Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

I welcome the Minister of State at the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht, Deputy Dinny McGinley.

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh, agus mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon Oidhreacht agus Gaeltachta, fáiltím roimh an deis seo labhairt leis an Seanad faoi chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Ar ndóigh tá an Taoiseach agus an Tánaiste gan trácht ar cheannairí na bpáirtithe polaitiúil eile ag tabhairt dea-shampla dúinn ó thaobh úsáid na Gaeilge de sna tithe seo. Is cinnte gur féidir linn uile féachaint ar an dóigh gur féidir linn féin níos mó úsáide a bhaint as ár gcuid Gaeilge le linn ár gcuid oibre laethúil sa tSeanad agus sa Dáil.

Gabh mo leithscéal. Just mar phointe eolais, a Leas-Chathaoirligh, agus níl mé droch-mhúinte, ach an bhfuil cóip de léacht an Aire le fáil?

Ar aghaidh leat a Aire.

Tá an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní is nádúrtha agus is luachmhara atá againn. Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ag baint le pobail labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta a chothú chun saibhreas oidhreachta na teanga a choinneáil beo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile.

San aiteas seo tá sé i gceist agam léargas a thabhairt ar an obair atá ar bun ag an Rialtas seo chun leas na Gaeilge a chur chun cinn tríd an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Ní miste a mheabhrú dúinn féin go bhfuil iomaí dul chun cinn déanta le roinnt blianta anuas ó thaobh na teanga de lena n-áirítear bunú RTE Raidió na Gaeltachta, bunú TG4, achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Acht na Gaeltachta, bunú Oifig an Choimisinéara Teanga, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta. An t-aitheantas don Ghaeilge faoin Chomhaontú Aoine an Chéasta i dTuaisceart Éireann agus tá an t-aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre san Aontas Eorpach.

Ba mhaith liom anois díriú ar an Straitéis 20 Blain don Ghaeilge. Tá sé ráite i gClár an Rialtais go dtacóidh an Rialtas leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go ndéanfar spriocanna indéanta atá molta inti a sheachadadh. Mar is eol don Teach is ag mo Roinnse atá an fhreagracht ar a ghabhála an straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mhór de pháirtithe leasmhara. Aithnítear san straitéis féin go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun beartais na straitéise a chur i gcrích. I gcomhréir leis an gcur chuige seo. Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile ar bhealach chórasach laistigh de na hacmhainní teoranta atá ar fáil. Mar chuid den phróiseas sin, d’fhoilsíodh na tuarascáil i Mí Iúil 2013 inar léiríodh an dul chun cinn foriomlán atá déanta maidir le feidhmiú na stráitéise le linn na tréimhse 2010-2013. Ina theannta sin, d’fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha 11 acu san iomlán a gcuid pleananna forfheidhmithe faoin stráitéis ag an am chéanna. Dá bhrí sin, is léir domsa go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh go staidéartha agus go stuama taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil. Ní miste a luadh a Chathaoirligh go bhfuil sé i gceist agam coiste comhairleach a bhunú i gcomhar leis na heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta chun plé go sonrach le cur i bhfeidhm na straitéise agus an próiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta. Is i gcomhthéacs an róil comhordaithe atá ag mo Roinn maidir le cur i bhfeidhm na stráitéise atá an coiste comhairleach á bhunú agam. Tá mé ag súil go dtabharfaidh bunú an choiste comhairleach deis do na heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta plé le mo Roinn maidir leis an mbealach is fearr an straitéis agus an próiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm. Táim ag súil fosta go gcothóidh an coiste comhairleach comhoibriú agus comhthuiscint níos fearr idir na páirtithe éagsúla i dtaca leis an stráitéis agus an próiseas pleanála teanga.

Is léiriú follasach é an €0.5 miliúin atá curtha ar fáil i gcomhar allúntas ar leith don stráitéis ar mheastacháin acmhainní mo Roinne do 2014 ar thiomantas an Rialtais i leith na Gaeilge. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas mo Roinne tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla a thacóidh leis an phróiseas pleanála teanga ar an talamh. Áirítear anseo tacaíocht do eagraíochtaí pobail chun cabhrú leo, tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú na Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Le hAcht na Gaeltacht tá céim shuntasach tógtha chun dúshraith reachtúil chuí a bhunú ionas go mbeifear in ann déileáil ar bhealach níos éifeachtaí agus níos córasaí ar chur i bhfeidhm na straitéise as seo amach. Cuireann Acht na Gaeltachta 2012 an chreatlach reachtúil ar fáil chun tabhairt faoi phróiseas pleanála teanga ar bhonn comhordaithe. Táthar ag súil go mbeidh an pobail an earnáil dheonach, an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach ag obair as lámha a chéile chun tacú lena cheile sna ceantair éagsúla a bheidh aitheanta faoin Acht. Is tríd pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ag leibhéal an phobail a thugtar tacaíocht don Ghaeilge mar theanga an phobail agus teaghlaigh i gceantar Gaeltachta agus i gceantair eile taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá an próiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012 á chur i bhfeidhm ag mo Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge. Táthar ag tabhairt tús áite don 26 limistéir pleanála teanga Gaeltachta atá aitheanta chun críche an Achta. Foilsíodh na céad fhógraí faoin Acht i Mí na Nollag 2013 i gcás Chiarraí thiar, Cois Fharraige, Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Luch an Úir. Táthar ag súil go mbeidh deich bhfógraí eile foilsithe i mbliana agus go ndéanfar na fógraí eile ina dhiaidh sin. Ar ndóigh, tá Údarás na Gaeltachta freagrach faoin Acht as na tacaíocht a thabhairt do eagraíochtaí maidir le hullmhú agus le feidhmiú pleananna teanga sa limistéar pleanála teanga Gaeltachta.

