipients of Unemployment Benefit, Unemployment Allowance, and Single Parent Allowance, shall not be liable for the household charge.".

Táimid ag teacht ar ais go ceann des na buncheisteanna a bhaineann leis an mBille seo. Tá deifir ar chuid dár gcomrádaithe sa bhFreasúra imeacht as an Teach, ach tá sé tábhachtach go bhfanfaidís chun éisteacht leis an díospóireacht ar na leasaithe seo.

Táimid ag moladh go dtógfaí san áireamh dream nach bhfuil tógtha san áireamh i ndáiríre, nó a d'fhéadfadh titim tríd an eangach sa Reachtaíocht seo maidir leis an táille atá le n-íoc. Daoine iad atá ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, socair dífhostaíochta, liúntais dífhostaíochta agus íocaíochtaí tuismitheoirí aonair. Táimid ag iarraidh go gcuirfí san áireamh iad san.

Tuigim, ón méid a dúirt an tAire roimhré go bhfuil súil aige go mbeidh go leor den dream seo a bheidh clúdaithe faoin díolúine atá luaite aige cheana. Tréaslaím leis an Aire agus aontaím leis sin. Ach d'fhéadfadh cuid acu titim tríd an eangach mar sin féin.

Níor mhaith linn go dtarlódh sé sin. Ba mhaith linn go dtógfaí san áireamh na daoine seo agus nach mbeimid ag cur ualaigh bhreise ar dhuine atá ar aon cheann des na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo. Tógaimís, mar shampla, duine atá ina chónaí ina theach muinteartha, nach bhfuil morgáiste tógtha amach air, agus é ag maireachtáil go huile is go hiomlán ar liúntas leasa shóisialaigh. D'fhéadfaí go mbeadh ar an duine sin an táille breise sin a íoc. Muna bhfuil morgáiste ar an teach d'fhéadfadh sin tarlú. Tá a fhios agam féin daoine i gConamara a bhfuil an teach tógtha le fada an lá agus gan aon mhorgáiste air ach cinnte tá siad ar cheann des na híocaíochtai leasa shóisialaigh seo.

De réir an méid atá ráite go dtí seo, ní fheicim go mbeadh na daoine sin clúdaithe. Bheadh sé fíor-thábhachtach gan eisceacht ar bith a scaoileadh tríd an eangach ar an gceist seo.

Táimid ag moladh go dtógfadh an tAire na moltaí atáimid ag déanamh maidir leis an dream seo ar bord.

Progress reported; Committee to sit again.

When is it proposed to sit again?

At 10.30 a.m. tomorrow.

Top
Share