Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 6 Mar 2024

Vol. 299 No. 7

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

Seisiúin ráitis ar Sheachtain na Gaeilge is ea an seisiún seo. Ba mhaith liom ar an gcéad dul síos fáilte speisialta a chur roimh an Aire, an Teachta Caitríona Ní Mháirtín. Cuirim fáilte chomh maith roimh na Seanadóirí agus na daoine eile atá anseo. Is deas an rud é go bhfuil a lán daoine ag labhairt beagán Gaeilge amuigh ansin, ar an teilifís, ar an raidió agus insan Teach seo, and I suppose this is the recognition that it is very important, even if you are not strong with the language to be able to have those cúpla focal anseo is ansiúd. I call the Minister.

Mar Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, fáiltím roimh an deis labhairt leis na Baill anseo inniu sa Seanad, go háirithe agus muid ag cur tús le Seachtain na Gaeilge 2024. Is seoid í ár dteanga. Chun a chinntiú go mbeidh ár dteanga ag an gcéad ghlúin eile, ní mór dúinne go léir atá compordach le hí a labhairt, í a labhairt. Fad is atáimid ag labhairt faoin nGaeilge, máthair theanga ag mórán, is fiú tagairt a dhéanamh do Lá Idirnáisiúnta na mBan. Beimid ag ceiliúradh an lá seo, Lá Idirnáisiúnta na mBan, an tseachtain seo chomh maith. Inniu ar fud an domhain, tá mná ag seasamh ar son cearta an chéad ghlúin eile: cearta a leanaí agus cearta a bpobail.

Tá mé mar Aire tiomanta don Ghaeilge agus do phobal labhartha na teanga. Tá mórán bainte amach ag an Rialtas seo maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Táim sásta gur éirigh liom ardú suntasach de €4.2 milliún a bhaint amach d'fhorbairt agus do chur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbuiséad 2024. Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo agus í a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile an bunchuspóir atá le polasaí Údrás na Gaeltachta.

Bunaíodh an tÚdarás sa bhliain 1980 agus tá sé freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus cultúrtha na Gaeltachta. Cúram fíor-thábhachtach i bhforbairt aon phobail ar ndóigh is ea an fhostaíocht agus cruthú fostaíochta. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 1,075 post nua a chruthú sna Gaeltachtaí in 2023 agus go raibh 9,526 post i gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana seo caite. Tréaslaím a gcuid oibre leis an údarás.

Ar ndóigh, tá an-áthas orainn anois go bhfuil Feidhmeannas an Tuaiscirt ag suí arís. Tá Foras na Gaeilge, áisíneacht de chuid an Fhorais Teanga Thuaidh-Theas, ag obair ar bhun uile-oileáin agus iad ag cur na Gaeilge chun cinn. Leanfaimid ar aghaidh ag comhoibriú lenár bpáirtithe sa Roinn Phobail ó Thuaidh, ag cinntiú go néireoidh le Foras na Gaeilge agus, go deimhin, obair an Fhorais Teanga a spriocanna a bhaint amach. Tá dúshláin ag baint le obair na bhForas Thuaidh-Theas, ach sin ráite, creidim go bhfuil ag éirí go maith le scéimeanna Fhoras na Gaeilge. Creidim go mbeidh scéim forbartha líonraí Gaeilge le fógairt arís don tréimhse romhainn agus beidh mé ag súil ceantair nua a fheiceáil ag teacht chun cinn tríd an phróiséas seo. Tá obair mhaith freisin ar siúl ag na sé cheanneagraíocht Gaeilge: Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge; Gael Linn; Cumann na bhFiann; Glór na nGael agus Gaeloideachas.

Neartú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus aithnítear go forleathan go gcuirfidh sé go mór le caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí Stáit ar fáil don phobal. Maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, bhí áthas orm go raibh mé in ann leithdháileadh breise de €500,000 a chur ar fáil i mbliana chun tacú le feidhmiú iomlán Achtanna na dTeangacha Oifigiúla.

Leis an mhaoiniú breise sin, leanfar ag tacú le tionscadail a thagann le cuspóir earcaíochta an Achta, lena n-airítear Gluaiseacht, seó bóthair de chuid Chonradh na Gaeilge é ar cheadaigh mo Roinn deontas méadaithe dó in 2023. Cuireadh ar cumas na n-eagraíochtaí dul i bhfeidhm ar bhreis agus 28,000 duine agus an teachtaireacht láidir a thabhairt dóibh faoi na deiseanna suntasacha fostaíochta atá, agus a bheidh, ann dóibh siúd le hinniúlacht sa Ghaeilge de thoradh an Achta seo sa tréimhse atá amach romhainn.

Ina theannta sin, cheadaigh mo Roinn deontas d’Oireachtas na Gaeilge go mbeidh ar cumas na heagraíochta sin gréasáin Ghaeilge a bhunú chun tacú le cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge. Cuideoidh an togra sin le daoine atá ag obair san earnáil phoiblí cheana féin a gcuid Gaeilge a úsáid agus iad i mbun a gcuid oibre. Méadóidh sé seo líon na dtacaíochtaí atá ar fáil d’fhostaithe na hearnála poiblí agus tabharfaidh sé muinín dóibh nach bhfuil Gaeilge acu, ach ar spéis leo a scileanna teanga a fhorbairt, é sin a dhéanamh san ionad oibre. Is í an fheasacht gné thábhachtach eile den obair seo. Is é sin go mbeidh an pobal ar an eolas maidir leis an obair atá ar siúl. Beidh mo Roinn ag cruthú feasachta ar an Acht trí fheachtais feasachta bliantúla, ag tosú leis na deiseanna fostaíochta i nGaeilge a bheidh ann dóibh siúd le Gaeilge san earnáil phoiblí trína chéile.

Tá infheistíocht mhór déanta i TG4 le cúpla bliain anuas, agus tá toradh na hinfheistíochta sin le feiceáil go láidir. Tá áthas orm go raibh mo Roinn in ann tacaíocht a chur ar fáil don stáisiún agus iad ag bunú Cúla4, an chéad chainéal teilifíse Gaeilge do dhaoine óga. Tá maoiniú iomlán TG4 anois tagtha suas go dtí €57 milliún. Is méadú é sin de bheagnach €20 milliún ó ceapadh mé mar Aire.

