Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 27 Sep 2017

Vol. 253 No. 5

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2017: Second Stage

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit.

I move: "That the Bill be now read a Second Time."

Cuirim céad fáilte go dtí an Teach nua atá againn roimh an Aire Stáit. Tá súil agam go mbainfidh sé sásamh as. Tá go leor cainte tarraingthe le seachtain anuas ag an ábhar seo. Níor thuig mé go raibh sé chun a bheith chomh tráthúil mar bhí an tábhar roghnaithe againn sula raibh a fhios againn go raibh na hainmniúcháin ó thaobh bhord an údarais le tarlú an tseachtain seo. Leis an mBille atáimid ag tabhairt chun cinn, táimid ag iarraidh athruithe a thug duine de na daoine a chuaigh roimh an Aire Stáit, an t-iar-Aire, an Teachta Dinny McGinley, isteach a iompú ar ais. Ag an am sin cuireadh deireadh leis na toghcháin dhíreacha go dtí bord Údaras na Gaeltachta. Leis an mBille seo táimid ag iarraidh, agus tá súil againn go mbeidh tacaíocht againn ón Seanad ar fad, an nós a bhíodh ann ó aimsir 1979 ar aghaidh a thabhairt ar ais, is é sin, go mbíodh toghcháin dhíreacha go dtí bord Údaras na Gaeltachta le comhaltaí ó na ceantair Gaeltachta ar fad. Táimid ag iarraidh an guth daonlathach sin a thabhairt ar ais do phobal na Gaeltachta.

Agus mé ag breathnú siar ar chuid den stair a bhaineann le toghcháin Údaras na Gaeltachta, tháinig mé trasna ar fhoilseachán darbh ainm Carn, a bhí an-suimiúil. Is éard a bhí ann ná irisleabhar a cuireadh le chéile idir na tíortha Ceilteacha. Bhí píosa scríofa ag Seán Mac Mathúna ag déanamh cur síos ar an chéad toghchán d'Údaras na Gaeltachta in 1979. Dúirt sé:

The elections for this Authority, Údarás na Gaeltachta, were held on 11 December 1979. The campaign was, on the whole, low-key and fought mainly on local issues. It did, however, receive quite an amount of publicity from the media, especially when one recalls that the total electorate was 55,644 people.

The election attracted a total of 34 candidates, 15, 11 and 8 candidates in the Connacht, Munster and Donegal constituencies respectively.

Dúirt sé níos deireanaí: "30,619 people voted in the election: this gave a percentage poll of 55.6%, 0.6% of which were spoiled." Agus dúirt sé: "The main criticism which Conradh na Gaeilge and other groups made of the type of Authority which was being set up was that it would simply be a reconstituted and revamped version of Gaeltarra Éireann (The Industrial Development Agency for the Gaeltacht)."

Dúirt sé:

The Authority lacks power over areas such as planning, as well as the purchase and sale of land in the Gaeltacht. Powers such as these would be necessary for the preservation and development of the Gaeltacht as a Gaeltacht.

Críochnaíonn an t-alt leis sin:

In its statement prior to the elections Conradh na Gaeilge deplored in particular the clause in the Act which established Údaras na Gaeltachta and which imposes under pain of expulsion a guarantee of secrecy on members of the Údaras. The Conradh claimed that this was designed to prevent the elected representatives from publicly expressing dissatisfaction with any aspect of the Authority's activities.

Sílim go léiríonn an pointe deireanach sin, ar luaigh an tUasal Mac Mathúna san eagrán sin de Carn ó1980, ceann de na rudaí faoina mbíonn daoine ag clamhsán liomsa ó thaobh bhord Údaras na Gaeltachta, is é sin, go n-aithníonn siad nach gcloiseann muid mórán faoi céard atá ar siúl ag an údaras ó cuireadh an tathrú i bhfeidhm. Bhíodh díospóireachtaí i bhfad níos poiblí maidir leis an obair ar fad atá ar siúl ag Údaras na Gaeltachta. Bhraith daoine go raibh tionchar acu ar na hionadaithe tofa. Bhíodar ábalta bualadh leo ag cruinnithe poiblí. Bhíodar ábalta caint agus plé leo ar na hábhair a bhí ag déanamh tinnis dóibh. Bhí an glór sin á thabhairt chun cinn ag bord an údaráis.

Tá súil agam go mbeidh tacaíocht againn ó na páirtithe éagsúla agus ó na Baill Neamhspleácha. Tá mé sásta go leor faoi sin. Tá a fhios agam nach mé féin an t-aon duine atá ag rá gur cheart go mbeidh na tóghcháin dhíreacha ar ais ag bord Údaras na Gaeltachta. Tá sé ráite ag an Teachta Éamon Ó Cuív, a bhí ina iar-Aire le freagracht as an Ghaeltacht, go raibh Fianna Fáil ar a shon. Bhí díospóireacht ar an raidió ar maidin. Bhí Seán Ó Neachtain, iar-Fheisire Eorpach agus iar-chathaoirleach ar bhord an údarais, ag rá go gceapann sé gur chóir na toghcháin a thabhairt ar ais. Luaigh Séamus Breathnach, nach bhfuil roghnaithe go huile agus go hiomlán fós ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe le bheith ina bhall de bhord an údarais, go mbraitheann sé féin gur chóir go dtabharfaí ar ais na toghcháin. Ar ndóigh, bhí sé ina pholasaí de Shinn Féin an t-am ar fad gan fáil réidh leis na toghcháin agus go mbeifí in ann iad a thabhairt ar ais. Táimid sásta go bhfuilimid ag fáil an deis seo é a thabhairt chun cinn arís.

Is fiú breathnú ar chomhdhéanamh an bhoird agus cén fáth a gceapaimid go bhfuil deacracht leis an leagan amach i láthair na huaire. In 2005, bhí 20 duine ar bhord Údaras na Gaeltachta. Ag an am sin bhí 11 duine ag an Rialtas as an scór. Bhí os cionn leath ag an Rialtas so bhí móramh aige. Bhí ceathrar ag Fine Gael agus bhí cúigear ann a bhí neamhspleách nó ina mbaill de páirtithe beaga, is é sin 25%. Bhí cothromaíocht réasúnta ansin ach bhí móramh ag an Rialtas. Bhí naonúr acu sin ó Fhianna Fáil, beirt ó na Progressive Democrats, ceathrar ó Fhine Gael, triúr neamhspleách, duine ó Pháirtí an Lucht Oibre agus duine ó Shinn Féin ag an am. Nuair a bhreathnaítear ar an bhord nua a tháinig chun cinn tar éis na ceapacháin in 2012, bhí 12 duine ar fad air. Bhí 75% acu ainmnithe nó ceapaithe ag an Rialtas agus bhain siad le páirithe de chuid an Rialtais. Bhí duine amháin ó Fhianna Fáil agus bhí beirt neamhspleách. Chuir sé sin an tromlach ar an mbord - 75% de na baill - a bhí uilig ar son polasaí Rialtais. Is dóigh nach mbeifí ag súil go mbeadh mórán cainte acu siúd nó aon cháineadh le deánamh acu ar an Rialtas reatha. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin folláin, is cuma cén páirtí atá sa Rialtas. Ba chóir go mbeadh deis ag na baill a bheadh ar bhord Údaras na Gaeltachta.

Ar ndóigh, is eagraíocht Údarás na Gaeltachta a d'fhás as an ghluaiseacht um chearta sibhialta na Gaeltachta agus as an bhrú pobail a bhí ann chun cur i gcoinne an meath ó thaobh cúrsaí fostaíochta agus ó thaobh cúrsa daonra sna ceantair Ghaeltachta. Troideadh go láidir le go gcuirfí a leithéid ar bun. Tá tograí an-fhiúntach ar bun ag Údaras na Gaeltachta ach níl aon dabht go bhfuil cúlú déanta de bharr easpa acmhainní agus easpa tacaíochta ón Stát le riar maith blianta anuas, roimh réimeas Rialtas Fhine Gael chomh maith céanna. Tá riar ceisteanna ann le cúig bliana anuas gur chóir iad a bheith ardaithe agus pléite. Tá cuid acu ardaithe agam féin.

Bhí fochomhlachtaí ag Údaras na Gaeltachta, Arramara, mar shampla. Bhí go leor daoine an-amhrasach maidir le díolachán Arramara. Ba fhochomhlacht iomlán de chuid Údaras na Gaeltachta é ansin agus tá sé díolta le comhlacht príobháideach anois. Bhain go leor rúndacht leis an gconradh agus leis an socrú a rinneadh ansin maidir leis an airgead agus mar sin de. Chonaic muid, i ndiadh an chomhlachta sin a bheith ceannaithe, go ndeachaigh iar-fhostaithe ó Údaras na Gaeltachta ag obair leis an gcomhlacht a cheannaigh Arramara. Bhí ceisteanna ag daoine faoi sin agus faoin chaoi ina bhféadfadh sin a tharlú.