Maidir leis na bailte seirbhíse Gaeltachta tá sé i gceist ag mo Roinn próiseas comhairliúcháin a reáchtáil i mbliana maidir le roghnú na mbailte is oiriúnaí le bheith aitheanta faoin Acht mar bhailte seirbhíse Gaeltachta. I gcás na líonraí Gaeilge tuigtear dom go bhfuil sé i gceist ag Foras na Gaeilge scéim na líonraí Gaeilge a fhógairt ag tús na bliana seo chugainn. Déanann mo Roinn líon leathan scéimeanna agus tionscnaimh agus bearta a reáchtáil ar bhonn leanúnach atá dírithe ar chúnamh reatha agus caipiteal a chur ar fáil do thograí teanga láraithe taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Is faoi scáth Clár Tacaíochta Teaghlaigh mo Roinne a sheol mé i mí Aibreáin 2012 a bhíonn cuid mhaith de na scéimeanna seo á n-eagrú agus iad dírithe go sonrach ar theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge go háirithe sa Ghaeltacht. I measc na mbearta faoi leith atá ar siúl tá an pacáiste tacaíocht teanga seolta chuig breis agus 2,000 teaghlach chun cabhair phraiticiúil a chur ar fáil dóibh ina gcuid iarrachtaí a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Tá breis airgid curtha ar fáil agam chun forbairt a dhéanamh ar scéim na gcúntóirí teanga i mbunscoileanna Gaeltachta. Tá leasuithe déanta ar scéim na gcampaí samhraidh le cur lena n-éifeacht sa Ghaeltacht agus tá bearta faoi leith atá dírithe go sonrach ar aos óg na Gaeltachta maoinithe ag mo Roinn.

Ag cur san áireamh gurb iad na blianta tosaigh i saol an pháiste na cinn is tábhachtaí ó thaobh sealbhaithe agus saibhrithe na teanga de, is fiú go mór treisiú a dhéanamh ar an obair fhónta atá ar bun sa réimse seo sa Ghaeltacht le go mbeidh cúnamh breise ar fáil do theaghlaigh Gaeltachta atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge.

Chuige sin, is údar áthais dom a chur in iúl don teach inniu go bhfuil mé ag fógairt scéim nua inniu dar teideal an scéim seirbhísí réamhscoile agus iarscoile. Tá sé mar fheidhm ag an scéim tacú le teaghlaigh Gaeltachta chun a bpáistí a thógáil le Gaeilge.

Tá €120 míle curtha ar fáil don scéim nua seo atá ag teacht as an allúntas ar leith atá ag mo Roinn don Straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Faoin scéim, cuirfear conradh reatha gur fiú suas le €15 míle in aghaidh na bliana ar fáil do na hionaid tacaíocht teaghlaigh agus do ionad cúram leanaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht chun cuidiú leo gníomhaíochtaí breise faoi leith a reáchtáil a bheidh mar fheidhm acu deiseanna breise sealbhaíochta agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do na teaghlaigh Gaeltachta. Is faoi Chlár Tacaíochta Teaghlaigh mo Roinne, a bhí an scéim seo á reáchtáil agus í mar chuid de chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an phróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltacht 2012.

Táim an-sásta a Chathaoirligh, a bheith in ann an scéim nua seo a fhógairt inniu. Cabhróidh an scéim go mór le dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann lena chinntiú go dtéann an Ghaeilge ar aghaidh go bisiúil mar theanga bheo ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht. Luíonn an scéim go rathúil leis an obair dheonach atá ar bun i réimsí na réamhscolaíochta ag a leithéidí Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Aithnímid ar ndóigh, go bhfuil go leor le déanamh faoin straitéis. Ach is trua liom a Chathaoirligh, go ndéantar beag is fiú den obair fhiúntach agus dáiríre atá ar siúil ar fud an Státchóras agus go leor den tráchtaireacht atá déanta ar an stráitéis le tamaill anuas. Tugann an stráitéis an chreatlach pholasaí do na páirtithe leasmhara éagsúla idir an Stát agus an pobal chun obair as lámha a chéile ar bhonn comhpháirtíochta chun fheidhmeanna fiúntacha a bhaint amach ar bhonn céimneach. Sa chomhthéacs seo, tá súil agam gur féidir le baill Thithe an Oireachtais comhoibriú ar bhonn traspháirtí chun treoir agus dea-shampla a thabhairt maidir leis an cheist thábhachtach seo.

Ba mhaith liom a Chathaoirligh cúpla focal a rá anois maidir le ceann de na héilimh atá tagtha chun cinn ar na mallaibh maidir le ceart lucht labhartha na Gaeilge. Is é sin an gá atá le níos mó daoine le Gaeilge líofa a fhostú, chun gur féidir leis an Státchóras freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais teanga pobail na Gaeltachta ach go háirithe. Is fheidhm lárnach pholasaí de chuid an Rialtais é úsáid na Gaeilge a threisiú agus tá sé ina ghné thábhachtach den pholasaí sin go mbeidh baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge ar fáil sa Státchóras. Ar ndóigh, tá an cheist maidir le cumas comhaltaí poiblí seirbhísí a sholáthair trí Ghaeilge agus ceist na hearcaíochta sa Státchóras fite fuaite lena chéile.

Mar thoradh ar chinneadh a thóg an Rialtas sa mhí Dheireadh Fómhair 2013 chun cumas na Gaeilge sa Státseirbhís a threisiú tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna Rialtais agus ar Oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála teanga don nós oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist faoi leith atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta. Beidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach i gcomórtas earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge.

Ina theannta sin, sonrófar na poist sin ina dteastaíonn Gaeilge ina scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 amach anseo. Mar chéad chéim sa phróiseas seo, cuirfear na socruithe nua i bhfeidhm don Chomórtas earcaíochta do Oifigigh Feidhmiúcháin. Tá sé beartaithe fo-pháinéal do dhaoine atá inniúil sa Ghaeilge a chruthú ar a bheidh 6% de líon an phainéil; iomlán air.

Chomh maith leis na beartais seo, tá comhaontú seirbhíse sínithe ag mo Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástáil inniúlachta do sholáthair an Státseirbhís do ghníomhaíochtaí poiblí ar leith. Is comhartha dóchais é, go bhfuil ó mhí na Samhna 2011 i leith os cionn 300 seirbhíseach poiblí atá tar éis páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna atá eagraithe ag an gcomhlacht oiliúna Gaelchúltúr, a bhfuil Conradh acu le Foras na Gaeilge chun cúrsaí oiliúna a sholáthair don tseirbhís phoiblí.

