Seachtain na Gaeilge: Statements

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit.

Mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeltacht fáiltím roimh an deis seo labhairt sa Seanad inniu. Tá sé tráthúil go bhfuil an deis seo agam agus Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil. Ní call a rá gurb í an straitéis 20 bliain don Ghaeilge an chloch is mó ar mo phaidrín mar gur chloch coirnéil don Ghaeilge agus a cur chun cinn í. Mar thacaíocht dó sin, is gá leas a bhaint as gach uirlis ar féidir linn chun é sin a dhéanamh.

Ag féachaint gurb í seo Seachtain na Gaeilge tá sé chomh maith dom tosú léi. Creidim gur meicníocht iontach í Seachtain na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc réimse leathan den phobal, anseo in Éirinn agus go deimhin thar lear. Is ócáid fad-bhunaithe í Seachtain na Gaeilge atá fíor-thábhachtach ó thaobh na teanga de. Is é Conradh na Gaeilge a bhunaigh an coincheap an chéad lá riamh, siar in 1902. Ba é an rún a bhí acu ag an am ná teanga agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn, ní amháin ar fud na tíre, ach thar sáile chomh maith. D’éirigh leo, chomh fada is gur fhéile Ghaeilge idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge anois, atá ar cheann de na hócáidí ceiliúrtha is tábhachtaí dá cineál sa lá atá inniu ann. Feictear dom go bhfuil an fhéile ag dul ó neart go neart gach bliain agus an tseachtain ar cheann de na himeachtaí is tábhachtaí i bhféilire bhliantúil phobal labhartha na Gaeilge.

Is féidir le gach duine blas a fháil de spiorad na féile seo. Tréaslaím go láidir leis na grúpaí deonacha agus pobail, údaráis áitiúla, scoileanna, leabharlanna agus gach eagraíocht eile a ghlacann páirt ghníomhach ann agus a eagraíonn imeachtaí ina gceantair féin i gcaitheamh na féile.

Ar ndóigh, an rud is fearr faoi Sheachtain na Gaeilge ná go dtugtar deis do dhaoine páirt a ghlacadh san fhéile ar shlite éagsúla - is cuma cén leibhéal cumais atá acu sa teanga - trí a bheith ag labhairt na teanga le cairde agus gaolta nó a bheith ag glacadh páirte sna himeachtaí. Airíonn daoine ar a gcompord agus iad ag glacadh páirte sna himeachtaí, scaoiltear le srian an chúthaileacht i labhairt na teanga agus ardaítear leibhéal na féinmhuiníne. Tréaslaím le Seachtain na Gaeilge as a mana tarraingteach "Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!" Meabhraíonn sé gur le gach duine an Ghaeilge agus is le gach pobal Seachtain na Gaeilge.

Cuireann sé áthas orm go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn ar fud na tíre ar bhealaí éagsúla nua-aimseartha. Níl bealach níos fearr ná úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide chun daoine a choinneáil ar an eolas faoi céard atá ag tarlú sa phobal. Ar ndóigh, tá Seachtain na Gaeilge chun cinn sa réimse seo agus iad ag iarraidh ar dhaoine na meáin shóisialta atá acu a úsáid trí mheán na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge 2017, ach go háirithe ar 16 Márta 2017 mar chuid de Lá na Meán Sóisialta. Sa chaoi seo, gheobhaidh daoine tuiscint níos fearr ar na féidearthachtaí atá ann maidir leis seo, mar shampla is féidir Facebook, Gmail agus Twitter uilig a úsáid as Gaeilge.

Ag caint ar na meáin shóisialta agus an dul chun cinn atá déanta go ginearálta ó thaobh na teicneolaíochta faisnéise de, is léir gur iomaí casadh atá tagtha ar an saol ónar bunaíodh Conradh na Gaeilge os cionn 120 bliain ó shín. Ní raibh an réamh-fheiceáil ag ár sinsir ar na hathruithe móra a bhí le teacht ar an saol sna réimsí sin, agus an éascaíocht a chuirfeadh sé lenár saol. Cá bhfios cén dóigh ina mbeidh daoine ag maireachtáil faoi cheann 120 bliain eile? Bimís ag déanamh ár gcion chun a chinntiú gur ann don Ghaeilge agus don Chonradh agus do Sheachtain na Gaeilge.

Má choinníonn muid ar fad ag labhairt na Gaeilge, ní feictear dom cén fáth nach mbeadh sé sin indéanta.

Go deimhin, tá sé ráite cheana ach is fiú é a rá arís gur ábhar bróid dúinn ar fad an sár-obair atá déanta ag Conradh na Gaeilge don teanga ó bunaíodh é. Tá ardmholadh ag dul do na heagraíochtaí ar fad ar fud na tíre a dhéanann obair na gcapall ar son na Gaeilge. Tuigeann muid ar fad nach bhfuil sé éasca ach tugann ócáidí mar seo misneach dúinn gan ár maidí a scaoileadh le sruth.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin bpróiseas pleanála teanga. Mar is eol don Teach, tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar limistéir pleánala teanga Ghaeltachta, mar bhailte seirbhíse Gaeltachta nó mar lionraí Gaeilge. Is fiú a lua go bhfuil allúntas breise de €250,000 ar fáil i mbliana chun cabhrú tuilleadh le cur i bhfeidhm na straitéise agus an chórais pleanála teanga araon. Fágann sé seo go bhfuil cistíocht ar fiú €1.25 milliún in iomlán ar fáil i mbliana lena haghaidh.

Ina theannta sin, tá ardú ar an gcistíocht atá ar fáil do na gnáthchláir reatha ar thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de, a bhfuil dlúthbhaint acu chomh maith le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain. Leis an allúntas méadaithe atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht trí chéile, tá mé cinnte go mbeifear in ann tacú tuilleadh le cur i bhfeidhm na straitéise agus an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht, leis na bailte seirbhíse Gaeltachta agus leis na líonraí Gaeilge.

Mar is iondúil ag an tráth seo den bhliain, tá an pleanáil chuí idir lámha ag mo Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, le Foras na Gaeilge agus le páirtithe leasmhara eile chun cúram cuí a dhéanamh den chistíocht shuntasach seo sa chaoi is go mbainfear an leas is fearr as ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá súil agam a bheith in ann a chur in iúl don dá eagraíocht gan mhoill cén cistíocht a bheidh ar fáil acu chun cúram a dhéanamh den phróiseas sa bhliain reatha.

Ina theannta sin, tá obair idir lámha chun an próiseas a bhrú ar aghaidh mar a bhaineann sé leis na bailte seirbhíse Gaeltachta. Chuige sin, tá an t-údarás agus Foras na Gaeilge i mbun oibre le páirtithe leasmhara i Leitir Ceanainn, cathair na Gaillimhe agus Daingean Uí Chúis chun an próiseas pleanála teanga sna bailte sin a bhrú chun cinn. Chomh maith leis sin, tá tús curtha leis an bpróiseas pleanála teanga i gCluain Dolcáin, in Inis agus i mBaile Locha Riach i dtreo a bheith in ann aitheantas mar líonraí Gaeilge a bhronnadh ar na ceantair sin. Tá sé beartaithe an ghné seo den phróiseas a fhorbairt tuilleadh sa bhliain atá romhainn agus tús a chur le hullmhú pleananna teanga i mbailte eile nach iad atá ar an liosta de bhailte a foilsíodh in 2014 a d'fhéadfadh a bheith aitheanta chomh maith faoin bpróiseas mar bhailte seirbhíse Gaeltachta.

Leis an gcistíocht bhreise atá curtha ar fáil in 2017, tá súil agam a bheith in ann féachaint chuige go gcuirfear tús le feidhmiú na pleananna teanga ar bhonn áitiúil i mbliana i gcomhréir le mianta phobail na Gaeltachta. Is dul chun cinn suntasach é seo agus ba mhaith liom an deis seo a thapú chun tréaslú leis na ceanneagraíochtaí ar fud fad na Gaeltachta atá i mbun ullmhú pleananna teanga. Tá obair mhór déanta agus idir lámha ag na heagraíochtaí sin ar son na Gaeilge, na Gaeltachta agus na bpobal ina bhfuil siad ag maireachtáil. Is é an spiorad sin - spiorad na meithle - atá ag croílár an phróisis agus is cóir agus is ceart é sin a aithint.

Nuair a luaitear an straitéis agus an próiseas pleanála teanga agus an chaoi a bhfuil an Roinn ag déanamh cúram díobh, is baolach go ndéantar dearmad uaireanta ar an gcistíocht shuntasach atá á cur chun fónaimh bliain i ndiaidh bliana mar a bhaineann sé le clár caipitil agus reatha mo Roinne ó thaobh na Gaeltachta de. De thoradh an chúnaimh seo ar fiú breis agus €7.8 milliún é i mbliana, tá an Roinn ag leanúint ar aghaidh i gcomhar le páirtithe leasmhara eile chun bonneagar na Gaeilge a threisiú tuilleadh. Leis an infheistíocht seo, táimid in ann raon leathan eagraíochtaí Gaeltachta a chumasú chun a gcláir oibre a fheidhmiú atá ar leasa na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile. Ní call dom a rá, ar ndóigh, go bhfuil sé seo uile ag tacú le fíorú chuspóirí na straitéise.

