Tá áthas orm na Meastacháin do Vóta 27, don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, a chur i láthair. Is ionnan an t-ollmhéad €478.470 milllúin agus méadu de 25% ar chaiteachas na bliana 2005. Is ionnan an glanmhéad €429.220 millúin agus méadu de 28% ar an gcaiteachas seo i 2005. Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do rudaí a bhfuil freagracht agam astu sa Roinn. Ansin, iarrfaidh mé ar an Aire Stáit, an Teachta Noel Ahern, labhairt faoin earnáil phobail agus dheonach agus tionscnaimh drugaí, mar aon le Vóta 24, is é sin, Oifig Choimisinéirí na hÉireann um Thabhartais agus Tiomnachtaí Carthanachta.
The allocation for the administrative budget of the Department this year is €19.482 million. This principally provides for the salaries of 248 staff, staff training and travel costs, accommodation, IT, office equipment and consultancy costs. Many times during the year, by way of parliamentary question and media query, inquiries are made about administrative overheads and ministerial office costs. These are legitimate queries and the matter is worthy of thorough and objective analysis. One obvious place for this analysis to take place is Dáil Éireann in the debate on my Department's Estimates. To facilitate this debate, I propose to circulate some information to Deputies both on money spent and the reasons for the expenditure. It is my intention today, if Deputies wish to pursue this debate, to try to answer fully and factually any queries they may have in this regard in so far as the matters relate to my Department.
Ó thaobh na Gaeltachta agus na Gaeilge de, tá sé i gceist agam tagairt ghairid a dhéanamh do na príomhfhocheannteidil ábhartha. Is é an chéad cheann acu ná An Foras Teanga. Beidh a fhios ag baill an choiste go ndéantar an dá ghníomhaíocht de chuid an Fhorais Teanga, Foras na Gaeilge agus Tha Boord o Ulstèr-Scotch, a mhaoiniú ar bhonn 75% ón dlínse seo i gcás Fhoras na Gaeilge agus 25% ón Tuaisceart. Tá a mhalairt de chomhréir i bhfeidhm i leith Tha Boord o Ulstèr-Scotch. Tá maoiniú de €15.568 milliún ag an Fhoras Teanga do 2006, roinnte idir Foras na Gaeilge, le €14,811,000 agus Tha Boord o Ulstèr-Scotch, le €757,000. Maoiníonn an ciste Gaeilge eagraíochtaí agus tionscail a bhfuil sé d'aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn. Is é an maoiniú a mholtar do 2006 ná €4.454 milliún, ardú 33% ar 2005, rud a éascódh idirghabháil níos forleithne le tacú leis an teanga.
Tá €731,000 á sholáthar d'Oifig an Choimisinéara Teanga, atá lonnaithe ar an Spidéal i gContae na Gaillimhe. Tá foireann de chúigear duine ann le cabhrú leis an gCoimisinéir. Tá €4 milliún á sholáthar aríst i mbliana do dheontais tithíochta sa nGaeltacht. Sa mbliain 2005, chuidigh na deontais a bronnadh faoin scéim sin le tógáil 51 teach nua, mar aon le 544 tionscal eile, inar áiríodh tógáil, athchóireáil, tógáil forthithe agus ábhair shláintíochta.
Is é an chéad cheann eile ná scéimeanna cultúrtha agus sóisialta sa nGaeltacht. Tá €875,000 curtha in áirithe do scéim labhairt na Gaeilge, méadú de 25% ar an mbliain seo caite, faoinar íocadh cúnamh i leith 2,585 líon tí. Tá maoiniú de €2.250 milliún do scéimeanna d'fhoghlaimeoirí Gaeilge, faoinar íocadh cúnamh i leith 24,577 mac léinn sa mbliain 2005, ina n-áirítear 1,249 duine fásta agus beagnach 600 teaghlach Gaeltachta. Tá €3,225,000 á chur ar fáil d'eagraíochtaí a oibríonn leis an Ghaeilge a chaomhnú sa nGaeltacht. Dá bharr sin, táthar ag leanúint leis an ardú suntasach maoinithe a cuireadh ar fáil le blianta beaga anuas.
