Skip to main content
Normal View

Gaeltacht Education.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 March 2004

Tuesday, 23 March 2004

Questions (247)

Brian O'Shea

Question:

247 D’fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta an mó cruinniú a bhí aige leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta óna cheapachán, an bhfuil sé sásta le plean straitéiseach na comhairle, an gcuirfidh sé airgead ar fáil chun an plean a mhaoiniú agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [8741/04]

View answer

Written answers

Ní raibh aon cruinniú agamsa go fóill leis an gcomhairle, ach bhí timpeall cúig chruinniú idir phríomh fheidhmeannach an chomhairle agus oifigí den Roinn. Maidir leis an plean stratéiseach, tá mo Roinn sásta leis an stratéis ginearáltá ata léirithe, ach amháin go gcaithfear í a gníomhú leis an soláthar airgeadais atá infhaighte. Tá mo Roinn ag scrúdú faoi láthair an féidir níos mó airgid a chur ar fáil don chomhairle i gcomhthéacs meastacháin iomlán na Roinne.

Top
Share