Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 231, 232, 233, 234, 235 agus 236 le chéile.
Níl aon treoracha den chineál atá luaite ag an Teachta tugtha d'Fhoras na Gaeilge ná do mo Roinnse.
Ar ndóigh, tá dualgas ar gach eagraíocht Stáit a chinntiú go bhfuil luach-ar-airgead le fáil ar an gcaiteachas a dhéantar agus go bhfuil maoiniú dúbailte á sheachaint. Dá réir sin, ainneoin is go bhfuil cúram leagtha ar Fhoras na Gaeilge faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-oileánda, tá sé riachtanach — agus is ceist dea-chleachtais agus dea-chaighdeán bainistíochta ar airgead poiblí í — go mbeadh córas teagmhála ann idir mo Roinn féin, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge chun a chinntiú nach mbíonn trasnú nó maoiniú dúbailte i gceist.
Baineann an prionsabal céanna, ar ndóigh, le maoiniú taobh amuigh nó taobh istigh den Ghaeltacht, chomh maith le maoiniú don réimse eagraíochtaí eile a bhfuil freagrachtaí Gaeilge nó Gaeltachta orthu.
Níl aon bhac ar chomhaoiniú idir na heagraíochtaí Stáit atá ag plé leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, ach na maoinitheoirí ábhartha go léir a bheith ar an eolas faoina chéile agus ar comhthuiscint cinnte: go bhfuil siad ag feidhmiú taobh istigh de na tosaíochtaí agus na róil reachtúla atá acu araon; go bhfuil luach-ar-airgead ar fáil ar an gcaiteachas a bheidh i gceist; agus nach mbeadh sé níos saoire agus níos éifeachtaí ó thaobh cúrsaí reachtála de go nglacfadh ceann de na heagraíochtaí an fhreagracht orthu féin an maoiniú iomlán a íoc.
Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, ó tharla go bhfuil Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta maoinithe sa gcuid is mó ag mo Roinn féin, nach mbeadh aon sábhailt airgid don Rialtas nó don Roinn i gcomhaoiniú idir na heagraíochtaí seo. D'fhéadfadh cúinsí a bheith ann, áfach, go mbeadh comhaoiniú den chineál sin inmholta ar chúiseanna eile.