Aengus Ó Snodaigh
Question:331 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Iompair an bhfuil sé i gceist aige cúiteamh a thabhairt dóibh siúd a ndearnadh leatrom orthu ó thaobh a gcearta teanga agus a gcearta bunreachtúla nuair a diúltaíodh teistiméireacht NCT a thabhairt dóibh de thairbhe a gcomharthaí tacsaí a bheith sa “príomhtheanga oifigiúil” agus go raibh orthu an scrúdú gluaisteáin a dhéanamh athuair agus comharthaí úra a fháil dá réir, rud a chuir costas breise orthu de bharr an Stát a bheith ag brú an Bhéarla orthu. [10832/04]
View answer