Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 187 go dtí 191 go huile le chéile.
Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh. 114, 178 & 183 ar 9 Márta 2004 maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach.
Mar a cuireadh in iúl san fhreagra sin, agus mar a dúirt mé arís le linn na díospóireachta le déanaí sa Teach seo faoin gceist, tá grúpa oibre bunaithe ag an Rialtas chun anailís a dhéanamh ar an méid gur féidir a bhaint amach agus na féidearthachtaí atá ann chun dul chun cinn a dhéanamh. Bhí trí chruinniú ard-leibhéil ag an ngrúpa oibre seo go dtí seo agus beidh cruinniú eile ann ar 15 Aibreán 2004.
Toisc gur bunaíodh an grúpa oibre chun comhairle a ullmhú don Rialtas, níl sé i gceist go mbeidh cruinnithe an ghrúpa oscailte d'ionadaithe eile nó go bhfoilseofar miontuairiscí. É sin ráite, bhí cruinniú amháin go dtí seo idir ionadaithe ó mo Roinn féin agus ionadaithe ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge leis an gceist a phlé agus tá sé i gceist go gcasfar leo arís go luath ach cruinniú an ghrúpa oibre ar 15 Aibréan a bheith thart.
Faoi mar is eol don Teachta, is ar an Rialtas atá an fhreagracht cinneadh a dhéanamh ar an gceist seo — tar éis an taighde agus an anailís chuí a bheith déanta — agus ní ar an ngrúpa oibre. Ar an mbonn sin, agus ag cloí le nósanna imeachta an Oireachtais, ní dóigh liom gur ceart dom sonraíocht maidir le hainmneacha na n-oifigeach a lua ar thaifead an Tí.
Táim lán-sásta go bhfuil dul chun cinn fiúntach á dhéanamh ag an ngrúpa oibre agus go mbeifear in ann dul thar n-ais chuig an Rialtas le moltaí dea-bhreithnithe in am tráth. Níl sé i gceist agam, mar sin, a thuilleadh a rá faoi na torthaí a d'fhéadfadh a bheith ar an obair seo go léir go dtí go mbeidh tuairisc réitithe ag an ngrúpa oibre agus scrúdú iomlán déanta uirthi.