Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 8 Mar 2023

Vol. 292 No. 9

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

Cuirim fíor-fháilte roimh an Aire Stáit. Tá an Ghaeilge an-tábhachtach dúinn agus táimid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge.

Mar Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, fáiltím roimh an deis labhairt sa Seanad le linn Seachtain na Gaeilge faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is pribhléid dúinn é sa tír seo go bhfuil ár dteanga dhúchais againn. Tá ár dteanga, ár dtraidisiúin agus ár gcultúr i gceartlár an phobail anseo in Éirinn.

Ni mór dúinn infheistíocht leanúnach a dhéanamh sa Ghaeilge chun a chinntiú go mbeidh sí á labhairt ag na glúnta atá le teacht. Tá an Rialtas ag tacú go láidir leis an obair atá ar bun maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Léiríonn an cistiú méadaithe atá curtha ar fáil ag an Rialtas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbliana, agus ar fiú €94.2 milliún é, go bhfuil rún daingean ag an Rialtas an teanga agus pobal na Gaeltachta - tobar na teanga - a chur chun tosaigh. Is ardú €8.5 milliún nó 10% é sin ar chiste na bliana seo caite. Is linne go léir an Ghaeilge - idir óg agus aosta - agus tugann an t-allúntas breise seo deis dúinn ár ndílseacht don teanga a roinnt ar níos mó de phobal na tíre. Bhí áthas orainn sa Roinn chomh maith gur tugadh ardú €7.3 milliún do bhuiséad TG4 le haghaidh 2023. Is é sin an méadú is mó riamh ar mhaoiniú an stáisiúin agus, dar ndóigh, beidh tionchar ag an ardú sin freisin ar rathúlacht na straitéise 20 bliain don Ghaeilge. Leis an maoiniú breise sin, beidh ar chumas TG4 cainéal nua do leanaí - Cúla4 - a bhunú agus a sheoladh. Bíonn comhoibriú leanúnach idir TG4 agus rannóga éagsúla de chuid mo Roinne agus iad i mbun tionscadail éagsúla a fhorbairt agus a chur chun cinn mar a bhaineann leis an nGaeilge.

Labhróidh mé ar feadh nóiméid faoi na coláistí Gaeilge. Dúnadh na coláistí ar feadh dhá bhliain - 2020 agus 2021 - de dheasca Covid. Is mór an difríocht idir sin agus inniu. D'oscail na coláistí anuraidh le tacaíocht na Roinne agus tá ríméad orm a rá gur fhreastail níos mó ná 25,000 scoláire ar na coláistí samhraidh in 2022. Táim ag súil go leanfaidh an earnáil lena téarnamh i mbliana. Táim ag súil go mbeidh teacht níos fearr ar an nGaeltacht ag muintir na hÉireann ar fad agus beidh obair ar siúl ar bhonn leanúnach le feachtas turasóireachta a bhunú i gcomhar leis na coláistí agus le hÚdarás na Gaeltachta atá mar chuid den phlean gníomhaíochta don Ghaeilge. Chomh maith leis sin beidh scéimeanna ar nós DEIS Gaeltachta, a thugann suas le 400 scoláireacht do scoláirí ó níos mó ná 200 scoil DEIS timpeall na tíre. Freisin, beidh an scéim Árainn Gaeltachta ann, a thugann seans do 30 scoláire bliain a chaitheamh agus iad tumtha go hiomlán i gcultúr na Gaeltachta agus na n-oileán ar na hOileáin Árann. Tá tacaíocht bhreise ar fáil do theaghlaigh a chuireann lóistin ar fáil chomh maith. Le bliain anuas chuir mo Roinn méadú 300% ar an deontas tosaithe atá ar fáil dóibh. Bíonn an Roinn i gcónaí sásta éisteacht agus glacadh le moltaí agus féachaint i dtreo na todhchaí ó thaobh earnáil na gcoláiste Gaeilge, leis an teachtaireacht go bhfuil na coláistí Gaeltachta oscailte arís do chách.