Is teanga idirnáisiúnta í an Ghaeilge. Is cúis áthais dom é an fonn ata ar scoláirí i dtíortha eile an Ghaeilge a fhoghlaim. Déanann mo Roinn an-obair leis an Choimisiún Fulbright agus Fondúireacht Ollscoile na hÉireann agus Cheanada. Léiríonn na figiúirí is déanaí atá againn go ndearna beagnach 1,500 mac léinn in 15 ollscoil sna Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i gCeanada cúrsaí i nGaeilge i mbliana. Chomh maith leis sin, tá tacaíocht tugtha againn do bheagnach 20 ollscoil chun cláir Ghaeilge a reáchtáil sa Ríocht Aontaithe agus ar Mhór-Roinn na hEorpa i mbliana. Táimid i mbun cainteanna freisin le hollscoileanna ar an Mhór-Roinn agus i Meiriceá Thuaidh ar mian leo tús a chur le cláir Ghaeilge ina n-institiúidí féin.

Tá mé féin, an tAire Stáit, an Teachta O’Donovan, ár bhfoireann agus an Rialtas tiomanta gealltanais an Rialtais i leith fhorbairt agus neartú na Gaeilge a chur i bhfeidhm in éineacht leis an Teach seo agus leis an phobal. Tá muid ag súil le leanúint leis an obair le linn na bliana atá romhainn. Tá súil agam go mbeidh deis ag Seanadóirí a gcuid Gaeilge a úsáid le linn na seachtaine agus na míosa, agus go mbainfidh siad sult as Seachtain na Gaeilge.

Gabhaim buíochas leis an Aire as na focail sin. Beidh sé nóiméad aici chun freagra a thabhairt ar an díospóireacht. Anois, tá muid ag dul go Contae an Chláir. Tá súil agam go bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt go flúirseach sa chontae sin.

Tá an Ghaeilge fós ag méadú i gContae an Chláir, buíochas le Dia. Ar an chéad dul síos, fáiltím roimh an Aire, an Teachta Martin. Caithfidh mé comhghairdeas a ghabháil léi as an tacaíocht ar fad a thug sí ó thaobh "Cúla4" de. Is stáisiún teilifíse nua é atá go hiomlán as Gaeilge i gcomhair páistí. Is iad na páistí todhchaí na teanga. The future lies in the Irish kids’ hands. Má tá cainéal iomlán Gaeilge acu, tá sé sin iontach cabhrach chun an Ghaeilge a choinneáil beo in aigní agus croíthe na ndaoine óga. Gabhaim comhghairdeas agus buíochas leis an Aire as ucht na tacaíochta ar fad a thug sí do TG4 chun é sin a thosú.

Tá grá mór agam don Ghaeilge. Bhí an t-ádh liom nuair a bhí mé óg; cuireadh go Conamara mé i m’aonar ar feadh trí mhí. D’fhan mé le muintir Mhic Fhlannchaidh i Rinn ar an gCeathrú Rua. Tar éis trí mhí, tháinig mé ar ais le Gaeilge cruinn álainn agus meas mór agam ar mhuintir Chonamara, ar mhuintir na Gaeltachta agus meas mór ó thaobh na teanga Gaeilge de agus an chaoi a bhfuiltear in ann rudaí a rá trí Ghaeilge nach bhfuiltear riamh in ann a rá i mBéarla. I am lucky that when was I was 11, my parents sent me to An Cheathrú Rua with Gael Linn for three months. I would say they needed a break. I stayed with the Clanceys in Rinn for three months. I came home with a new respect for my language, for the people of the Gaeltacht areas and for how important Irish is as a part of our culture. We can say many magic things in Irish that cannot be said in English. Mar shampla, má tá duine i ngrá le duine éigin, deir sé nó sí “is tú mo chuisle”. In Irish, a person says “you are my pulse” if he or she is in love with someone. It does not sound the same in English, however. If someone says “mo chuisle”, that is a beautiful term of endearment. There is a uniqueness to Irish that is not there in the English language. Irish is rich, romantic, poetic and beautiful. I often find myself in English contexts wishing I could speak in Irish because I could express it better in Irish than in English. There is great phraseology in Irish that is not there in the English language. This may be something that is in all of us; we have a natural desire to speak the Irish language.

Uaireanta, cuireann sé díomá orm nuair bhím ag caint as Gaeilge os comhair daoine nach bhfuil an Ghaeilge go flúirseach acu. Mothaíonn siad feargach nó náireach. Often, when I am speaking Irish in front of Irish people who do not speak Irish, they either feel angry or embarrassed. It is important not to blame people who have gone through the education system and have not been able to speak the Irish language. A lot of us did it for 14 years in school. We must look at this to find out what is happening and where proper policy on the Irish language is. To get this right, the Minister for Education, Deputy Foley, needs to set up a group to look at a proper policy in which Irish comes from naíonra right up to third level. Currently, there are Gaelscoileanna. We cannot depend on the Gaeltachtaí alone for Irish because the Irish language is broader than just the Gaeltachtaí. A big part of that is the Gaelscoileanna.

Bhí mé thíos in Inis le déanaí nuair a bhí confirmation ar siúl ag mo nia. Bhí mé ann mar an godmother. Bhí Gaeilge na bpáistí óga go hálainn. Bhí Gaeilge líofa acu ar fad ón naíonra suas go dtí rang a sé agus ba chuma leo faoi; ní raibh a fhios acu fiú go raibh siad ag caint i dteanga difriúil. I was at a confirmation recently with my nephew, who attends a Gaelscoil in Ennis, and it was amazing to hear the beautiful Irish spoken by children between the ages of four and 12. They were completely oblivious to it. They were not trying to make a statement by speaking Irish and saying they are cool. For them, whether they speak in Irish or English, it does not make a difference; it is a way of communicating. The caighdeán, the standard of Irish, i mbunscoileanna lán-Ghaeilge, in Irish-medium primary schools, is amazing. The students have beautiful, in-depth Irish but where do they go after primary school? There is a lack of support for Gaelcholáistí in Ireland. If we are serious about our language, we must start funding Gaelcholáistí without needing another campaign. We should not have to campaign for Irish-language supports in the education system; it is what we should be doing in Ireland. Everybody should have that opportunity. It is a shame that when people struggle with Irish, they feel bad and they have this thing about it for a long time afterwards. It goes on for decades. Some people are bitter about it as well.

It is important that we put as much effort as we can into free Irish classes for adults and into sending kids to Irish college. I have said here before that every sixth-class student should be thrown into an Irish college somewhere for three weeks, for free, so they can do it all and experience Irish as a living language at least once. In most cases, when a person goes to school, he or she hears no Irish except in the classroom where it is often grammar-heavy and not fun-heavy. Why would anyone want to do that? There is a lot to learn from TEFL methods, which are used all around the world. When I taught English as a foreign language, I used dance, art, racing and all kinds of games to teach the language. I used those tools to teach Irish to adults as well and they loved it.