Ba mhaith liom an deis a thógáil anois chun focal nó dhó a rá faoin bpolasaí don oideachas Gaeltachta. Mar a luaigh an Taoiseach agus é ag seoladh an pholasaí i mí Dheireadh Fómhair 2016, is é seo an chéad pholasaí don oideachas Gaeltachta a foilsíodh ó bunaíodh an Stát. Tá tábhacht faoi leith leis mar a bhaineann sé leis an nGaeilge sa Ghaeltacht. Is í an Ghaeltacht fearann dúchais na Gaeilge agus, de bharr seo, luíonn sé le réasún go ndéanfaí cúram den chóras oideachais ann ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil sé ag tacú ar an gcaoi is fearr is féidir le cuspóirí an Stáit maidir leis an nGaeilge.

Tá tábhacht faoi leith leis an bpolasaí ó thaobh an phróisis pleanála teanga de chomh maith. Cé gur ar an Roinn Oideachais agus Scileanna go príomha a thiteann an fhreagracht don Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017 go 2022 a chur i bhfeidhm, tá ról tacúil le himirt ag mo Roinn agus, go deimhin, ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige chomh maith. D'fhéadfaí a rá gur aisfhreagra suntasach is ea an polasaí seo ar a bhfuil ráite agus molta sa straitéis 20 bliain mar a bhaineann sé le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht.

Cé gur polasaí réalaíoch atá ann, tugann sé dúshlán do gach páirtí leasmhar a chion a dhéanamh ar son na Gaeilge. Má tá rath le bheith aige, beifear ag brath ar gach pobal scoile a chion a dhéanamh, idir fhoirne teagaisc na scoileanna, bhoird bainistíochta, choistí tuismitheoirí agus, ar ndóigh, teaghlaigh na Gaeltachta féin. Nílim ag déanamh dearmad ar an earnáil luathoideachais atá ag lár an scéil seo. Beifear ag súil leis go mbeidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige ag imirt tionchair dhearfa ar rudaí chomh maith. Mar chuid den chur i bhfeidhm, beidh gá a bheith soiléir faoi na tacaíochtaí a bheidh á gcur ar fáil sna scoileanna lena n-áirítear an earnáil luathoideachais agus tuigtear dom go bhfuil obair tosaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna cheana féin chun an talamh a ullmhú i dtreo tús a bheith curtha le feidhmiú an pholasaí san fhómhar.

Le go mbeidh an dul chun cinn is fearr is féidir déanta maidir le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí oideachais araon, is gá a bheith ag faire amach i gcaitheamh an ama ar na bealaí a d'fhéadfadh cur i bhfeidhm an dá thionscnamh a bheith ag déanamh leasa a chéile agus tá sé sin ag croílár an chur chuige. Mar shampla praiticiúil ar seo, beidh mo Roinn féin ag glacadh páirt tacúil sa choiste comhairleach atá bunaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna le gairid maidir le feidhmiú an pholasaí don oideachas Gaeltachta. Ina theannta sin, tá plé leanúnach idir mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna i rith an ama chun a chinntiú go mbainfear an tairbhe is fearr is féidir as ár gcuid iarrachtaí trí chéile ar son na Gaeilge.

Mar a luaigh mé fein an lá a seoladh an polasaí ar an gCeathrú Rua, cabhróidh an polasaí seo le sár-oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil do ghasúir na Gaeltachta agus leis an nGaeilge a choinneáil agus a threisiú mar theanga pobail sna ceantair Ghaeltachta. Creidim go ndéanfaidh an polasaí oideachas agus na bearta a bhaineann leis an-difríocht do na scoileanna, do na pobail Ghaeltachta agus do stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá se fíorthábhachtach gur ar bhonn comhpháirtíochta a chuirfear i bhfeidhm é - ar nós an phróisis pleanála teanga.

Níl aon dabht ach go dtugann sé seo ar fad ábhar machnaimh agus dúshlán do phobail agus do scoileanna Gaeltachta. De thoradh seo uile, tabharfar spreagadh do phobal na Gaeltachta le machnamh a dhéanamh ar cad atá uathu féin agus cad is féidir leo a dhéanamh mar a bhaineann sé lena bhfuil i ndán don teanga agus an cineál Gaeltachta ar mhaith leo a fhágáil ina ndiaidh don chéad ghlúin eile.

Is gá chomh maith go n-aithnítear an tairbhe don teanga a d'fhéadfadh eascairt as cur i bhfeidhm córasach an chláir Éire Ildánach. Sa chomhthéacs sin, is fiú a lua gur eagraigh mo Roinn ceardlann le gairid do pháirtithe leasmhara a mbeadh spéis agus ionchur sa chlár Éire Ildánach mar a bhaineann se le hearnáil na n-ealaíon, Gaeltachta agus Gaeilge. Ócáid thairbheach a bhí ann a chabhraigh le mo Roinn léargas a thabhairt dóibh siúd a bhí i láthair maidir le céard atá sa chlár agus, ar an lámh eile, ba dheis í chun aischothú a lorg faoi cén chaoi a d'fhéadfadh an clár leas a dhéanamh don Ghaeilge.

In 2014, ceadaigh an Rialtas cur chuige nua chun tacú le hinniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís. Faoin gcur chuige reatha, tá beart i bhfeidhm chun an cohórt de dhaoine atá feidhmiúil go dátheangach sa Státseirbhís a mhéadú chun teacht le cur chuige atá bunaithe níos mó ar inniúlachtaí ó thaobh na hearcaíochta de agus, nuair is cuí, ó thaobh comórtais d'arduithe céime. I gcomhthéacs creataí pleanála don fhórsa oibre, iarrtar ar Ranna na post agus réimsí a shainaithint ina bhfuil gá le daoine atá feidhmiúil go dátheangach agus iad a chur san áireamh ina bpleananna gníomhaíochta don fhórsa oibre.

Ag féachaint do chur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, iarrtar ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó atá ag freastal ar na ceantair sin. Is í an aidhm leis an bpróiseas sin cinntiú go ndéanfar foráil dóthanach i gcomórtais earcaíochta agus ardaithe céime idir-Rannacha do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn daoine atá feidhmiúil go dátheangach. I gcás comórtais earcaíochta agus ardaithe céime Rannacha, déanfar measúnú ar an riachtanas do dhaoine le Gaeilge agus, nuair is gá agus is cuí, cuirfear fo-phainéal de dhaoine le Gaeilge le chéile.

Is amhlaidh freisin go n-áirítear i bplean forfheidhmithe na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 bearta atá dírithe ar an soláthar seirbhísí trí Ghaeilge sa Státseirbhís a fhorbairt. Sa chomhthéacs sin, tá conradh ag Foras na Gaeilge le Gaelchultúr Teoranta faoi láthair le hoiliúint sa Ghaeilge a chur ar fáil don tseirbhís phoiblí. Ó 2011 go dtí seo, tá tuairim is 1,200 seirbhíseach poiblí as níos mó ná 80 comhlacht Stáit tar éis freastal ar chúrsaí a reáchtáil Gaelchultúr Teoranta. Ina theannta sin, thug níos mó ná 400 fostaí de chuid an Rialtais, as níos mó ná 20 comhlacht sa tseirbhís phoiblí, faoi theastas Ghaelchultúr sa Ghaeilge ghairmiúil.

Tá earcú líon leordhóthanach de chainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí ag croílár na n-iarrachtaí d’fhonn forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur i bhfeidhm. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an Acht sin, foilsíodh cinn Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) in 2014. Rinneadh an Bille sin a dhréachtú ar aon dul leis an scéim ghinearálta. Rinneadh cinneadh, i ndiaidh chruinniú deireanach an choiste Rialtais, gan é a fhoilsiú go dtí go ndéanfaí athbhreithniú ar na moltaí reachtaíochta a bhí ann.

Ós rud é go bhfuil sé de fhreagracht ar gach Roinn a riachtanais maidir leis an nGaeilge a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, d’iarr mé ar m’oifigigh le déanaí plé a thosú lena gcomhpháirtithe i Ranna eile agus sna príomhfhorais phoiblí, lena n-áirítear an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, le scrúdú a dhéanamh ar a gcuid riachtanas i dtaca le daoine atá feidhmiúil go dátheangach. Tá an plé sin ar bun faoi láthair.

Mar fhocal scoir, a Chathaoirligh, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl arís as ucht an deis a fháil labhairt sa Seanad inniu. Is gnéithe fíor-thábhachtacha dár n-oidhreacht chultúrtha í an Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus is onóir agus pribhléid domsa an deis a fháil mo chion féin a dhéanamh mar Aire Stáit sa Rialtas seo chun tacú le caomhnú agus forbairt na Gaeilge mar chuid bheoga agus shainiúil dár gcultúr comhaimseartha.

