Ní thugann mo Roinnse maoiniú díreach do nuachtáin ar nós Lá agus Foinse go hiondúil. Ar bhonn eisceachtúil, thug mo Roinn deontas aonuaire de £20,000 do Lá i 1999 mar chúnamh d’fheachtas margaíochta.
Is é Foras na Gaeilge go príomha atá ag plé le cúnamh do na nuachtáin sin. Tuigtear dom go bhfuil maoiniú €246,377 tugtha ag an bhforas do Lá don bhliain reatha, agus tá €234,000 tugtha do Foinse don tréimhse 1 Deireadh Fomhair 2003 go dtí 30 Meán Fómhair 2004.
Níl aon mholadh tugtha ag mo Roinnse do Ranna eile fógraíocht Rialtais a chur i nuachtáin áirithe. Tá cumhacht agam faoi alt 9 de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 maidir le húsáid na Gaeilge, nó an Ghaeilge agus an Béarla araon, ar aon fhógraí ó comhlucht poiblí. Tá sé i gceist agam go mbeidh rialacháin déanta agam faoin fhoráil seo taobh istigh de mhí nó dhó.
Faoi na rialacháin, beidh dualgas ar chomhluchtaí poiblí a chinntiú go mbeidh fógraíocht i nGaeilge chomh maith, seachas é a bheith i mBéarla amháin. Ach fós beidh an fhreagracht ar bhainistíocht aon chomhluchta ar leith cinnithe a dhéanamh faoi na foilsiúcháin ina gcuirtear fógraí.