Tá an-obair le déanamh againn ó thaobh an bhealaigh a múintear an teanga agus faoin tacaíocht atá á lorg ag na bunscoileanna agus meánscoileanna lán-Ghaeilge. Ní cheart go mbeadh orthu protest a dhéanamh taobh amuigh. Caithfidh muid níos mó tacaíochta a thabhairt dóibh. Tá an-tacaíocht tugtha ag an Aire ó thaobh na teanga de agus gabhaim buíochas léi óna thaobh sin. Is iontach an rud é go bhfuil stáisiún teilifíse lán-Gaeilge i gcomhair páistí ar fáil anois de bharr na tacaíochta a thug an tAire seo do TG4. Iarraim ar an Aire coinneáil uirthi leis an dea-obair.

Is ráiteas deas é sin. Glaoim anois ar bhean a bhfuil Gaeilge láidir aici ó Phort Láirge agus ó Bhaile Átha Cliath. Níl mé ábalta a hainm a rá i nGaeilge, but maybe she can educate us on this matter.

Gabhaim buíochas leis an Cathaoirleach Gníomhach. Fáiltím roimh an Aire le linn Sheachtain na Gaeilge. Is iontach a bheith anseo ag labhairt faoin Ghaeilge, ach tá an-chuid fadhbanna ann. Cé go bhfuil an-chuid déanta, tá fadhbanna ann faoi láthair, faoi mar a dúirt mo chomhghleacaí ó Chontae an Chláir, an Seanadóir Róisín Garvey. Tá fadhb ag an Ghaeilge sa chóras oideachais agus tá gá ann do pholasaí don Ghaeilge ó réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, rud nach bhfuil ann faoi láthair. Tá an-chuid déanta ag an Aire Oideachais, an Teachta Norma Foley, maidir le polasaí Gaeilge laistigh den chóras Gaelscolaíochta, ach níl go leor déanta aici fós maidir leis an Ghaeilge sna scoileanna lasmuigh den chóras lán-Ghaeilge. Freastalaíonn formhór na bpáistí sa tír ar scoileanna Béarla. Mar sin, tá gá ann, ach tá dúil ann freisin. Teastaíonn ó thuismitheoirí a gcuid páistí a chur ar aghaidh chun Gaeilge mhaith a fhoghlaim sa scoil, ach tá fadhb ann maidir leis an chóras oideachais.

Chomh maith leis sin, tá fadhb ann maidir leis an fháil ar Ghaelcholáistí timpeall na tíre. Molaim go hard an feachtas atá ar bun sa chathair seo maidir le Gaelcholáiste a bhunú i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Tá Gaelcholáiste de dhíth sa cheantar sin den chathair. Tá an-chuid bunscoileanna lán-Ghaeilge ach níl aon Ghaelcholáiste chun na páistí sin a chur ar aghaidh. Téann siad chuig scoileanna lán-Béarla dá bharr agus cailleann siad an saibhreas teanga atá acu agus is trua ollmhór é sin. Tá an-chuid déanta ag mo chomhghleacaí, an Teachta Jim O’Callaghan, agus ag Seanadóirí agus Teachtaí Dála eile i leith na faidhbe sin, agus molaim go hard an feachtas. Impím ar an Aire an cheist sin a bhrú ar aghaidh laistigh de chruinnithe an Rialtais chun Gaelcholáiste a chur ar fáil do mhuintir Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8.

Tá géarchéim tithíochta sna Gaeltachtaí, freisin. Tá an Bille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2023 ar Chéim an Choiste sa Dáil faoi láthair agus tá tábhacht faoi leith ag baint leis an Bhille do mhuintir na Gaeltachta. Tá an-chuid déanta ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Teachta Darragh O'Brien, chun an Bille seo a chur ar aghaidh. Is Bille ollmhór é, ach tá sé de dhíth. Tá tithíocht de dhíth sna ceantair Ghaeltachta. Ní bhíonn muintir na Gaeltachta in ann fanacht sa Ghaeltacht nó dul ar ais chuig an Ghaeltacht chun a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge agus is fadhb ollmhór í sin. Tuigeann muid go léir gur tobar na teanga í an Ghaeltacht. Caithfidh muid rud éigin i bhfad níos fearr a dhéanamh le tithíocht sa Ghaeltacht agus, go háirithe, caithfidh an tAire iarracht níos fearr a dhéanamh maidir le tithíocht inacmhainne. Is áiteanna áille iad na Gaeltachtaí agus mar sin, teastaíonn ó dhaoine lasmuigh den Gaeltachtaí tithe a cheannach iontu agus is brú breise é seo. Ní bhíonn an t-airgead ag muintir na háite chun dul in iomaíocht le daoine lasmuigh den Ghaeltacht. Ní bhíonn siad in ann na tithe céanna a cheannach agus is brú breise é sin agus cailleann siad amach ar na tithe a bhíonn ar an mhargadh. Is fadhb ollmhór í sin.

Tá fadhb eile ann freisin. Is í sin an fhadhb leis An Gharda Síochána. Tá easpa Gardaí a bhfuil Gaeilge líofa acu chun freastal ar na ceantair Ghaeltachta nó chun freastal ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu taobh amuigh de na Gaeltachtaí, cosúil linn. Is gá go mbeadh Gaeilge níos fearr laistigh den fhórsa i gcoitinne chun freastal ar na daoine sin. Bhí feachtas earcaíochta ag An Gharda Síochána agus n’fheadar an bhfuil a fhios ag an Aire cé mhéad cainteoirí Gaeilge a earcaíodh le linn an fheachtais. Chuir an t-iarChoimisinéir Teanga tuarascáil faoi bhráid an Oireachtais maidir leis an fhadhb seo agus n’fheadar an bhfuil dul chun cinn déanta ag An Gharda Síochána nó ag an Aire, Dlí agus Cirt, an Teachta McEntee, chun í a réiteach. Rinneadh cúpla focal a chur chun cinn i measc na nGardaí ach ní leor cúpla focal chun freastal ar phobail Ghaeltachta. Tá sé náireach i ndáiríre nach bhfuil go leor gardaí ann chun freastal ar mhuintir na Gaeltachta nó ar dhaoine taobh amuigh de na Gaeltachtaí a bhfuil Gaeilge acu. Níl ann ach béalghrá, arís is arís eile in ionad birt chuí. Tá feirg orm faoi sin agus tá sé ardaithe agam an-chuid anseo sa tSeanad agus leis an Aire, an Teachta McEntee agus le daoine eile. Níl dul chun cinn suntasach feicthe agam fós ach tá mé dóchasach faoin fheachtas earcaíochta a bhí ann le déanaí. Tá me ag tnúth le breis eolais dhearfaigh ón Aire ar an ábhar seo. Nil aon mhaitheas a bheith anseo bliain i ndiaidh bliana le linn Sheachtain na Gaeilge ag plé na Gaeilge agus ag caint faoin mheas agus an grá láidir atá ag muintir na hÉireann i leith na teanga muna bhfuil muid dáiríre faoi. Ní mór dúinn beart a dhéanamh de réir ár mbriathair agus seirbhísí poiblí cuí iomlána a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu sa tír seo.