Agus sinn ag caint ar an nGaeltacht, is ceart aitheantas a thabhairt do ról Údarás na Gaeltachta. Níl aon amhras orm ach go bhfuil obair thábhachtach déanta agus idir lámha ag an údarás le cúnamh mo Roinne ar mhaithe le saol phobal na Gaeltachta a fheabhsú agus ar mhaithe leis an nGaeltacht a chosaint agus a fhorbairt tuilleadh. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 945 post a chruthú sa Ghaeltacht anuraidh agus go raibh 151 duine breise fostaithe i ngnólachtaí an údaráis sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana seo caite. Bhí 8,235 post i gcliant-ghnólachtaí an údaráis ag deireadh na bliana 2022. Tá roinnt tionscadail mhóra chaipitil á mbeartú ag an údarás i gcomhar leis an Roinn i réimse an oideachais agus sa turasóireacht chultúrtha. Luafainn, mar shampla, an athfhorbairt atá le déanamh ar Choláiste Lurgan in Indreabhán i gceantar Gaeltachta na Gaillimhe, agus Ionad Cuimhneacháin na nlmirceach i gCarna, agus bhí áthas orm an fhorbairt sin a fhógairt ar an láthair ansin maidin inniu le cabhair ón Seanadóir Kyne, iar-Aire Stáit le freagracht as an nGaeltacht. Le forbairt na dtionscadal sin agus cinn eile atá ar na bacáin, cuirfear tuilleadh le bonneagar na Gaeltachta ar bhonn comhpháirtíochta.

Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil ina chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun go mbeidh an teanga in úsáid ag na glúnta amach anseo. Toisc go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh ó dheireadh na bliana 2020, tá lánchead ag saoránaigh na tíre seo úsáid a bhaint as an nGaeilge agus iad ag plé le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh. Molaim go láidir dúinn ar fad - idir pholaiteoirí, oifigigh agus shaoránaigh - an oiread úsáide agus is féidir a bhaint as ár dteanga féin agus sinn ag obair i réimse na hEorpa, díreach mar a dhéanann na ballstáit eile. Tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag mo Roinn i gcomhar leis na hinstitiúidí Eorpacha le tamall chun cur leis na hacmhainní Ghaeilge atá ar fáil mar thacaíocht do na seirbhísí teanga san Aontas. Rinneadh éacht le tamall ó thaobh daoine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu a earcú sna haonaid teanga sna hinstitiúidí Eorpacha. Tá os cionn 200 duine oilte ag obair sna hinstitiúidí anois agus bíonn an Ghaeilge le cloisteáil go rialta ar shráideanna na Bruiséile agus Lucsamburg agus i gcathracha eile ar an Mór-Roinn de bharr pobal bisiúil cainteoirí Gaeilge a bheith ag cur fúthu sna háiteanna sin.

D'fhoilsigh mo Roinn an plean digiteach don Ghaeilge ag deireadh na bliana seo caite. Leagtar amach sa phlean sin na réimsí is tábhachtaí ar gá díriú orthu as seo go ceann cúig bliana ionas go mbeidh an Ghaeilge ar chomhchéim le mór-theangacha na hEorpa ó thaobh áiseanna agus acmhainní digiteacha de agus chun go mbeidh pobal na teanga - sa Ghaeltacht, ar fud na tíre agus timpeall an domhain - in ann tairbhe iomlán a bhaint as an saol digiteach ina dteanga féin. Beidh taighde agus forbairt shuntasach bhreise de dhíth i réimse na nua-theicneolaíochta feasta chun an teanga a thabhairt isteach go hiomlán i saol digiteach na linne seo, agus tá rún daingean ag an Rialtas an cuspóir sin a thabhairt i gcrích.

Níl sna nithe atá luaite agam ach blaiseadh beag den mhéid iomlán atá ar siúl ag an Rialtas agus ag an Roinn, i gcomhar lenár gcomhpháirtithe, ar mhaithe leis an teanga. B'fhéidir go mbeidh seans agam cúpla rud eile a lua roimh dheireadh na díospóireachta seo. Chuirfinn fáilte roimh thuairimí na Seanadóirí atá i láthair.

Cuirim fíor-fháilte roimh na daltaí agus roimh na múinteoirí atá bailithe anseo as Coláiste Oiriall, Muineachán; Scoil Naomh Iosaf, an Domhnach Mór; Gaelcholáiste na Mara, an tInbhear Mór; agus Gaelcholáiste Luimnigh.

Tá fíorfháilte rompu go léir.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Luaigh sé an chuairt ar maidin ar Ionad Cuimhneacháin na nlmirceach i gceantar Iorras Aithneach i gCarna agus an €1 milliún a d’fhógair sé ar maidin. Cuirim fáilte roimh an bhfógra sin. Togra tábhachtach atá ann. Thug an tAire Stáit cead don chéad chéim eile, an dara céim den togra sin, dul chun cinn. Luaigh sé freisin an athfhorbairt atá le déanamh ar Choláiste Lurgan in Indreabhán. Molaim an deontas de €314,000 a cheadaigh sé chun iarratas cead pleanála a ullmhú don chéad chéim eile den togra tábhachtach sin. Tréaslaím leis an obair atá déanta ag an Aire Stáit, Údarás na Gaeltachta, an Roinn agus comhlacht Choláiste Lurgan.

