Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 5 May 2004

Wednesday, 5 May 2004

Questions (150)

Brian O'Shea

Question:

148 D’fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí céard a tharlóidh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, má bhíonn duine á cheistiú ag na gardaí agus go n-éilíonn sé nó sí go ndéanfar an ceistiúchán trí mheán na Gaeilge in áit nach bhfuil garda le Gaeilge ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [11891/04]

View answer

Written answers

De réir na rialacháin fán Acht um Cheartas Coiriúil (An Bhail a chuirfear ar Dhaoine faoi Choimeád i Stáisiúin an Gharda Síochána) 1987, tá sé de dhualgas ar chomhaltaí den Gharda Síochána gníomhú le hurraim chuí do chearta pearsanta an duine faoi choimeád agus dínit an duine sin mar dhuine daonna. Áit nach bhfuil aon gharda ar fáil chun duine faoi choimeád a cheistiú trí mheán na Gaeilge agus sin éilithe ag an duine, cuirfear ateangaire ar fáil.

Top
Share