Tá mé dearfach i leith na teanga. Tá an-chuid fadhbanna ach tá mé dearfach fúthu. Tá a lán oibre déanta ag an Rialtas seo, go háirithe le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus na cuspóirí faoi mar a luaigh an tAire. Is dul chun cinn iontach é sin. Tá Cúla4 ar an fhód agus is cainéal iontach é. Tá an aip agam ar m’fhón agus tá sé an-éasca na cláir a chur ar siúl pé áit ina mbíonn muid. Is rud iontach é sin. Tá Cine4 ann agus thug an tAire a lán cabhrach agus airgid do TG4 chun Cine4 a fhorbairt. Tá Gaeilge iontach ag Paul Mescal freisin agus is réalt ollmhór é. Is dócha go bhfuil sé ina réalt is mó ar domhan faoi láthair. Mar sin de, tá todhchaí dearfach ann i leith na teanga, ach tá fadhbanna ann agus bhí orm na fadhbanna sin a chur chun cinn anseo le linn na ráiteas. Molaim go hard an tAire agus molaim di leanúint ar aghaidh leis an dea-obair.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir. Bhí sé sin an-álainn ar fad.

Iarraim ar Sheanadóir Seán Kyne labhairt. Cloisim go labhraíonn sé a lán Gaeilge timpeall an Tí seo. Tá an Ghaeilge láidir timpeall Chontae na Gaillimhe, nach bhfuil?

Tá sé an-láidir i gConamara cinnte, nó in áiteanna i gConamara ar aon nós. Cuirim fáilte roimh an tAire Stáit, an Teachta O’Donovan, agus roimh an tAire, an Teachta Martin, freisin, atá díreach imithe.

Tá sé fógartha i dtorthaí an daonáirimh in 2022 go bhfuil beagnach 200,000 duine ábalta an Ghaeilge a labhairt go han-mhaith trasna na tíre agus beagnach 600,000 duine a labhraíonn í go maith. Caithfidh mé a rá go dtugann na torthaí sin léaró dóchais dúinn san obair a bhíonn a dhéanamh againn. Tháinig thart ar 100,000 duine ón Úcráin go dtí an tír seo i rith an chogaidh. Ina measc, tá páistí atá ag freastal ar scoileanna sna Gaeltachtaí agus is iontach a chloisteáil go mbíonn páistí óga ón Úcráin ag labhairt Gaeilge chomh maith le páistí na háite. Freisin, cuireann na páistí seo leis na huimhreacha sna scoileanna agus tá muid in ann a rá go gcoinneoidh na páistí sin scoileanna beaga oscailte trasna na tíre. Is cúis dóchais é seo agus léiríonn sé na féidearthachtaí do pháistí óga Gaeilge a fhoghlaim in aon áit sa tír má tá na múinteoirí Gaeilge, agus toil, ann an Ghaeilge a mhúineadh.

Tá an Tionól ag Cnoc an Anfa ar ais ag obair agus beidh an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas i bhfeidhm freisin mar gheall air sin. Níl a fhios agam an raibh an tAire Stáit, an Teachta O'Donovan, nó an tAire, an Teachta Martin, ag an chruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Is í an fhadhb atá ann - tá sé seo ráite ag an Aire, an Teachta Martin - ná go mbíonn dúshláin ag baint le hobair Fhoras na Gaeilge ar bhonn Thuaidh-Theas. Bhí fadhb ann de dheasca nach raibh an Tionól ag feidhmiú agus dá bharr sin, bhí fadhb le maoiniú Fhoras na Gaeilge. Tá súil agam, de bharr go bhfuil an Tionól ar ais, go mbeidh réiteach ar na fadhbanna sin. Tá Aire Oideachais nua, Paul Givan, sa Tuaisceart. Chuaigh sé ar cuairt chuig Gaelcholáistí sa Tuaisceart agus cuirim fáilte roimhe sin. Is siombail maith é don chomhoibriú a theastaíonn uainn ar an oileán.

Is mór an náire go dtarraingtear graifítí ar chomharthaí bóithre i mBéal Feirste, ag scriobáil amach an t-ainm Ghaeilge d'eastáit tithíochta. É sin ráite, an bhfuil aon difríocht ann an t-ainm i mBéarla ar chomharthaí bóithre a ghlanadh amach ar an taobh seo den oileán? Ba cheart go bhfágfaí na comharthaí seo mar atá leis an dá ainm oifigiúil orthu.

Níor luaigh an tAire, an Teachta Martin, agus b'fhéidir go mbeidh rud éigin le rá ag a, Aire Stáit, aon rud faoi thoghachán Údarás na Gaeltachta. Tá fhios agam go bhfuil cinneadh á dhéanamh faoi seo, faoi thoghachán a thabhairt ar ais, cé nach raibh sé leagtha amach chomh soiléir sin i gclár oibre ag an Rialtas, na toghacháin a thabhairt ar ais. An bhfuil cinnteacht fós go mbeidh an toghachán sin ag dul ar aghaidh ar an 7 Méitheamh, ar an lá céanna leis na toghacháin áitiúla agus an toghchán do Phairlimint na hEorpa?

Cuirim fáilte leis an nuacht go raibh níos má ná 1,000 post nua cruthaithe sa Ghaeltacht in 2023 ag Údarás na Gaeltachta. Tá sé ráite go minic agam go bhfuil an t-ádh linn sa Ghaeltacht go bhfuil an t-údarás againn ag feidhmiú ar son na Gaeltachtaí. Tá súil agam go bhfuil an Cathaoirleach Gníomhach an-sásta le heagraíocht Stáit ag feidhmiú ar son Chontae Ros Comáin agus áiteanna mar sin. Tá an t-údarás ag feidhmiú ar son na Gaeltachtaí agus tá sé fíor-thábachtach go bhfuil an maoiniú ceart aige ó thaobh an buiséad caipitil mar tá a lán oibre á dhéanamh aige agus ní bheidh aon airgid ag dul amú.

