Ar 14 Bealtaine 2003, cheadaigh mé deontas €48,500 nó 50% den chostas do Chomhairle Chontae Dhún na nGall chun athchóiriú a dhéanamh ar dhromchla an bhóthair chontae go dtí Droichead Bhaile na Trá ar Oileán Árann Mhóir. Tá €16,500 den deontas sin fós le híoc agus íocfar é leis an gComhairle Chontae ach na hoibreacha cuí a bheith críochnaithe chun sástacht mo Roinnse.
Tá iarratas déanta ag Comhairle Chontae Dhún na nGall ar chúnamh ó mo Roinnse chun tuilleadh oibreacha a chur i gcrích ar bhóithre contae ar Oileán Árann Mhóir. Ach na hoibreacha a bhfuil deontas ceadaithe ina leith a bheith críochnaithe, déanfar an t-iarratas ar chúnamh breise a mheas tuilleadh i gcomhthéacs na n-iarratas eile atá faighte agus an airgid atá ar fáil dom le caitheamh ar fhorbairt na n-oileán.
Ní miste a lua go bhfuil €931,297 íoctha ag mo Roinn le Comhairle Chontae Dhún na nGall i leith fheabhsú bhóithre ar Oileán Árann Mhóir le sé bliana anuas.