Aithním agus tuigim go maith gur ag obair i gcomhar lena chéile agus ar bhonn tras-Rialtais is fearr a bhainfimid torthaí fónta amach chun an ghné lárnach seo dár gcultúr a thabhairt slán don chéad ghlúin eile.

Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach is féidir a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar an bpobal. Tá a fhios againn go bhfuil tromlach an phobail dearfach i leith na teanga. Is fúinn atá sé ag leibhéal an Stáit an timpeallacht chuí a chothú le go mairfidh an Ghaeilge go bisiúil mar chuid fholláin de stát dátheangach. Is cinnte gur féidir linn uilig féachaint ar an dóigh gur féidir linn féin níos mó úsáid a bhaint as ár gcuid Gaeilge le linn ár gcuid oibre laethúil sa Seanad agus sa Dáil, ach go háirithe agus Seachtain na Gaeilge orainn as seo go Lá Fhéile Phádraig, an Aoine seo chugainn. Ag deireadh an lae, beatha teanga í a labhairt agus mar a deirtear i mana na féile seo – ‘Bain Triail Aisti’.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Nílim líofa ach tá a fhios agam go bhfuil blas an-deas ag na Seanadóirí here; Seanadóir Ó Clochartaigh, Seanadóir Gallagher agus Seanadóir Ó Domhnaill. Ceapaim go bhfuil blas deas ag na Seanadóirí de chuid Fine Gael freisin.

Tá sé ar chinn do chuspóirí Fhianna Fáil bunráta na Gaeilge a chur chun cinn mar teanga bheo i measc na daoine agus cearta na daoine a labhraíonn an teanga a chosaint. Is í an teanga náisiúnta seoid chultúrtha na tíre seo. Ní feídir cur síos ar an tábhacht caomhnú a ghabhann léi dá réir. Agus 100 bliain caite ó tharla Éirí Amach 1916, tá sé ríthábhachtach idir bhorradh agus bhrí a chur an athuair sna hiarrachtaí chun Gaeilge a mhúineadh agus a fhorbairt.

Seasann Fianna Fáil go daingean leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge faoi mar a thug an páirtí chun cinn í agus é sa Rialtas. Chun é a chur i bhfeidhm, thug an páirtí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 isteach chun tacaíocht reachtaíochta a chur faoi na cearta maidir leis an teanga atá ina ndlúthchuid den Bhunreacht don chéad uair.

Is ábhar mór díoma dúinn a fheiceáil go bhfuil an cistiú maidir leis an nGaeilge don bhliain 2017 9% níos lú, i gcomórtas leis an mbliain 2016. Chuir an ciorrú sin uafás orainn agus chuir Fianna Fáil feachtas ar bhun ag iarraidh cistithe breise. D'éirigh linn €1 billiúin breise a aimsiú don Ghaeilge i rith 2017 sa mheastachán forlíontach.

Deirtear nach bhfuil aon thintéan mar do thinteán fein. Sa Mhuileann gCearr tá dhá Ghaelscoil ann. Tá Gaelscoil an Mhuilinn ann, atá ar an mbóthar 23 bliain, agus tá Gaelscoil Coillin ann. Tá Gaelscoil i mBaile Átha Luain, san Uaimh agus i dTulach Mhór fresin sa midlands ach níl aon mheánscoil Gaeilge. Níl aon mheánscoil Gaeilge ar fáil sa Mhuileann gCearr nó i gContae na hIarmhí nó in aon áit sa midlands. Tá an t-éileamh ann. Má bhíonn an tAire Stáit ag caint leis an Aire, an Teachta Bruton, an chuirfeadh sé ceist air maidir le haon phlean atá aige meánscoil lan-Ghaeilge a bhunú sa cheantar?

Ar dtús báire, ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire agus a chuid oibre díograisí ar son na teanga a mholadh agus ba mhaith liom tréaslú leis. Gan amhras ar bith, is ceann de na hacmhainní is luachmhara atá againn ná ár dteanga dúchais. Tá ár stair, ár mbéaloideas agus ár litríocht bunaithe uirthi nó measctha tríthi. Is í an teanga an fhoinse chun na rudaí seo a fháil agus sult a bhaint astu.

Tá eagraíochtaí sa tír seo ag déanamh sár-obair, obair den chéad scoth, ar son na teanga. Ar dtús báire ba mhaith liomsa iad a mholadh go poiblí. Ar dtús báire, Foras na Gaeilge, déanann sé sár-obair; Gael Linn; Conradh na Gaeilge; agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann. I gcás Comhaltas Ceoltóirí Éireann tá craobhacha aige i ngach baile beag sa tír seo agus thar lear agus iad ag déanamh an-jab. Tá iar-Sheanadóir as an Teach seo, Lábhras Ó Murchú, mar Ard-Rúnaí ar an eagraíocht agus déanann seisean agus an eagraíocht an-jab don teanga, don chultúr agus d'oidhreacht na tíre.

Molaim agus tréaslaím RTE as an obair atá ar siúl ann, san áireamh an nuacht agus na cúrsaí reatha atá as Gaeilge. Tá TG4 iontach maith agus tá an-mheas air. Bíonn a lán daoine ag féachaint air. Féachaim féin air go minic agus tá sé an-taitneamhach agus spéisiúil. Taobh amuigh den teanga de, tá na cláir go hiontach agus i bhfad níos fearr ná na cláir ar aon stáisiún eile. Molaim an obair iontach atá ar siúl ag TG4.

Níl amhras ar bith agam go bhfuil an-jab déanta don teanga i rith na mblianta ag múinteoirí bunscoile - na baill den INTO - thart ar an tír seo. Tá sár-jab déanta acu. Obair díograiseach ar son na teanga atá ar bun acu lá i ndiaidh lae agus molaim an obair sin agus tréaslaím leo. Ba chóir go mbeadh gach duine sa Teach seo iontach buíoch de na múinteoirí sin agus ba chóir go mbeadh an meas ceart againn orthu, mar atá, buíochas le Dia.

Is fiú agus is maith an rud é Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh agus a chomóradh. Is iontach an rud é mar is seachtain faoi leith é. Tugann sé seans dúinn smaoineamh ar an teanga agus rudaí thart ar an teanga. Ba chóir do gach duine sa Teach seo, mé fein san áireamh, dea-shampla a thabhairt. Ba chóir dúinn iarracht laethúil a dhéanamh giota beag Gaeilge a labhairt, fiú amháin sna corridors lenár gcairde, taobh amuigh den Seomra seo, sa Seomra seo agus i ngach áit phoiblí. Ní gá ach cúpla abairt agus iarracht bheag. Tá muidne in áit lárnach chun dea-shampla a thabhairt agus an teanga a fhorbairt agus a chothú. Molaim do gach duine anseo é sin a dhéanamh. Mar a dúirt an tAire Stáit, "Beatha teanga í a labhairt." Mar a dúirt an tAire Stáit fosta, tá tromlach an phobail dearfach faoin nGaeilge. Má dhéanfaimis iarracht bheag, bheadh daoine sásta glacadh leis agus iarrfaidh siad cúpla focal a rá linn.

Labhair mé leis an Aire Stáit anseo cúpla seachtain ó shin. Tá mé an-dáiríre faoi seo agus cinnte go bhfuil sé tábhachtach. Tá sé thar a bheith tábhachtach daoine óga a mhealladh do na Gaeltachtaí i rith an tsamhraidh. Níl go leor déanta chun níos mó daoine óga a mhealladh do na Gaeltachtaí. B'fhéidir gur fiú dúinn deontais níos fearr a thabhairt dóibh agus é a thabhairt díreach do na teaghlaigh chun cash a fháil saor. B'fhiú dúinn dul isteach sna scoileanna chun labhairt faoi na Gaeltachtaí agus molaim don Aire Stáit béim mhór a chur air sin.

An fáth go bhfuilim anseo inniu ag caint as Gaeilge agus go bhfuil grá agam don tír agus meas faoi leith agam ar an tír ná go ndeachaigh mé go dtí an Ghaeltacht nuair a bhí mé óg. Chaith mé tréimhse gach bliain thart ar ghleanntáin ghlasa Ghaoth Dobhair, an áit óna dtagann an Seanadóir Ó Domhnaill. Bhí mé thart ar Ghaoth Dobhair, An Bun Beag, agus na háiteanna sin. Is iad na háiteanna sin a chruthaigh mo mheas agus mo ghrá don teanga. Táim iontach cinnte gurb é sin an eochair chun níos mó daoine óga a chur ag labhairt na teanga agus ag obair ar son na teanga. Bheadh saibhreas na teanga agus ár gcultúr soiléir dóibh de dheasca turas dá leithéid. Sílim go bhfuil sé sin iontach tábhachtach agus molaim don Aire Stáit go mbeadh níos mó deontais ann.