Gealladh polasaí don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal sa chlár Rialtas reatha, agus cé go bhfuil obair ag dul ar aghaidh ar pholasaí do na scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht, níl aon tús curtha fós leis an bpolasaí don chóras oideachais i gcoitinne, ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, a fhorbairt. Tá 93% de na daltaí nach bhfuil aon pholasaí á fhorbairt dóibh faoi láthair. Tá an polasaí seo ag teastáil níos mó ná riamh nuair a thógtar na rudaí breise seo san áireamh. Mothaíonn Conradh na Gaeilge go láidir faoin ábhar seo agus go dteastaíonn polasaí ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, agus aontóinn leis na moltaí agus leis an bpolasaí sin.

Anuraidh do ghlac an Roinn Oideachas cinneadh 30 nóiméad sa tseachtain a bhaint uaidh múineadh na Gaeilge, ó rang a haon ar aghaidh, i gcuraclam na mbunscoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla. Níl aon taighde déanta ar na himpleachtaí a bheadh aige sin ar chaighdeán na Gaeilge sna scoileanna agus tuigtear go bhfuil fadhbanna suntasacha ann cheana féin ó thaobh foghlaim na Gaeilge de sna bunscoileanna. Mar a dúirt an conradh, níl aon taighde déanta ag an Roinn Oideachas ar na himpleachtaí an athrú sin agus ní aontaím leis an athrú a rinne sé. Is mór an trua go dtarlóidh sé. Tá sé ráite go bhfuil an ceart ag an mbord bainistíochta cinneadh a dhéanamh dó fhéin, agus ba cheart go bhfágfar rudaí mar a bhí go dtí go bhfuil an Roinn, agus b'fhéidir go bhfuil sé anois, in ann an taighde sin a dhéanamh cén chaoi a bhfuil an bpolasaí ag feidhmiú.

Cuirim fáilte roimh an infheistiú breise atá geallta don Roinn. Bíonn brú i gcónaí ar an Roinn, go mórmhór ag Údarás na Gaeltachta, caithfidh mé a rá. Teastaíonn breis airgid ionas gur féidir leis leanúint ar aghaidh leis an obair iontach agus tábhachtach atá á dhéanamh aige.

Gabhaim buíochas leis an Seanadaóir Kyne agus Gaeilge flúirseach ansin. Glaoim ar an Seandaóir Boylan agus tá súil agam go bhfuil grá don teanga aici.

Gabhaim buíochas leis an Chathaoirleach Gníomhach. Tá brón orm ach níl Gaeilge mhaith agam. Táim ag foghlaim agus táim ar 349 ar Duolingo. B'fhéidir an bhliain seo chugainn go mbeidh mé ag caint fully as Gaeilge. Sinn Féin is committed to the restoration of Irish to use as a spoken language in communities nationwide and as a primary language of the Gaeltacht. Seachtain na Gaeilge provides a welcome opportunity to highlight our support for the Irish language and our policies to promote it while also drawing attention to the serious crisis affecting the Irish language in Gaeltacht communities.

Regarding the drop in numbers of those speaking Irish in Gaeltacht areas, Sinn Féin is committed to its routine use and has called for extra funding and support for the language planners working in these areas. Thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht don dara daonáireamh as a chéile. There is a need to incentivise Gaeltacht families to raise their children through Irish, and this could be done by restoring the Irish speakers scheme that lasted from 1935 until 2012, which would provide €500 per child. This would help more families to raise their children trí Ghaeilge. Níl ach teaghlach Gaeltachta amháin as gach cúig ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge. Like everywhere else in the State, housing in Gaeltacht areas is in crisis. Bánú, the housing campaign group, said the crisis is forcing many Gaeilgeoirí, Gaeilge workers agus teaghlaigh Ghaeilge to leave the Gaeltacht as they can neither build nor buy a home locally. Sinn Féin published a ten-point Gaeltacht housing and planning policy in 2022 to address this. We have tabled more than 150 amendments to the Planning and Development Bill 2023 to protect Gaeltacht communities in planning. The housing Minister, Deputy Darragh O'Brien, has failed in his 2021 promise to address the crisis.

The story is the same with the Government's promise to restore democratic elections to the main Gaeltacht development agency, Údarás na Gaeltachta, before the local and European elections in June. The legislation has not been published yet. Sinn Féin published proposals in 2023 to guarantee representation for all Gaeltacht areas and islands through elections and a substantial amount in the budget for Údarás na Gaeltachta to develop the region. Tharla titim 30% ó 2017 i líon na mná tí do choláistí samhraidh Gaeltachta. Ach dar leis an Aire, an Teachta Catherine Martin, níl géarchéim ar bith san earnáil. A rescue package for the Gaeltacht summer college sector is urgently needed and Sinn Féin has put forward its proposals.

Foras na Gaeilge is the main agency for funding local Irish language efforts and the lead organisation in the Irish language sector, and its chairperson, Professor Regina Uí Chollatáin, wrote to all TDs on its 25th anniversary, describing the Government's funding as not only inadequate but derisory, with the inflation adjusted budget reduced by 45% over the past 15 years. A substantial increase in funding is required for Foras na Gaeilge, and in our alternative budget for 2024 we committed to €2.8 million as a start.

Cé gur lean TG4 na rialacha go léir i gcomparáid le RTÉ, tá an craoltóir serbhíse phoiblí Gaeilge ag fáil i bhfad níos lú maoiniú ná RTÉ ná S4C na Breatnaise, fiú. In our alternative budget we would have provided €9.2 million extra to TG4 and would ensure the new media fund to replace the TV licence would adequately support the growth of TG4 into the future.

A Government commissioned report recently found that a lack of structure and strategy in Irish language arts is leading to lost opportunities and a crisis in Irish language theatre in particular. The promised strategy for language-based arts has missed deadline after deadline and still remains unpublished. We are committed to providing the funding for the national Irish language theatre, An Taibhdhearc, in Galway with the funding it has sought to revive the sector. The Oireachtas Irish language committee under the Chair, Deputy Aengus Ó Snodaigh, published a comprehensive report at the Oireachtas festival on how to support the Irish language writing, publishing and reading sector.

