Skip to main content
Normal View

Choimisiún na Gaeltachta.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 March 2004

Tuesday, 9 March 2004

Questions (96)

Eamon Gilmore

Question:

166 D’fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i leith chur i bhfeidhm mholtaí Choimisiún na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.[7712/04]

View answer

Written answers

Tabharfaidh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 aghaidh ar chur i bhfeidhm cúig chinn de na moltaí sonracha atá déanta i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta. Tá céimeanna éagsúla glactha le tamall beag anuas le cur i bhfeidhm an Achta a bhrú chun cinn. I measc na gcéimeanna sin foilsíodh plean gnímh na Roinne maidir le cur i bhfeidhm an Achta i mí na Nollag 2003; ceapadh Seán Ó Cuirreáin mar Choimisinéir Teanga le héifeacht ó 23 Feabhra 2004 agus d'fhógair mé ar 28 Feabhra 2004 go mbeidh Oifig an Choimisinéara lonnaithe i mBaile an tSagairt, sa Spidéal.

Moladh i dtuarascáil an choimisiúin go mba chóir staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar an nGaeltacht a thionscnamh. Is cúis áthais dom go raibh ar mo chumas a fhógairt mé ar 31 Eanáir 2004 go bhfuil conradh chun staidéar ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht á bhronnadh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Bainfear úsáid as torthaí an staidéir seo mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Ghaeltachta faoi mar atá molta i dtuarascáil an choimisiúin. Meastar go dtógfaidh an staidéar, a thosóidh i mí Aibreáin, dhá bhliain go leith nó mar sin le cur i gcrích. Cuirfear aon mholtaí maidir le hathruithe ar na limistéir faoi bhráid an Rialtais in am tráth.

Tá feachtas feasachta teanga a bheidh dírithe ar an nGaeltacht go príomha agus gur fiú €300,000 á ullmhú ag mo Roinnse i gcomhar le Údarás na Gaeltachta faoi láthair. Beidh sé mar chuspóir ag an bhfeachtas seo cur ina luí ar thuismitheoirí le páistí san aoisghrúpa náid go cúig bliana d'aois, chomh maith le tuismitheoirí ionchasacha, faoi na buntáistí a bhaineann le húsáid na Gaeilge mar phríomh-theanga teaghlaigh. Cuireadh fógra sna nuachtáin ar 3 Márta 2004 ag tabhairt cuireadh do chomhlachtaí tairiscint a dhéanamh maidir le dearadh agus cur i bhfeidhm an fheachtais i gcomhar le mo Roinnse agus leis an údarás.

D'fhógair mé ar 27 Feabhra 2004 go raibh ciste gur fiú €1.56 milliún thar trí bliana á bhunú agam chun tionscnamh pleanála teanga a chur chun cinn sa Ghaeltacht ar bhonn trialach thar tréimhse trí bliana. Faoin tionscnamh nuálach seo, a bheidh á chur i bhfeidhm ag mo Roinnse i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, tá iarratais á lorg go poiblí ó eagraíochtaí pobalbhunaithe Gaeltachta gur spéis leo tabhairt faoi phlean teanga cuimsitheach a réiteach agus a chur i bhfeidhm ina gceantair feidhme thar an tréimhse sin. Tá an tionscnamh dírithe go príomha ar na Comharchumainn Ghaeltachta, chomh maith le heagraíochtaí pobalbhunaithe eile a bhíonn ag feidhmiú trí Ghaeilge ar son phobal na Gaeltachta. Roghnófar ceathair thogra faoi leith ar a laghad chun críche aitheantais faoin tionscnamh lena mbeidh deontas bliantúil nach mó ná €130,000 thar an trí bliana iníoctha. Cuireadh fógra sna nuachtáin ar 5 Márta 2004 ag lorg iarratas i gcomhréir leis an tionscnamh agus tá tugtha go dtí deireadh mhí Márta le h-eagraíochtaí gur spéis leo cur isteach air.

Chun tuilleadh béime a chur ar thograí agus ar ghníomhaíochtaí atá tairbheach don teanga, tá soláthar breise de €890,000 curtha ar fáil agam i meastacháin mo Roinne do 2004 chun tionscnaimh dá leithéid a mhaoiniú agus chun díriú tuilleadh ar ghníomhaíochtaí teanga-lárnaithe trí chéile. Chomh maith leis sin, tá €1 milliún sa bhreis ceadaithe agam d'Údarás na Gaeltachta lena chumasú dóibh béim níos láidre a chur ar naíscolaíocht, ar sheirbhísí don óige, ar gníomhaíochtaí na gComharchumann agus ar sheirbhísí tacaíochta eile don Ghaeilge sa Ghaeltacht. Ní miste a rá chomh maith go bhfuil moladh faoi leith i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta i ndáil le ról agus struchtúr an údaráis. Tá an t-ábhar seo á phlé ag mo Roinnse i gcomhar leis an údarás faoi láthair.

I measc na mbeartas eile a bhaineann le tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 2002 atá idir lámha nó bainte amach tá; athbhreithniú ar scéim na gcúntóirí teanga, ar scéim labhairt na Gaeilge agus ar scéim na gcampaí samhraidh; aighneacht maidir le gnéithe criticiúla a mbíonn tionchar acu ar úsáid na Gaeilge sa chóras bunoideachais agus iarbhunoideachais sa Ghaeltacht curtha faoi bhráid na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta chomh maith le cruinnithe rialta leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta agus lena Roinn; aighneachtaí curtha chuig na húdaráis áitiúla le ceantair Ghaeltachta iontu chun a n-aird a dhíriú ar an ngá atá le polasaithe dearfacha chun freastal ar riachtanais shainiúla na Gaeltacht; tacaíocht bhreise curtha ar fáil agam don oideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht; moltaí déanta i ndáil le hathstruchtúrú an chórais faoina gcuireann Údarás na Gaeltachta cúnamh ar fáil don earnáil réamhscolaíochta sa Ghaeltacht; agus struchtúr nua d'eagrais óige sa Ghaeltacht á gcur chun cinn ag an Údarás. Maidir le stádas na Gaeilge san A.E., tá coiste eadarranach bunaithe le staidéar a dhéanamh ar an gceist seo agus le moltaí a dhéanamh don Rialtas faoi.

Tá mé sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le cur i bhfeidhm moltaí atá déanta i dtuarascáil an choimisiúin. Sa chomhthéacs sin, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don choiste comhairleach a rinne scrúdú ar mholtaí an choimisiúin agus a chuir comhairle ar fail dom maidir lena cur i bhfeidhm. Ar ndóigh, tá rath na hoibre seo trí chéile ag brath cuid mhaith ar thacaíocht agus comhoibriúó phobal na Gaeltachta ach go háirithe, chomh maith leis na páirtithe leasmhara uile a bhfuil baint acu le ceist na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Top
Share