Skip to main content
Normal View

Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 April 2004

Tuesday, 27 April 2004

Questions (106)

Michael Ring

Question:

155 D’fhiafraigh Mr. Ring den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain atá sé chun moltaí Choimisiún na Gaeltachta faoi athrú bunúsach ar ról Údaras na Gaeltachta a chur i bhfeidhm agus an bhfuil sé chun ráiteas a dhéanamh. [11914/04]

View answer

Written answers

I líne le moltaí Choimisiúin na Gaeltachta tá níos mó d'achmhainní an údaráis ná ariamh á dhíriú ar cur chun cinn na Gaeilge.

Tá athbreithniú straitéiseach ar siúl ag mo Roinn i láthair na huaire, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, maidir le todhchaí na heagraíochta. Mar chuid den athbhreithniú seo, tá moltaí ábhartha i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta maidir le struchtúr Údarás na Gaeltachta á gcur san áireamh.

Top
Share