A year after Sinn Féin published its policy, Ár Seacht nDícheall don Ghaeilge, to normalise and increase the use of Irish in public, the Government has still failed to act. Tá bliain imithe ó d'fhoilsigh Sinn Féin ár bpolasaí i rith Seachtain na Gaeilge chun úsáid na Gaeilge a normalú agus a spreagadh sa phobal agus níor ghníomhaigh an Rialtas. In government Sinn Féin would implement these seven proposals, including protecting the right to use Irish, bilingual packaging, information in shops and advertisements, Irish on ATMs and ticket machines and using Irish for placenames on road signs and on State branding.

The right of children to receive education in the medium of Irish is also being denied.

Tá cearta á séanadh do pháistí oideachas trí Ghaeilge a fháil. An ESRI report showed that 23% of parents would choose the local Irish-medium school if they could, and that 11 of the Twenty-six Counties have no Gaelcholáiste. Níl aon Ghaelcholáiste in 11 as na Sé Chontae Fichead. We have yet to see a draft of the long-promised policy on Irish-medium education outside of the Gaeltachtaí, and it will leave out third level and adult learning altogether. A survey from Tuairisc.ie of schools in the Gaeltachtaí found 80% have had to hire teachers who are not fluent in Irish. A report from the Oireachtas Gaeilge committee found that the current framework and criteria for exemptions are unscientific and called for an entirely new approach to second-language learning.

The Government needs a State-wide vision for the growth of the Irish language and the plan should be comprehensively resourced. No area of life should be ignored in the promotion of the language. Sinn Féin in government will support access to Irish in the education sector, and the Irish-medium sector, on a State-wide basis from pre-school to third level. It would also provide free Irish-language lessons for adults. We should be proud of our language and it is great to see the revival that is taking place. However, for generations like mine, we did not have these opportunities and we would love to have them as it is important to use Gaeilge gach lá.

I wish to commend Dublin City Council, which had its entire council meeting as Gaeilge on Monday night. That is the first time this has happened in the country. It is good and I encourage other local authorities to do the same. In fairness, most of the local elected councillors made an effort to address and put questions to the officials as Gaeilge. Long may that continue. Go raibh maith agat.

Anois, iarraim ar Sheanadóir Alice-Mary Higgins.

Fáiltím roimh an deis atá againn an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a phlé anseo inniu. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil Seachtain na Gaeilge againn. Tá a fhios againn go bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach dár gcultúr náisiúnta agus feiceann muid inár gceantair féin an stór a bhaineann lenár dteanga. Is rud fíorthábhachtach í.

Is mian liom aitheantas a thabhairt don obair thábhachtach a rinne ár n-iarchomhghleacaí, Niall Ó Donnghaile, ar mhaithe le cur chun cinn agus neartú na Gaeilge agus an chultúir le blianta anuas. Ba mhór an pléisiúr é a bheith ag obair leis an iar-Sheanadóir Ó Donnghaile sa Seanad ó 2016 agus guím gach rath air le linn Sheachtain na Gaeilge. I wish to give a special commendation to our former colleague, Niall Ó Donnghaile, who did great work in promoting the Irish language within the Seanad Chamber and indeed across the island of Ireland.

Tá an Ghaeltacht mar chroílár na Gaeilge agus caithfidh muid gach uile sórt a dhéanamh le cinntiú go gcoinneofar na Gaeltachtaí ina bpobail láidre bríomhara. Tá a fhios againn nach bhfuil ach 23% de thithe sna Gaeltachtaí ag tógáil a gcuid teaghlach trí Ghaeilge. Caithfidh muid déileáil leis sin. Tá a fhios againn go bhfuil neart cúiseanna ann leis an laghdú atá ag teacht ar líon na gcainteoirí, ach cuireann sé isteach orm nach féidir le teaghlaigh Ghaeltachta tithe a cheannach nó a thógáil ina gceantair fhéin agus go bhfuil siad á mbrú ó na ceantair sin. Ní féidir leo a gcuid páistí a thógáil ina gceantair dhúchais trí Ghaeilge na háite.

Is mian liom aitheasc a thabhairt ar an oideachas atá mic léinn ag fáil tríd an teanga dhúchais. Tá sé dochreidte agus éadóchasach, breis is 100 bliain ó bunaíodh an Stát, nach bhfuil rochtain ach ag 6.7% de dhaltaí ar Ghaeloideachas, in ainneoin na díograise do Ghaelscoileanna fud fad na tíre. Mar gheall ar an easpa Gaelcholáistí i roinnt ceantar ina bhfuil líon mór mac léinn, laghdófar an líon oideachais trí mheán na Gaeilge. Dá bharr seo, ní féidir le leanaí, a thosaigh amach le hoideachas trí Ghaeilge, leanúint leis sin ar an mheánscoil. Léiríonn an bhearna seo i nGaeloideachas go soiléir an teip atá ar lamháil pleanála, rud a chuirfidh le creimeadh na teanga i measc an phobail.

Is é an gníomh gur féidir a dhéanamh láithreach ná Gaelcholáistí a bhunú sna ceantair a bhfuil éileamh guthach d’institiúidí dá leithéad iontu, Baile Átha Cliath ina measc. Tá feachtas leanúnach ar bun ó 2019 i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6, 7 agus 8. Bheadh méadú ar líon na nGaelcholáistí ina chéim shuntasach chun na spriocanna, a bhí molta ón tús, a chomhlíonadh agus chun mianta tuismitheoirí agus mic léinn atá i mbun feachtais ar an ábhar seo faoi láthair a chomhlíonadh freisin, rud atá níos tábhachtaí. It is an issue that there is a low level of people speaking Irish within the Gaeltachtaí. The issues are multiple, including issues of accessing housing and planning. Another issue is the lack of access to Irish-language education all the way up to secondary school, not just at primary school level. While I believe that the Gaeltachtaí are the heart of the Irish language, these measures are needed not just in the Gaeltachtaí but right across the country. There are many campaigns in parts of Dublin by people who wish to have the option of secondary school education through Irish. As Irish is our national language, younger citizens should be able to have an education in the language of their choice.

Ba chóir polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachas ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a fhógairt anois, mar atá geallta sa chlár Rialtais reatha. Cé go bhfuil obair ag dul ar aghaidh ar pholasaithe le haghaidh na scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, níl aon tús curtha leis an pholasaí ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal don chóras oideachais le cinnteacht a thabhairt. Tá an polasaí seo ag teastáil níos mó ná riamh agus iarraim ar an Roinn é seo a chur ar aghaidh gan mhoill. There is a huge need for better policies to support the transition all the way up from pre-school to secondary school, and indeed to third level. As I said, this is a big focus for campaigns at the moment.