Tá ceisteanna faoi Muintearas. Tá siad sin ardaithe agam i bhfochoiste Oireachtais anseo. De réir mar a thuigim, tá tuairisc bainistíochta ar siúl ó thaobh Muintearas de maidir le deacrachtaí atá san eagraíocht áirithe sin. Bhí an tuairisc sin le bheith foilsithe san earrach. Níor chuala mise go bhfuil sé foilsithe agus rinne mé fiosrúcháin faoin uair a bheadh sé le fáil. Dúradh liom go dtiocfaí ar ais chugam ach níor tháinig. Táimse imníoch faoi na himpleachtaí a bhaineann leis an bhfiosrúchán áirithe sin. Dar liomsa, dá mbeadh níos mó oscailteacht ó thaobh bhord Údaras na Gaeltachta go bhféadfaimis ceisteanna mar sin a bhrú le chéile.

Tá mé féin agus mo chomhghleacaí, an Teachta Peadar Tóibín, i láthair na huaire ag dul ar chuairt ar na ceantair Ghaeltachta le bualadh le muintir na Gaeltachta. Níl aon dabht faoi gurb é an cloch is mó atá ar phaidrín daoine ná cruthú fostaíochta i láthair na huaire - jabanna sna ceantair Ghaeltachta. Tá siad míshásta go leor chomh maith maidir le cúrsaí pleanála teanga sna ceantair Ghaeltachta atáimid tar éis dul ann, mar gur cuireadh go leor dua sa trí phlean teanga a d'fhoilsigh agus a d'fhógair an tAire Stáit an tseachtain seo caite. Cuireadh buiséad, airgead agus costais leis na pleananna a bhí beartaithe, ach tá Údaras na Gaeltachta tar éis iompú timpeall agus a rá gur cuma cén plean atá ann, ní bheidh le fáil ach €100,000 in aghaidh na bliana. Tá daoine beagáinín oibrithe faoi sin.

Tá Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta tar éis ceist na ndeontas reachtála a íoctar leis na comharchumainn a ardú. Rinneadh slad orthu sin le linn na géarchéime eacnamaíochta. Tá sé an-deacair do na comharchumainn maireachtáil. Tá drochchás amach agus amach ag Comharchumann na nOileáin Beag atá lonnaithe i gceantar an Aire Stáit féin. Tá an deontas reachtála atá aige chomh beag go bhfuil sé i mbaol dúnta mura gheobhadh sé tacaíocht breise. D'iarrfainn ar an Aire Stáit breathnú ar sin. Tá an-obair ar bun ansin ag eagraíochtaí eile, ar nós Comhar Naíonraí na Gaeltachta, arís atá ag maireachtáil ar a ngannchuid ach atá ag déanamh scoth na hoibre ar fud na Gaeltachta. Caithfidh mé ardmholadh a thabhairt don obair atá ar bun ag Ealaín na Gaeltachta. Sílim go bhfuil ardobair ar bun aige sin agus go bhfuil sé tar éis cuir le cúrsaí ealaíne sa Gaeltachta. Teastaíonn tuilleadh tacaíochta dó.

Má bhreathnaímid ar Údaras na Gaeltachta, sílim go bhfuil an pictiúr an-lom ó thaobh cá raibh sé in 2006 agus cá bhfuil sé i láthair na huaire. Má bhreathnaímid ar na deontais a bhí ceadaithe ag Údaras na Gaeltachta sa bhliain 2006, cheadaigh sé luach €16 milliún de dheontais. Sa bhliain 2015, an bhliain is deireanaí a bhfuil cuntais againn di, ceadaíodh €2.4 milliún. Chuaigh sé ó €16 milliún síos go €2.4 milliún. Ó thaobh an deontais a íocadh amach in 2006, d'íoc an t-údarás €9.5 milliún amach. In 2015, níor íocadh ach €924,000. Níor íocadh milliún féin amach. Is titim ollmhór é sin ó thaobh an tacaíocht a bhí Údarás na Gaeltachta ag tabhairt do dhreamanna éagsúla sna ceantair Ghaeltachta.

Maidir le h-infheistíocht i scairchaipitil, ceann de na bealaí a bhíodh ag an údarás tacú le comhlachtaí ná go mbíodh sé ábalta scairchaipitil a cheannach. Sa bhliain 2006, rinne an t-údaras infhestíocht de €4.26 milliún i scairchaipitil. Sa bhliain 2015, bhí an figiúr sin ag €445,000 - titim mór arís. Ar ndóigh bhí bac ar earcaíocht in Údaras na Gaeltachta le riar maith blianta. In 2006, bhí 113 daoine ann a bhí ábalta cuid mhaith oibre a dhéanamh. Bhí an figiúr sin titithe go 79 in 2015. Níl mé cinnte cé mhéad atá ann i láthair na huaire, ach b'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann é sin a insint don Teach. Tá sé deacair an obair a chur chun cinn nuair a táthar gann ar fhostaithe. Ó thaobh fostaíochta lánaimseartha, caithfear a rá go bhfuil moladh réasúnta maith tuillte ag an údarás sa réimse sin. Is é an méid daoine a bhí fostaithe i gcomhlachtaí faoi scáth Údarás na Gaeltacht ná 7,953. Bhí sé níos lú in 2015 ach caitear an méid gearradh siar a rinneadh ar na deontais, an easpa foirne agus mar sin de a chur san áireamh. Bhí sé titithe go 7,268, ach i bhfianaise an méid a bhí caillte ag an údaras ó thaobh acmhainní de, rinne sé réasúnta maith.

Is cuimhin leis an Aire Stáit féin go ndearnadh tuarascáil Indecon a léirigh, má bhíothas ag iarraidh cur le fostaíocht sa Ghaeltacht seachas titim a bheith ag teacht air, go dteastódh €10 milliún breise sa mbliain d'infheistíocht. In 2006, bhí caiteachas ar fhoirgnimh de €12 milliún ag an údaras. Bhí €4 milliún caite aige in 2015. Bhí tionscnaimh chultúrtha imithe ó €4.6 milliún in 2006 síos go €3 milliún agus bhí na deontais do thionscail agus caiteachas caipitil imithe ó €27 milliún síos go dtí €6.6 milliún sa tréimhse céanna sin. Léiríonn sé sin domsa gur baineadh na putóga as Údarás na Gaeltachta. Tharla sé sin sin sula raibh Rialtas Fhine Gaeil i gcumhacht.

Bhí sé ag tarlú le linn réimeas Fhianna Fáil chomh maith céanna. Níor chualamar gíog ná míog, i ndáiríre, ó bhord Údarás na Gaeilge. Dar liomsa, sin ceann de na cúiseanna is mó a dteastaíonn uainn dul ar ais agus bord tofa a bheith againn ar Údarás na Gaeltachta, na daoine sin a bheith ag teacht ó phobal na Gaeltachta agus iad roghnaithe ag an dream atá siad ag seasamh ar a son. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit ag tacú leis an mBille inniu.

Gabhaim mo bhuíochas leis an Aire Stáit as a bheith linn don phlé tábhachtach seo. Seolaim comhghairdeas le mo chomghleacaí, an Seanadóir Ó Clochartaigh, as an Bhille a chur os ár gcomhair inniu. Mar a dúirt sé, is Bille thar a bheith tábhachtach agus thar a bheith simplí é chomh maith ó thaobh na cuspóirí atá leagtha amach sa Bhille seo inniu.

Mar is eol don Aire Stáit, le cúpla bliain anuas chonacthas an brú ar féidir pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge araon a chur ar údaráis agus Rialtais chun a gcearta a éileamh. Tá an brú seo cumhachtach, spreagúil agus éifeachtach. Le blianta beaga anuas, is é an t-aos óg is minice atá chun tosaigh sna feachtais seo agus feictear seo sna mórshiúlta dathúla beomhar a bhíonn ar ár sráideanna. Is cuimhin linn uilig na "crogaill" mhóra a bhuail an bóthar cúpla mí ó shin agus iad dearg le fearg mar gheall ar mhasla Arlene Foster i leith na teanga agus lucht a labhartha. Ach ní fiú faic an brú sin mura gcloistear é san áit a bhfuil an cumhacht polaitiúil, mar a ndéantar na cinntí móra. Sin is cúis leis an Bhille atá romhainn inniu: an nasc sin a chur ar bun arís.