Bhí an tAire Stáit i láthair linn ar maidin, mar a dúirt mé, i gceantar Iorras Aithneach. Is ceantar fíor-Ghaeltacht é sin ina bhfuil an Ghaeilge an-láidir ach is ceantar é freisin ina bhfuil dúshláin ó thaobh an daonra, ó thaobh fostaíochta agus fiú rudaí níos bunúsaí ná sin, cosúil le scéimeanna séarachais. Níl aon mhilleán ar an Aire Stáit dó seo ach tá fadhb ann. Níl scéim séarachais i gCill Chiaráin, mar shampla, nó i gCarna, Ros Muc ná Sraith Salach. Seo rud bunúsach. Táimid go léir ag plé na bhfadhbanna seo taobh amuigh den Ghaeltacht freisin. Teastaíonn an t-infreastruchtúr sin trasna na Gaeltachta, chomh maith le háiteanna eile, chun an infheistíocht cheart a dhéanamh sna ceantair sin agus chun fás a dhéanamh ar an daonra.

Tacaím le moltaí ón eagraíocht Forbairt Chonamara Láir go mbeadh pota airgid ar fáil d’infreastruchtúr sa Ghaeltacht. B’fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann é sin a phlé leis an Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe roimh bhuiséad 2024. Ba chóir go mbeadh pota ansin chun infreastruchtúr a mhéadú sa Ghaeltacht, go mór mór ó thaobh scéimeanna séarachais. Sin rud a luaigh Forbairt Chonamara Láir nuair a tháinig siad os comhair Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le déanaí. Tá siad ag iarraidh go ndéanfar infheistíocht ollmhór leanúnach chun freastal ar riachtanais infreastruchtúr. Mar a dúirt Máirín Ní Choisdealbha-Seoige ag an gcruinniú sin, “Gan daonra agus an t-infreastruchtúr cuí, ní bheidh aon phobal againn agus, mar thoradh air sin, beidh ár dteanga caillte go deo.” Sin an fhadhb lena bhfuil ceantair sa Ghaeltacht ag déileáil. Is rudaí bunúsacha iad seo ach rudaí fíorthábhachtach ó thaobh todhchaí an cheantair agus, mar sin, todhchaí na teanga. Tá cuid de na scoileanna faoi bhrú mar gheall go bhfuil an daonra ag titim. Tá muintir na hÚcráine ag cabhrú leis na scoileanna i gConamara faoi láthair mar go bhfuil cuid dá bpáistí ag freastal ar na scoileanna sin. Seo rudaí bunúsacha agus sin an fáth go dteastaíonn comhoibriú idir an Roinn, Roinn na Gaeltachta, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus an Stát iomlán ó thaobh na ndúshlán anseo sa Ghaeltacht. Tá sé sin tábhachtach.

Molaim an obair agus na moltaí a tháinig ó Chonradh na Gaeilge. Mhol siad cúpla rud, mar is eol don Aire Stáit. Gealladh polasaí don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal sa chlár Rialtais. Cé go bhfuil obair ag dul ar aghaidh ar pholasaí do na scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, níl aon tús curtha fós leis an bpolasaí don chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Mhol siad freisin go dtabharfar ionadaíocht do phobal na Gaeltachta ar an gcomhchoiste a bunaíodh idir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Roinn na Gaeltachta go práinneach agus go mbunófar polasaí náisiúnta do phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht. Mhol siad go nglacfar leis go bhfuil riachtanas áitiúil acu siúd go bhfuil labhairt na Gaeilge acu agus daoine ón gceantar féin. Sin moltaí ó thaobh tithíochta. Tá fadhbanna pleanála sa tuath ina iomláine ach tá fadhbanna freisin sa Ghaeltacht agus caithfimid iad sin a réiteach. Tá an Rialtas chun polasaí tithíochta a lainseáil go luath ach teastaíonn moltaí láidre ó thaobh cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht laistigh den pholasaí sin.

I dtosach báire, cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tá áthas orm mo sheanchara ón nGaillimh, Eoin Ó Droighneáin, a fheiscint anseo inniu freisin. Má thugann sé an tacaíocht chéanna don Aire Stáit agus a thugann sé do pheileadóirí na Gaillimhe, ní bheidh aon deacracht ag an Aire Stáit riamh.

