Sa bhliain 2000 cuireadh soláthar breise airgid ar fáil do mo Roinnse do réimeas an phlean forbartha náisiúnta, chun feabhas a chur ar bhóithre na Gaeltachta nach bóithre náisiúnta iad. Mar thoradh air sin, chuir mo Roinn tús le plean seacht mbliana agus súil aici go mbeadh bóthar maith straitéiseach amháin ar a laghad ag dul isteach chuig gach ceantar Gaeltachta roimh 2007.
Tá áthas orm a dheimhniú don Teachta go bhfuil clár oibre mo Roinne faoin bplean seacht mbliana chun cinn go maith ag an bpointe ama seo.
Bíonn an soláthar airgid atá ar fáil faoin scéim seo roinnte ar bhonn bliantúil de réir: daonra na gceantar Ghaeltachta éagsúla; riachtanais na hoibre; agus méid na hoibre atá curtha i gcrích cheana féin faoin scéim i gcomhar leis na comhairlí contae cuí. Níor tugadh aon ghealltanas fad-tréimhseach ariamh maidir le caiteachas faoin scéim i gContae Chiarraí nó in aon chontae Gaeltachta eile.
Mar eolas don Teachta, tá suimeanna mar seo a leanas íoctha ag mo Roinnse faoin scéim do bhóithre i gContae Chiarraí ó 2000 i leith:
Bliain
|
Deontas €
|
2000
|
1,015,790
|
2001
|
1,574,475
|
2002
|
1,000,000
|
2003
|
1,000,000
|
Iomlán
|
4,590,265
|