Ó thosaigh an ghéarchéim pholaitíochta sna Sé Chontae aimsir na Nollag na bliana seo caite, is é pobal na Gaeilge é féin a tháinig le chéile agus a sheas an fód ar son chearta lucht labhartha na Gaeilge. Bímis cinnte faoi seo. Labhair an pobal leis na páirtithe polaitiúla sna Sé Chontae agus ba ríshoiléir an teachtaireacht a bhí acu. Is é sin go bhfuil cearta de dhíth mar bhunús le haon chomhréiteach nua. Sheas mé féin ar thairseach na gcéadta teach le linn na dtoghchán i mbliana, agus ag mór chuid dóibh dúradh liom an fód a sheasamh maidir le hAcht na Gaeilge aonarach a bhaint amach. Sin pobal na Gaeilge ag rá go díreach le polaiteoir seasamh faoi leith a ghlacadh maidir leis an Ghaeilge agus gan géilleadh. Deirim an méid seo uilig mar tá sé soiléir go gcaithfear an nasc sin idir muintir na Gaeltachta, ar daoine iad a chaitheann a vóta de ghnáth, agus na polaiteoirí féin a bheith láidir agus a bheith soiléir. Mura bhfuil an pobal sásta, ba cheart an rogha a bheith acu an polaiteoir sin a chaitheamh amach. Dar ndóigh, ní chuirfeadh muidne stad nó bac ar bith air sin. Is é sin bunphrionsabal de dhaonlathas ar bith.

Mar a bheadh ar eolas ag cuid mhaith de na Seanadóirí anseo, tá ceathrú Ghaeltachta bhríomhar fhuinniúil againn in iarthar Bhéal Feirste. Aithnítear é mar cheantar faoi leith a bhfuil an Ghaeilge agus oidhreacht na Gaeilge faoi bhláth agus ar marthain i saol na ndaoine a chónaíonn ann agus a thugann cuairt uirthi chomh maith. Rinneadh an cuid is mó dá bhfuil ann faoi láthair mar gheall ar an phobal féin ag teacht le chéile ag tráth a raibh nimh san fheoil ag údaráis halla na cathrach ar gach rud a bhí Éireannach nó Gaelach. Ní chuirfeadh sé iontas ar dhuine ar bith go bhfuil siad thar a bheith cosantach agus bródúil fosta, dar ndóigh, as an cheantar sin. Caitheann daoine vótaí sa cheantar seo mar gheall ar an seasamh atá ag iarrthóir nó an páirtí i leith na Gaeilge agus forbairt na ceathrún Gaeltachta féin. Tá sé aisteach, mar sin, gur féidir le duine i mBéal Feirste nó i nDoire a rá gur féidir leis vóta a chaitheamh bunaithe ar dhearcadh an iarrthóra i leith na Gaeilge ach nach féidir le duine i nGaoth Dóbhair nó i gConamara a bheith cinnte an bhfuil Gaeilge ar bith ag an té a roghnófar le dul ar bhord an Údaráis.

Freagracht atá de dhíth. I gcás Údarás na Gaeltachta, caitear na milliúin euro achan bhliain. I gcásanna mar seo, is mó fós an gá atá le freagracht. Caithfidh muinín a bheith ag an phobal go bhfuil an t-airgead ag dul san áit cheart. Tá an Bille seo ag iarraidh an chumhacht a thabhairt ar ais chuig mhuintir na Gaeltachta in am atá cinniúnach di. Luaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh é ach tá a fhios againn uilig an titim mhór a tháinig ar chaiteachas caipitil an údaráis a thit ó €26 milliún go €6 milliún agus é ag titim i gcónaí.

Ar bhealach tá na Gaeltachtaí uirbeacha i bhfad níos folláine mar gheall go bhfuil na háiseanna uilig i ngar dóibh, go háirithe fostaíocht. Ach ní hionann sin agus an scéal sna Gaeltachtaí imeallacha. Sin is cúis leis an údarás sa chéad áit: fostaíocht a chruthú sna Gaeltachtaí imeallacha chun gur féidir le daoine fanacht mar a bhfuil siad agus mar a bhfuil an Ghaeilge beo. Cás faoi leith atá ann mar is buile tubaisteach do thodhchaí na Gaeltachta mar bhíonn ar fiú teaghlach amháin a bhogadh amach de bharr easpa fostaíochta. Tá ról i bhfad níos tábhachtaí ná comhairlí contae ag Údarás na Gaeltachta ach faoin chóras nua tá an Rialtas agus, caithfimid a rá, Fianna Fáil ag caitheamh leis mar thuath beag dóibh féin le dáileadh amach ar a gcuid cairde.

Is cuimhin liom in 2005 nuair a toghadh Gráinne Mhic Géidigh mar an chéad bhall tofa de chuid Shinn Féin ar an mbord. Chuir sí an fhostaíocht chun tosaigh. Cheistigh sí agus chíor sí na figiúirí a bhain le cúrsaí fostaíochta agus níor sheachain sí an focal géar i leith faillí an údaráis féin. Sin an rud atá ag teastáil ó chomhaltaí úra an údaráis, daoine a chuirfidh an brú ar an Údarás agus ar an Rialtas i gcoitinne thar cheann na ndaoine a thug vóta dóibh. Sin muintir na Gaeltachta iad féin. Faoin chóras mar atá sé anois, is minice go dtaobhaíonn comhaltaí an bhoird le seasamh an Rialtais seachas le mianta agus riachtanais phobal na Gaeltachta.

Impím ar achan Sheanadóir tacú leis an Bhille fíorshimplí seo. Lig do phobal na Gaeltachta guth a bheith acu ar an bhord a dhéanfaidh na cinntí móra ina leithse. Is é pobal na Gaeltachta a bheidh ag maireachtáil sa Ghaeltacht. Murach iad, ní bheidh plean, pobal ná teanga. Tabhair guth do phobal na Gaeltachta. Tabhair guth suntasach láidir dóibh.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. While we in Fine Gael will be opposing the Bill, it is important that we use our time to highlight the work of Údarás na Gaeltachta as an organisation that begins a new era under the newly appointed CEO, Mike Ó hÉanaigh. I wish him all the best in his five-year term and pay tribute to former CEO, Steve Ó Cúláin, for his dedication to the organisation during his time as CEO. The role of Údarás na Gaeltachta in supporting Gaeltacht areas cannot be underestimated. It is positive that the new CEO has confirmed his commitment to increasing the number of Údarás na Gaeltachta backed jobs in Gaeltacht regions to 8,000 by 2020. In this regard, his focus will be on renewable energy, sea and seashore related industry and tourism.

Since its inception more than 30 years ago, Údarás na Gaeltachta has been creating employment and has introduced various initiatives to support the linguistic, economic, cultural and social development of the Gaeltacht. Through its implementation of the 20 year strategy for the Irish language up to 2030, Údarás na Gaeltachta has an incredibly important role in stopping and reversing the erosion of the Irish language, which has been evidenced in Gaeltacht areas for some time. Tá trí chuspóir ag Údarás na Gaeltachta mar a bhaineann sé le cúrsaí geillegair. Tá tionchar suntasach á imirt ag an eagraíocht i réimse leathan tionscnaimh turasóireachta, iascaireachta, bia, na n-ealaíon agus na lámhcheirdeanna. Tá tacaíocht Údarás na Gaeltachta ag imirt tionchar dá réir ar gheilleagar na Gaeltachta agus na tíre. Ó thaobh chúrsaí cultúrtha, tá an teanga lárnach agus tá ról tábhachtach ag an údarás mar a bhaineann sé leis an teanga. Tá Údarás na Gaeltachta an-tábhachtach freisin ó thaobh tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí sóisialta.

In reference to the specific proposal by Sinn Féin, the reintroduction of elections for members of the board of the organisation is unnecessary. In 2012, with the introduction of the Gaeltacht Act, such elections were abolished. As part of the wider reform of Údarás na Gaeltachta, the 2012 Act reduced the number of board members from 20 to 12. Five persons may be nominated to the board, four of which are nominated by each of Donegal, Mayo, Galway, and Kerry, with one person to be nominated from Cork, Waterford and Meath on a two-year rotational basis. The remaining seven persons are appointed by the relevant Minister through the utilisation of the Public Appointments Service. Under the 2012 Act, appointments to Údarás na Gaeltachta were brought into line with similar organisations. More than €1 million has been saved since 2012 with these changes. This is further added to by salary savings related to the reduction in the number of board members.

