Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 114, 178 agus 183 le chéile.
Dírím aird na dTeachtaí ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh. 139, 166, 188 and 133 ar 4 Feabhra maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach.
Mar a cuireadh in iúl san fhreagra sin, agus mar a dúirt mé arís le linn na díospóireachta agus an agallaimh atá luaite, tá grúpa oibre bunaithe ag an Rialtas chun anailís a dhéanamh ar an méid gur féidir a bhaint amach agus na féidearthachtaí atá ann chun dul chun cinn a dhéanamh. Táim lán-sásta go bhfuil na téarmaí tagartha dóthain solúbtha chun freastal ar riachtanais an cháis agus nach bhfuil gá iad a athrú. Ba mhaith liom a chur in iúl do na Teachtaí go raibh dhá chruinniú ard-leibhéil ag an ngrúpa oibre seo go dtí seo. Níl ar mo chumas a thuilleadh a rá faoin ábhar seo go dtí go mbeidh tuairisc réitithe ag an ngrúpa agus scrúdú iomlán déanta uirthi.
Bhí cruinniú freisin Dé hAoine seo caite idir ionadaithe ón Roinn agus ionadaithe ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge leis an gceist a phlé.