Is maith an rud go bhfuil 40% de na marcanna don teastas sóisearach agus don ardteistiméireacht tugtha don scrúdú béil anois. Is iontach an rud agus cabhair mhór an t-athrú sin. Tá mo mhac, Dara, an duine is óige i mo chlann, ag déanamh an teastas sóisearach ag an bhomaite. Beidh an scrúdú béil ar siúl i gceann seachtaine agus gach oíche atáim sa bhaile, cé nach mbíonn muide sa Teach seo sa bhaile gach oíche, déanann sé iarracht labhairt liom as Gaeilge. Tá sé ag iarraidh cleachtadh don scrúdú béil. Tá an t-athrú sin iontach tábhachtach agus is dul chun cinn mór é. Molaim don Aire Stáit é a choiméad agus a leathnú.

Tá athrú ann i modhanna múinteoireachta agus a leithéid agus bíonn sé sin riachtanach an t-am ar fad mar tá sé soiléir nach bhfuil go léir déanta againn. B'fhéidir go bhfuil riachtanas ann do níos mó béime ar litríocht nua-aoiseach, ar an teanga labhartha agus ar dhrámaíocht. B'fhéidir gur fiú do scoileanna corpoideachais a dhéanamh as Gaeilge nó rudaí mar sin ionas go mbeadh gnáthteanga ag na daltaí agus go mbeadh siad ag déanamh rud sultmhar agus ag baint pléisúir as úsáid na teanga agus nach mbeadh an teanga chomh éigeantach agus dúr dóibh. Tá se sin an-tábhachtach agus tá go leor le déanamh air.

Molaim na Gaelscoileanna, atá ag déanamh jab iontach, thart ar an tír seo. Aontaím leis an Seanadóir Davitt gur fiú Gaelscoil a chruthú in aon áit is féidir agus i ngach contae. Níl meánscoil Ghaeilge againn i gContae an Chabháin fosta. B'fhéidir go n-athródh sé sin roimh i bhfad. B'fhiú é a dhéanamh.

Is fiú straitéis na Gaeilge a leanúint go géar agus níos mó a dhéanamh chun an teanga a fhorbairt tríd an straitéis sin agus, go háirithe, chun an Ghaeltacht a chothú. Tá polasaí ann anois chun níos mó airgid a chaitheamh ar scoileanna atá ag úsáid Gaeilge sna Gaeltachtaí chun níos mó acmhainní a chur sna scoileanna ata dáiríre faoin nGaeilge. Is fiú é sin a leanúint ar aghaidh.

Is lá maith é seo agus is seachtain iontach í. Lá stairiúil é i mbealach. Molaim do gach duine sult a bhaint as an tseachtain seo agus iarracht a dhéanamh giota beag Gaeilge a labhairt taobh amuigh den áit seo. Is iontach an rud é go bhfuil tús maith déanta againn. Tá mise agus an Seanadóir Davitt tar éis labhairt as Gaeilge. Is tús maith é sin agus tús maith leath na hoibre.

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit. Is maith an rud go bhfuil sé ar ais anseo ag caint faoina pholasaithe ó thaobh na Gaeilge de taobh istigh de chúpla seachtain. Fáiltím roimhe sin. Níor mhaith liom go mbeadh muid i gcónaí ag caint trí mheán na Gaeilge díreach faoi chúrsaí Gaeilge. B'fhearr liom go mbeadh a thuilleadh díospóireachtaí againn maidir le hábhair eile trí mheán na Gaeilge ó am go chéile, ach de réir a chéile a thógtar na caisleáin.

Déanaim comhghairdeas leis an dream ar fad atá bainteach le Seachtain na Gaeilge, cé gur ainm b'fhéidir míchruinn é sin ar an rud atá ag tarlú mar tá coicíos d'imeachtaí ar bun i ngach áit agus inár bpobail féin ar fad. Tá siad ag tarlú ar fud an domhain. Is iontach go deo an rud é an dul chun dinn atá á dhéanamh ag na pobail éagsúla. Tréaslaím leis na heagraíochtaí atá luaite ag an Seanadóir Reilly. Ní rachaidh mé tríothu arís uilig.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil agus comhghairdeas a dhéanamh leis na meáin Ghaeilge. Déanann siad sárobair, go minic ar bhuiséid i bhfad níos lú ná buiséid na meán i mBéarla, ó thaobh clúdach a thabhairt don mhéid a bhíonn ag tarlú ó thaobh na Gaeilge de chomh maith leis na scoileanna agus mar sin de.

Tá sé tábhachtach freisin aitheantas a thabhairt d'fhostaithe an Stáit atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Feicim go bhfuil stiúrthóir nua na Gaeilge, Aodhán MacCormaic, leis an Aire Stáit inniu. Gabhaim gach dea-ghuí air ina chuid oibre mar Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn. Gabhaim buíochas le feidhmeannaigh na Roinne ar fad agus an dream atá ag obair leis na heagraíochtaí Stáit atá ag plé le cúrsaí trí mheán na Gaeilge chomh maith. Déanann siad sár-obair cé go mbíonn siad go minic faoi bhrú ó thaobh buiséid nó áiseanna.

Ós rud é gur phléigh muid cúrsaí ginearálta faoin nGaeilge le deireanaí, ba mhaith liom díriú ar an dualgas atá ann ó thaobh chúrsaí Gaeilge sna Tithe seo. Is é an tAire Stáit féin a dúirt go bhfuil dualgas ar an Stát aeráid bisiúil a chur ar fáil don Ghaeilge. Sílim go bhfuil na pobail ag déanamh sár-oibre i ndáiríre ach tá ceisteanna móra ann maidir leis an aeráid bisiúil seo atá an Stát ag cur chun cinn.

Ó thaobh Thithe an Oireachtais, tréaslaím leis an obair atá ar bun ag Rannóg an Aistriúcháin. Agus muid ag caint anseo, tá duine éigin ag déanamh ateangaireachta comhuainí - glacaim leis - agus bíonn an t-am ar fad. Tugann siad an-tacaíocht dúinn agus go minic ní thugtar faoi deara go bhfuil siad ann. Gabhaim míle buíochas leo. Rinne siad freisin an leagan leasaithe den chaighdeán oifigiúil a fhoilsiú, rud a cuireadh mór-fháilte roimhe.

An rud atá feicthe agamsa leis na blianta beaga anuas agus mé sna Tithe seo ná go bhfuil an t-uafás Gaeilgeoirí sna Tithe. Tá Gaeilge ag cuid mhaith de na tuairisceoirí parlaiminte a bhíonn ag tógaint na nótaí de gach rud a bhíonn muid ag rá agus ag cuid mhaith de na feidhmeannaigh a bhíonn ag obair sna Tithe. Na huiséirí a bhíonn ag cur fáilte romhainn agus muid ag teacht isteach agus amach, tá cuid acu líofa agus tá go leor eile acu ag foghlaim Gaeilge. Labhraíonn siad Gaeilge liomsa an chuid is mó den am, nuair a bhíonn siad in ann. Is féidir liom mo bhéilí a ordú trí mheán na Gaeilge agus labhraím Gaeilge le lucht foirne na bialanna. Tá cuid acu atá líofa agus cuid acu as ceantair Ghaeltachta. Is féidir liom dul isteach sa mbeár agus cupán caife a fháil trí mheán na Gaeilge - rud atá go maith. Ní bhíonn aon chead agam aon phionta a ordú i ndáiríre, ach an caife ar a laghad. Tá daoine le Gaeilge sa rannóg cumarsáide chomh maith. Chomh maith céanna, tá Gaeilge mhaith ag cuid mhaith de na hiriseoirí atá ag obair sna Tithe agus atá ag tuairisciú ar an méid a bhíonn ag tarlú.

Tá Gaeilgeoirí sna páirtithe éagsúla agus, mar a fheiceann muid inniu, tá ionadaithe tofa atá ag seasamh ar a gcosa sna Tithe seo a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus tá cuid eile acu á foghlaim. Is iomaí clamhsán a bhíonn agam le hionadaithe tofa maidir le ceisteanna polasaí ach ní bhfuair mé locht riamh ar aon duine - Seanadóirí nó Teachtaí Dála - a dhéanann iarracht ó thaobh na Gaeilge. Molaim iad ar fad as an iarracht atá siad ag déanamh agus tabharfaidh mise chuile tacaíocht dóibh nuair atá siad i mbun na hoibre sin.

Faraor, teipeann ar an gcóras anseo go rialta. Bhí cruinniú le deireanas ag an gcomhchoiste um maoiniú ar sholáthar seirbhísí uisce tí sa todhchaí ar a raibh finné ann ag iarraidh a chuid cainte a thabhairt as Gaeilge. Nuair a dúradh leis nach raibh na hacmhainní ar fáil sa seomra coiste sin, cuireadh an seisiún ar fionraí chun teacht ar réiteach. Ar deireadh, dúradh leis a chuid cainte a thabhairt as Béarla. Faraor, cé gur labhraítear an Ghaeilge go minic sa Teach seo agus go ndéantar ateangaireacht chomhuaineach air, ní fhaightear tuairisc nó cur síos ar an méid sin sna meáin. An uair seo, áfach, bhí go leor scríofa faoin easpa seirbhíse ateangaireachta agus fiú daoine ag ceistiú cén fáth go bhfuil an tseirbhís ann sa gcéad áit. Má táimid ag iarraidh teachtaireacht dhearfach a sheoladh ón áit seo le linn Sheachtain na Gaeilge, ba chóir dúinn ár gcuid gnóthaí féin a bheith in ord is in eagar ar dtús sna Tithe seo.