The reforms introduced in 2012 have not affected the ability of Údarás na Gaeltachta to undertake its work. The nominations by the local authorities have ensured local representation is the key component of the board. If we compare Údarás na Gaeltachta to similar State organisations, it is clear that a board membership of 12 is more than appropriate for an organisation of its size. As Údarás na Gaeltachta enters a new era under its recently appointed CEO, it is well equipped to promote the Irish language and Gaeltacht areas. The organisation has done great work to date in terms of supporting the creation of jobs in the Gaeltacht area, and the commitments in this regard from the CEO are positive.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go dtí an Seanad nua anseo. Tacaíonn Fianna Fáil leis an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2017 atá á thabhairt isteach faoi am na gComhaltaí Príobháideacha de chuid Shinn Féin inniu. Má achtaítear an Bille, déanfar toghcháin dhíreacha Údarás na Gaeltachta a thionól arís, rud nár tharla ó bhí Fianna Fáil in oifig go deireanach. Sa bhliain 2012, chuir an Rialtas a bhí faoi cheannas Fhine Gael deireadh le toghcháin dhíreacha chuig Údarás na Gaeltachta leis an Acht Gaeltachta. D'imir Fine Gael an gilitín ar an mBille sa Seanad agus sa Dáil chun deireadh a chur leis an díospóireacht faoi. Shiúil Teachtaí Fhianna Fáil amach as Seomra na Dála mar agóid.

Agus Sinn Féin. Ceart go leor. Gabhaim mo bhuíochas leis an Seanadóir.

Ba ionsaí ar an daonlathas é nuair a cuireadh deireadh le toghcháin dhíreacha. Bhain sin an chumhacht ó mhuintir na Gaeltachta agus thug an iomarca smachta don Aire. Meallann Údarás na Gaeltachta infheistíocht chuig an Ghaeltacht agus baineann sé é seo amach ach réimse dreasachtaí airgeadais agus neamhairgeadais a chur ar fáil d’fhiontair nua agus d’fhiontair atá bunaithe cheana féin sa Ghaeltacht. Soláthróir tábhachtach fostaíochta is ea Údarás na Gaeltachta agus a bhfuil suas le 400 cliant-chuideachta aige a chuireann fostaíocht ar fáil do bhreis is 7,000 duine ar fud na Gaeltachta i réimsí ar nós bith-leigheas, teicneolaíocht, cumarsáid, turasóireacht, próiseáil éisc agus próiseáil bia.

Tá sé ar cheann de chuspóirí Fhianna Fáil ó thráth a bhunaithe an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo i measc na ndaoine agus cearta na ndaoine a labhraíonn an teanga a chosaint. Tá an teanga náisiúnta ar sheoda cultúir na tíre seo agus ní féidir cur síos ar an tábhacht chinniúnach atá léi dá réir. Agus 100 bliain caite ó tharla Éirí Amach na Cásca, is ríghéar an gá borradh agus brí a chur an athuair sna hiarrachtaí úsáid na Gaeilge a bhuanú agus a fhorbairt. Seasann Fianna Fáil, go deimhin, leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, faoi mar a thug an páirtí chun cinn agus é sa Rialtas, agus lena chur i bhfeidhm. Thug an páirtí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 isteach chomh maith faoina ndearnadh bonn reachtaíochta a chur den chéad uair faoi na cearta maidir leis an teanga atá ina ndlúthchuid den Bhunreacht.

Is díol trua nach raibh aon dúthracht maidir leis an teanga ná le cearta teanga a chosaint ag rith dáiríre leis an Rialtas roimhe seo faoi cheannas Fhine Gael. Ní mór ceannródaíocht leanúnach agus cistíocht ionas go mbeadh rath ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a thabhairt i bhfeidhm. Anuas air sin, leagadh amach mar ghealltanas i gclár an Rialtais sa bhliain 2011 smaoineamh ar dheireadh a chur leis an nGaeilge éigeantach san ardteistiméireacht, léiriú eile ar mheon Fhine Gael. Baineadh geit asainn agus ba ábhar mór díomá dúinn gur cuireadh laghdú 9% ar mhaoiniú caipitil Údarás na Gaeltachta don bhliain 2017. Chuir an ciorrú sin uafás orainn agus chuir Fianna Fáil feachtas ar bun ag iarraidh cistí breise. D'éirigh linn €1.5 milliún breise a aimsiú d'Údarás na Gaeltachta i rith na bliana 2017 sna Meastacháin Fhorlíontacha. Ní mór don Rialtas breis maoinithe a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge in 2018, mar atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge, agus ní mór don Rialtas seasamh leis an socrú muiníne agus soláthair.

Déanaim comhghairdeachas leis an Aire Stáit, an Teachta McHugh. Seo an chéad uair deis a bheith agam comhghairdeachas poiblí a dhéanamh leis sa Teach tar éis dó a bheith ceaptha mar Aire Stáit. Ní hamháin go bhfuil sé freagrach as cúrsaí Gaeilge ach tá sé ina shuí ag bord an Rialtais mar PhríomhAoire an Rialtais. Is mór an buntáiste é sin do chúrsaí Gaeilge mar anois tá glór ag leibhéal ard ag an Ghaeilge agus ag cúrsaí Gaeltachta. Tréaslaím leis faoin obair atá ar bun aige. Tá a fhios agam go bhfuil go leor deontas ceadaithe aige. Cuirim fáilte roimh na deontais sin go léir mar tá siad tábhachtach. Tréaslaím go háirithe leis an Aire Stáit faoin airgead atá ceadaithe aige do ché Machaire Rabhartaigh. Is éacht é sin. Déanaim comhghairdeachas leis faoin obair sin. Is cinnte an rud é go gcuideoidh sé sin le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus, go háirithe, leis na hiascairí agus an pobal ann fosta.

Agus muid ag caint ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí ann ach, ag an am céanna, tá go leor buntáistí ann fosta. Caithfimid a bheith ag comhoibriú chomh maith agus is féidir leis na buntáistí sin a bhaint amach agus iad a chur chun cinn. I dtaca leis an Bhille anseo tráthnóna, a dhéanfaidh leasú ar Acht na Gaeltachta, beidh mise ag tabhairt tacú dó. Measaim gur Bille tábhachtach atá ann. Tá cuimhne maith agam ar an lá a raibh an Seanadóir Ó Clochartaigh, mé féin agus daoine eile i mbun díospóireachta - Dinny McGinley a bhí sa chathaoir an lá sin sa Seanad nuair a bhíomar san áit eile - agus muidne i gcoinne na hathruithe a bhí leagtha amach d'Údarás na Gaeltachta de bhrí go rabhadar ag cur deireadh le toghcháin Údarás na Gaeltachta. Cím go mb'fhéidir go mbeidh an tAire Stáít ag úsáid na hargóinte chéanna inniu agus a úsáideadh ag an am agus é sin go raibh sábháil airgid de €500,000 nó mar sin i gceist muna mbeadh toghcháin ann. B'fhéidir go bhfuil sé sin ceart ach b'fhéidir nach bhfuil. Níl a fhios agam na figiúirí. Tá rud amháin cinnte, áfach. Dá mbeadh toghcháin Údarás na Gaeltachta á reáchtáil ar an lá céanna le toghcháin áitiúla, toghchán ginearálta nó le reifreann, ní bheadh aon chostas sa bhreis ar an Stát. Mar sin, ní ghlacaim leis an argóint sin.

Címid go bhfuil an bord íslithe ó 20 comhalta go dtí dhá dhuine déag. Glacaim gur sábháil airgid é sin. Tá sé sin cinnte. Thugamar tacaíocht don chéim sin. Níl aon cheist faoi sin. Bhí mise ar an bhord ó 1999 go dtí 2012. Tá obair Údarás na Gaeltachta fite fuaite le todhchaí cheantair Ghaeltachta. Tá sé fíorthábhachtach agus ní hamháin do chúrsaí eacnamaíochta ach le cúrsaí sóisialta agus cultúrtha chomh maith. Tá obair iontach déanta ag Údarás na Gaeltachta. Aontaím go bhfuil ardleibhéal scileanna ag Mike Ó hÉanaigh, atá anois ceaptha ina príomhfheidhmeannach. Measaim go bhfuil na scileanna éagsúla ag Steve Ó Cúláin agus ag foireann Údarás na Gaeltachta leis an Údarás a thiomáint chun tosaigh san am atá amach romhainn. Ní ceist í seo faoi fhoireann an Údaráis, faoin executive nó faoi struchtúr an Údaráis. Is ceist í seo faoin daonlathas taobh istigh den Údarás. Beidh a fhios ag an Aire Stáit é seo fosta, ach nuair atá na daoine tógtha ón pobal aníos, tá dualgas orthu dul ar ais go dtí an pobal le tuairimí a fháil agus a nochtú. Muna bhfuil siad ag déanamh an jab ceart, caithfear amach iad ag an chéad toghchán eile. Tá sé sin tábhachtach. Níl an ceangal sin ann anois. Níl an remit nó an láidreacht - strength - ag na comhaltaí dá bhrí sin agus toisc nach bhfuil siad in ann dul go dtí cruinnithe de chuid an Údaráis agus iomlán ionadaíocht a dhéanamh don phobal ina bhfuil siad ina gcónaí ann.