Ar deireadh, is mian liom béim a leagan agus tagairt a dhéanamh den tábhacht atá leis na healaíona agus leis an chultúr trí Ghaeilge i mbailte agus cathracha ar fud na tíre, cathair na Gaillimhe san áireamh. Cothaíonn siad fuinneamh agus cruthaitheacht i nGaeilge agus sa chultúr Gaelach.

I wish to eco the points that my colleague, Senator Lynn Boylan, made around Irish-language culture and arts; it cannot be left as a fringe at the side or as a small grant to do something small. There needs to be support for vibrant and robust art and culture in the Irish language. We can see this in Galway and there were questions and debates this week on this matter. While it is great that Galway is supporting the arts, is enough being done? Galway is the bilingual capital of Ireland and it does not seem that enough is being done to support the Irish-language arts there. It is incumbent that we give people the tools to use and be able to live fully through Irish. It is not about learning Irish, but about learning, thinking and creating through Irish. More can be done.

I wish everyone a happy Seachtain na Gaeilge.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir for that contribution. Iarraim ar an Seanadóir Marie Sherlock, ar son Pháirtí an Lucht Oibre, labhairt. B’fhéidir gur í an duine deireanach le labhairt sa díospóireacht seo.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus fáiltím roimh an Aire Stáit go dtí an Seanad. Tacaím leis na focail maidir le Niall Ó Donnghaile, who is very much missed in this Chamber. Tá áthas an domhain orm nach bhfuil ceiliúradh amháin ach dhá ceann againn inniu, Seachtain na Gaeilge agus Lá Idirnáisiúnta na mBan. Tá toghcháin i mbliana agus ba mhaith liom a rá go bhfuil sé an-tábhachtach go bhfuil daoine le Gaeilge agus go háirithe mná le Gaeilge ag seasamh sna toghcháin. Tuigimid nach bhfuil Gaeilge foirfe ag a lán daoine, go háirithe mé féin, ach ní bheidh a dhóthain dul chun cinn i dtaca leis an nGaeilge mura mbeidh daoine le suim agus le díograis mar bhaill dár gcomhairlí chontae trasna na tíre agus san Oireachtas.

Tá an iomad le déanamh leis an nGaeilge a spreagadh sa chóras oideachais, sna polasaithe tithíochta agus a lán rud eile ach ní féidir linn na dúshláin seo a shárú mura bhfuil na daoine cearta sna háiteanna cearta. Má táimid tiomanta don chomhionannas deise do gach duine ina saol féin agus an chomhionannas deise chun an teanga Gaeilge a fhoghlaim agus a úsáid, is léir go bhfuil gá le níos mó mná tofa sa tír seo. Tá taispeántas álainn ar siúl i dTeach Laighean le grianghraif d'iarrBhaill de Pharlaimint na hEorpa agus na Baill atá ann faoi láthair. Bhí an Breitheamh Marie Baker ag caint ar maidin faoi na dúshláin in aghaidh mná atá mar pholaiteoirí sa tír seo, agus aontaím léi. Níl aon rogha againn ach an obair a choimeád suas. Má tá níos mó mná tofa sa tír, creidim go mbeidh sé níos éasca do chuile duine atá ag obair mar pholaiteoir.

Gach bliain ag an am seo is amhlaidh go bhfuilimid ag iarraidh níos mó infheistíochta agus níos mó tacaíochta maidir leis an Ghaeilge sa tír, agus is féidir linn é seo a dhéanamh arís, ach i mbliana tá níos mó fianaise againn go bhfuil an-éileamh trasna na tíre leis an teanga a fhorbairt. Is léir ón daonáireamh 2022 go bhfuil na huimhreacha le Gaeilge sa tír seo ag méadú. Cé gur dhúirt níos mó ná 1 milliún go raibh Gaeilge acu in 2011, mhéadaigh sé 6% le cúig bliana anuas. Mar sin, tá sé níos tábhachtaí fós go bhfuil a dhóthain tacaíocht ag an nGaeilge as seo amach. Tuigim go bhfuil 0.17% den chaiteachas Stáit ar fáil don Ghaeilge faoi láthair. Molann feachtas Chonradh na Gaeilge sprioc docht a chur i bhfeidhm, sprioc cosúil le 0.40% roimh 2030. Sprioc an-uaillmhianach atá ann, ach níl aon leithscéal againn. Tá airgid poiblí an-sláintiúil againn agus ba chór go mbeadh sprioc docht á chur i bhfeidhm.

Mar fhocal scoir, ba chóir go mbeadh seans ag gach duine sa tír seo an Ghaeilge a fhoghlaim, ach go háirithe na daltaí sa chóras oideachais. Is léir go bhfuil géar-ganntanais ann maidir le Gaelcholáistí agus Gaelscoileanna trasna na tíre. Tá an t-ádh linn ar an taobh thuaidh den chathair seo go bhfuil trí bunscoileanna agus dhá Ghaelcholáiste cóngarach linn ach tá fhios agam go bhfuil an-éileamh sna ceantair eile ar Ghaelcholáistí agus Gaelscoileanna a bhunú. Ba mhaith liom teachtaireacht a sheoladh don Aire Oideachais agus go háirithe d'Aire na Gaeilge gur chóir níos mó a dhéanamh chun Gaelcholáistí agus Gaelscoileanna a bhunú trasna na tíre. Gach bliain is dócha go mbíonn an teachtaireacht céanna againn: go bhfuil níos mó infheistíochta agus níos mó suime ag teastáil sa chóras oideachais i leith na Gaeilge. Ní féidir linn aon dul chun cinn a dhéanamh mura bhfuil an t-airgead ann. Iarraim ar an Rialtas an t-airgead ceart a infheistiú sa chóras oideachais agus sna polasaithe tithíochta le daoine a spreagadh le cónaí sa Ghaeltacht. Tá sé an-tábhachtach agus ba bhreá linn teachtaireacht láidir a chur i dtreo an Aire.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis na Seanadóirí. Mar Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, fáiltím roimh an deis labhairt i Seanad Éireann le linn Sheachtain na Gaeilge faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is iontach an méid sin Gaeilge a chloisteáil anseo inniu.

