Skip to main content
Normal View

Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 April 2004

Tuesday, 27 April 2004

Questions (79, 80, 81)

Olivia Mitchell

Question:

126 D’fhiafraigh Ms O. Mitchell den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cen dul chun cinn atá déanta aige chun caiteachas forbartha a dhíriú ar na ceanntair is láidre teanga mar a mhol Coimisiún na Gaeltachta. [11934/04]

View answer

Olwyn Enright

Question:

136 D’fhiafraigh Ms Enright den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun a fhiafraí den Aire cén dul chun cinn atá déanta aige chun pairtnéireachtaí trascheantair idir na ceantair láidre Gaeltachta agus ceantair atá níos laige a bhunú. [11933/04]

View answer

John Perry

Question:

165 D’fhiafraigh Mr. Perry den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a thosóidh an feachtas chun réimse leathan poiblíochta agus eolais a chur ar bun a chuideodh le tábhacht na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa tír mar a mhol Coimisiún na Gaeltachta; agus an bhfuil sé chun ráiteas a dhéanamh. [11911/04]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 126, 136 agus 165 le chéile.

Beidh a fhios ag na Teachtaí gur bhunaigh mé coiste comhairleach i mí Dheireadh Fómhair 2002 le comhairle a chur orm maidir leis na gníomhaíochtaí éagsúla a theastaíonn chun feidhm phraiticiúil a thabhairt do na moltaí éagsúla atá i dtuarascáil Choimisún na Gaeltachta.

Maidir le feachtas poiblíochta agus eolais, tuigtear dom go bhfuil na tairiscintí a fuarthas ó chomhlachtaí fógraíochta agus caidrimh poiblí á scrúdú faoi láthair faoi réir na ngnáthchleachtais chuí maidir le soláthar poiblí agus go gceapfar comhlacht le tabhairt faoin obair go han-luath i gcomhar le Údarás na Gaeltachta agus mo Roinn féin.

Beidh sé mar chuspóir ag an bhfeachtas seo cur ina luí ar thuismitheoirí, go háirithe iad siúd le páistí óga san aoisghrúpa faoi chúig bliana d'aois chomh maith le tuismitheoirí ionchasacha, maidir leis na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a roghnú mar phríomh-theanga teaghlaigh. Cé go bhfuil an tionscnamh seo dírithe ar earnáil áirithe de thuismitheoirí na Gaeltachta go príomha, beidh sé chun sochar na teanga lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith nuair a chuirtear san áireamh go mbeidh feachtas fógraíochta teilifíse mar chuid de. Tagann an bearta seo trí chéile lena bhfuil molta i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta go ndéanfaí réimse leathan poiblíochta agus eolais a thionscnamh a chuideodh le tábhacht na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa tír.

I measc na dtograí eile atá idir lámha ag mo Roinn chun tacú le buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht ar bhealach a thagann lena bhfuil molta i dtuarascáil an choimisiúin, tá tionscnamh pleanála teanga á bhrú chun cinn. Faoin tionscnamh nuálach seo, cuirfear cúnamh airgid — gur fiú €1.56 milliún é — ar fáil d'eagraíochtaí pobalbhunaithe Gaeltachta le tabhairt faoi phlean teanga cuimsitheach a réiteach agus a chur i bhfeidhm ina gceantair feidhme thar tréimhse trí bliana. Bheifí ag súil leis go bhféadfadh pleananna a aithneofar chun críche aitheantais a bheith inaistrithe amach anseo ó cheantar a chéile, rud a thiocfadh lena bhfuil molta sa tuarascáil maidir le páirtnéireachtaí trascheantair a bhunú idir na ceantair láidre Gaeltachta agus ceantair atá níos laige.

Maidir leis an moladh atá déanta sa tuarascáil go ndéanfaí caiteachas forbartha a dhíriú ar na ceantair is láidre teanga, cuirtear neart na Gaeilge san áireamh i measc rudaí eile mar chuid de ghnáthchleachtas chomh fada is a bhaineann sé le measúnú iarratas chun críche scéimeanna mo Roinne.

Top
Share