Tá an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 críochnaithe anois agus cuirfear na dréacht chinn den Bhille chun an tAcht a leasú faoi bhráid an Rialtais go luath. Tá sé i gceist na dréacht chinn de Bhille a chur faoi bhráid an Choiste um Chomhshaoil, Cultúir agus an Ghaeltacht agus iad a fhoilsiú ar shuíomh idirlín mo Roinne i dteannta le torthaí an phróisis comhairliúcháin chomh luath agus atá an cead an Rialtais faighte chuige sin. Tá an Coimisinéir Teanga úr, an tUasal Ronán Ó Domhnaill ar tí a shéala a fháil ón Uachtarán mar a tharlaíonn sé inniu. Ba dheas liom gach rath a ghuí air ina chuid oibre.

A Chathaoirligh, mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl arís as an deis a fháil léargas a thabhairt don tSeanad ar an méid atá ar siúl faoi láthair chun fheidhmeanna na stráitéise 20 bliain a bhaint amach. Is gnéithe fíor thábhachtach í an Ghaeilge den Oidhreacht agus den Ghaeltacht agus is onóir agus is pribhléid domsa an deis a fháil mo cheann féin a dhéanamh mar Aire Stáit sa Rialtas seo chun tacú le caomhnú agus le forbairt na hoidhreachta sin. Aithním agus tuigim go maith gur ag obair i gcomhairle le chéile is fearr a bhainimid torthaí fónta amach chun an oidhreacht bheo seo a thabhairt ar aghaidh slán don chéad ghlúin eile. Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach a dhéanamh laistigh dá chumhachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga, nuair atá an deireadh ráite ag brath go príomha ar an bpobal féin. Tá a fhios againn go bhfuil tromlach an phobail dearfach i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach chun a gcuid Gaeilge a úsáid, is Cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Tá sé riachtanach go leanfar ag baint leas as an teanga mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go gcuirfear an teanga chun cinn ar bhonn níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht, mar atá luaite in san Straitéis 20 Bliain agus ag deireadh an lae mar a deir an seanfhocal "is beatha teanga í a labhairt" agus arís bheirim buíochas libh as bhur n-éisteacht.

Go raibh maith agat a Aire.

Tá fáilte romhat a Aire anseo inniu agus tá an-áthas orm freisin go bhfuil an díospóireacht seo ag tarlú; tá sé thar a bheith suimiúil go bhfuil díospóireacht ar siúl ar feadh tamaill fada le déanaí maidir leis an Ghaeilge ní hamháin san Oireachtas ach lasmuigh ar na sráideanna, ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, Béal Feirste, Conamara agus áiteanna eile. Tá an díospóireacht ar siúl chomh maith in sna meáin chumarsáide, rud a chruthaíonn go bhfuil an Ghaeilge bheo go bhfuil grá ann don Ghaeilge agus go bhfuil daoine thar a bheith dáiríre maidir leis an Ghaeilge freisin.

An tábhacht is mó a bhaineann le Straitéis na Gaeilge, ná go raibh an-réamh ullmhúchán déanta, go raibh an-chóras comhairliúchán ann le cinntiú go raibh seans ag gach duine tuiscint a bheith acu ar cad a bheadh in san straitéis féin. Chomh maith leis sin is dócha, bhí gach páirtí ar thaobh na stráitéise agus bhí sé sin tábhachtach freisin mar ní le haon pháirtí an Ghaeilge is le pobal na tíre an Ghaeilge sin mar atá sé agus chomh maith leis sin is dócha bhí géar gá le taispeáint go rabhamar dáiríre maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Go mór mhór go mbeadh na seirbhísí chuí ann maidir le húsáid na Gaeilge agus tá sé sin an-soiléir in san straitéis féin.

Tá sé tábhachtach is dócha a aithint go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl i láthair na huaire agus nuair a thosaigh Seachtain na Gaeilge i dtosach bhí sé beag agus b’fhéidir go raibh sé lag. Ach má fhéachann tú ar Sheachtain na Gaeilge anois, tá sé amuigh i measc an phobail tá sé i ngach cuimhne. Fiú amháin tá sé thíos in san seomra bhia san Oireachtas don tseachtain ar fad. Taispeánann sé sin cad díreach is féidir a dhéanamh má tá daoine dírithe ar cad go díreach atá ag teastáil uathu. Tá sí le clos ar an raidió ar an teilifís tá daoine mórálach as an Ghaeilge agus caithfimid tréaslú leis na daoine óga a bhí chun tosaigh le Seachtain na Gaeilge a bhunú. Níl aon cheist anois ach go bhfuil níos mó dea-thola ann anois don Ghaeilge ná mar a bhí in sna caogaidí, na seascaidí nó fiú na seachtóidí tá an dea-thoil ann. Ach bhí mé ag éisteacht leis an Aire ar maidin bhí sé ag labhairt ag ócáid eile maidir le stádas na Gaeilge lasmuigh den tír agus caithfidh mé a rá gur chuaigh an óráid go mór i bhfeidhm orm. Bhí sé spreagúil agus bheadh sé an-deacair na fíricí a chur sé amach ar maidin a shéanadh. Na bun rudaí féin, conas is féidir le duine freastal ar scoil ar feadh ceithre bliana déag de bheith ag foghlaim na Gaeilge gach uile lá agus gan a bheith in ann nó gan an mhuinín a bheith aige nó aici an Ghaeilge a labhairt sin buncheist atá an-tábhachtach.

Do labhair sé faoi an dúshlán a bhí ann don Ghaeltacht. Ní bheadh sé cóir ná cheart é sin a shéanadh, mar tá sé fíor. Tá dúshlán ann don Ghaeltacht agus más rud é go dteipfidh ar an Ghaeltacht, is féidir glacadh leis go dteipfidh ar chur chun cinn na Gaeilge. Tá sé tábhachtach dúinne a bheith ag caint faoi na rudaí sin. Conas is féidir na rudaí sin a fheabhsú agus a cheartú, sin na bun rudaí go gcaithfimid a bheith ag caint faoi?

Tugaim faoi deara anseo sa Teach seo na daoine a labhraíonn Gaeilge liomsa agus tá an-áthas ormsa go bhfuil roinnt mhaith daoine a labhraíonn Gaeilge anseo gach lá in san Teach seo. Ní duine nó beirt ach b’fhéidir go bhfuil dáréag ar fad a labhraíonn Gaeilge. Is ionainn é sin agus a rá go bhfuil an timpeallacht anseo fabhrach don Ghaeilge agus caithfimid féachaint ar na samplaí, conas mar a tharlaíonn sé sin.