Maidir leis na scéimeanna feabhsúcháin sa nGaeltacht, dáilfear €15.78 milliún don bhliain seo, méadú de 35% ar 2005; bóithre, €5.5 milliún; áiseanna pobail, €2.8 milliún; muiroibreacha, €7.35 milliún; agus uisce agus séarachas, €0.1 milliún. Cuirfear €2.9 milliún breise le maoiniú chlár na mbóithre straitéiseacha sa nGaeltacht de bharr fuílligh ó 2005 ar féidir tabhairt ar aghaidh faoin áis iarchur caipitil. Tá soláthar d'oibreacha a éascódh teacht ar an mBlascaod Mór san áireamh sa maoiniú do mhuiroibreacha, ach beidh dul chun cinn ina leith seo ag brath ar cheannacht an oileáin ag an Stát.
Maidir leis na hoileáin i gcoitinne, tá maoiniú de €17.139 milliún á chur ar fáil, méadú de 8% ar sholáthar na bliana 2005. Cuirfidh an maoiniú seo, in éineacht le tabhairt ar aghaidh €2 milliún neamhchaite ó 2005 faoin áis iarchur caipitil, le cumas na Roinne leanúint le forbairt na n-oileán trí réimse beart a chur i bhfeidhm le feabhas a chur ar an mbuneagar eacnamaíochta, sóisialta agus fisiciúil. Ag casadh anois ar Údarás na Gaeltachta, lean an slánú ó thosnaigh 2004 ar dheacrachtaí leis an bhfostaíocht i 2002 agus 2003 i rith na bliana seo caite. Cruthaíodh 1,071 post lánaimseartha as an nua, agus dá bharr sin, bhí iomlán 7,507 post lánaimseartha i rith na bliana i ngnóthaí a fuair cúnamh ón Udarás, glanmhéadú de 161.
Méadaíodh an t-iomlán in obair pháirtaimseartha agus shéasúrach breis is 5%, go 4,468. Cuirfear maoiniú reatha de €14,756,000 ar fáil don Údarás i mbliana faoi dhá fhocheannteideal ar leith, €11,056,000 le costais riaracháin a íoc, an ciste pinsean san áireamh, agus €3,720,000 le caitheamh ar fhorbairt teanga, cultúir agus phobal na Gaeltachta. Beidh iomlán €21.5 milliún ar fáil don Údarás ar mhaithe le hinfheistiú caipitil, méadú €1 milliún ar mhaoiniú 2005. Déanfar 20% ar a laghad den soláthar seo a infheistiú i dtionscail ina bhfuil áit lárnach ag an nGaeilge.
Is é an chéad cheann eile ná tionscnaimh um ardscileanna Gaeilge. Tá áthas ar leith orm go bhfuil mé in ann a rá leis an gcoiste go bhfuil focheannteideal nua sna Meastacháin do 2006 le maoiniú €1 milliún chun luas a chur le soláthar cúrsaí áirithe Gaeilge ag an tríú leibhéal le freastal ar riachtanais ag teacht ar aitheantas an Aontais Eorpaigh ar an nGaeilge mar theanga oibre iomlán.
Ag casadh anois ar chúrsaí pobail, ar 1 Eanáir 2006, ghlac mo Roinn freagracht as an chlár seirbhísí pobail, an clár eacnamaíochta sóisialta roimhe seo, ón Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta. Is é aidhm an chláir ná tacú le hobair pobal logánta i gcoitinne i gcoinne an mhíbhuntáiste agus ag an am gcéanna deiseanna fostaíochta a sholáthar do dhaoine ina gceantair féin. Faoi láthair, tá 274 tionscal á maoiniú faoin gclár seo, agus tá €42 milliún ar fáil i mbliana, ar a bhfuil €5 milliún curtha ar leataobh le tionscail nua a mhaoiniú. Cé nach bhfuil an clár faoi mo Roinn ach le tréimhse an-ghairid, tá roinnt athruithe suntasacha déanta agam maidir le feidhmiú an chláir. Tá mé ag súil go gcuirfidh sé seo le héifeacht an chláir.