Is rathúil an chaint a rinneadh le deireanaí ar Acht na Gaeilge ó Thuaidh. Aontaíodh an méid seo ag Comhaontú Chill Rímhinn agus táthar ag iarraidh múnla an Achta seo a bhunú ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta, go háirid ag díriú ar shampla na Breataine Bige agus ar shampla Cheanada. Chonaic mé féin, nuair a bhí mé ar thuras anonn go dtí an Comhthionól sa Bhreatain Bheag, gur féidir le ball parlaiminte ar bith an Breatnais a úsáid in áit ar bith ag am ar bith le linn a chuid oibre. Ní gá fógra a thabhairt roimh ré má tá an ball le dul ag labhairt as Breatnais i gceann de na comhchoistí. Is féidir díreach dul isteach agus labhairt. Go deimhin, cuirtear an méid a bhíonn á rá i mBéarla ar fáil i mBreatnais an lá arna mhárach le bheith ar fáil sa gcaoi go bhfuil taifead oifigiúil Stáit ó thaobh na Breatnaise de ar gach a ndeirtear i mBéarla agus i mBreatnais.

Inné bhí raic eile sa Teach seo mar gheall ar cheist a chur mo chomhghleacaí an Teachta Peadar Tóibín ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Is minic a bhíonn conspóid sna Tithe seo faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an córas ateangaireachta agus na cluasáin a théann leis ag feidhmiú i gceart. Is cur amú airgid foireann a bheith fostaithe nuair nach bhfuil an t-airgead nó an cúram céanna á léiriú i dtaobh an trealaimh. Bhí ateangairí ar fáil agus bhíodar ag cur an aistriúcháin ar fáil, ach theip ar an gcóras teicniúil. Is mór an trua í sin. Arís, bhí na meáin ag trácht faoi cé chomh greannmhar is a bhí sé Aire Gaeltachta ag brath ar chóras ateangaireachta chun Gaeilge a thuiscint ar Lá na Gaeilge agus nach raibh an córas ag obair fiú. Is náireach an rud é sin do na Tithe seo.

Bhí bua le deireanaí ag Conradh na Gaeilge san Ard-Chúirt i mBéal Feirste agus tréaslaím leis an gconradh as ucht an cás sin a thógáil. Tá dualgas ar an bhFeidhmeannas ó Thuaidh straitéis a chur i bhfeidhm maidir le hAcht na Gaeilge a chur chun cinn. Cuirim i gcuimhne don Aire Stáit agus don Rialtas go bhfuil dualgas ar an Rialtas, mar chomh-shínitheoirí ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, brú i bhfad níos mó a chur ar Rialtas na Breataine agus ar na páirtí polataíochta ó Thuaidh Acht na Gaeilge a chur i bhfeidhm.

Mar a dúirt an tAire Stáit, i mí Dheireadh Fómhair seo caite sheol an Taoiseach polasaí an Rialtais i leith oideachas Gaeltachta ó 2017 go 2022. Seoladh é i mo pharóiste féin ar an gCeathrú Rua. Bhí an tAire Stáit ann. Féachann an polasaí seo le hoideachas trí mheán na Gaeilge a láidriú. Féachann sé freisin le cur le líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge sa Ghaeltacht mar theanga bheo. Faoin straitéis nua, ní bhainfidh scoil stádas Gaeltachta amach ach amháin nuair atá gach rud á mhúineadh trí mheán na Gaeilge.

Chun soláthar agus caighdeán na múinteoirí a fheabhsú, tá clár nua ann le hoiliúint Gaeilge a chur ar mhúínteoirí, ach níor thosaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag leagan amach an próiseas chun tairiscintí don chúrsa sin a chur i bhfeidhm fós. Bhí clamhsáin faoi seo ó eagraíochtaí ar nós an INTO a d'ardaigh ceist faoi seo. Munar féidir an tairiscint a chur amach ó thaobh an Roinne Oideachais agus Scileanna leis an gcúrsa a chur ar bun, cén chaoi is féidir a chinntiú go mbeidh oiliúint ann le múinteoirí a chur ar fáil i mí Mheán Fómhair seo chugainn, rud a chiallódh go mbeidh an Rialtas i bhfad taobh thiar de na spriocanna? Caithfidh na soláthraithe an beart féin a dhéanamh.

An bhfuil an tAire Stáit sásta leis an méid sin? Céard tá sé chun a dhéanamh le déanamh cinnte go dtarlóidh rudaí le gur féidir múinteoirí breise, mar atá geallta, a chur ar fáil i mí Mheán Fómhair seo chugainn? Tá daoine an-imníoch go gcuirfeadh an mhoill seo isteach ar scoileanna a bheith in ann na cuspóirí atá sa pholasaí oideachas Gaeltachta a bhaint amach. An féidir leis an Aire Stáit muid a chur ar an eolas maidir leis an bpróiseas tairisceana faoi láthair agus cá seasann sé? An féidir leis muid a thabhairt suas chun dáta arís ar céard iad na spriocanna den pholasaí a bheidh á bhaint amach i mbliana?

Tá ceisteanna móra maidir le gnóthaí eile anseo sna Tithe seo. Tá cuid mhaith reachtaíochta fós nach bhfuil aistrithe go Gaeilge. Braithim gur de bharr easpa acmhainní ó thaobh Rannóg an Aistriúcháin é sin. Ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla, táimid ag fanacht go dtiocfaidh an tAire Stáit chun cinn leis an mBille sin ó thaobh an tAcht a láidriú. Tá achainí láidir déanta ag pobal na Gaeilge go ndéanfaí sin mar ní féidir linn ár gcuid cearta a bhaint amach mar shaoránaigh mura bhfuil Acht na dTeangacha láidrithe.

Ó thaobh fostaíocht sa Státseirbhís, bhí díospóireacht an-mhaith sa gComhchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileáin anseo inné. Bhí dream ó Ghaelcholáiste an Eachréidh, Gaelcholáiste Choilm agus Pobalscoil Chloich Cheannfhaola ag labhairt linn. Bhíodar thar barr ar fad. D'ardaigh duine acu an pointe seo: nuair a cuireadh ceist ar na Ranna Stáit ar fad cé mhéad duine ó thaobh an Státchórais a bhí ag teastáil le freastal ar phobal na Gaeilge, dúirt siad gur 15 duine a bhí ag teastáil. Sin as 18,000 atá fostaithe sa Státseirbhís. Dar liomsa, ní ghlacann an Stát leis go bhfuil an gá seo le i bhfad i bhfad níos mó daoine atá inniúil ar an nGaeilge. Sa gcomhchoiste sin, tá an Taoiseach agus na hAirí, a bhfuil an dualgas orthu maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, ag fanacht glan orainn. Níor tháinig siad isteach ar an gcomhchoiste dubh, bán nó riabhach go fóill.

Caithfimid aitheantas a thabhairt ó thaobh an obair atá á déanamh ach, i ndáiríre, ó thaobh na Tithe seo agus ó thaobh an Rialtais de, tá i bhfad i bhfad níos mó le déanamh. Coinnigh muid an Rialtas faoi bhrú. Tuigim go bhfuil an tAire Stáit féin go pearsanta ag iarraidh na rudaí seo a bhrú chun cinn ach caithfear tiomantas iomlán Rialtais a bheith taobh thiar de na hiarrachtaí seo.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit, an Teachta Seán Kyne, as a bheith anseo inniu. Rud an-dearfach é go bhfuil sé anseo i rith Sheachtain na Gaeilge. I commend the Minister of State and the Department on their strong commitment to the national language and their support for Seachtain na Gaeilge. It is really important that we see funding, which has been increased in key areas, to support our Irish language over recent years. In particular, the announcement of a grant of just more than €500,000 for a common curriculum for Irish to be used in our third level institutions is extremely positive.

Is féile náisiúnta agus idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge. Tá sé an-tábhachtach go mbainfeadh gach duine sult as. Is í an aidhm atá i gceist léi ná ár dteanga agus ár gcultúr dúchais a spreagadh.

Bíonn neart imeachtaí ar siúl timpeall na tíre agus i dtíortha eile i bhfad ó bhaile freisin, imeachtaí siamsaíochta ar nós tráthanna na gceist, oícheanta ceoil, maidneacha caife agus taispeántais ealaíon. Tugann na himeachtaí ba bheaga cúnamh ollmhór don teanga. Iarrtar ar chuile duine páirt a ghlacadh sa tsiamsaíocht agus an méid is mó a dhéanamh chun cuidiú leis an nGaeilge a neartú. Usáideann Seachtain na Gaeilge an mana "Bain Triail Aisti!" agus nuair a oibrímid uilig ar son pobal Gaelach tá sé éasca aon rud a athrú. Ní neart go chur le chéile.