Tá na mór ceisteanna ann níl aon amhras. Is trua gur tharla an conspóid mar gheall ar an gcoimisinéir, duine macánta ab ea Sean Ó Cuirreáin. Ní raibh sé ag iarraidh a bheith pearsanta. Bhí sé ag taispeáint nach bhfuil an Státchóras ag déanamh go leor, maidir le straitéis. Now, tá fhios againn go léir go bhfuil sé sin fíor. Bíonn leisce orm go minic labhairt le duine mar shampla sa Roinn Oideachais. Mar ní thugaim faoi deara go bhfuil siad mar a déarfá, ag tabhairt cuiridh dom labhairt na Gaeilge. Ach suimiúil go leor is a mhalairt atá ann leis na Revenue Commissioners leis na Coimisinéirí Ioncaim déanaim mo ghnó i gcónaí trí Ghaeilge leo siúd agus tá siad ar fheabhas, ar fheabhas. So, conas is féidir leis na Coimisinéirí Ioncam é a dhéanamh agus fios maith agat ma chuireann tú glaoch agus má bhíonn seirbhísí as Gaeilge ag teastáil tá siad ann? Ba chóir go mbeadh sé díreach mar in gceanna leis na Ranna Stáit agus leis na comhlachtaí poiblí ar fad, sin atá i gceist sa stráitéis.

Más rud é go bhfuil laigeacht ann agus go bhfuil easpa ann maidir le foireann nó aon rud, caithfimid tabhairt faoi sin go práinneach, go bunúsach agus caithfimid a bheith cinnte, ní hamháin go bhfuil riail sa stráitéis nó sa reachtaíocht ach caithfimid a bheith sásta go bhfuil na daoine seo báúil agus go bhfuil siad sásta seirbhís iomlán, croíúil a thabhairt dúinn trí Ghaeilge. Sin iad na buncheisteanna go gcaithfimid a fhreagairt. Ní thugaim féin faoi deara aon naimhdeachas anois faoin Ghaeilge.

Fiú amháin na litreacha a thagann, a bhí in sna páipéir nuair a bhí na conspóidí ar siúl agus na léirsithe ar siúl. Ní raibh mórán daoibh ann i gcomparáid leis na seascaidí agus cuid de na litreacha sin a bhí i gcoinne na Gaeilge caithfimid a rá ní dóigh liom go gcuirfidís eagla ar aon duine. Tromlach de na daoine tuigeann siad nach bhfuil aon teanga chomh breá, chomh healaíonta, chomh stairiúil leis an Ghaeilge. Téann sí siar i bhfad, tá litríocht iontach ann sa Ghaeilge agus gach uile duine lasmuigh den tír seo, bíonn áthas orthu a chlos go bhfuil ár dteanga féin againn. Sin na fíricí agus na mór ceisteanna a thagann chun tosaigh in sna díospóireachtaí anseo, in sna Coistí Oireachtais agus mar sin. Caithfimid dar ndóigh iad sin a phlé, ach caithfimid teacht thar nais go dtí na bun deacrachtaí agus na buncheisteanna.

Mar chríoch caithfidh mé é seo a rá. Is beag rud a thug spreagadh domsa le tamall anuas ná na daoine óga a bheith chun tosaigh maidir le chur chun cinn na Gaeilge. Daoine breátha iad, daoine cumasacha iad , daoine le hoideachas iad. So mar sin bá chóir dúinn inniu, níl mé chun dul isteach ins na mórcheisteanna, mar is ceiliúradh atá ar siúl le Seachtain na Gaeilge agus caithfimid díriú ar an gceiliúradh. Tá an Ghaeilge bheo. Tá sí bríomhar in ana-chuid áiteanna tá grá ann don Ghaeilge, tá an-chuid imeachtaí ann trí Ghaeilge. Tá daoine dar ndóigh ag fanacht le freagra ar cheisteanna áirithe, ach seo Seachtain na Gaeilge ceiliúradh don Ghaeilge, ceiliúradh dár bhféiniúlacht náisiúnta, ceiliúradh dár gcine agus go mór mhór le bheith cinnte go bhfuilimid dílis don traidisiúin a sheas linn agus a chabhraigh linn ar feadh na céadta agus na mílte bliain. Go raibh maith agat a Aire.

Ba mhaith liomsa, agus tá áthas ormsa fáilte a chuir romhat, a Aire, go dtí an tSeanaid. Bíonn tú anseo linn go minic agus molaim thú an tseachtain atá inniu ann, “Seachtain na Gaeilge”. Bhí tú anseo linn an bhliain seo caite, sa seachtain céanna.

A Aire, mar a dúirt mé cheana sa Seanad, nuair a bhí mise i scoil náisiúnta i gCáirlinn, Contae Lú, cúpla bliain ó shin nó mar sin bhí gach buachaill agus gach cailín ábalta a theanga féin a labhairt go flúirseach. Bhí gach aon duine ábalta a theanga féin a labhairt go flúirseach. Bhí an-suim ag an mhúinteoir, na múinteoirí a bhí agam ar ár dteanga féin. D’fhoghlaim mé stair, tír eolas, matamaitic agus gach rud trí Ghaeilge ó rang a dó go dtí rang a sé, gach aon rud ach amháin an Béarla. Sin mar a bhí sé sna scoileanna náisiúnta a bhí i mo cheantar. Bhí cúig scoileanna náisiúnta sa cheantar agus sin mar a bhí sé i ngach scoil i mo cheantar féin. Áfach, a Aire ní mar atá sé anois i mo cheantar féin. Ceapaim nach bhfuil an locht ar na múinteoirí go léir caithfimid agus na múinteoirí béim níos mó a chur air, níl mé ábalta mo scríbhneoireacht a léamh béim níos mó a chur ar na bun-chlocha ár dteanga sna scoileanna náisiúnta. Béim níos mó ar na hainmfhocail, na haidiachtaí, na briathra, an aimsir chaite, an aimsir láithreach agus an modh coinníollach, níl siad acu.

