Tá scéim uisce réigiúnach chasla, a chuirfidh soláthair uisce nua ar fáil don Cheathrú Rua, sa Chlár Infheistíochta Uisce 2003-2005 de chuid mo Roinne. Tá tógáil na scéime le tosú an bhliain seo chugainn. In Aibreán 2003 ghlac mé le moltaí ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun an Réamhthuairisc ar an scéim a thabhairt suas chun dáta agus tá mo Roinn ag feitheamh anois leis an tuairisc sin. Deimhníonn an tuairisc is deireannaí ón Ghníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil (EPA) nach sáraíonn soláthair uisce na Ceathrún Rua na tomhaisí sláinte poiblí atá leagtha síos d'uisce inólta. Tuigim gur de bharr faidhb theicniúl, a réitíodh chomh tapaidh as a b'fhéidir, a bhí an córas uisce seo as eagar go sealadach i mí na Feabhra seo chaite. De réir tuairisc ón gComhairle chuig an Roinn, bhí torthaí ó tástálacha ag an am ar uisce ag teacht ó Loch a' Mhuilinn sásúil. Ghlac mé le Réamhthuairisc maidir le scéim séarachais na Ceathrún Rua i mí na Samhna, 2003. Tá mo Roinn ag feitheamh anois ar doiciméad conartha ón gComhairle don scéim seo a fheabhsóidh go mór caighdeáin an uisce sa cheantar.