Tá a fhios agam go raibh rí-rá agus conspóid i dtaca le Comhairle Contae Dhún na nGall agus cad a tharla an tseachtain seo. Botún mór é sin. Tá súil agam go mbeidh an chomhairle contae in ann é sin a cheartú. Is droch-chomhartha é nuair nach bhfuil an chomhairle contae atá le cúrsaí toghchánaíochta a thiomáint sa chontae na vótaí acu féin taobh istigh den chamber a chuntais. Is droch-chomhartha amach is amach é sin agus iad ag cur toghcháin ar bun ar fud an chontae. Tá ceist mhór ansin ach sin ceist do lá éigin eile. An pointe ná go haontaím go huile is go hiomlán leis an Bhille. B'fhiú smaoineamh air seo agus toghcháin a reáchtáil, más féidir.

Guím gach rath ar an Aire Stáit. Conallach cosúil liom féin é. Obair thábhachtach atá ar bun aige. Tá sé tabhachtach go mbeadh gach píosa oibre déanta le tacaíocht a thabhairt do phobal na Gaeltachta.

Mar fhocal scoir, mholfainn don Aire Stáit, nuair atá géarchéim tithíochta sa tír agus nuair atá daoine óga i gceantair Ghaeltacht ag iarraidh teach a thógáil dóibh féin, breathnú ar an dheontas tithíochta do dhaoine atá ag iarraidh tithe a thógáil agus a chóiriú suas a thabhairt ar ais arís más féidir. B'fhéidir gur brionglóid é sin ach, ag an am céanna, is fiú breathnú air agus tá a fhios agam go ndéanfaidh an tAire Stáit é sin.

I welcome the Minister of State. I am from the other end of the country, down in Contae Phort Láirge. I support this Bill. I welcome the work which Senator Trevor Ó Clochartaigh has done on it. The maintenance, good governance and support of Ireland's Gaeltacht regions are of extreme importance. They require reforms to the current structure of Údaras na Gaeltachta. As I see it, there are currently a number of problems with the structure of that body, some of which are addressed in this Bill. It focuses primarily on the composition of the body rather than on its operations. I have a number of concerns around this. First, Údaras na Gaeltachta has a proud record of achievements in terms of delivering employment. It supports the economic, social and cultural basis for the sustainability of the Gaeltacht regions in Ireland. Gaeltacht areas, such as my colleague, Senator Alice-Mary Higgins's native area of Connemara, Galway, and my own area of Ring in Contae Phort Láirge, have been offered lifelines through sectoral employment schemes and targeted State-led economic activity.

Occasionally, however, we have seen decisions which have given a wide berth to such activities, such as the sale of the State-run Arramara seaweed harvesting company to a Canadian multinational company in 2014. That sale, which was for an undisclosed sum as per the terms of the sale, was met with much concern at the time, particularly due to the lack of information about the conduct and terms of the sale and the potential effect on those engaged in the hand-harvesting of this important marine resource. Senator Ó Clochartaigh himself spoke out about the issue, as did Senator Conway-Walsh. I suspect Sinn Féin's interest in amending the governance of the body was influenced partly by this affair, but addressing only the composition of the body will not, in itself, correct these issues.

I am also concerned that Údaras na Gaeltachta should not be seen as a party political prize, as so many other bodies of this nature are. We saw a fight between Sinn Féin and Fianna Fáil just this week in Donegal over an appointment to Údaras na Gaeltachta. I am not always against party politics but I am not hopeful that it can have a significant positive effect on the good governance of a body such as this. A non-partisan governing structure should be considered if we are to amend the founding statutes of the authority. That is of course not a reason not to support the Bill before us.

Lastly, I have a remaining concern about the proportions of seat increases on the board proposed by this Bill. I am unclear as to why Senator Alice-Mary Higgins's Galway Gaeltacht region, as fine as it is, should receive such a disproportionate increase over all the other regions in Ireland. That it is the largest area involved and deserves the most representation goes without saying, but to have six representatives when An Rinn in County Waterford, for example, has only one seems disproportionate. Nonetheless, I commend the Senators' work on this Bill and I look forward to it progressing to Committee Stage.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tá brón orm ach níl ach beagán Gaeilge agam - níl me líofa - so I will address the Minister of State as Béarla. I just want to say a couple of things. My colleagues have done all the heavy lifting on this Bill. Last week we had to make a decision as to what our priority for our Private Members' time would be, bearing in mind that we only have two slots before Christmas. We felt that the importance of this Bill and progressing it through the Oireachtas took precedence over the many, many urgent issues which need to be addressed. The reason for that is that we know people in the Gaeltacht areas have been left behind. I myself live in a Gaeltacht area, as do some of my colleagues. It is hugely important that this Bill is supported through the Oireachtas. The situation in areas such as Mayo, where there is a huge geographical spread, means that having county councillors decide who will represent the Gaeltacht areas is not the best way forward. We have seen that in terms of the reduction in investment into the Gaeltacht areas and the different occurrences over the year. People within Gaeltacht areas deserve to have somebody to represent them.

I take on board my colleague's remarks in terms of the board being party-political. I believe the people in the Gaeltacht areas will decide cross-party and vote cross-party because they know the urgency of addressing their needs. That is why we need to reinstate direct elections for people living within the Gaeltacht so that they can choose who they want to represent them, regardless of what party, if any, they are from. They can then be part of the decision-making process and hold their representatives accountable.

The Mayo Gaeltacht is even more isolated than others. Employment and basic services are a necessity. I hear time and time again - I heard it from a Minister earlier today - that we are now in full employment. Overall Government policy is aimed and formed on the basis that we are living in a situation of full employment, but we are not. There are areas in Mayo and the Mayo Gaeltacht with unemployment rates of 30% or more. That is notwithstanding the huge emigration which has also savaged these areas. In fairness to the Minister of State, he has been to all of these areas and has shown a keen interest in what is happening there. He will have seen for himself that, looking around, one sees no young people. Senator Ó Clochartaigh and myself will soon be the youngest people in the Gaeltacht areas in which we live. That is not a good sign. They young people are not there anymore because the career prospects which need to be there are not. There is also the issue of isolation. Those young people cannot live in the Gaeltacht areas and are therefore forced to emigrate. They cannot have their families there and elderly people are left living on their own.

The Minister of State will know of the centres which Údaras na Gaeltachta has in Gaeltacht areas, such as in Aughleam, Tourmakeady and Carratigue in my own constituency, or Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla. He will know of the good work which they do in these community projects, as well as in servicing the language need for the employment base in those areas. He will also know of the difficulties with Leader programme funding and the lack of feedback to the údaras. This is leading to more unemployment. This feedback needs to get back to Údarás na Gaeltachta. That is why a direct voice from the Mayo Gaeltacht is needed. I am very concerned that, in a few months time, Mayo will be left without any representative at all.

In respect of the stipulation that no one can serve more than two terms on the board of Údaras na Gaeltachta, can the Minister of State explain whether anybody who has been on the board for a number of terms, including before the changes were made, is excluded from going forward again?

The Minister of State will also know that the language plan currently being put together for Mayo needs adequate funding. The plans have been published, but not enough people are employed to implement them. The Mayo Gaeltacht area is geographically spaced out and remote and it is vital that these resources are given. We have many lessons to learn from the North in terms of the Líofa programme and the many innovative things which can be done in the Gaeltacht areas if they are resourced properly. I know my colleagues, Deputy Tóibín and Senator Ó Clochartaigh, are currently on a tour of the Gaeltacht areas.

They, as well as I, consistently hear that employment and, therefore, Údarás na Gaeltachta are the most important factors in the viability of the Gaeltacht. I therefore ask the Minister of State to resource Údarás na Gaeltachta properly and to reintroduce the democratic process into it. Let people in the Gaeltacht area decide who they want to represent them and let us have viability and vibrancy within the Gaeltacht areas again to enhance and add value to the wonderful volunteer work that is being done in Gaeltacht communities. These are resourceful communities and we are very proud of them. They deserve to have priority, which is why we selected this Bill for Private Members' business tonight, that is, it is so hugely important.

Gabhaim mo bhuíochas le Seanadóirí fá choinne an seans labhairt leo inniu. Tá lúcháir mhór ormsa, mar Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, a bheith anseo inniu agus táim buíoch as ucht an deis atá tugtha dom a bheith páirteach sa díospóireacht ar Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2017. Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí a chur an Bille seo ar an gclár. Táim cinnte de go mbeidh plé stuama agus tairbheach faoin ábhar. Is dóigh gur fiú léargas gairid a thabhairt ar ról agus ar thábhacht Údarás na Gaeltachta mar a bhaineann sé le leas na Gaeltachta agus na Gaeilge. Is fiú chomh maith céanna léargas a thabhairt ar fhorálacha Acht na Gaeltachta 2012 mar a bhaineann le bord an údaráis. Ina dhiaidh sin, beidh deis ag comhaltaí an Tí seo a gcuid tuairimí a nochtadh agus plé a dhéanamh faoin ábhar.

