Skip to main content
Normal View

Fostaíocht Scoileanna.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 May 2004

Tuesday, 11 May 2004

Questions (195)

Brian O'Shea

Question:

226 D’fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuair sé iarratas ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta go dtabharfaí an coibhneas céanna ceapachán múinteoirí atá ag Gaelscoileanna, do na Scoileanna Gaeltachta, cad é an freagra a thug an tAire ar an iarratas, an bhfuil sé sásta an coibhneas seo a thabhairt anois do na Scoileanna Gaeltachta agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [13671/04]

View answer

Written answers

Ní bhfuarthais iarratas ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoilaíochta faoin coibhneas ceapachan múinteoirí. Níl aon phlean na rialacháin a rialaíonn ceapachán agus coinneáil múinteoirí i mBunscoileanna don scoilbhliain 2004-05 a athrú.

Top
Share