Tá triúr gar phaistí agam, duine amháin i scoil náisiúnta, duine eile sa mheánscoil. Níl siad ábalta abairt amháin a rá, a verb, a noun, a pronoun, an adjective. Tá mise ag déanamh iarrachta iad a mhúineadh; na briathra, na rudaí simplí, níl siad acu. Muna mbíonn na bunúsachtaí ag na páistí óga, ag na páistí ag fágáil na scoileanna náisiúnta, muna mbíonn siad acu beidh siad an-lag i nGaeilge ag dul go dtí na meánscoileanna, beidh siad an-lag agus go minic caileann siad a dteanga féin. Ní bhíonn áthas orthu a dteanga féin a labhairt. It is not fun for them to speak their own language.

Tá brón orm é sin a rá sa Seanad an tseachtain atá ann, ar Sheachtain na Gaeilge. Is é mo thuairimse nach bhfuil an cuid is mo de na páistí ábalta abairt a chur le chéile.

Go minic sa Teach seo, bíonn cuairteoirí ó scoileanna ar fud na tíre. Uaireanta tosaím ag caint leo. "Cad as daoibh? Cá cónaíonn tú? Cén t-ainm atá ar an scoil? Cén rang in a bhufil tú?" Féachann siad orm agus na súile oscailte, mar sin. Uaireanta an múinteoir iarann siad ar Oliver nó Traolach caint liom i nGaeilge, cúpla focal. Ní féidir leo freagra a thabhairt dom nuair a chuirim ceist orthu, anois is arís sa Teach seo creid é nó ná creid é a Aire. Sin mar a bhíonn siad liomsa.

Tá Gaeilge an-mhaith ag an cuid is mó de na Seanadóirí sa Teach seo, Labhrás agus iad sin. Caithfimid a rá nach bhfuilimid go léir chomh maith ag labhairt le Seanadóir Ó Murchú agus Seanadóir Ó Clochartaigh. Níl mise abalta caint chomh maith leo ach táim ag déanamh iarrachta gach lá is féidir liom. Ach is é mo thuairim go bhfuil oibleagáid orainn go léir cúpla focal a rá le chéile mar a dúirt Lábhrás chomh minic agus is féidir linn sa Teach seo agus a bheith bródúil as ár dteanga. Ní bheidh mé ró-fhada, tá mé críochnaithe.

Scéal beag a Aire, cúpla seachtain ó shin taobh amuigh den Teach seo ar an sráid chonaic cuairteoir ó na Stáit Aontaithe mo fháinne airgid, an fáinne óir i mo chóta agus thosaigh sé ag caint liom. Bhí áthas an domhain orm, duine a rugadh agus a tógadh suas i Nua Eabhrac beagnach seasca bliain d’aois agus d’iarr mé air "how are you able to speak Irish so well?" agus dúirt sé liom gur fhoghlaim sé an Ghaeilge ó dhuine a d'imigh thar sáile ó Chontae na Gaillimhe beagnach 20 bliain ó shin a thosaigh ag cónaí ina aice comharsa dó. Thosaigh an fear sin ó Nua Eabhrac ag caint liom taobh amuigh den Teach seo agus bhí mé an-bhródúil gur mhúin fear a bhí ar scoile romham é. Go raibh maith agat a Leas-Chathaoirligh.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit.

Níl ach fiche nóiméad fágtha.

Fiche nóiméad agamsa, a Leas Chathaoirligh? Níl mé ach ag magadh.

Tá daoine anseo nach féidir leo caint mar níl ach fiche nóiméad fágtha.

Cé méid nóiméad atá agam?

Bhuel, ní úsáidfidh mé an ocht nóiméad. Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus muid ag comóradh agus ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge. Go minic, is dócha bíonn sé ina raic eadrainn ar fad agus muid ag plé cúrsaí na Gaeilge agus cúrsaí na Gaeltachta ach rud amháin a dhearfaidh mé fút a Aire is breá liom do phaisean agus is breá an tslí go n-insíonn tú an fhírinne agus go minic téann tú ar ais ag caint faoi do am i do mhúinteoir agus do am i do Ghaeltacht fhéinig. Aontaím leis an Seanadóir Ó Murchú faoin caint a thug tú ar maidin faoi an fhírinne maidir le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht, an géarchéim é sin. Is rud tábhachtach é sin a luadh agus a ath-luadh mar tá géarchéim mhór ann ní saghas luxury atá againn maidir leis an Ghaeilge - is cuid dar saol é. Is cuid dar DNA atá ann, níl fhios agam cad é an Ghaeilge atá ar DNA agus an bhfuil fhios agat táim anseo ag labhairt i nGaeilge toisc mo thuismitheoirí, beirt as Baile Átha Cliath a chinneadh mé a thógáil le Ghaeilge i mBaile Átha Cliath tríd an Oideachas nó Ghaelscolaíocht oideachais san ard chathair agus ba mhaith liom mar a deirféar mo bhuíochas a ghabháil leo. Mar is sa teaghlach a thosaíonn moladh agus meas na Gaeilge agus go háirithe don Ghaeltacht chomh maith.

Mar sin, cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go dtí an Teach agus muid ag díospóireacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar le saoránach is tuismitheoir cuireann sé i gcónaí ísle brí orm agus mé ag déanamh mo dhíchill mo chearta daonna a choimeád agus a láidriú, go háirithe maidir le labhairt na Gaeilge. Mol an óige agus tiocfaidh sí agus is minic a chuala mé an tAire ag díospóireacht go fírinneach faoi staid labhartha na Gaeilge agus go háirithe sa Ghaeltacht mar a dúirt mé leat ar maidin. Is i laige atá an Ghaeilge i gcónaí ag dul agus is ollmhór an jab atá agatsa a Aire agus againne ar fad iarracht an Ghaeilge a threisiú go práinneach. Ar bhealach tá muid, nó b’fhéidir mise, ró-bhéasach faoin umar na haimléise seo. Tá meas ag formhór pobail na tíre ar an Ghaeilge ach an éiríonn leis an mheas sin aon dul chun cinn a dhéanamh a chuidíonn le slánú na Gaeilge. Ní dóigh liom é. Chuir sé gliondar orm go raibh suas le 10,000 duine páirteach i lá mór na Gaeilge coicís ó shin. Molaim na sluaite a tháinig ón Ghaeltacht agus ón Ghalltacht chun a bhá agus a dtacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Is cuimhin mo mhuintir féin fadó ag caint faoi eachtra scoil Dhún Caoin nuair a déanadh iarracht slaod a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta agus an scoil sin a dhúnadh i gceart lár Chorca Dhuibhne. Tháinig brú agus gluaiseacht as sin a chur brú ar an Rialtas an scoil a choimeád ar oscailt agus bhí Rialtas Fhine Gael ansin agus páirtí an Lucht Oibre a choimeád an scoil sin ar oscailt i 1974. Chaith mé féin ráithe sa scoil sin agus chuir sé go mór le mo dhíograis agus mo dhílseacht don Ghaeltacht agus mé ag plé agus ag caint le muintir an Bhlascaoid a bhí beo ag an am agus an choimhlint a bhí idir muintir an Bhlaoscaoid agus muintir Dhún Caoin ag an am. D’fhéadfá an difríocht a dhéanamh idir Gaeltacht nó d’fhéadfá aithint an difríocht canúna idir Gaeltacht an Bhlascaoid agus Gaeltacht Dhún Caoin cé nach raibh ann ach tréimhse trí mhíle farraige ina measc.