Mar a bhaineann sé le ról an údaráis, níl aon amhras ach go bhfuil obair thábhachtach déanta ag an údarás anuas tríd na blianta ar mhaithe le saol eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta phobal na Gaeltachta a chur chun cinn. De thoradh na hoibre atá ar bun ag foireann dhíograiseach an údaráis ar son na Gaeltachta ar bhonn leanúnach, tá deiseanna fostaíochta agus fiontraíochta cothaithe agus cruthaithe ag an údarás i gceantair nach bhfaigheadh na deiseanna sin murach gur ann don eagraíocht. Is cinnte gur éirigh leis an eagraíocht infheistíocht shubstaintiúil a mhealladh chun na Gaeltachta ón uair a bunaíodh í. Ní gá a rá go bhfuil an obair atá déanta agus idir lámha ag an eagraíocht thar a bheith tábhachtach chun pobal bisiúil na Gaeltachta a chaomhnú agus a chothú.

Is ábhar sásaimh é, mar shampla, gur éirigh leis an údarás 559 post a chruthú anuraidh agus go raibh 80 duine breise fostaithe i gcuideachtaí Údarás na Gaeltachta ag deireadh na bliana 2016 thar an méid a bhí fostaithe sa bhliain roimhe sin. Bhí 7,963 post i gcliant-chuideachtaí an údaráis ag deireadh na bliana. Maidir le tacaíocht mo Roinne don údarás, ní miste dom a lua go bhfuil allúntas breise ar fiú €1.5 milliún in airgead caipitil curtha ar fáil agam don údarás i mbliana, chomh maith le €2.4 milliún anuraidh. Fágann sé sin go bhfuil €3.9 milliún sa bhreis ar an mbunlíne curtha ar fáil don údarás thar dhá bhliain anuas, idir 2016 agus 2017. Táim sásta go gcuirfidh an soláthar breise seo ar chumas an údaráis tuilleadh chun cinn a dhéanamh ar roinnt tograí caipitil atá ar na bacán acu le tamall, rud a chiallaíonn go gcuirfear ar a chumas na poist atá cruthaithe ann cheana féin a chosaint tuilleadh chomh maith le breis fostaíochta a chruthú. Tuigim go bhfuil sé mar aidhm ag an údarás 500 post nua a chruthú sa Ghaeltacht sa bhliain reatha.

Maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tá cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012 i gcroílár chur i bhfeidhm na straitéise mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an údarás maidir le cur i bhfeidhm an phróisis sin go dtí seo, i gcomhréir lena gcuid freagrachtaí ina leith, mar a leagtar amach iad faoin Acht. Ag an bpointe seo, tá an próiseas chun pleananna teanga a ullmhú ag leibhéal an phobail tosaithe i ngach aon cheann den 26 limistéar pleanála teanga Ghaeltachta atá leagtha amach faoin bpróiseas agus obair idir lámha ag an údarás chomh maith chun go dtosóidh an próiseas sa Chlochán Liath agus i mBéal an Mhuirthead chomh luath is féidir. Ó thosaigh cur i bhfeidhm an phróisis, tá allúntas airgid curtha ar fáil go bliantúil ag mo Roinn don údarás chun cúram a dhéanamh de agus tá an t-allúntas sin ardaithe gach bliain as a chéile. Mar a bhaineann sé leis an mbliain reatha, tá allúntas ar fiú €735,000 curtha ar fáil chun cabhrú le feidhmiú rathúil an phróisis.

Ba mhaith liom díriú anois ar Acht na Gaeltachta agus an dá chuspóir go príomha a bhí ann lena achtú cúig bliana ó shin. Ba iad na cuspóirí sin ná bunús reachtúil a thabhairt do phróiseas pleanála teanga, a bhfuil tagairt déanta agam dó, ar mhaithe le tacú tuilleadh leis an Ghaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht. Ba é an dara cuspóir ná leasú a dhéanamh ar an chaoi a roghnaítear comhaltaí bhord an údaráis chomh maith le leasú a dhéanamh ar chomdhéanamh an bhoird ó thaobh an líon comhaltaí a bheadh air. Mar cheann de phríomh-leasuithe a rinneadh san Acht mar a bhaineann le bord an údaráis, cuireadh deireadh leis an gceanglas i ndáil le toghcháin phoiblí dhíreacha chun an bhoird. Chomh maith leis sin, rinneadh laghdú ar an líon comhaltaí ar an mbord ó 20 comhalta do dtí dhá dhuine dhéag. Faoin Acht, ceapann an tAire seachtar de na comhaltaí seo, an cathaoirleach san áireamh. Ina theannta sin, ainmníonn na húdaráis áitiúla, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse faoi seach, an cúigear comhalta eile don Aire i gcomhair ceapacháin. I gcás comhaltaí a ainmnítear don bhord i gcás Chomhairle Contae na Mí, Phort Láirge agus Chorcaí - áit a bhfuil na ceantair is lú Gaeltachta i gceist - is tréimhse dhá bhliain a bhíonn ag na comhaltaí sin faoi seach. Is é an tAire Stáit ag an am, a chinn, trí chrannchur in 2012, an t-ord ina gceaptar comhaltaí thar ceann na n-údarás áitiúil sin. I gcás nach féidir le comhairle contae duine dá comhaltaí tofa a ainmniú ar chúiseanna neamh-infhaighteachta nó mí-oiriúnachta, féadfaidh an chomhairle contae sin duine seachas ionadaí tofa a ainmniú. Ní gá go mbeadh an té a cheapfaí ina chónaí sa Ghaeltacht. I mbliana, ag deireadh mí an Mheithimh, bhí 86 fostaí ag an údarás agus, i mo thuairimse, beidh an bord níos éifeachtaí, níos teinne agus níos éifeachtúla.

Is mian liom a chur in iúl don Teach seo go bhfuil cinneadh glactha ag an Rialtas cur i gcoinne an Bhille atá os comhair an Tí seo inniu ar roinnt cúiseanna. Ar an gcéad dul síos, tagann deireadh le tréimhse an bhoird reatha ar 19 Mí na Samhna 2017. Mar a mbeifí ag súil leis, dá réir, tá tús curtha ag mo Roinn cheana féin leis an phróiseas chun comhaltaí a cheapadh don bhord nua. Mar chuid den obair ullmhúcháin sin, seoladh litreacha chuig comhairlí contae na Gaillimhe, Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus Chiarraí faoi seach ar 21 Iúil 2017 ag tabhairt cuireadh dóibh duine a ainmniú chun a bheith ceaptha ag an Aire ar bhord nua an údaráis. Mar atá a fhios ag na Seanadóirí ó pháirtithe Shinn Féin agus Fhianna Fáil, bhí an toghchán nó comórtas poiblí sin i nDún na nGall an Luan a chuaigh thart. Tuigtear dom, go deimhin, go bhfuil comhairlí contae tar éis ainmniúcháin dá gcuid a sheoladh chuig mo Roinn cheana féin.

Ina theannta sin agus mar a bhaineann sé leis an chaoi a roghnófar an chuid eile den bhord, tá obair idir lámha ag ma Roinn i gcomhar leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir leis an seachtar comhalta atá le ceapadh ag an Aire. Faoin socrú seo, fógrófar go poiblí, i gcomhréir leis na cleachtais reatha atá i bhfeidhm maidir lena leithéid, go bhfuil bord úr le roghnú. Tabharfar an deis go poiblí d’éinne gur spéis leo a bheith san áireamh chun críche ceapacháin chuig an mbord. Tá bailchríoch á cur faoi láthair ar an obair seo i dtreo a bheith in ann iarratais a lorg go poiblí gan mhoill.