A number of weeks ago in this House we spoke about the Irish language and its future. Seachtain na Gaeilge is very much an opportunity for all of us to celebrate and to reflect on our national language. Obviously we are very aware that we have challenges and it is difficult that many of us are no longer líofa as Gaeilge but the Department is currently in the process of implementing the 20 Year Strategy for the Irish Language. It is really important that this will allow Irish to be a live language and to become more visible in our society, particularly as a spoken language but also in areas such as signage, literature and the arts.

Tá an Gaeilge fite fuaite inár stair agus inár saolta. Bhí sé seo le feiceáil an bliain seo caite le linn tréimhse comóraidh Éirí Amach na Cásca. Piocadh "Mise Éire" mar phríomhamhrán na hócáidí. Bhí neart imeachtaí reáchtáilte trí mheán na Gaeilge. Cuireadh críoch freisin le hIonad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc, Conamara. Tugann an t-ionad seo aitheantas do Phádraig Mac Piarais agus don tionchar a bhí aige ar an nGaeilge.

Tá sé an-tábhachtach go mbeidh daoine ó chuile aoisghrúpa ag glacadh páirt in ócáidí i rith Sheachtain na Gaeilge agus go mór mór tá sé tábhachtach go mbeidh daoine óga ag glacadh páirt. Tá neart imeachtaí cuairte ar siúl ag grúpaí poiblí agus ag grúpaí eile ar nós Fhoras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge, imeachtaí ar nós scoil surfála agus comórtais ealaíona trí mheán na Gaeilge. Tá neart grúpaí freisin ag eagrú imeachtaí do dhéagóirí a déileáileann le meabhairshláinte. Timpeall na tíre, beidh imeachtaí ar siúl ó Chontae Ciarraí go Contae Ros Comain go Contae Dhún na nGall agus is í an aidhm atá ag na himeachtaí seo ná suim a spreagadh sa Ghaeilge do dhaoine nach raibh suim acu riamh agus chun líon na cainteóirí a mhéadú de réir na straitéise don Ghaeilge. Ag tabhairt tacaíocht do seo tá eagraíochtaí ar nós Pháirc an Chrócaigh agus Reilig Ghlas Naíon ag cur turais ar siúl trí Ghaeilge.

I would strongly encourage each and every person to get out and support Seachtain na Gaeilge over the coming days. There is a very engaging programme of events which has something for everybody. It is very important that we celebrate, get involved and speak our national language. It very much gives Irish people, not just at home but right across the world, a sense of national pride. It is very much an opportunity for these people, who have not used Irish since school, to re-engage and to get involved with the many events taking place in every corner of the country. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Stáit as ucht a bheith linn inniu.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Is breá an rud é go bhfuilimid anseo. Is traidisiúin é ag an bpointe seo go mbíonn plé i nGaeilge go mór mór faoi chúrsaí Gaeilge agus cúrsaí Gaeltachta sa Seanad ag an tráth seo den bhliain. Aontaím leis an méid atá ráite ag mo chomhghleacaithe faoi na rudaí éagsúla atá tábhachtach inár sochaí - na grúpaí, na himeachtaí agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag go leor daoine chun an Gaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn. Is ball mé, ní le fada an lá ach le déanaí, de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán anseo san Oireachtas agus tá áthas orm go bhfuil sé ann agus go n-éirí an comhchoiste sin lena chuid oibre.

Tá sé tábhachtach freisin go n-admhaímid go bhfuil dúshláin ann agus muid ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn sa tír seo. Tosnaíonn an dúshlán anseo san Oireachtas agus go háirithe leis an Státseirbhís. De réir mar a thuigim, mar shampla, ní caitear le stádas an chomhchoiste sin ag an gcaoi céanna ina gcaitear le coistí eile anseo san Oireachtas. Mar shampla, chuala mé tuairiscí go raibh litreacha á gcur ón gcoiste sin chuig Airí éagsúla agus nach raibh an coiste ag fáil freagraí orthu. Is fiú dul i muinín an Béarla chun an méid seo a rá ar fhaitíos nach gcloisfear é ós rud é go ndeirim i nGaeilge é but it is a disgrace if, despite having a joint Oireachtas committee responsible for the Irish language and to ensure the rights of lrish language speakers and of people in the Gaeltacht, Government Ministers and Departments ignore letters coming from that committee in a way that would never happen with letters or correspondence from other Oireachtas committees. There is a real need for a change of attitude around here if that is the case. Admhaímid é.

Bhí tráth ann ina raibh sé riachtanach Gaeilge a bheith ag duine chun post a fháil sa Státseirbhís. Má táimid dairíre go mbeidh daoine in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ba chóir go mbeidh Gaeilgeoirí sa Státseirbhís. Ba chóir go mbeidh dóthain Gaeilgeoirí sa Státseirbhís chun déileáil le daoine agus nach favour a bheadh ann ach go mbeadh ceart ag an duine a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Ba bhreá liom tuairim an Aire Stáit faoi sin. Nár chóir go mbeadh athrú treo anseo agus go gníomhóimid le go mbeadh sé ina riail arís amach anseo go mbeadh Gaeilge ag duine le post a fháil sa Státseirbhís? Muna bhfuil Gaeilge aige bheadh tréimhse áirithe aige chun snas a chur uirthi nó fiú dóthain Gaeilge a fhoghlaim le gur féidir leis a dhualgas a dhéanamh maidir le cearta mhuintir na hÉireann ar mhian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Sin an bhrí. If we are serious about being serious about Irish that is the direction we must go. Nílim ag rá go gcaithfidh sé tarlú thar oíche, ach ba chóir go mbeadh sé ina phlean go mbeimid ag dul sa treo seo arís.

Nílimid ag caint faoi 10% sa bhreis a thabhairt don dhuine san ardteist má dhéanann sé a chuid scrúduithe trí Ghaeilge, táimid ag labhairt faoi rud i bhfad níos dáiríre. Ós rud é gurb í an Ghaeilge príomhtheanga oifigiúil na tíre seo, cén fáth go bhfuil an Státseirbhís chomh bocht sin maidir lena cumas gnó a dhéanamh trí Ghaeilge nuair a iarrann daoine air? Glacaimid leis go bhfuil go leor coinníollacha eile ann má tá duine chun post a fháil sa Státseirbhís - go mbeadh caighdeán áirithe oideachais aige, mar shampla. Ní éagóir é a rá gur chóir go mbeadh Gaeilge ag duine má tá sé ag dul ar obair don Stát.

Maítear go labhraítear os cionn céad teanga ar bhonn laethúil sa tír seo, an Ghaeilge san áireamh. Is sa Ghaeltacht a bhfuil formhór na gcainteoirí dúchais ach, mar sin féin, deireann gach tuairisc go bhfuil meath ag teacht ar an nGaeilge, mar is eol don Leas-Cheann Comhairle, mar theanga phobail agus níos práinne arís, mar a dúirt mé, nach bhfuil an Státchóras ag cabhrú leis an scéal. Is cosúil nach bhfuil mórán tionchair le feiceáil de thairbhe Acht na Gaeilge agus b'fhéidir go bhfuil an Statchóras ag útamáil faoi cheist na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge mar a bhí le blianta fada, in ainneoin an window dressing agus na focail bhinne. Tá dóthain ráite agam faoi seo go dtí seo ach feictear domsa go bhfuil airgead poiblí á chur amú ag an Rialtas maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus go bhfuil dea-mhéin agus dea-spiorad an phobal á gcur amú ar phleanáil teanga i gceantair a n-áirítear fós mar Ghaeltachtaí oifigiúla, mar shampla, ach nach raibh an Ghaeilge á labhairt iontu le fada an lá.

Má tá áiteanna ar nós Tirellan Heights ainmnithe agus aitheanta mar Gaeltachtaí, nach léiríonn sé sin go bhfuil easpa dáiríreacht sa Státchóras? Déantar a leithéid in ionad a bheith ag cabhrú leis na mionlaigh teanga a bhfuil an Ghaeilge sna croíthe acu. Ní féidir teanga a choinneáil beo beathach le cód Stáit agus le tuariscí bladhmannacha neamhréalaíocha.