Tá a lán scéalta aige.

Is deis é seo dom buíochas a ghabháil leis na státseirbhísigh uilig as an méid a dhéanann siad ar son na Gaeilge agus ar son chur chun cinn na Gaeilge sa tír seo. Is iomaí uair a dúirt mé, agus deirim fós é, gur mór an chéim chun cúil agus trua é gur athraíodh na rialacha blianta ó shin maidir le caighdeán áirid Gaeilge a bheith riachtanach chun post a fháil sa státseirbhís. Tá a fhios agam go bhfuil spriocanna ann anois sna rialacha fostaíochta ach tá sé fíorthábhachtach go dtéimid ar ais ag an mbunchloch sin chun go mbeadh an Ghaeilge go lárnach sa státchóras. Labhair an tAire Stáit faoin Eoraip agus mhol sé dúinn feidhm a bhaint as na seirbhísí atá ar fáil maidir le haistriúchán agus cearta pobal na Gaeilge. Tá an ceart aige. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an Stát anseo freisin, i dtosach báire, ag cabhrú le daoine.

Tá dualgas orainne san Oireachtas freisin agus gabhaim buíochas le Rannóg an Aistriúcháin. Tá áthas orm, dála an scéil, a fhógairt go mbeidh na duaiseanna á mbronnadh ag an gCeann Comhairle don chéad chomórtas aiste de chuid an Oireachtais atá á reáchtáil againn i mbliana. Seo comórtas a d’eagraíomar ar bhonn 32-contae agus a thug deis do dhaltaí agus scoláirí na cúigiú agus na séú bliana ar fud na tíre, agus daltaí A-leibhéal freisin, aistí a scríobh i nGaeilge nó i mBéarla. Tá áthas orm a fhógairt gur é Antaine Ó Sé ó Phobailscoil Chorca Dhuibhne buaiteoir náisiúnta an chomórtais sin. Beidh sé ag fáil a dhuais ón gCeann Comhairle ar an Aoine. Tá áthas orm freisin na scoláirí ó na scoileanna éagsúla a fheiscint anseo inniu.

San am atá fágtha agam, ba bhreá liom díriú isteach ar na moltaí a luaigh mo chomhghleacaí an Seanadóir Kyne ó Chonradh na Gaeilge. Tá na rudaí a dhírigh siad isteach orthu i mbliana, mar chur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais, fíorthábhachtach. Luaigh siad, mar shampla, de réir The Irish Times go bhfuil 30 nóiméad sa tseachtain le baint ó mhúineadh na Gaeilge i gcuraclam na bunscoile ó rang a thrí ar aghaidh, gan aon taighde déanta ar na himpleachtaí a bheidh aige sin. Céim chun cúil atá ansin agus níor chóir go mbeadh sé amhlaidh. Luann siad freisin an cheist seo faoi pháipéar 1 Gaeilge don ardteistiméireacht a bhogadh go deireadh bliain a cúig. Glacann muid leis go bhfuil síneadh bliana curtha ag an Aire maidir leis sin ach níl stop iomlán curtha leis an gcinneadh sin agus ba chóir go gcuirfí a leithéid de stop air. Tá daltaí agus múinteoirí na tíre ar buille faoin gcinneadh sin an páipéar a bhogadh gan bunús ceart oideachasúil a bheith ann dó.

Luaigh Conradh na Gaeilge freisin, mar a dúirt an Seanadóir Kyne, an cheist seo faoin ngéarghá le polasaí náisiúnta do phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht. Tá sé fíorthábhachtach go nglacfaí leis go bhfuil riachtanas áitiúil ag an té a bhfuil labhairt na Gaeilge acu agus duine ón gceantar. Ba chóir go mbeadh muid ag tabhairt gach seans do dhuine le Gaeilge ar mhian leis nó léi clann a thógáil trí Ghaeilge i gceantar na Gaeltachta. Tá gá freisin, agus tá a leithéid ráite ag Conradh na Gaeilge, le measúnacht tionchar teanga neamhspleách a chur san áireamh in aon iarratas ar chead pleanála agus ba chóir go mbeadh coinníoll teanga ar aon fhorbairt tithíochta nó forbairt d’aon chineál eile sa Ghaeltacht.

Má táimid ag labhairt faoi chur chun cinn agus slánú na Gaeilge, bímis dáiríre faoi.