Chuir lá mór na Gaeilge é sin ar fad i gcuimhne dom agus an difríocht anois ná go bhfuil Aire againn go bhfuil paisean aige agus atá bríomhar agus is féidir leatsa rud éigin a dhéanamh nó tacaíocht a thabhairt do shlánú na Gaeilge.

Is í an Ghaeltacht ar dtús bun agus barr réiteach na géarchéime seo . Níl aon dabht faoi sin. Tá sí ag fáil bháis ar bhealach agus ní maith liom easaontú ar bhealach leis an Seanadóir Ó Murchú agus muid i seachtain na ceiliúrtha seo ach is gá dúinn chomh maith a bheith fírinneach faoin ghéarchéim seo. Is cuimhin liom féin fiche bliain ó shin nuair a bhí mo iníon ar scoil i gConamara bhí sí i rang na naíonán bheaga nó naíonán shóisearach mar a ghlaotar anois uirthi agus bhí sí mar cheann den mhionlach go raibh an Ghaeilge mar theanga baile aici agus ba é sin fiche bliain ó shin. Níor mhaith liom an scoil a lua agus bhí sí i gceart lár Gaeltacht Chonamara. So níl fhios agam conas atá ag eirí leis anois ach tá an Ghaeilge mar a déarfá ag creimeadh i measc teaghlaigh Gaeltachta agus luaigh tú é sin maidir le do Ghaeltacht fhéin a Aire agus muid ag plé ar maidin.

So gan aon dabht, le go mbeadh aon seans ag sábháil na Gaeilge, tá géargá don Státchóras tacaíocht den scoth a thabhairt do lucht na Gaeltachta ar dtús báire agus lucht na Gaeilge ansin ar fud na tíre. Mar phrionsabail aontaím le Straitéis 20 Bliain ach ar nós aon straitéis nó plean is gá iniúchadh rialta agus córas monatóireachta a bheith soiléir, neamhspleách agus reatha. Ní dóigh liom in aon chor gur féidir linn brath ar aon Státchóras nó brath ar Státseirbhísigh amháin leis an scrúdú nó an monatóireacht seo a dhéanamh orthu féin.

Fáiltím dar ndóigh roimh ainmniúchán Ronán Ó Domhnaill agus guím gach aon rath air agus tá sé go maith go ndeachaigh sé go dtí Áras an Uachtaráin inniu lena shéala, leis an Uachtarán bronnadh a shéala air.

Ach, feicim féin, a Aire, go mbeadh ról níos mó aige b’fhéidir nó agus a chumhachtaí a leathnú nó threisiú ní a laigiú. Arís, mar mholadh a Aire agus maidir le tacú le fís do fhís, do phaisean bheadh sé go maith ról monatóireachta a thabhairt do Oifig an Choimisinéara Teanga maidir le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Glacaim leis an chinneadh atá déanta agat maidir leis an choiste comhairleach atá bunaithe agat. Ach arís, n’fheadar an mbeadh sé sin chomh neamhspleách agus a bheadh ról an Choimisinéara Teanga. An bhfuil tuilleadh eolais agat faoin choiste comhairleach seo? An mbeidh sé neamhspleách? An mbeidh Státseirbhísigh ar an gcoiste comhairleach? An mbeidh mar shampla cathaoirleach neamhspleách ar an gcoiste comhairleach? Dá bhfeadfá níos mó eolais a thabhairt dúinn faoi sin a Aire bheinn buíoch díot, go raibh maith agat.

Mar fhocal scoir, tá dualgas freagairt agus réiteach na géarchéime seo le fáil sa Státchóras. Tá deartháir agam atá ag obair agus comhlacht aige i mBaile Átha Cliath a dhéanann a chuid oibre i nGaeilge agus bíonn pian sa tóin aige ag plé leis an Státchóras agus go háirithe leis na Coimisinéirí Ioncam. Anois, tá suíomh Idirlín go maith acu, tá sé ar fad i nGaeilge acu agus é ag dul trí leathanach agus trí leathanach agus é ag lorg foirme go háirithe teastas deimhniú imréiteach cánach nó tax clearance cert. Téann sé tríd é ar fad i nGaeilge, leathanach i ndiaidh leathanaigh ach ansin leis an fhoirm fhéin a líonadh tá sé ar fad i mBéarla. So tar éis dul tríd an rud ar fad tá an fhoirm fhéin i mBéarla. Ar bhealach, tá an earcaíocht tábhachtach agus tá polasaí earcaíochta atá tú tar éis a lua i do léacht go maith ach is é an meon go gcaithfimid a aistriú sé sin nár cheart dúinn a bheith leithscéalach go mbeadh an Státchóras in ann dul i ngleic linn nó plé linn nó freastal orainn fiú amháin muna bhfuil puinn Gaeilge ag an oifigeach Státseirbhíseach. Bheadh sé go maith dá mbeadh an meon mar sin i bhfad níos oibleagáidí agus sé an focal níl an focal Gaeilge agam ach sé an focal ná default position. Ba cheart maidir le haon chearta daonna go mbeadh an Státchóras in ann freastal agus tacaíocht do lucht na Gaeilge agus go háirithe do lucht na Gaeltachta. Agus ní mór mar sin, i mo thuairim fhéin seirbhís Stáit na Gaeilge a chinntiú gan cheist, gan choinníoll agus é a dhéanamh go luath a Aire. Sé sin taobh istigh de chúpla bliain, b’fhéidir faoi dheireadh 2016 agus ní mór seirbhís Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobail na Gaeilge ar chomh chaighdeán leis na seirbhísí as Béarla.