Nach díol suntais é go bhfuil todhchaí na Gaeilge i mbéal an phobail agus ina cnámh spairne ó Thuaidh, fiú agus an Ghaeilge ag creimeadh ó Dheas? Nach bhfuil sé suntasach go raibh stádas na Gaeilge agus cearta mhuintir na Gaeltachta ina chnámh spairne le déanaí ó Thuaidh i gcómhthéacs an coimhlint idir na haontachtaithe agus Sinn Féin? Tréaslaím leis na polaiteoirí, Sinn Féin ina measc, a dhéanann sárobair chun cur chun cinn na Gaeilge a bhaint amach. Bheinn ag súil leis freisin go bhfuil gach duine ag déanamh a dhícheall chun bheith cinnte nach bhfeictear an Ghaeilge mar ghné d'achrann stairiúil idir daoine. Caithfimid ár seacht ndícheall a dhéanamh le cinntiú go dtuigeann daoine go bhfuil an Ghaeilge ann dóibh uilig, is cuma cén traidisiúin lena mbaineann siad. Ní leor é sin a rá. Caithfimid cinntiú go bhfuilimid ag gníomhú de réir sin agus go bhfuil meon fáilteach ann uilig maidir leis an gcuireadh seo do gach réimse agus grúpa denár sochaí ó Thuaidh agus ó Dheas, gur leo an Gaeilge.

Ní mhaith liom go mbeadh airgead agus dea-thoil na ndaoine á gcur amú ar pháipéarachas agus ar phleananna teanga muna bhfuil bun agus barr leo. Bhíomar ag céiliúradh ár neamhspleáchas agus ár bhféinaitheantas mar Ghaeil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta le comóradh 1916. Is tragóid é, mar sin, go bhfuil meath suntasach tagtha ar an nGaeilge laistigh den Státchóras, mar a dúirt mé, le 20 bliain anuas. Sin fadhbh mhór a chaithfimid réiteach go práinneach. Táim ag iarraidh go mbeidh an Rialtas dairíre amach anseo agus go bhfeicfimid rudaí praiticiúla den sórt ar luaigh mé leis an nGaeilge a chur chun cinn ar mhaithe le cearta lucht labhartha na Gaeilge agus lucht na Gaeltachta.

Ar dtús ba mhaith liom fáilte mhór a chur roimh an Aire Stáit go dtí an Teach seo inniu. Mar is eol dúinn ar fad, Seachtain na Gaeilge atá ann. Tugann an tseachtain seo seans dúinn ár dteanga náisiúnta a chéiliúradh. Tugann an Ghaeilge aitheantas dúinn. Is ár gcéad teanga í, mar sin caithfimid níos mó a dhéanamh chun í a chur chun cinn. Níl seachtain nó dó sa bhliain go leor. Is cinnte go gcaithfimid níos mó airgid a chaitheamh ar a son. Ba chóir dúinn infheistíocht a dhéanamh sa Ghaeltacht agus sna coláistí samhraidh, a dhéanann sárobair ar son na teanga i rith na bliana. Ba chóir go dtugtar pointí breise do Ghaeilge ar ardleibhéal san ardteist chun scoláirí a spreagadh an ábhar a dhéanamh. Tá sé ag obair go an-mhaith don mhatamaitic, cén fáth nach n-oibreoidh sé don Ghaeilge?

Is teanga álainn í an Ghaeilge ar chóir dúinn bheith bródúil aisti. Is cuid tábhachtach don stair í agus caithfimid, mar náisiúin, troid chun í a choinneáil beo agus ag fás.

Táim neirbhíseach mar is í seo mo chéad uair a bheith ag labhairt as Gaeilge sa Seanad. Beidh mé ag déanamh mó dhícheall í a úsáid níos minice as seo amach. Molann Sinn Féin dúinn úsáid a bhaint as an dteanga nuair is féidir linn agus tugtar a lán tacaíochta dúinn. Caithfidh an Rialtas an rud céanna a dhéanamh sa Teach seo agus ar fud an Stáit.

Ní aithníonn an Ghaeilge aon teorainn agus ní ghlacfaimid le haon teorannú ar ár bhféiniúlacht nó ar ár n-oidhreacht. Tuigimid go bhfuil ár dteanga agus ár n-oidhreacht fite fuaite lenár neamhspleáchas mar náisiún agus ár saoirse mar phobal. I ngach glúin dearbhaíodh muintir na hÉireann a cheart chun saoirse agus flaitheas an náisiúin agus táimid á dhearbhú anois. Tuigimid go bhfuil freagracht agus dualgas orainn go léir ár seoid luachmhar a chosaint, a neartú agus a shlánú do na glúine atá romhainn agus dár sinsir. Ar fud na hÉireann tá Sinn Féin ag glacadh na freagrachta sin agus ag seasamh le pobal na Gaeilge i dtaobh chur chun cinn ár teanga agus an cultúr doimhin agus saibhir a bhaineann léi.

Ó Thuaidh, táimid ag seasamh leis an bpobal Gaelach agus ag iarraidh dul chun cinn a bhaint amach sa Tionól i dtaobh Acht na Gaeilge agus straitéis a chur i bhfeidhm in ainneoin cur i gcoinne na naontachtaithe. Leanfaimid orainn ag troid ar son aitheantais.

Ó Dheas tá moltaí curtha os comhair an phobail ag Sinn Féin i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ba chóir go mbeidh Aire sinsearach le freagracht as chur chun cinn an teanga agus forbairt na Gaeltachta, ach is léir go bhfuil easpa tola agus tromchúiseachta i leith na Gaeilge ag na páirtithe eile. Ní le haon duine nó dream amháin an Ghaeilge. Le misneach agus le neart glacfaimid go léir seilbh agus úinéireacht dár bhféiniúlacht agus dár dteanga. Caithfidh an Rialtas in Éirinn agus sa Bhreatain níos mó a dhéanamh chun tacú leis an bpobal Gaelach agus beidh Sinn Féin ag cur brú orthu é sin a dhéanamh.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Ba mhaith liom glacadh leis an deis seo inniu aird a dhíriú isteach ar phointe amháin nó dhá phointe a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta anseo sa tír. Tá dualgas ar an Stát an Gaeilge a chur chun cinn, í a neartú agus í a fhás ach chomh maith leis sin, mar a dúirt an tIar-Chomisinéir Teanga, Seán Ó Currain, seirbhís a chur ar fáil ar chomhchéim, is é sin comhchéim idir an Ghaeilge agus an Béarla, do shaoránaigh an Stáit. Níl sé sin ag tarlú. Sin an fáth a d'éirigh an tIar-Chomisinéir Teanga as a phost ag deireadh 2013.

Ó sin ar aghaidh, tá rudaí ag éirí níos measa de réir a chéile in áit a bheith ag éirí níos fearr. Ó bhunaíodh an Stát go dtí 1974 bhí cumas na Gaeilge ina riachtanas do dhaoine ar mhian leo poist a bhaint amach sa Státchóras nó sa Státseirbhís. Bhí tréimhse trí bliana tugtha do dhaoine chun feabhas a chur ar an gcuid Gaeilge a bhí acu. Ó 1974 tháinig córas nua i bhfeidhm. I leith chórais earcaíochta agus arduithe céime, tugadh 10% sa bhreis do na daoine a bhí Gaeilge acu. Rinne leasú ar an chóras sin sa bhliain 1990 agus íslíodh na marcanna ó 10% síos go dtí 6% ó thaobh buntáiste de dóibh siúd a bhí ag dul i mbun postanna sa Státchóras nó ag iarraidh ardú céime a bhaint amach. Bhí amhras faoi éifeacht an chórais in imeacht na bliana sin. Tháinig sé chun solais dornán blianta ó shin nach raibh leath na Ranna Stáit ag ceadú na marcanna bónais sin ag an am.

Dá bhrí sin, cuireadh deireadh leis an chóras sa bhliain 2013. Cé go raibh an córas ann ag an Rialtas ó 1974 ar aghaidh, ní raibh na Ranna Stáit ag baint úsáide as.

Tháinig córas úr i bhfeidhm in 2013 agus sa chóras sin - an córas reatha atá i bhfeidhm go fóill - cruthaítear painéil trí chomórtais earcaíochta do dhaoine a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu. Déantar iad a cheapadh ó phainéil éagsúla atá bunaithe taobh istigh de na Ranna éagsúla do phostanna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. Mar atá leagtha amach sa straitéis 20 bliain, tá sé ar gach Roinn Stáit na poist sin a aithint. Faoin chóras nua seo, is féidir le suas le 6% de na daoine atá cáilithe do phost sa Státchóras a bheith ar na painéil Gaeilge ach ní cheaptar iad gan post a bheith folamh.

An bhfuil an córas sin ag obair? Níl. Is cosúil nach bhfuil na Ranna Rialtas éagsúla sásta poist a aithint a bhfuil an Ghaeilge riachtanach leo. Níl sé ag tarlú. Tar éis eolas a fháil ó fhreagraí ar cheisteanna parlaiminte, chuir tuairisc.ie suirbhé le chéile ar na mallaibh agus tá sé soiléir, mar a luaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh, nach raibh riachtanas Gaeilge ag ach 15 post trasna na 15 Ranna as 18,775 post sa Státchóras. Sin 0.08% de na poist go léir a bhfuil aitheanta ag an Rialtas seo mar phoist a bhfuil gá le Gaeilge leo. Tá feall uafásach á dhéanamh ag an Stát i gcoinne ár dteanga náisiúnta. Dúirt an Coimisinéir Teanga reatha, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil ag teip go huile is go hiomlán ar an Rialtas i dtaca leis seo.

