Is fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta é Foinn Chonallacha Teoranta, a bunaíodh i 1997 chun acmhainn an cheoil a fhorbairt.
Is é an cúrsa ‘Ceoltóir', a reachtáiltear go príomha i dTeach Bhaile Chonaill, ceann de phríomh-imeachtaí Fhoinn Chonallacha Teoranta agus tuigim go bhfuil socrú déanta ag an Údarás an cúrsa seo a mhaoiniú suas go dtí Meitheamh 2004.
Déantar athbhreithniú ar thionscnaimh uile an Údaráis agus a chuid fhochuideachtaí go rialta. Sa chomhthéacs seo, tá comhairleoir i mbun meastóireachta i láthair na huaire ar obair Fhoinn Chonallacha Teoranta go dáta. Tuigim ón Údarás go gcuirfear moltaí ar fáil go luath agus, mar chuid den phróiseas seo, déanfar measúnú ar an chúrsa atá faoi chaibidil ag an Teachta. Ní bheidh aon tionchar ag díol Theach Bhaile Chonaill ar thodhchaí an chúrsa seo. Braithfidh cibé cinneadh a thiocfaidh as ar fhiúntas agus riachtanais an chúrsa féin.