Ba mhaith liom díriú ar an rud deireanach a dúirt Conradh na Gaeilge. Feicim an méid atá ráite ag an Aire maidir leis na coláistí samhraidh agus teacht ar ais na gcoláistí céanna. Bhí áthas orm a fheiscint go raibh 25,000 dalta ar chúrsaí. Tá áthas orm freisin maidir leis na deiseanna atá leagtha amach ag an Aire Stáit, go háirid do na scoileanna DEIS faoin scéim DEIS Gaeltachta, agus dár ndóigh na deiseanna atá ann do scoláirí bliain a chaitheamh ar na hOileáin Árann.

Mar fhocal scoir, tá sé fíorthábhachtach go gcuirfear grúpa oibre ar bun chun pleanáil a dhéanamh maidir le hobair na gcoláistí samhraidh agus go mbeadh na páirtithe uilig - Roinn na Gaeltachta, an Roinn Oideachais agus mar sin de - páirteach ann. Tá gá le taighde chun na fadhbanna, na dúshláin agus na deiseanna gearrtéarmach, méantéarmach agus fadtéarmach a aithint.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tá áthas orm a bheith páirteach le mo chomhghleacaithe chun Seachtain na Gaeilge a chomóradh. Níl mé líofa ach ba mhaith liom cúpla focal a rá. Cosúil le Paul Mescal, déanfaidh mé iarracht.

Díreach cosúil leis. Is cúpla sibh.

B'fhéidir go mbeidh an Seanadóir cósúil le Paul Mescal ar an stáitse.

Is ceart go ndéanfaimid ár dteanga agus ár gcultúr a cheiliúradh. Léiríodh an scannán is áille i mbliana i nGaeilge, is é sin “An Cailín Ciúin”. Guím gach rath ar fhoireann na scannáin sin sna seachtainí amach romhainn. Rinne an Rialtas cinneadh suntasach maidir le cainéal teilifíse do leanaí a bhunú. Measaim go bhfuil sé seo an-tábhachtach. Ar deireadh, ba mhaith liom moladh a thabhairt do TG4, Raidió na Gaeltachta agus, go háirithe, cuntas Twitter TG4 as ucht na hoibre go léir.

Tá áthas orm a bheith anseo inniu agus mé ag caint faoinár dteanga álainn. Ní gá go mbeadh an Seanadóir buartha. Is fearr i gcónaí Gaeilge bhriste ná Béarla cliste. Is cóir dó é sin a choimeád ina intinn. For people who are not speaking Irish today, it is better to speak a little bit of Irish than to speak fluent English. Now more than ever, people need to own their language. They should not feel bad that they learnt it in school for 14 years and cannot speak it fluently. They have it; it is in their hearts and their heads and they should let it out without being embarrassed. We all make mistakes. They should just plough on agus úsáid cúpla focal.

Maidir leis na dúshláin ó thaobh na teanga de, táimid i gcónaí ag caint faoin nGaeilge ach caithfear spriocanna an-soiléir a bheith againn. Rith sé liom go mbeadh sé oiriúnach deontas a thabhairt do gach dalta sa tír i rang a sé ionas go mbeidís in ann dul chuig coláiste samhraidh. Ní chosnódh sé an méid sin agus réiteodh sé dhá fhadhb. Chuirfeadh sé Gaeilge i mbéal chuile dhuine i rang a sé roimh dóibh an chéad bhliain a thosú sa mheánscoil. Titeann an caighdeán go minic idir an mbunscoil agus an mheánscoil. Níl a fhios agam cén fáth agus nílim chun labhairt faoi sin inniu ach beidh droichead láidir ann ó thaobh na teanga de má dhéantar sin. An dara fadhb a réiteodh an moladh seo ná an dífhostaíocht agus na dúshláin atá ós comhair na ndaoine atá ina gcónaí sna Gaeltachtaí. Is iadsan ár national treasure, is dócha, ó thaobh ár dteanga de. Tá Gaeilge líofa ag gach duine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht, is cuma cén áit atá siad. Gan iad, ní bheadh aon teanga ann. Cén fáth nach gcuirfimid an t-airgead ar fáil chun gach dalta a chur chuig na Gaeltachtaí ar fud na tíre uair amháin le linn an tsamhraidh? Chuirfeadh sé ionadh ort an difríocht a dhéanfadh sé. Tá mé an-dáiríre agus sin a phlé agam.