Mar thoradh ar an laghdú ar líon na gcomhaltaí ar an mbord ó scór duine go dtí dhá dhuine dhéag, chomh maith le cur i bhfeidhm an phrionsabail duine amháin, tuarastal amháin de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a tháinig chun cinn in 2011, tá sábháil airgid ar fiú tuairim is €180,000 á giniúint don Státchiste in aghaidh na bliana. Lena chois sin, ós rud é nach bhfuil toghcháin phoiblí á reáchtáil a thuilleadh gach cúig bliana, tá an costas a bhíodh bainteach leo, ar fiú thart ar leath mhilliún €500,000, á sheachaint. Fágann sé seo go bhfuil caiteachas de tuairim agus €1.9 milliún d’airgead an cháin-íocaitheora sábháilte ó tháinig an tAcht i bhfeidhm in 2012. Is beag duine a d’easaontódh liom nuair a deirim go bhféadfaí an t-airgead seo a chaitheamh ar bhealach a rachadh níos mó chun sochair do phobal na Gaeltachta seachas trí thoghcháin a reáchtáil. Ní léir dom gur imir an laghdú a rinneadh ar líon an bhoird ó 20 go dhá chloigeann déag aon droch-thionchar ar chumas an bhoird iad féin chun a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach ar leasa an údaráis ó tháinig an socrú i bhfeidhm. Ní léir dom ach an oiread gur chuir an socrú nua isteach ar ábaltacht na heagraíochta iad féin, a cuid dualgas ar fad a chomhlíonadh go héifeachtúil agus go héifeachtach.

Ní miste a rá go léiríonn taighde idirnáisiúnta agus taithí ón iliomad boird Stáit in Éirinn go gcuidíonn sé le bord a bheith ag feidhmiú ar bhonn éifeachtach má bhíonn líon na gcomhaltaí réasúnta teoranta - idir deichniúr agus 12, nó mar sin.

Cinntíonn ceapacháin na seachtar comhalta a thagann tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, chomh fada is féidir, go bhfuil daoine cumasacha le saineolas agus scileanna cuí i réimsí gnímh an údaráis á gceapadh ag an Aire ar an bhord. Ba mhaith liom a lua fosta go mbíonn ar gach duine a cheapfar a dheimhniú don Aire go bhfuil taithí acu, nó go bhfuil cumas léirithe acu, i ndáil le nithe a bhaineann le feidhmeanna an údaráis, lena n-áirítear an cumas chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach i nGaeilge, rud atá thar a bheith tábhachtach.

Sa chur chuige seo uile, tá bunphrionsbal an daonlathais fite fuaite tríd an bpróiseas sa mhéid is gur féidir le húdaráis áitiúla, a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina gcúram, líon áirithe comhaltaí a ainmniú don bhord. Lena chois sin, faoi mar atá léirithe agam, tá an deis ag saoránaigh na tíre a bhfuil an spéis agus na scileanna acu, in ann iad féin a chur chun tosaigh chun a bheith san áireamh chun críche ceapacháin don bhord, rud a thagann go hiomlán le bunús an daonlathais agus a luíonn isteach leis na dea-chleachtais reatha mar a bhaineann siad le ceapacháin do bhoird Stáit.

Dá mbeimis chun dul ar ais chuig seanchóras na dtoghchán, a bhí amscaí agus costasach, agus líon na gcomhaltaí le hardú, d’fhágfadh seo go mbeadh ar an údarás na costais reatha bhreise a sheasamh as an soláthar atá acu agus, mar thoradh ar sin, bheadh gá le ciorrú a dhéanamh ar an soláthar atá in úsáid ag an údarás do sheirbhísí tús-líne, seirbhísí atá i bhfad níos tábhachtaí ná aon cheo eile mar a aithneoidh an Teach. Anuas air sin, bheadh ar mo Roinn a dhéanamh amhlaidh maidir le costas na dtoghchán ag am a bhfuil éilimh ar leith ag teacht ó phobail na Gaeltachta ar mhaoiniú ó mo Roinn.

Táim sásta mar sin go bhfuil an chaoi ina roghnaítear an bord faoi láthair sásúil agus go dtagann sé le gach dea-chleachtais mar a bhaineann sé le ceapacháin boird Stáit, go bhfuil an cur chuige reatha ag imirt dea-thionchar ar fheidhmíocht an bhoird agus ar ábaltacht na heagraíochta a cuid dualgais ar fad a chomhlíonadh go sásúil, go bhfuil comhdhéanamh an bhoird ó thaobh an líon comhaltaí air comhréireach le feidhm agus toirt na heagraíochta, agus go bhfuil an cur chuige reatha éifeachtach ó thaobh chostais de.

Gabhaim buíochas leis an Teach as an deis chun páirt a ghlacadh sa phlé maidir leis an mBille seo agus go bhfuil léargas tugtha agam faoin gcúis go bhfuil an Rialtas i gcoinne an leasaithe ar Acht na Gaeltachta atá faoi chaibidil tráthnóna.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit, cé nach glacaim lena chuid anailíse ar an gceist ar chor ar bith agus ní aontaím leis an gcur chuige atá aige.

I had indicated.

Is Senator Ó Clochartaigh willing to give way?

In welcoming an tAire Stáit ba mhaith liom cúpla focal a rá mar gheall ar an ábhar tábhachtach seo. In wanting to speak I am cognisant of the fact there are far more eminent people from the Gaeltacht present, but as someone who has a Gaeltacht region in his county, who recognises the importance of our language and who tries to use it uaireanta sa Teach seo, agus tá díomá agus brón orm nach bhfuil Gaeilge líofa agam, I recognise the great challenges we face as an island nation with our own distinct language and culture. Recently I took umbrage at the decision of Bank of Ireland regarding its new ATMs. I was struck both by the number of people who made contact to criticise the decision because of the connection they have with the language, particularly through their children going to Gaelscoileanna, but also by the number of people who thought it was not an important topic and that we should not be discussing it.

In saying that, this motion is welcome. I would look at what has happened since we changed the structure of Údarás na Gaeltachta. Employment in Gaeltacht companies is at a seven-year high. We have seen investment and business growth and development. If one takes 2016, for example, we saw the creation of 550 new jobs. Senator Ó Clochartaigh and I have in common that there has been net growth in the Gaeltacht regions of our counties, Cork and Galway. I know it is not just about creating employment but about making a strategic decision. If we are to be honest, the current structure of the board does not constitute a democratic deficit. There are elected positions and there is a rotation between Cork and Waterford. Seven people are appointed. I am certainly of the view that our Gaeltacht regions benefit from these strategic appointments. If we look at the way in which we have changed the summer colleges sa Ghaeltacht and the bean an tí model, there are now more people going to the Gaeltacht over the summer to learn Irish because of the importance of our language.

I am not saying that Senator Ó Clochartaigh is doing this with his Bill, and I welcome the opportunity to speak on it, but I would be afraid that we are going to politicise the board and our Gaeltacht structures again. I spoke to Senator Ó Donnghaile on the Order of Business yesterday about the importance of the Irish language in the North of our country. The Minister, Deputy Coveney, has been very strident in this regard, as has the Government. The Minister of State, Deputy McHugh, in coming back to the Department, brings back a learned example of what many of us experience with our language. I would hate for us to dilute our language and our culture but I would worry that the unintended consequence of this Bill would be to mitigate what we are trying to do, which is to promote investment and jobs and make our Gaeltachtaí living areas where people want to live and raise their families. If one looks at what is happening in many parts of the Gaeltachtaí, that is not happening. I complimented Senator Grace O'Sullivan this morning on the Order of Business. The small act of Senator O'Sullivan sending a postcard to all of us over the summer epitomised the importance of our post offices as hubs of our communities. Similarly, our language is important in many parts of our country.

I was very proud that the Minister of State, Deputy McHugh, recently announced that he was designating Cork city as a Gaeltacht area in terms of being able to promote the language because there are people in pockets of the city of Cork and in other parts of our country who want to be able to speak as Gaeilge. I am one of them. I probably use more Irish abroad than I do at home because my partner has fluent Irish and we communicate through Irish because it is our language. It is about promoting the culture of our language. It is a badge of pride that we have our own distinct language and culture. Senator Warfield can do that if he likes.

I will finish on this as I am digressing a bit, but the caretaker in the John F. Kennedy Presidential Library and Museum in Boston is from the heart of Dingle and he was very impressed that there were two guys speaking as Gaeilge in the museum. He was thrilled. Similarly, we met a woman on the underground, the T, in Boston, who was delighted that there was people from her own homeland speaking as Gaeilge. Tá díomá orm nach bhfuil Gaeilge flúirseach agam. I would encourage us to have a further debate on this rather than divide the House and put it to a vote because I believe we should not do that. I recognise Senator Ó Clochartaigh's right to do so.

This is an important debate. It is about the structure, and about how we can locate our Gaeltachtaí strategically within the heart of Government. I believe we have done so, and what an iar-Aire, an Teachta McGinley, did has been a success. The proof is in the number of people now back at work in our Gaeltacht regions.