Cad a thig a dhéanamh? Tá rudaí éagsúla a chaithfidh a bheith déanta. Labhair an tAire Stáit faoin reachtaíocht úr. Cá bhfuil an reachtaíocht sin agus cén uair a bheidh sé os comhair na dTithe seo? Ó thaobh an chomhchoiste a luaigh an Seanadóir Mullen, tá an cohórt coistí bunaithe agus táimid ag iarraidh a bheith ag plé leis na hAirí agus na Ranna Rialtais ach nílimid ag fáil freagraí ar na litreacha fiú atá rúnaíocht an chomhchoiste ag cur ar na Ranna Rialtais sin. Níl an córas mar atá sé ag obair.

Tá athbhreithniú ar siúl ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge ach ní féidir na spriocanna atá leagtha amach sa straitéis a chur i bhfeidhm muna bhfuil an Stát féin sásta seirbhís trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Ní féidir an tseirbhís sin a chur ar fáil muna bhfuil na daoine sa Státchóras in ann é a chur ar fáil. Sin bun agus barr an scéil.

Glaoim ar an Aire Stáit chun críoch a chur leis an díospóireacht.

Gabhaim buíochas le chuile dhuine a thóg páirt sa díospóireacht, go mórmhór na daoine a labhair Gaeilge don chéad uair sa Teach.

Ó thaobh an méid a dúirt an Seanadóir Aidan Davitt, is féidir liom a dheimhniú go n-ardóidh mé an cheist ag an gcéad cruinniú eile leis an Aire Oideachais agus Scileanna, an Teachta Richard Bruton. Tá sé tábhachtach nach gcaillfimid na gasúir óga atá ag teacht tríd na Gaelscoileanna. Tá an ceart ag an Seanadóir go dteastaíonn Gaelscoileanna ag an meánleibhéal gach áit a bhfuil Gaelscoileanna ag an mbunleibhéal faoi láthair. Beidh na daoine sin ag teastáil amach anseo le post a ghlacadh sa tseirbhís phoiblí anseo in Éirinn agus san Aontas Eorpach. Ardóidh mé an cheist leis an Aire a luaithe agus is féidir.

Labhair an Seanadóir Joe O'Reilly faoi dhaoine óga a mhealladh chuig an Ghaeltacht i rith an tsamhraidh. Téann níos mó ná 25,000 duine óg go dtí an Ghaeltacht gach bliain le freastal ar na coláistí Gaeilge. Bíonn tionchar an-mhaith ar iompar teanga na ndaoine óga sin agus tionchar dearfach ar eacnamaíocht na Gaeilge ag eascairt ó na cuairteanna seo. Díreach an tseachtain seo, ceadaíodh ardú ar an deontas caipitil atá ar fáil do mhná tí nua atá ag teacht isteach sa scéim. Chomh maith leis sin, i gcomhar leis an Roinn Caitheachais Phoiblí agus Athchóirithe, táim ag scrúdú an cháis le haghaidh ardú a thabhairt don deontas caipitil a bhfaighidh na mná tí i mbliana.

Luaigh an Seanadóir Treveor Ó Clochartaigh agus an Seanadóir Rónán Mullen cuid de na rudaí céanna ó thaobh sheirbhísí an Stáit, ina measc Acht na dTeangacha Oifigiúla, Acht na Gaeilge sa Tuaisceart agus an córas ateangaireachta i dTithe an Oireachtais. Is féidir liom a dheimhniú go n-ardaíonn an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an cheist maidir le Acht na Gaeilge ó Thuaidh leis an Rialtas sa Bhreatain agus leis na húdaráis ó Thuaidh gach deis a bhfaigheann sé. Ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla, leanfaidh mé leis an athbhreithniú ar an mBille a dhréachtaíodh ach nár foilsíodh riamh. Rinne mé cinneadh gan é a fhoilsiú mar nach raibh sé chomh láidir agus ba cheart agus nach raibh an Freasúra, an Coimisinéir Teanga agus grúpaí ar nós Chonradh na Gaeilge ina fhábhar. Sin an fáth nach bhfuil sé foilsithe roimhe seo. Tá mé ag iarraidh é a láidriú. Tá an earcaíocht lárnach san obair seo agus sin an fáth gur luaigh mé an obair atáimid ag déanamh ó thaobh an phróisis earcaíochta. Is léir nach bhfuil an córas atá i bhfeidhm faoi láthair ag obair go héifeachtúil agus tá obair comhairliúcháin ar bun ag mo Roinn le Ranna eile faoi conas é a fheabhsú. Tá an obair sin fíorthábhachtach agus ag dul ar aghaidh.

Tá an ceart ag an Seanadóir Mullen nach bhfuil sé ceart nach mbíonn seirbhís aistriúcháin againn i dTithe an Oireachtais. Níl a fhios agam cén fáth a tharlaíonn na rudaí seo chomh minic agus a dtarlaíonn siad. Tharla sé inné sa Dáil agus tharla sé ag an gcoiste Oireachtais freisin. Níl sé ceart. Aontaím leis an Seanadóir faoi sin.

Luaigh an Seanadóir Robbie Gallagher infheistíocht sna coláistí samhraidh agus pointí breise san ardteistiméireacht dóibh siúd a dhéanann Gaeilge ag an ardleibhéal. Mar a dúírt mé, tá deontas méadaithe do mhná tí nua ceadaithe againn agus táimid, i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ag breathnú ar an gcás do mhéadú do mhná tí eile. Tá córas nua againn maidir le matamaitic. Níl a fhios agam an bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna ag breathnú ar an gcás le haghaidh an rud céanna a dhéanamh don Ghaeilge. Tá cás ar leith ann ó thaobh an méid daltaí atá ag tabhairt faoi mhatamaitic ag an ardleibhéal. Beidh orm labhairt leis an Aire faoi sin freisin.

Déanaim comhghairdeas leis an Seanadóir Fintan Warfield maidir lena chéad óráid as Gaeilge a dhéanamh sa Teach. I spiorad Sheachtain na Gaeilge a rinne sé é agus molaim é as.

Tá an ceart ag an Seanadóir Brian Ó Domhnaill ó thaobh na seirbhíse poiblí ach ní inné nó inniu gur tháinig an titim ar mhéid na daoine sa tseirbhís a bhfuil líofacht acu sa Ghaeilge. Tharla sé ar feadh blianta. Tá a fhios agam go raibh athrú ar an bpolasaí sna 1970í agus níor athraíodh ar ais arís é. Tá laghdú ar an mhéid daoine a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu sa tseirbhís phoiblí agus táimid chun é sin a athrú. Tá sé deacair intinn na ndaoine sinsearacha agus an cultúr a athrú. Tá Stiúrthóir na Gaeilge, atá in aice liom, agus feidhmeannaigh i mo Roinn beagnach críochnaithe leis an bpróiseas maidir leis na feidhmeannaigh i chuile Roinn chun an polasaí a athrú go dtí go mbeidh painéil lán-Ghaeilge ann agus go mbeimid in ann níos mó daoine le Gaeilge a thabhairt tríd an phróiseas sa Státseirbhís. Sin rud atá lárnach in Acht na Gaeltachta agus sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh an obair sin roimh Acht nua a fhoilsiú. Tá sé sa straitéis freisin.

Luaigh an Seanadóir Maura Hopkins go leor de na rudaí dearfacha atá ag tarlú maidir leis an nGaeilge go ginearálta, go háirithe le linn Sheachtain na Gaeilge. Is féile tábhachtach é atá bunaithe timpeall ar Lá Fhéile Phádraig, ár lá náisiúnta anseo in Éirinn. Tá sé aitheanta anois mar dhlúthchuid dár bhféile náisiúnta, rud a thaispeánann cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge don phobal i gcoitinne. Molaim Conradh na Gaeilge as an bhféile a fhorbairt. Molaim do chuile dhuine sa tír triail a bhaint as an méid Gaeilge atá acu le linn na seachtaine seo.
Mo bhuíochas do chuile dhuine as ucht na ráitis seo. Tá a fhios agam go bhfuil grá don Ghaeilge ag an gcuid is mó de dhaoine sa tír seo agus suim acu inti. Caithfidh chuile dhuine níos mó a dhéanamh chun an Ghaeilge a úsáid sa Teach seo agus an Teach eile agus go príobháideach freisin chun an teanga a úsáid i ngach áit sa tír. Freisin, tá a fhios agam agus aontaím go bhfuil dualgas ar an Stát níos mó a dhéanamh, níos mó seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus níos mó dhaoine le Gaeilge a earcú sa tseirbhís phoiblí. Tá na rudaí sin lárnach sa ról atá agam sa Rialtas agus tá mé ag obair chun rudaí a fheabhsú san am a bheidh mé anseo.

Ar son an tSeanaid, gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo inniu ar an ábhar tábhachtach seo.

Sitting suspended at 2.05 p.m. and resumed at 2.15 p.m.