Tá sé iontach go bhfuil cainéal nua do pháistí le teacht ar TG4. Muna chloiseann siad an teanga, ní úsáidfidh siad í; mar sin, tá sé sin an-cliste. Ba cheart go mbeadh ranganna saor in aisce ar fáil do gach tuismitheoir le páiste atá ag freastal ar Ghaelscoil. Níl na tuistí ag déanamh aon iarracht an Ghaeilge a labhairt. Ba mhaith liom ranganna saor in aisce nó deontas a thabhairt do na tuistí sin. Tá dhá fáth le seo. Ba cheart go gcloisfeadh na páistí an Ghaeilge ní hamháin sa scoil ach sa bhaile freisin. Ba cheart freisin go mbeadh na tuistí sásta Gaeilge a fhoghlaim má tá siad ag cur an béim sin ar an teanga i saol a n-íníonacha nó a gcuid mic freisin.

Mar mhúinteoir meánscoile, ceapaim gur cheart go mbeadh 50% de na marcanna ag dul don teanga labhartha. Tá an Ghaeilge casta mar theanga scríofa. Níl aon dabht faoi sin; tá an ghramadach lofa. Go stairiúil, is teanga labhartha, ní teanga scríofa, í. Ba cheart go mbeadh 50% de na marcanna sna scrúdaithe - sa teastas sóisearach agus san ardteist - ag dul i dtreo an teanga labhartha. Tá dúshlán ann idir an teanga a labhairt agus í a scríobh. Muna bhfuil féinmhuinín ag na múinteoirí Gaeilge an teanga a labhairt, cuireann siad an iomarca béime ar an teanga a scríobh. Tá a lán daoine in ann an Ghaeilge a scríobh ach ní labhraíonn siad í. Is mór an trua é sin. Muna bhfuil na marcanna ann, níl siad chun é a dhéanamh.

Maidir leis an sprioc ó thaobh níos mó Gaelscoileanna agus go háirithe Gaelcholáistí a bhunú, mar shampla in Inis, tá Gaelcholáiste ann le 20 bliain ach tá sé san ionad céanna leis an gceardscoil. Níl ag éirí le sin mar roinneann an dá scoil na múinteoirí agus ní mhúnann gach múinteoir trí mheán na Gaeilge. Cén saghas Gaelcholáiste é sin mar sin? Caithfidh siad suíomh neamhspleách a fháil don scoil chun an Ghaeilge a fhorbairt.

Ba mhaith liom níos mó Gaeilge a chloisteáil sa Teach seo. Tá seisear againn anseo inniu. N'fheadar an bhfuil ag éirí leis na ranganna Gaeilge. Tá na ranganna ar fáil saor in aisce ach bíonn siad ar siúl maidin Dé Céadaoin, probably an maidin is gnóthaí atá againn sna Tithe. Dá mbeadh rogha eile ann tráthnóna éigin do na Seanadóirí agus na Teachtaí, b'fhéidir go mbeadh níos mó daoine páirteach sa rang.

An rud deireanach a déarfaidh mé ná gur cheart go mbeadh gach éinne bródúil as ár dteanga. When I speak Irish, people always say to me: "Oh, I wish I could speak Irish, it is terrible that I can't, I learnt it in school for so many years". If we could just stop people feeling guilty, that would be the number one thing. I do not know if we can blame the Catholic church for that, or who we can blame but-----

If ye can, ye will.

The guilt people hold nearly puts me off speaking Irish because people feel so bad. People should stop blaming themselves if they cannot speak Irish. They just did not pick it up in school, whatever way it was taught at the time, which is why we need 50% of the marks to go to the spoken language. It does not matter what the cause of the guilt is but I wish people would stop feeling guilty and would use whatever couple of words they have. They can use Duolingo if they have to. It is such a beautiful language and you can say things in Irish you just cannot say in any other language in the world. We are very lucky to have it. Go n-éirí libh.

Sílim go bhfuil sé tábhachtach a rá i tús báire go bhfuil sé thar a bheith dearfach agus ceart go bhfuil na ráitis seo againn le linn Seachtain na Gaeilge. Cé go bhfuil pointí le déanamh againn ar fad, sílim go bhfuil sé thar a bheith maith go nglacaimid tréimhse agus seal chun ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga. Ba cheart dúinn a aithint go bhfuil teanga galánta againn. Ba cheart freisin aitheantas a thabhairt don mhéid oibre atá déanta ag daoine chun an pointe seo a bhaint amach. Ta pobail fud fad na tíre seo ag cur an Ghaeilge chun tosaigh agus ag fás pobal labhartha na Gaeilge an t-am ar fad. Tá ard-mholadh tuillte ag na ceannródaithe sin as achan carn den tír.