Gabhaim buíochas leis an Aire as a bheith i láthair inniu agus an t-ábhar fíor-thábhachtach á phlé againn. Tá fhios agam go maith go bhfuil an t-Aire ar an eolas faoi dul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus go dtuigeann sé na deacrachtaí agus na dúshláin atá fós os ár gcomhair agus an straitéis seo fós le chur i bhfeidhm.

I apologise, as I am probably the only one here who cannot deliver a full speech in Irish. I wish I could.

An meon atá tábhachtach. Ní hí an teanga.

The interest is there, if the Minister of State will believe me. I do not want to use all of my time. I thank the Minister of State for attending to discuss this important topic. I also thank him for his interesting speech at the event organised by Senator Trevor Ó Clochartaigh this morning. I will take the opportunity to welcome those from the Fulbright scholarship programme, the universities and so on. It was a most interesting briefing and I thank Senator Trevor Ó Clochartaigh for organising it.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge was introduced in 2010 with the main objective of increasing the daily number of Irish speakers from 83,000 to 150,000 by 2030, the number of people speaking Irish in the Gaeltacht by 25% and the number of people who use State services through Irish. We are in the strategy's fourth year and I welcome the opportunity to touch base with the Minister of State on what has been achieved thus far and where we are going.

I welcome the 20 year strategy. I am not a daily Irish speaker, but I have a deep understanding of the importance of the preservation and promotion of our first language. This strategy is a step in the right direction for Gaeilge and her speakers. I probably have more of an interest in Irish in that I have tried to raise my children with my limited amount of Irish. I am delighted that, last September, the first Gaelscoil in Dundalk was opened and children now have an opportunity to attend it. I appreciate that one of the other schools, Coláiste Rís, has an Irish stream, but this is the first all-Irish Gaelscoil in Dundalk. I am sure it will continue to go from strength to strength.

I am delighted that one of my children went on to do iriseoireacht and a masters i léann teanga and is a fluent Irish speaker. I love hearing the language when the telephone rings and conversations are held in Irish.

I can vouch for that.

It gives a great sense of pride. It is beautiful to hear our native tongue being spoken in such a flaithiúlach manner, as it were.

I wish to raise a number of issues. Almost two years ago I welcomed the fact that a language plan would be drafted for each Gaeltacht under the Gaeltacht Act. This move was an acknowledgement of the declining use of Irish in the Gaeltacht and a realistic solution. I welcome the Minister of State's announcement today about a new scheme to encourage families and children in the Gaeltacht. However, I will reiterate a point that was made this morning, which is that we need to expand the scheme outside the Gaeltacht. Senator Fiach Mac Conghail said he had attended a Gaelscoil in Dublin. I would love to see that opportunity made available across the country.

There was a plan for a centre for Irish music and poetry. If we do not have such a centre, where will our future poets come from and how will we expand the Irish culture? I would like to see such centres dotted across the country, not just in Dublin or the Gaeltacht areas. The Cultúrlann in Belfast is an impressive example of what can be done to foster the Irish language. I am unaware of places in our towns where centres could be set up so that people might be able to talk in Irish over cups of coffee. Senator Labhrás Ó Murchú has done excellent work with Conradh na Gaeilge. I am a former music teacher. We can blend all of the arts together in one place.

The years 2012 and 2013 saw progress in the field of Irish terminology with the publication of An Caighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe and An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, the new English-Irish dictionary that went live online at the beginning of the year. These advantages were prescribed in the strategy and I am pleased that this has resulted in successful engagement with the public. These measures will safeguard the modernity of Irish and keep the language as contemporary and up-to-date as possible in order to serve its speakers better.

The 20 year strategy's call for action on legislation relates to the then Government's 2006 statement on the language. I wish Rónán Ó Domhnaill the best on his appointment as An Coimisinéir Teanga today. In that context, I draw attention to objective No. 2 in the statement, which called for the Official Languages Act to be fully implemented, the right of the public to use Irish in dealing with the State and other bodies to be developed and the appropriate arrangements to deliver these goals to be put in place. Although the matter has already been raised twice today. Are there official figures on how many proficient Irish speakers work in the Civil Service? The organisation Gaelchultúr asserts that up to 300 civil servants are undertaking Irish classes at various levels. Does the Department have any record of civil servants with Irish at an appropriately high level or of the sectors of the public service that are sufficiently staffed in order that they can deal with queries from the Irish-speaking community?

That is something that has been raised today. I know somebody who applied to do a driving test in Irish in November 2013 and was told the first available date for doing the test in Irish was June 2015; naturally, therefore, the person went ahead and did it in English. There is so much scope for improvement in these areas. Another example is that of a person who recently applied for a public position in which Irish was to be used as part of the job - I would be happy to discuss this later with the Minister of State - but the exam was only provided in English. When the person asked why an exam in Irish could not be facilitated, he or she was told there was nobody available. That is an area that needs to be examined.

I hate to interrupt the Senator, but I am in a difficulty. There are a lot of speakers and the debate is to finish at 1 p.m. The Minister of State is supposed to be called to reply now.

I will continue this discussion with the Minister of State.

Before calling any other speaker, I would like to point out that according to the order of the House the debate is to finish at 1 p.m., but Senators Sean D. Barrett, David Norris, Cáit Keane, Brian Ó Domhnaill and Trevor Ó Clochartaigh have yet to speak. Would the acting Leader like to vary the order proposed? Will all Senators co-operate with the Chair? We will extend the debate beyond 1 p.m.

Yes, by 15 minutes.

On a point of order, sílim gur ceist an-tábhachtach í seo ní dóigh liom gur leor cúig déag nóiméad. Muna bhfuil an díospóireacht ullamh faoin am a thiocfaidh deireadh leis an am, molaim go gcuirfí ar athló é sa chaoi is gur féidir linn ar fad teacht ar ais agus ocht nóiméad cainte a bheith againn. I am just suggesting to the Acting Chairman that instead of trying to shoehorn our contributions into a couple of minutes - because we do have a lot to say on the issue - if the debate is not concluded by the specified time, we could adjourn it and pick it up at a later date.