An allocation of €45.848 million is being made available for the local development social inclusion programme, LDSIP, for 2006, which represents a 2% increase on the 2005 outturn. With support from the LDSIP, more than 165,000 young people have become involved in community youth activities in disadvantaged areas. In addition, 20,000 adults have been assisted in finding employment, while more than 22,000 have completed certified education and training courses.
Improving the co-ordination of local and community schemes is a core aim of my Department. The allocation for this purpose in 2006 is €4.273 million, which represents an increase of 6% on the 2005 provision. A total of 24 county and city development boards have benefited under this initiative since 2004, with the funding of a range of measures aimed at encouraging improved co-ordination of schemes. Included in this figure is a sum of €500,000 for projects involved in encouraging volunteers and volunteering at local level.
With regard to the PEACE and INTERREG programmes, my Department, through Pobal and the Combat Poverty Agency, operating as Border Action, has responsibility for implementation of ten measures of the PEACE programme in the six Border counties. It is also responsible for two cross-Border measures in partnership with the Community Foundation for Northern Ireland and Co-operation Ireland. A substantial allocation of €21.045 million is being made to fund approved projects in 2006. The Department is also a joint implementing body for two agriculture and rural development co-operation measures under the PEACE II programme, to which €1.5 million was allocated in 2006. Funding of €850,000 is being provided in 2006 for measures under the INTERREG III programme, for which the Department has implementation responsibilities.
Members will have welcomed the recent expansion of the CLÁR programme, which is a successful rural development scheme, into a further five counties. The provision for the programme has been increased by approximately €9 million in this year's Revised Estimates, bringing the total CLÁR fund for 2006 to €22.95 million. I am delighted to have secured further Government endorsement for the programme. I do not doubt that the people living in the new CLÁR areas will soon feel its real benefits.
I am pleased at the significant increase in 2006 of 57%, when compared to the 2005 outturn, for the RAPID programme, which targets the 45 most disadvantaged urban areas in the country. The capital allocation has been increased to €7.8 million, which will support small-scale local actions through co-funding with other Departments or agencies.
The 2006 provision for the Western Development Commission's current expenditure has increased by 23% to €2.2 million. The allocations being made to the western investment fund have increased significantly in recent years. A further ten investments, valued at €7.33 million, were approved in 2005. The higher level of funding is being maintained in 2006, with a further €4 million being provided. Five new projects, valued at €1.42 million, have been approved already this year.
A sum of €950,000 is being allocated to the rural development fund in 2006 to support rural development research and pilot actions to facilitate policy development. This figure includes €120,000 to fund Comhairle na Tuaithe, which is the countryside recreation council.
The combined allocation for the programmes funded under the Leader+ and area-based rural development initiative in 2006 is €25 million, as against an allocation of €22.984 million in 2005. A further €2 million is being made available to projects funded under the area-based rural development initiative from savings brought forward from 2005 under the capital carryover. Total expenditure this year is anticipated to be approximately €27 million, reflecting the increasing demand for funding under the programmes recently, as the number of projects completed has increased.
Some €43,322,000, including capital funding of €3 million, has been allocated to the rural social scheme this year. There are almost 2,200 participants and 104 supervisors on the scheme at present. As a result of the changes in the eligibility of participants which I recently announced, I expect that all 2,500 available places on the scheme will be taken up later this year.
I ndeireadh báire, is é €34.7 milliún an leithdháileadh d'Uiscebhealaí Éireann, méadú de 15% ar chaiteachas na bliana seo chaite. Clúdaíonn an leithdháileadh reatha €23.7 milliún i gcostais riaracháin agus costais chothabhála na n-uiscebhealaí. Tá an leithdháileadh caipitil de €11 milliúin le caitheamh ar fheabhsú áiseanna atá ann cheana féin, ar fhorbairt chinnscríbe nua chaitheamh aimsire agus ar áitrimh nua oifige, ar a n-áiritear soláthar d'fhoirgneamh do cheanncheathrú nua in Inis Ceithleann.
Tá mé lán-sásta breis eolais a thabhairt do bhaill an choiste ar aon mhír ar mian leo. Idir an dá linn, scaoilfidh mé le mo comhghleacaí, an tAire Stáit, an Teachta Noel Ahern.