Cuirim fearadh na fáilte roimh Sheachtain na Gaeilge. Bainim a lán sult as. Tá mé iontach sásta gur aontaigh Ceannaire an tSeanaid go mbeadh na ráitis seo againn mar tá sé tábhachtach mar Bhaill gur féidir linn an teanga a úsáid. Tá súil agam go bhfuil sé tábhachtach faoi choinne na Baill eile an teanga a chluinstin á úsáid sa Teach fosta.

Aontaím le Paul Mescal - nó gabh mo leithscéal, an Seanadóir Malcolm Byrne – atá thall ansin faoin nGaeilge a bheith i mbéal an phobail faoi láthair. Níl ort ach amharc ar an gcineál dul i bhfeidhm atá déanta ag scannáin cosúil leis “An Cailín Ciúin” ar feiceálacht na teanga amuigh ansin. Aontaím leis an Seanadóir maidir le cuntas Twitter TG4. Fanaim ar Twitter faoi choinne an chuntais sin. Gan é bheinn imithe ó Twitter fadó fadó, ach coinníonn an cuntas sin ar an ardán sin mé. Tá an méid sin daoine amuigh ansin atá ag cruthú tuiscint ar agus íomhá iomlán difriúil den teanga.

Smaoiním ar an Dream Dearg a bhí ina ghluaiseacht chomh spleodrach agus gníomhach fá choinne Acht na Gaeilge, is é sin an tAcht Céannachta agus Aitheantais (Tuaisceart Éireann) 2022, sna Sé Chontae. Tá sé tábhachtach a rá ón uair dheireanach a bhuaileamar le chéile fá choinne Sheachtain na Gaeilge sa Seanad seo, nuair a bhí na ráitis seo a ndéanamh againn, go bhfuil éacht bainte amach ag daoine ó Thuaidh le cur i bhfeidhm Acht na Gaeilge agus anois tá aithint oifigiúil den chéad uair ann don Ghaeilge sna Sé Chontae. Tá ardmholadh tuillte ag an Dream Dearg agus ag achan duine a bhí bainteach leis an bhfeachtas sin. Tá neart daoine eile againn taobh amuigh de leithéidí Paul Mescal, TG4, an Dream Dearg agus achan duine eile. Tá Kneecap, mar shampla, chun tosaigh. Níl a fhios agam cá háit a sheasann achan duine ar Kneecap. An éisteann sibh leo? Gan amhras ar bith, tá siad ag cur an teanga i bhfad chun tosaigh agus is maith iad as é sin a bheith á dhéanamh acu.

Luaigh roinnt comhghleacaithe cheana féin na moltaí atá curtha amach ag Conradh na Gaeilge. Cé go bhfuil a lán ábhar againn le bheith ag ceiliúradh maidir le cúrsaí Gaeilge, tá a lán rudaí ar féidir leis an Rialtas a dhéanamh. Rinne na Seanadóirí Mullen agus Kyne cur síos orthu siúd. Tréaslaím leis na moltaí atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge. Ritheann sé go huile is go hiomlán le ciall go gcuirfeadh an Rialtas na moltaí agus na polasaithe sin i bhfeidhm. Chuirfeadh sé le dul chun cinn na Gaeilge agus, níos tábhachtaí arís, le leas an phobail agus leis an mborradh eacnamaíochta s'againne chomh maith. Nuair a dhéanaimid infheistíocht sa teanga, i bpobal labhartha na Gaeilge agus sa Ghaeltacht, agus nuair a thógaimid na polasaithe sin, is léir go gcuireann sé sin leis an eacnamaíocht s'againne chomh maith. Cruthaíonn se poist agus dul chun cinn san eacnamaíocht fosta.

Ar an drochuair, tá bunrudaí nach bhfuil déanta ag an Rialtas. Le linn don Consumer Rights Bill 2022 a bheith os ár gcomhair tamaillín ó shin, mhol mé cúpla leasú chun fógraíocht agus lipéid iomlán dhátheangacha a bheith ann, mar atá déanta ag tíortha eile fud fad na cruinne ar nós Ceanada agus roinnt mhaith de bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Tá lipéid dhátheangacha agus a leithéid acu ach, dar ndóigh, níor ghlac an Rialtas leis sin sa tír seo. Tá a fhios agam gur chuir sé sin díomá ar a lán daoine. Cé go bhfuil cúis cheiliúrtha againn, mar atá ráite agam, do Sheachtain na Gaeilge agus do dhul chun cinn na Gaeilge chomh maith, tá a lán eile ar féidir linn a dhéanamh.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom tréaslú leis an méid atá déanta ag an gCathaoirleach nua. Níl sé sa phost ach tamall beag anois ach aithním go bhfuil an Ghaeilge i bhfad níos mó in úsáid sa Seanad ó ghlac sé an Chathaoir sin, agus níl mé ag cur in éadan Cathaoirligh ar bith eile. Aithním é sin agus téann sé sin i bhfeidhm ar pholaitíocht na háite seo agus ar na Comhaltaí freisin. Iarraim air leanúint leis sin.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir.