B’fhéidir go bhfuil áit eile-----Táim ag ceapadh go bhfuil-----

I am sorry; Senator Terry Brennan will speak.

Tá cruinniú ag an Aire ag a dó a chlog in áit éigin eile.

On a point of order, I am suggesting that instead of finishing the debate, we adjourn it and come back at a time that suits the Minister of State in order that we can have a full debate, rather than trying to shoehorn our contributions into one or two minutes.

Would the Minister of State be agreeable to this?

We would still take the extra 15 minutes.

Yes. I can come back at any time.

Lá eile freisin.

As níl ach beagáinín Gaeilge agam, please, excuse me. We will work it out between the Minister of State and the Leader of the House.

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh, agus tá fáilte roimh an tAire. One of the finest days we had recently in this House was when we were paying tribute to Seamus Heaney and Marie was in the Visitors Gallery. According to his memoirs, when Marie and Seamus brought their children to school in Ashford, his occupation was recorded as "File". What does the file say about an teanga? We found the quote:

Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding what life in this country has meant and could mean in a better future. It is to cut oneself off from ways of being at home. If we regard self-understanding, mutual understanding, imaginative enhancement, cultural diversity and a tolerant political atmosphere as desirable attainments, we should remember that a knowledge of the Irish language is an essential element in their realisation.

Sin mar a deir an file.

Go minic déanfaimid dearmad ar an nasc a bhí ann riamh idir cultúir Gaeilge agus cultúir Protastúnach na tíre seo. Bhí Seanadóir Bedell Stanford ina Bhall den Teach agus sinsear Ard-Easpag Bedell a bhí ina Phropost ar Choláiste na Tríonóide agus faoin a threoir d’aistrigh an sean tiomna go Gaeilge. Is é Henry Flood, ball de pharlaimint Henry Grattan, a chur ar bun Roinn na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, agus bhí Dubhghlas de hÍde ina uachtarán Cumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide sara bhunaigh sé Conradh na Gaeilge. Bhí sé ina chónaí i dteach 24 i gColáiste na Tríonóide agus bhí mé i mo chónaí in san teach féin. Bhí an-Ghaeilge ag an Ard-Easpag George Simms, agus níos déanaí-----

Is fíor é sin.

-----Easpag Donald Caird.

Is fíor é sin freisin.

Bhí sé ag foghlaim Gaeilge ar oileán na mBlascaodaí agus é ina fhear óg.

Seo é an ceathrú bliain den stráitéis agus tá súil agam go bhfuil sé ag déanamh go maith. Tá fáilte agam roimh an bhéim atá ar an Ghaeltacht, ar na scoileanna, ar an Ghaeilge a labhairt agus an spraoi ach an-bhéim ar an Ghaeilge a labhairt agus an bhéim mhór ar scrúdú béil san ardteist.

Tá imní orm faoi staid na Gaeltachta. Ná tréig an Ghaeltacht bunús na teanga seo agus is fearr liom agus tá fhios ag an tAire is fearr liom údarás tofa ná údarás place men. But níl ach nóiméad fágtha agam.

Tá sé imithe anois. Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus tá súil agam go n-éireoidh leis an stráitéis.

The Minister of State will be leaving when the Senator is finished. We will then adjourn the debate until the next day.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, agus gabhaim buíochas mór leis mo chara, an Seanadóir de Bairéad, cúpla nóiméad a thabhairt dom. Is díospóireacht an-tábhachtach atá againn an maidin seo sa Seanad. Is fíor an seanfhocal "gan teanga, gan tír". Teanga Eorpach stairiúil is ea an Ghaeilge le litríocht álainn go mór mhór na dánta aoibhinn tríd na bliana agus na leabhair ón oileán speisialta, Oileán an Bhlascaoid Mhóir, Fiche Bliain Ag Fás, Peig agus An t-Oileánach. Nuair a bhí mé ar scoil seasca bliain ó shin bhí máistir go han-mhaith Gaeilge ann, Prionsias Mac Paidir ó Chorcaigh, agus tar éis na ranganna Mhic Phaidir bhí grá mór don teanga agam. Ach tá cúis brón amháin agam, mar tá an cló Gaelach deas stairiúil caillte. Ba mhaith liom, cosúil le mo chara an Seanadóir de Bairéid, an páirt a ghlac na daoine Protastúnacha sa teanga, an Bhanríon Éilís I, an tEaspag Bedell agus Coláiste na Tríonóide a lua. An chéad leabhar a bhí foilsithe sa Ghaeilge a d'úsáid an cló Gaelach, the first printed book in Irish, which is in the library in Trinity College Dublin, was commissioned by Queen Elizabeth I, who developed the font. It is a great shame that we have lost it. I gColáiste na Tríonóide freisin, bhí an chéad Ollamh Gaeilge sa domhan.

Tá nóiméad amháin fágtha.

In that case, gabh mo leithscéal. I will use English because I would not be as quick in Irish and must gallop through this contribution.

There is much to be hopeful about as far as I am concerned. The other day when I was listening to the wireless I heard a lad from Ring, a middle-aged lad actually, who was teaching surfing through Irish. He found all types of people who were fascinated by this and the idea of a really cool activity being moderated through Irish gave them inspiration.

President Michael D. Higgins was involved in the establishment of TG4, which is wonderful and about the best channel there is. It has superb programmes. It is a pity, however, that we have lost some Irish language publishers. I believe Sáirséal agus Dill is gone. We need to ensure there is such publishing. I have a book on the Battle of Clontarf, in which my ancestors, I am very glad to say, wisely took part on both sides in order that they could claim victory whatever happened. I noticed it is possible to publish old Icelandic, which is very rare and has characteristic letters that do not exist anywhere else such as thorn which I am describing with my finger. Why did we abandon our distinctive characters?

I send good wishes to George Morrison, the great film director, who has had another stroke. He made "Mise Éire" and "Saoirse" and commissioned the great Irish composer, Seán Ó Riada, for the wonderful music. It is wonderful for people of my age to see BBC television broadcast regularly in Irish.

I apologise to Senator Trevor Ó Clochartaigh because if anybody should have had an opportunity to speak today it is he, as his Irish is so beautiful and it was he who arranged this morning's event which, unfortunately, I was unable to attend.

Go raibh míle maith agat.

Absolutely; I had a word with the good Senator.

Sitting suspended at 1.05 p.m. and resumed at 2.30 p.m.