Tá gach scéim atá á riaradh ag mo Roinn tábhachtach agus dírithe ar neartú agus ar bhuanú na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht agus go deimhin ar fud an oileán seo. Mar a luaigh an tAire, an Teachta Martin, tá ceannteidil an Bille um Údarás na Gaeltachta (leasú agus forálacha ilghnéitheacha), 2024 curtha faoi bhráid an Rialtais aici an tseachtain seo. Gníomh fíorthábhachtach d'obair an údaráis atá i gceist. Tá obair thábhachtach curtha i gcrích ag an údarás maidir le fostaíocht agus forbairt eacnamaíochta na ceantair Ghaeltachta i gcomhar le mo Roinn chun saol phobal na Gaeltachta a fheabhsú agus chun an Ghaeltacht a chosaint agus a fhorbairt. Ba mhaith liom a gcuid oibre i réimse na pleanála teanga a threáslú le hÚdarás na Gaeltachta agus go deimhin le Foras na Gaeilge. Tá Foras na Gaeilge ag obair sa réimse seo agus iad ag obair le bailte seirbhíse Gaeltachta agus líonraí Gaeilge ar fud na tíre. Go dáta, tá 37 plean teanga ceadaithe agus do sheol mé an plean teanga is déanaí don limistéar pleanála teanga Mhaigh Eo thiar agus mé ar chuairt ar an gcontae an tseachtain seo caite. Tugann an pleanáil teanga deis do phobail áitiúla a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Gaeilge ar aghaidh go slán sábháilte chuig na glúnta atá le teacht.

Amárach, beidh mé ag seoladh stráitéis do na healaíne teangabhunaithe i nGailimh. Tá na healaíne ar cheann de na bealaí is fearr gur féidir linn an Ghaeilge a spreagradh i measc an chéad glúin eile mar theanga pobail agus mar theanga cumarsáide i measc ár bpobal. Cuid lárnach de shaol na gceantair Ghaeltachta is iad na coláistí samhraidh. Le tacaíocht agus comhoibriú ó geallsealbhóirí na hearnála, tá dul chun cinn dearfach tagtha ar chóras na coláistí. Chun a chinntiú go mbeidh an deis ag níos mó daoine óga teacht ar na cúrsaí seo, cuireann an Roinn maoiniú €400,000 ar fáil do scéimeanna scoláireachta deis Gaeltachta. I réimse eile den oideachas, tá mo Roinn ag déanamh infheistíocht shuntasach i mbliana i scéim Gaelbhratach de chuid Gael Linn. Spreagann an scéim seo úsáid na Gaeilge taobh amuigh den seomra ranga. Tacaíonn mo Roinn freisin leis na cláir Kinia agus TechSpace. Tá ag éirí go han mhaith leis an obair atá ar siúl acu ag tabhairt an teicneolaíocht agus an ré digiteach isteach sa seomra ranga go nádúrtha trí Ghaeilge. Cuireann na tionscnaimh seo go díreach leis na haidhmeanna i réimse an oideachais atá leagtha amach sa stráitéis 20 bliain don teanga. Tacaíonn mo Roinn freisin le heagraíochtaí ar nós Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Tuismitheoirí na Gaeltachta a chuireann seirbhísí agus imeachtaí ar fáil trí Ghaeilge sna ceantair Gaeltachta.

Scéim fíorthábhachtach eile de chuid mo Roinne is ea scéim na cúntóirí teanga. Tacaíonn sé seo leis an gcóras oideachais sna scoileanna Gaeltachta, agus anois tá an scéim ar bun sna bailte seirbhísí Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge freisin. Tá achmhainní breise ar fáil faoi cháinaisnéis 2024 chun tabhairt faoin obair a bhaineann leis an Acht Teanga nua, chomh maith le tionscnaimh nua a mhaoiniú agus bearta atá idir lámha cheana féin a leathnú amach. Tá go leor nithe suntasacha tagtha chun cinn de thoradh an Acht cheana féin, ina measc bunaíodh coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge agus conradh taighde aontaithe i leith ullmhú an phlean náisiúnta. Mar thoradh ar obair an choiste seo, beimid ag súil an chéad phlean náisiúnta um seirbhíse poiblí Gaeilge a fhoilsiú níos déanaí i mbliana, agus is gníomh oibre nach beag atá i gceist.

Ar ndóigh, tá obair ar siúl maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar fud an oileáin seo. Is é Foras na Gaeilge an eagraíocht atá freagrach as an Ghaeilge a fhorbairt ar fud an oileáin. Tá áthas orainn go bhfuil Feidhmeannas Thuaisceart na hÉireann ar ais ag suí arís. Ciallaíonn sé seo gur féidir leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach atá ar siúl ag an bhforas. Tá mo Roinn ag comhoibriú le tionscnamh oileán comhroinnte ó Roinn an Taoisigh maidir le forbairt na Gaeilge ar bhonn uile-oileáin freisin. Cúpla seachtain ó shin, bhí mé i mBéal Feirste agus bhuail mé le Linda Ervine atá taobh thiar de Naíscoil na Seolta in oirthear na cathrach sin. Tá súil againn tacú leis an obair seo faoi scáth an tionscnaimh oileán comhroinnte.

Is tír ilchultúrtha í Éire inniu. I mbliana, chuireamar fáilte roimh go leor teaghlach agus daoine aonair. Chuige sin, tá maoiniú suntasach curtha ar fáil ag mo Roinn freisin d'fheachtas “Céad Míle Fáilte” de chuid Chonradh na Gaeilge. Is é cuspóir an fheachtais ná iad siúd atá tar éis teacht go hÉirinn le déanaí a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid mar bhealach chun féiniúlacht Éireannach níos láidre a chruthú dóibh féin.

Tá rún daingean agam féin, ag an Aire, an Teachta Martin, agus ag an Rialtas trí chéile na gealltanais atá déanta againn i leith fhorbairt agus neartú na Gaeilge a chur i gcrích, agus leanfaimid orainn á dhéanamh sin le linn na bliana atá romhainn.

Gabhaim buíochas leis an Chathaoirleach Gníomhach agus leis na Seanadóirí go léir as ucht an deis cúpla focal a rá maidir le Seachtain na Gaeilge.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. I ask the Acting Leader to move the suspension of the House until 2 p.m. Is that agreed? Agreed. Tá an Teach críochnaithe leis na ráitis.

Cuireadh an Seanad ar fionraí ar 1.42 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 2 p.m.
Sitting suspended at 1.42 p.m. and resumed at 2 p.m.
Top
Share