Is cúis áthais dom fáilte a fhearadh roimh an Aire Stáit agus mo chomhghairdeas a ghabháil dó as a bheith ainmnithe mar Aire Stáit. Tá sé thar a bheith tábhachtach Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh agus tá sé oiriúnach agus tuilte go mbeadh na ráitis seo againn.

Tá saibhreas inár dteanga dhúchais agus is eochair é do mhothúcháin, béaloideas, stair, litríocht agus oidhreacht na tíre. Is é an dualgas is mó atá orainn ná iarracht a dhéanamh Gaeilge a labhairt sa Teach. Bíonn cineál eagla orainn ach níl aon ghá leis sin mar tá cúpla abairt ag gach duine, agus i bhfad níos mó sa cheann nuair a théimid i dtaithí ar an teanga. Tá meas agus spéis faoi leith ag na daoine atá ag labhairt inniu mar chuid den ócáid seo ach caithfimid iarracht laethúil a dhéanamh mar dhea-shampla dár gcomhghleacaithe.

Níl rud ar bith níos éifeachtaí ná mic léinn a threorú don fhíor-Ghaeltacht le tréimhse i rith an tsamhraidh. Faigheann siad grá agus meas don cheol, don rince traidisiúnta, don dúlra, don teanga, agus don oidhreacht go ginearálta ann.

Tá na Gaelscoileanna an-tábhachtach freisin. Dúirt an tAire Stáit go raibh ríméad air faoin uimhir a ndeachaigh ann an bhliain seo caite ach caithfimid iad a fhorbairt an t-am go léir.

Molann Conradh na Gaeilge sna moltaí a sheol an eagraíocht sin chugainn go mbeadh plean straitéiseach eagraithe do thodhchaí na gcoláistí samhraidh. Is fiú é sin a dhéanamh. Caithfimid taighde a dhéanamh ar na dúshláin agus ar na fadhbanna atá ag na coláistí Gaeilge, in éineacht le hachan grúpa atá ag plé le coláistí samhraidh, agus na moltaí a chur i bhfeidhm ansin, ar ndóigh.

Molaim don Aire Stáit freisin deontais a chur ar fáil do mhic léinn, go háirithe do na mic léinn nach bhfuil an iomarca airgid acu, chun iad a mhealladh don Ghaeltacht. Tá an mac is óige atá agam san Institiúid Oideachais i Marino agus tá sé an-tábhachtach go mbeadh caighdeán ard teanga labhartha sna coláistí sin.

Caithfidh mé stopadh níos luaithe ná mar a bhí i gceist agam chun seans a thabhairt don Aire Stáit dul go dtí an Teach eile le haghaidh vótáil.

Tá vótáil sa Dáil. Ar mhaith leis an Aire Stáit focal eile a rá roimh dheireadh na ráitis? Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Ó Raghallaigh as ligean dó é sin a dhéanamh.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Aontaím leis an Seanadóir Malcolm Byrne. Níl mo chuid Gaeilge líofa ach an oiread ach déanfaidh mé mo dhícheall ar son na teanga agus ar son mhuintir na Gaeltachta. B'fhéidir go mbeidh seans agam teacht ar ais, a Chathaoirligh, chun an díospóireacht seo a phlé leis na Seanadóirí tri mheán na Gaeilge. Tá súil agam go dtarlóidh sé sin chomh luath agus is féidir.

Is é sin deireadh leis na ráitis. Gabhaim mo chomhghairdeas agus mo bhuíochas leis an Aire Stáit as an ráiteas a thug sé dúinn freisin. An féidir leis an Leas-Cheannaire, an Seanadóir Kyne, sos a thairiscint go dtí 6 p.m.?

Tá sé sin aontaithe againn. Gabhaim buíochas le gach duine atá i láthair.

Cuireadh an Seanad ar fionraí ar 5.38 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 6.04 p.m.
Sitting suspended at 5.38 p.m. and resumed at 6.04 p.m.
Top
Share