Is dóigh liom go bhfeádfainn cur síos ar fhreagra an Rialtais ná go bhfeiceann sé an costas atá leis an toghchán ach ní bhfeiceann sé an luach. Sílim gur thagair an Seanadóir Ó Domhnaill don daonlathas agus do chearta daonlathacha ó thaobh daoine agus na cinntí atá á ndéanamh. Tá na staitisticí lom go leor. Rinne Donncha Ó hEallaithe tráchtaireacht agus anailís ar na figiúirí daonáirimh ar son tuairisc.ie tamaillín ó shin. Dúirt sé, agus é ag breathnú air ó thaobh na príomhcheantair Ghaeltachta, go bhfuil, "laghdú suntasach tagtha ar dhaonra chuid de na ceantair Ghaeltachta i gCatagóir A, na ceantair is láidre ó thaobh úsáid na Gaeilge sa tír – Iorras Aithneach (-8.7%), Ceantar na nOileán (-6.4%) agus Camas/Ros Muc (-4.9) i gConamara agus, i nDún na nGall, an ceantar láidir Gaeltachta thart ar Ghaoth Dobhair agus Gort an Choirce ar a dtugaim Iarthuaisceart Dhún na nGall (-6.6%)".

Cinnte go bhfuil meath mór daonra sna ceantair Ghaeltachta. Tá go leor daoine imithe ón aois-ghrúpa 18 go 40. Teastaíonn a leithéidí Údarás na Gaeltachta atá maoinithe go maith agus atá ag feidhmiú mar is ceart le fostaíocht a chruthú don aois-ghrúpa áirithe sin.

Feiceann muid arís na ciorruithe agus cuid de na botúin atá déanta ó thaobh an infheistíocht a bhí á dhéanamh. Mar shampla, in earnáil an bhia in 2006, bhí €7.7 milliún á infheistiú. Tá sé sin laghdaithe in 2015 go dtí €1 milliún. Sin laghdú de 87%. Bhí €3.059 milliún á chaitheamh ar acmhainní nádúrtha ach bhí sé sin síos go dtí €83,000 in 2015. Sin laghdú de 97% san infheistíocht san earnáil sin. B'fhéidir ceann de na hearnálacha is mó a bhfuilimid ag brath air sa Ghaeltacht ná seirbhísí. Bhí infheistíocht de €12.2 milliún á dhéanamh in 2006 ach bhí sé sin síos go dtí €3.2 milliún in 2015. Sin laghdú de 75%. Teastaíonn an infheistíocht den chineál sin uainn sna réimsí sin leis na daoine sin a choinneáil sa gceantar.

Caithfimid smaoineamh ar an acmhainn daonna. Fáiltím roimh an gceapachán nua mar phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta agus guím gach rath ar Míchéal Ó hÉanaigh. Táimid buíoch de Stiofán Ó Cúláin atá imithe as oifig agus de chuile dhuine atá ag obair san Údarás. Tá aithne phearsanta agam ar go leor leor daoine ann. Tá a lámha ceangailte ar go leor bealaí, áfach. Má bhreathnaíonn muid siar ar chuid de na cláir a bhí ag feidhmiú in 2016 i gcomparáid le 2015, bhí 270 duine páirteach sa gclár foghlamtha fadsaoil ach níl tagairt dó i dtuairisc 2015. Bhí 13 duine ag staideanna éagsúla den scéim printíseach ag an am sin ach 68 duine atá i gceist in 2015. Bhí 55 duine agus 22 fochéimí ar thaithí oibre mar pháirt den scéim forbartha bainistíochta ach 30 duine atá páirteach ann in 2015. Maidir leis an scéim do bhainisteoirí cúnta a bhí ag feidhmiú faoi scáth na gcomharchumann, bhí dhá dhuine déag páirteach agus cúigear acu le comharchumainn oileánda, ach tá an scéim sin imithe in 2015. Bhí seirbhísí scoileanna ar nós gairmthreoir, scileanna staidéir, ceardlanna físeáin, comórtas fiontraíochta ar bun. Ó thaobh na hollscolaíochta de, tá gearradh siar mór déanta ansin. Bhí ocht gcúrsa lánaimseartha agus 6 chúrsa páirtaimseartha le 93 duine lánaimseartha i gceist ach tá sé sin gearrtha siar. Tá na haerstráicí díolta. Chonaic muid an raic a bhí ansin agus na deacrachtaí a bhain le conradh Aer Árann dá bharr. Bhíodh €250,000 ag baint leis an togra Gníomh don Ghaeltacht a thug an-mhisneach agus an-tacaíocht do na heagraíochtaí pobail ach tá sé sin imithe. Sin €250,000 eile imithe ó na ceantair sin. Ba fhoinsí airgid ansin uilig a bhí thar a bheith tábhachtach agus thar a bheith luachmhar. Tá gá leis na hacmhainní sin a thabhairt ar ais.

Ní ghlacaim leis na hargóintí maidir leis an gcostas a bheadh ar an toghchán. Dá bhféadfaí é a reáchtáil an t-am céanna leis na toghcháin áitiúla, bheadh sé indéanta.

Ó thaobh chás na gcomhairleoirí contae, cén fáth gur chóir go mbeadh duine atá lonnaithe, mar shampla, i gContae na Gaillimhe, atá in ann dul go Baile Átha Cliath níos sciobtha ná tá siad in ann dul siar go Carna, b'fhéidir go bhfuil eolas níos fearr aige nó aici ar Bhaile Átha Cliath, cén fáth go mbeadh sé nó sí ag roghnú duine le dul ar bhord Údarás na Gaeltachta. Go minic sna comhairlí contae, níl ach duine nó dhó le Gaeilge gur féidir a roghnú. Cuireann siad an "token Gaeilgeoir" ar bhord Údarás na Gaeltachta seachas duine ón bpobal atá gníomhach sa bpobal a roghnaíodh ón bpobal.

Beidh muid ag brú an rud seo chun vóta. Tá sé fíorthábhachtach. Fáiltim roimh an Aire Stáit eile. Tá mé ag ceapadh go mb'fhéidir go dtacódh an tAire Stáit eile dá bhfaigheadh sé deis cainte ar an ábhar seo leis an mBille atá muid ag cur chun cinn. Tá muid buíoch de na dreamanna eile atá ag tabhairt tacaíochta dúinn ar an ábhar seo. Nuair a thiocfaidh sé chun vóta, beidh muid ag iarraidh an vóta a bhrú chun cinn. Tá súil agam go dtiocfaidh muid tríd na staideanna eile, má éiríonn linn, chomh luath agus is féidir. Le tacaíocht traspháirtí, féadfadh muid é seo a chur i bhfeidhm.

Bhí an tAire Stáit ag labhairt faoi na hainmniúcháin a bheith tagtha isteach. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe iontach sciobtha leis an gcomhfhreagras. Bhí neart amanna eile, áfach, a raibh Airí Stáit agus na litreacha céanna suite ar an mbord ar feadh míonna sular cheap siad aon duine. Níl aon duine ceaptha ar bhord Údarás na Gaeltachta go fóill. Níl aon deifir leis. Dá gcuirfí an reachtaíocht tríd go sciobtha, d'fhéadfadh muid dul leis na toghcháin arís an bhliain seo chugainn agus síneadh a chur leis an tréimhse atá ar an mbord reatha.

Question put:
The Seanad divided: Tá, 22; Níl, 18.

  • Ardagh, Catherine.
  • Boyhan, Victor.
  • Clifford-Lee, Lorraine.
  • Conway-Walsh, Rose.
  • Daly, Paul.
  • Davitt, Aidan.
  • Devine, Máire.
  • Gavan, Paul.
  • Higgins, Alice-Mary.
  • Horkan, Gerry.
  • Lawless, Billy.
  • Leyden, Terry.
  • Mac Lochlainn, Pádraig.
  • Murnane O'Connor, Jennifer.
  • Ó Céidigh, Pádraig.
  • Ó Clochartaigh, Trevor.
  • Ó Domhnaill, Brian.
  • Ó Donnghaile, Niall.
  • O'Sullivan, Grace.
  • Ruane, Lynn.
  • Warfield, Fintan.
  • Wilson, Diarmuid.

Níl

  • Burke, Colm.
  • Burke, Paddy.
  • Butler, Ray.
  • Buttimer, Jerry.
  • Byrne, Maria.
  • Coffey, Paudie.
  • Coghlan, Paul.
  • Conway, Martin.
  • Hopkins, Maura.
  • Lombard, Tim.
  • McFadden, Gabrielle.
  • Mulherin, Michelle.
  • Noone, Catherine.
  • O'Donnell, Kieran.
  • O'Donnell, Marie-Louise.
  • O'Mahony, John.
  • Reilly, James.
  • Richmond, Neale.
Tellers: Tá, Senators Trevor Ó Clochartaigh and Niall Ó Donnghaile; Níl, Senators Gabrielle McFadden and John O'Mahony.
Question declared carried.

Cathain a tharraingítear an Tríú Chéim a thógáil?

An Mháirt seo chugainn.

An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe.

Committee Stage ordered for Tuesday, 3 October 2017.
Top
Share