Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 111, 149 agus 160 le chéile.
Mar is eol don Teachta, d'fhógair an tAire Airgeadais sa cháinaisnéis go raibh cinneadh déanta ag an Rialtas clár leathan dílárnaithe a chur i bhfeidhm. I measc na Ranna agus na gcomhluchtaí poiblí éagsúla a bhí luaite sa chinneadh, fógraíodh go mbeadh Foras na Gaeilge ag dílarnú go Gaoth Dobhair, Condae Dhún na nGall, faoi réir aontú na Comhairle Aireachta Thuas-Theas.
Tá réamh-chomhráití tosaithe ag mo Roinnse leis an gcomh-Roinn urraíochta sa Tuaisceart — an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta — agus tá scríofa agam le déanaí chuig Aire na Roinne sin, an tUasal Angela Smith, MP, chun an cheist a chur chun cinn. Tá comhráití i dtaca leis seo ar siúl i gcónaí idir an dá Roinn agus idir mo Roinnse agus Foras na Gaeilge.
I dtaca le ceart foirne oibre an fhorais aistriú go dtí postanna eile sa Státseirbhís, dírím aird an Teachta ar an tuarascáil a foilsíodh d'arb ainm Tuarascáil an Ghrúpa um Fhorfheidhmiú Díláraithe. Tuigtear dom go bhfuil comhráití ar bun fós faoi mholtaí na tuarascála seo.
Tá cóip den aighneacht ó Fhoras na Gaeilge faighte agam.